-
Teideal
-
Club Óige Lurgan 2010/2011
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tagann Club Óige Lurgan le chéile chuile Aoine i gColáiste Lurgan in Indreabhán agus is deis iontach é do dhaoine óga na háite bualadh le chéile ar bhonn sóisialta. Is Club lán-Ghaeilge é an club seo agus bíonn béim ar leith ar na daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus chun bród a mhúscailt iontu as a dteanga dhúchais. Is é bunaidhm an chlub spás sábháilte a chur ar fáil do dhéagóirí, ní hamháin chun bualadh lena gcuid cairde ach, chomh maith leis sin, chun scileanna sóisialta nua a fhoghlaim. Spreagtar na daoine óga go gníomhach chun cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin agus chun seilbh agus freagracht a ghlacadh ar an gclub. Is é Coiste na nÓg, i gcomhar leis na daoine fásta atá ar Choiste an Chlub féin, a dhéanann na himeachtaí a phleanáil. Is tuismitheoirí iad formhór na ndaoine fásta seo, daoine a bhfuil suim ar leith acu a bheith ag obair le déagóirí agus ag iarraidh iad a chumasú. Bíonn neart oibre agus pleanála i gceist leis an gclub seo a rith agus, ar ndóigh, bíonn muid i gcónaí ag cuartú oibritheoirí deonacha chun cúnamh a thabhairt dúinn.
-
Údar
-
Deborah Ní Ghibne
-
Ábhar na hIrise
-
Caithimh Aimsire
-
Bliain
-
2011
-
Aitheantóir
-
BI2011A14
-
Réimse Tíreolaíochta
-
An Cnoc
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige