-
Teideal
-
Naíscoil Lurgan
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an chéad naíscoil i gConamara i 1975 agus seo mar a tharla sé. Tar éis dom naíscoileanna a fheiceáil i Sasana, agus an tairbhe a bhain gasúir astu, chuir mé féin spéis iontu agus bheartaigh mé ar chúrsa traenála a dhéanamh i stiúradh naíscoile. Nuair a d'fhill mé ar Chonamara chonaic mé go raibh easpa mór ar na gasúir bheaga agus, tar éis suirbhé a dhéanamh i measc na dtuismitheoirí, ba léir dom go raibh siadsan den tuairim gur theastaigh naíscoil san áit. De bharr an tsuirbhé seo bunaíodh an chéad naíscoil i gColáiste Lurgan. D'éirigh thar cionn léi agus tá naíscoileanna eile sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua anois. Chonaic Bord na Gaeilge go raibh naíscoileanna riachtanach i gConamara agus cheap siad feitheoir le naíscoileanna eile a bhunú.
-
Údar
-
Coiste Eagarthóireacht Biseach
-
Ábhar na hIrise
-
Luathoideachas
-
Bliain
-
1979
-
Aitheantóir
-
BI1979A07
-
Réimse Tíreolaíochta
-
An Cnoc
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige