-
Teideal
-
Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005)
-
Achoimre
-
Cuntas ar luíochán Thuar Mhic Éadaigh Tuairisc Geoffrey Ibberson i mBiúró na Staire MíleataTom Maguire ar Wikipedia
-
Cur Síos
-
San eagrán seo den tsraith chlár Ard Tráthnóna labhraíonn Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha le Tomás Ó Máille faoin luíochán mór le rá a tharla i dTuar Mhic Éadaigh i 1921. Deirtear san agallamh go bhfuil go leor amhrán scríofa faoin eachtra seo, inar maraíodh ceathrar Dúchrónach agus beirt Óglach (Michael O’Brien agus Patrick Feeney). Bhí uncail le Tomás ar an láthair nuair a thit rudaí amach. Maraíodh Feeney nuair a tháinig na Dúchrónaigh air agus é ag tabhairt teachtaireachta ar a rothar ó cheantar Bhaile an Róba. Chaitheadar é nuair a rinne sé iarracht éalú uathu, dar leis na Dúchrónaigh, ach ní chreideann mórán daoine é sin.
Theith beirt Óglach eile, Michael O’Brien agus Tom Maguire, suas sna cnoic tar éis an luíocháin agus na Dúchrónaigh ina ndiaidh. Nuair a tháinig fear ard, rua ina dtreo, shíl siad gur fear áitiúil (Coistealbhach) a bhí ann, ach Dúchrónach mór le rá a bhí ann darbh ainm [Geoffrey] Ibberson. Scaoil sé leis an mbeirt acu, maraíodh O’Brien agus goineadh Maguire. De réir chur síos mháthair Thomáis, a bhí ina cailín óg ag an am, bhí piléar i mbolg Maguire agus é ag cur fola go tréan. Is cosúil gur úsáid siad an bainne buí, ó bhó a bhí ag breith lao, mar leigheas, le go stopadh sé an fhuil ag sileadh. Is timpeall an ama seo freisin a dhóigh siad an bheairic siar ó Choill an tSiáin, sa cheantar céanna.
-
Léiritheoir
-
Mac Donnacha, Máirtín Tom Sheáinín
-
Aoi
-
Ó Máille, Tomás
-
Dáta
-
03-03-2005
-
Tréimhsí Ama
-
03/05/1921: Luíochán Thuar Mhic Éadaigh
-
1919-1921: Cogadh na Saoirse
-
Raon Tíreolaíochta
-
Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo
-
Coill an tSiáin, Co. Mhaigh Eo
-
Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
-
Contae
-
Contae Mhaigh Eo
-
Ábhar na Míre
-
Cogadh na Saoirse
-
Na Dúchrónaigh
-
Geoffrey Ibberson
-
Luíochán Thuar Mhic Éadaigh
-
Aitheantóir
-
61214
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim