Skip to main content

Mo Shaol san Afraic Theas

Item

Teideal
Mo Shaol san Afraic Theas
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le dhá bhliain anuas bhí mé ag déanamh obair dheonach i Durban san Afraic Theas mar bhall den eagras Viatores Christi. Cuireann an t-eagras seo oiliúint ar fáil do dhaoine gur mian leo oibriú mar mhisinéirí tuata i measc daoine bochta. Bhí mé ag obair i ndílleachtlann do ghasúir den chine daite . Ba mhná rialta den Ord Naomh Aibhistín a bhí ag breathnú i ndiaidh na ngasúr seo agus bhí timpeall céad buachaill faoina gcúram ó aois a ceathair go bliain is fiche. Chomh maith le dílleachtaí bíonn buachaillí ann a fhaigheann drochíde sa mbaile nó nach bhfuil a gcuid tuismitheoirí in ann an aire cheart a thabhairt dóibh. Tá formhór a gcuid tuismitheoirí scartha ó chéile agus ní minic aithne acu ar a gcuid aithreacha.
Údar
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Ábhar na hIrise
Creideamh
Bliain
1987
Aitheantóir
BI1987A06
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige