-
Teideal
-
Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta
-
Cur Síos
-
Tá Muintearas, an Togra Oideachais Gaeltachta, bunaithe anois ó 1980. Is i gCeantar na nOileán i gConamara a bhí an togra lonnaithe agus ag feidhmiú ar dtús, ach tá imeachtaí an togra leathnaithe anois chuig ceantair eile i gConamara Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camus, Corr na Móna, agus chuig Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Tá Muintearas airgeadaithe ó Fondúireacht Bernard van Leer san Ollainn agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá tograí ag Fondúireacht Van Leer i dtíortha ar fud an domhain. Sí aidhm na Fondúireachta an soláthar oideachais a fheabhsú sna ceantair ina bhfuil a gcuid tograí. Tá suim ar leith acu ról tuismitheoirí in oideachas a ngasúr a láidriú. Leanann Muintearas an fhealsúnacht seo sna scéimeanna éagsúla a reáchtáileann siad. Togra taighde agus forbartha atá ann go bunúsach agus déantar iarracht na scéimeanna a chur in oiriúint do riachtanais an cheantair, sa chás seo do riachtanais na Gaeltachta.
-
Údar
-
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991
-
Ábhar na hIrise
-
Oideachas; Forbairt Shóisialta
-
Forbairt Shóisialta
-
Oideachas
-
Bliain
-
1991
-
Aitheantóir
-
PL1991A15
-
Réimse Tíreolaíochta
-
Conamara
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
-
Cearta
-
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
-
Fad
-
2000