Skip to main content

Tomás Ó Con Cheanainn (1921-2015)

Item

Teideal
Tomás Ó Con Cheanainn (1921-2015)
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is maith is cuimhneach liom an chéad uair a leag mé súil ar an scoláire iomráiteach agus ar an nGael uasal Tomás Tom Shadhbh Ó Con Cheanainn a bhí ina Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1969-86, agus ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1990. Samhradh gréine na bliana 1969 a bhí ann, mé féin i mo dhalta iar-Ardteiste ag dul faoi scrúdú cainte na scoláireachtaí iontrála i léachtlann mhór aduain sa gColáiste Ollscoile a bhí lonnaithe an uair sin in Ardán Phort an Iarla. Fear ciúin séimh dea-labhartha a bhí romham a chuir an mac léinn neirbhíseach seo ar a shocracht ar an bpointe agus a labhair liom i nglan-Ghaeilge Chois Fharraige ar nós go raibh seanaithne againn ar a chéile. Is beag a cheap mé an uair sin go raibh treoir á fáil agam ó dhuine de mhórscoláirí Gaeilge a linne.
Údar
An tOllamh Gearóid Denvir
Ábhar na hIrise
Litríocht
Bliain
2015
Aitheantóir
BI2015A09
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige