Skip to main content

Coláiste Cholmcille 60 Bliain ar an bhFód

Item

Teideal
Coláiste Cholmcille 60 Bliain ar an bhFód
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coláiste Cholmcille suite i mbaile na hAille in Indreabhán, Conamara. Tá sí trí scóir bliana ar an bhfód anois. Is í Coláiste Cholmcille an féirín is fearr agus is fóiniméidí a tháinig go Cois Fharraige go dtí sin. Bhí an ceantar foirgthe ag aicíd agus ag anachain na himirce le blianta. Nuair a bhíodh na gasúir réidh leis an mbunscoil ní raibh i ndán dóibh ach an Bád Bán soir nó steamer Mheiriceá siar, cé is moite de chorrdhuine a d’fhan lena muintir sa mbaile. Ní raibh mórán foráis i ndán dóibh ag stracadh agus ag strácáil, ag strachailt agus ag tiaráil ar ghiodán creagach, gann gortach. Is minic go bhfanfadh beirt sa mbaile agus go roinnfí an giodán eatarthu, rud a d’fhágfadh cúrsaí níos measa agus iad fágthaí i dtuilleamaí na spáide ag scríobadh creaga.
Údar
Cóil Learaí Ó Finneadha
Ábhar na hIrise
Oideachas
Bliain
2015
Aitheantóir
BI2015A03
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige