Skip to main content

Tomás Ághas (02/01/1985)

Item

Teideal
Tomás Ághas (02/01/1985)
Achoimre
Tomás Ághas ar ainm.ieCuntas faoi Chath Chill Déagláin
Cur Síos
Is clár é seo faoi Thomás Ághas (1885-1917), píobaire na Mine Airde mar a thugtaí air. Rugadh i dTeampall Chinn Aird, in aice le Lios Póil, Co. Chiarraí, é in 1885. Normannaigh ba ea a mhuintir, a tháinig go hÉirinn ó cheantar Devon i Sasana, agus a raibh ’non nobis, sed omnibus’mar mhana acu – ‘ní ar ár son féin, ach ar son gach duine’. Bhí sé sna hÓglaigh agus san IRB, agus thug sé tacaíocht do Shéamas Ó Lorcáin sna stailceanna i 1913. Throid sé in Éirí Amach na Cásca, agus ghlac sé páirt i gCath Chill Dhéagláin in aghaidh an RIC le linn an Éirí Amach. Cuireadh i bpríosún é tar éis an Éirí Amach, scaoileadh saor é i mí an Mheithimh 1917, agus gabhadh arís é i mí Lúnasa na bliana sin. Cailleadh ar stailc ocrais é i mí Mheán Fómhair 1917. Ghlac na daoine a leanas páirt sa gclár: Mícheál Ó Mórdha; Caoimhín Ó Cinnéide, Seán Ó Lúing, Cristín Uí Cheallaigh, Tomás Mac Síthigh, Bláithín Nic Síthigh, Peigí Uí Lathaimh, Máire Uí Ghrifín, Roibeard Ó Cathasaigh agus Micil Ó Briain.
Léiritheoir
de Mórdha, Mícheál
Dáta
02-01-1985
Tréimhsí Ama
1916: Éirí Amach na Cásca
12/01/1885-25/09/1917: Tomás Ághas
24/04/1916-30/04/1916: Cath Chill Dhéagláin
Raon Tíreolaíochta
Teampall Chinn Aird, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
An Mhin Aird, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Cill Dhéagláin, Co. na Mí
Contae
Contae Chiarraí
Ábhar na Míre
Tomás Ághas
Éirí Amach na Cásca
Cath Chill Dhéagláin
An IRB
Jim Larkin
Aitheantóir
43504
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim