-
Teideal
-
Srac-Shúil i bhFad Soir
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar nós mílte beaga faithne ar bhrat roicneach cruiteach nó mar a bheadh screamhógaí dóite ar dhroim míl móir agus lagáin bheaga fhoscúla, nár thaobhaigh an aicíd ghránna fós iad, spréite fada fairsing thall is abhus, a bhreathnaigh an tír fúinn ó d'fhág muid Muir na Seapáine agus cósta thoir Chóiré in ár ndiaidh. B'fhéidir gurbh í an aistiúlacht a bhí ar an gcuid is mó againn nach raibh an t-achar seo ó bhaile ariamh cheana nó a mba é an chéad uair againn é ar an taobh seo den domhan ba mhó ba chiontsiocair leis na hiontaisí a bhí faoi smacht na samhlaíochta le tamall a bheith gaibhte chomh-mór in aimhréidh faoi seo…ag tabhairt aghaidh ar an domhan thoir ach gur anoir a bhí muid ag teacht chomh fada leis an áit sin anois! Is glas iad na cnoic ach…
-
Údar
-
Matty Joe Shéamais
-
Bliain
-
1989
-
Aitheantóir
-
BI1989A06
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige