-
Teideal
-
Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe ag Mícheál Breathnach
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cleachtadh, cleachtadh agus tuilleadh cleachtaidh, sin a dhéanann foirfeacht, agus sin é a bhain amach Craobh na hÉireann sa liathróid láimhe d’Fhiontán Ó Curraoin i mbliana, do dhéagóirí Faoi-16. Sea, bhain sé amach Craobh Chonnachta go héasca, ach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann cé a thiocfadh ina aghaidh ach Pádraig Uí Chearbhaill an fear a bhí ina sheaimpín domhanda dhá bhliain ó shin. Bhí sárchluiche eatarthu ach fuair Fiontán an ceann is fearr air aríst eile, mar a fuair i mí Eanáir seo caite i gComórtas Oscailte na Mumhan. I gCluiche Ceannais na hÉireann bhuail sé Eoin Hennessy leis an scór, in ainneoin go raibh an bua ag Hennessy air i gcomórtas na Golden Gloves cúpla mí roimhe sin. Lena chois sin, bhain Fiontán amach gradam “Pearsa Spóirt mhí Aibreán 2008” ó First Active/An Curadh Connachtach.
-
Údar
-
Séamus Ó Fátharta
-
Ábhar na hIrise
-
Spórt
-
Bliain
-
2008
-
Aitheantóir
-
BI2008A21
-
Réimse Tíreolaíochta
-
An Cnoc
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige