-
Teideal
-
Oíche Cheiliúrtha Johnny Connolly
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is dóigh go bhfuil sé soiléir don chlann le fada an t-ómós atá ag daoine do mo Dheaide mar cheoltóir agus mar dhuine, ach ní raibh sé i gceist againn oíche cheiliúrtha a eagrú dó. Sílim go raibh níos mó fiúntais ag baint leis an oíche mar gheall nach muid fhéin a d’eagraigh é. Bhí an chéad smaoineamh ag Tom Giblin, fonnadóir agus ceoltóir giotáir as Gaillimh atá curtha faoi aige sa Spidéal. Luaigh sé lena dheartháir Ned é sa bpub oíche amháin agus rug siad ar Pháidí Ó Lionáird agus é ar a bhealach amach as an teach ósta an oíche chéanna. Bhí Páidí an-tógtha leis an smaoineamh agus bhunaigh siad coiste le beirt seanchairde liom fhéin agus le m’athair, Meaití Joe Shéamuis agus Martina Goggin. Ansin ghlaoigh siad ormsa le cinntiú go mbeadh an chlann sásta lena leithéid d’ócáid (rud go raibh) agus an mbeinnse sásta ceoltóirí, fonnadóirí agus damhsóirí a thabhairt le chéile don oíche.
-
Údar
-
Johnny Óg Ó Connolly
-
Ábhar na hIrise
-
Ceol
-
Bliain
-
2016
-
Aitheantóir
-
BI2016A08
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige