Skip to main content

Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982)

Item

Teideal
Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982)
Cur Síos
Is clár faoi Éamon de Valera é seo, curtha i láthair ag Proinsias Ó Conluain. Úsáidtear míreanna fuaime éagsúla ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina bhfuil de Valera ag caint faoi thréimhsí agus faoi ócáidí éagsúla ina shaol.

Sa chéad mhír, in agallamh le de Valera, pléitear an Ghaeilge mar theanga phobail i mBrú Rí, Co. Luimnigh, agus an scolaíocht a fuair sé. Ina dhiaidh seo labhraíonn Caitlín Uí Thallamhain faoi Shinéad de Valera, bean Éamon de Valera. Ag leanúint seo tá mír fuaime ó 1944, ina ndéanann de Valera píosa cainte faoi staid na tíre. I mír eile labhraíonn de Valera amach go láidir, ag agóid ar Shráid Uí Chonaill, faoi na beartais a bhí ag Rialtas na Breataine chun an chríochdheighilt a bhuanú tar éis do Rialtas na hÉireann Poblacht a fhógairt i 1949. I bpíosa fuaime eile, labhraíonn de Valera ag ócáid chomórtha i 1959, 50 bliain ó tháinig an chéad Dáil le chéile. Ina dhiaidh sin tá an óráid a thug sé ar oscailt Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair i 1958. Críochnaíonn an clár le píosa cainte a rinne de Valera ag ócáid in éineacht le Seán T. Ó Ceallaigh.
Léiritheoir
Ó Conluain, Prionsias
Aoi
de Valera, Éamon
Uí Thallamhain, Caitlín
Dáta
1982-10-02
Tréimhsí Ama
14/10/1882-29/08/1975 : Éamon de Valera
Raon Tíreolaíochta
Brú Rí, Co, Luimnigh
Fad na Míre
00:29
Contae
Contae Luimnigh
Ábhar na Míre
Éamon de Valera<p>An Chríochdheighilt<p>An Ghaeilge<p>Seán T. Ó Ceallaigh<p>
Aitheantóir
28618
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim