Skip to main content

Coistí an Pharóiste

Item

Teideal
Coistí an Pharóiste
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tuige a n-oibríonn daoine ar choistí? Is beag buíochais a fhaigheann siad go hiondúil ach lochtaítear iad anois is arís. Agus cé go n-éiríonn an corr dhuine as an obair, gan an fíor chúis a lua b'fhéidir, leanann cuid mhór ar aghaidh ar feadh na mblianta, ar feadh ró- fhada, seans, i dtuairim chuid den chomhluadair. Is dóigh gur rud éigin idir gá agus grá a spreagann an duine le dul ar choiste. De bharr an ghrá atá aige/aici don chomharsan nó don cheantar is léir don duine go bhfuil gá le seirbhís nó le forbairt nó le cosaint de chineál éigin. Le fírinne, is dóigh gur naoimh iad coisteoirí, nó b'fhéidir go bhfuil siad beagáiní craiceáilte, nó an dá rud.
Údar
Brian Ó Baoill
Ábhar na hIrise
Forbairt Phobail
Bliain
1989
Aitheantóir
BI1989A11
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige