Skip to main content

Litir an Easpaig chuig an nGinearál (17/05/2002)

Item

Teideal
Litir an Easpaig chuig an nGinearál (17/05/2002)
Achoimre
Cuntas iarbháis Phádraig Uí Chuanacháin san Irish Times Tuairisc faoin Easpag Ó Duibhir san Irish Times
Cur Síos
Déanann Pádraig Ó Cuanacháin (1932-2008), scríbhneoir agus staraí as Corcaigh, cur síos ar Thomás Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, a scríobh litir cháiliúil chuig an nGinearál John Maxwell ar 17/05/1916, go gairid tar éis an Éirí Amach.

B’easpag neamh-ghnáthach a bhí in Ó Duibhir. Náisiúnaí ba ea é a thug tacaíocht d’athbheochan na Gaeilge, a chabhraigh le bochtáin na tíre agus a chosain cearta na ndaoine a bhí ar phá íseal. Nuair a thosaigh an Cogadh Mór, bhí sé ar aon intinn le Séamas Ó Conghaile faoi chúiseanna an Chogaidh. Ní faoi chearta na náisiún beag a bhí sé, dar leis, ach ba choimhlint choilíneach a bhí ann idir ’royal freebooters and metropolitan thieves’ mar a dúirt Ó Conghaile.

Ag an am céanna, bhí droch-cháil ar John Maxwell sa tír. Bhí sé mar aide-de-camp ag an Marascal Machaire Kitchener san Éigipt agus sa tSúdáin mar chuid den fheachtas coilíneachta a bhí ar bun ag Arm na Breataine san Afraic. Maraíodh na mílte san fheachtas seo agus thug an t-arm droch-íde dá gcuid príosúnach agus dá gcuid saighdiúirí féin. Throid Maxwell freisin i gCogadh na Bórach, agus is le linn na tréimhse seo a raibh sé i bhfeighil ar na campaí géibhinn i ndeisceart na hAfraice.

Chuir Maxwell litir chuig an easpag ar dtús, agus d’iarr sé air beirt shagart a tharraingt siar óna gcuid dualgas mar go raibh, dar le Maxwell, droch-thionchar acu ar an bpobal. D’fhreagair an t-easpag, ag lorg soiléiriú faoina raibh curtha i leith na sagart. Ba léir don easpag ón fhreagra a chuir Maxwell ar ais chuige nach raibh aon dlí sibhialta ná eaglasta briste ag an mbeirt. Sa litir a sheol sé ar ais chuig Maxwell, a d’fhoilsigh sé freisin, rinne an t-easpag ionsaí láidir ar Maxwell. Seo cuid den mhéid a scríobh sé: ’You appeal to me to help you in the furtherance of your work as a military dictator of Ireland. Even if action of that kind was not outside my province, the events of the past few weeks would make it impossible for me to have any part in proceedings which I regard as wantonly cruel and oppressive…’

Bhain tuin na litreach geit as pobal na tíre agus cuireadh iontas ar pháipéir nuachtáin Shasana go dtógfaí an seasamh láidir, trodach seo in aghaidh ionadaí mhíleata de bhunaíocht na Breataine. Ba léir gur fear misniúil a bhí san easpag. Spreag an seasamh a thóg sé in aghaidh fhórsaí míleata na Breataine pobal na tíre, sa tréimhse chinniúnach seo i stair na hÉireann - díreach tar éis an Éirí Amach. Cailleadh an t-easpag go gairid ina dhiaidh sin, i mí Lúnasa 1917.
Léiritheoir
Ó Cuirreáin, Seán
Aoi
Ó Cuanacháin, Pádraig
Dáta
17-05-2002
Tréimhsí Ama
17/05/1916: Litir an Easpaig Uí Dhuibhir chuig an Ginearál John Maxwell
Raon Tíreolaíochta
Cathair Luimnigh
Contae
Contae Luimnigh
Ábhar na Míre
An tEaspag Tomás Ó Duibhir
An Ginearál John Maxwell
An Cogadh Mór
Éirí Amach na Cásca
Cogadh na mBórach
Aitheantóir
38793
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim