-
Teideal
-
Siopa an Phobail
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thosaigh Siopa an Phobail amach sna seascaidí mar an chéad Ollmhargadh a osclaíodh i gConamara. Ba faoi úinéireacht Phádraig Mhic an Rí a bhí an siopa ag trádáil agus chuir sé seirbhís nua-aimseartha agus uileghabhálach ar fáil ag an am, agus tá an traidisiún céanna go sonrach sa siopa ó shin. D’athraigh an siopa lámh faoi dhó: ar dtús chuig Gerry Houlihan, fear gnó as Gaillimh, agus ansin chuig Comharchumann Chois Fharraige, i dtús na n-ochtóidí. Bhí traidisiún buacach trádála ag gabháil leis nuair a cheannaigh Seán agus Mairéad Ó Foighil an siopa ón gComharchumann i 1983. Tá forbairt agus méadú suntasach déanta againn ar an ngnó ó shin. Tá an bheirt againn an-tógtha leis an traidisiún a bhain leis an siopa ón tús agus tá muid an-bhródúil as an tús áite a thugtar don teanga agus don chultúr mar chuid lárnach dár bhfís gnó. Tá cáil dá réir ar an siopa i bhfad is i gcóngar agus ní bhíonn aon dabht ar thurasóirí gurb í an Ghaeilge bheo croílár an cheantair ina bhfuil an siopa lonnaithe. Tá polasaithe dearfa teanga agus cultúir á leanacht againn chuige sin agus tá muid bródúil as an gcáil atá orainn i measc ollmhargaí eile gurb í an Ghaeilge teanga gnó an tsiopa.
-
Údar
-
Seán Ó Foighil
-
Ábhar na hIrise
-
Gnó
-
Bliain
-
2001
-
Aitheantóir
-
BI2001A25
-
Réimse Tíreolaíochta
-
An Cnoc
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige