-
Teideal
-
Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara
-
Cur Síos
-
Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha Gaeilge ar Raidió Éireann. An fear céanna inniu shílfeá gurb é féin go pearsanta a chuir stiúideo Chasla le chéile, ó bhloc go bloc agus ó bholta go bolta, leis an gcaoi a mbíonn sé ag cur síos ar an leas atá déanta ag an tseirbhís Ghaeltachta ó lá a bunaithe. Cén bhrí dá mbeadh sé sásta a admháil gur athrú intinne a tháinig air - rud a d'fhéadfadh tarlú do dhuine nádúrtha ar bith. Ach ní bheadh ná go deo. Cloisfidh tú daoine eile ag rá go raibh stáisiún na Gaeltachta i gceann Éamoin de Valera na blianta fada ó shin - nó ina chroí b'fhéidir, os isteach ina chroí a bhíodh air breathnú uair ar bith a mbíodh beart nua tábhachtach éigin á chur ina shuí aige. Ach más ina cheann nó ina chroí a bhí sé ní dheachaigh sé níos faide.
-
Údar
-
Seosamh Ó Cuaig
-
Ábhar na hIrise
-
Raidió na Gaeltachta
-
Raidió na Gaeltachta
-
Bliain
-
1991
-
Aitheantóir
-
PL1991A04
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
-
Cearta
-
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
-
Fad
-
700