-
Teideal
-
Seosamh Mac Craith (26/03/1987)
-
Achoimre
-
Tuairisc faoi Cheannairc an Airm san Irish Times Seosamh Mac Craith ar Wikipedia
-
Cur Síos
-
Labhraíonn Diarmaid Breathnach faoi Sheosamh Mac Craith, réabhlóidí, polaiteoir agus fear gnó, san eagrán seo den tsraith chlár Cothrom an Lae. D’fhág Mac Craith an scoil nuair a bhí sé 14 bliain d’aois, agus fuair sé post i gcomhlacht cuntasaíochta. Chuaigh sé leis na hÓglaigh nuair a bunaíodh iad, agus tar éis dó troid in Éirí Amach na Cásca chaith sé tréimhsí ina phríosúnach i Wormwood Scrubs, Brixton agus i bpríosún i mBaile Coinnleora. Toghadh sa Chéad Dáil é, agus bhí sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath ar dtús, agus Maigh Eo ina dhiaidh sin. Bhí sé ina Aire Saothair i 1920, nuair a bhí an Chuntaois Markievicz sa phríosún. Bhí sé ar son an Chonartha, agus lean sé ar aghaidh sa Rialtas tar éis an Chogaidh Chathartha. Nuair a tharla Ceannairc an Airm, i 1924, níor aontaigh sé leis an gcaoi ar caitheadh leis na saighdiúirí. D’éirigh sé as an Rialtas agus d’fhág sé an pholaitíocht. Chuaigh sé le saol an ghnó ina dhiaidh sin, agus d’oibrigh sé i scéim na Sionnach. Chuir sé spéis freisin in earnáil na gloine agus i gcapaill. Cailleadh é ar an 1 Márta, 1966.
-
Léiritheoir
-
Breathnach, Diarmaid
-
Aoi
-
Breathnach, Diarmaid
-
Dáta
-
26-03-1987
-
Tréimhsí Ama
-
03/1924: Ceannairc an Airm
-
21/01/1919: An Chéad Dáil
-
Raon Tíreolaíochta
-
Wormwood Scrubs, Sasana
-
Brixton, Sasana
-
Baile Coinnleora, Co. an Dúin
-
Ábhar na Míre
-
Seosamh Mac Craith
-
An Chéad Dáil
-
Ceannairc an Airm
-
An Cuntaois Markievicz
-
Aitheantóir
-
20032
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim