Skip to main content

An Spidéal agus Plougrescant na Briotáine

Item

Teideal
An Spidéal agus Plougrescant na Briotáine
Cur Síos
B'íontach an tógáil chroí a bhain leis an radharc a bhí romhainn nuair a ghluais an bus go réidh mall trí shráidbhaile beag Plougrescant na Briotáine chomh fada le Hall an Bhaile - bratach na hÉireann agus na Briotáine ar foluain os cionn an halla, comhartha mhór fháiltithe i nGaeilge agus i mBriotáinis ar chiumhais an chosáin agus muintir an bhaile ag fanacht le fáilte chroíúil a chur romhainn. Bhí turas naoi n-uaire déag a chloig curtha dínn againn ón uair a d'fhágamar sráidbhaile an Spidéil agus sinn ag tosú ar thuras naoi lá arbh é a phríomhchuspóir cleamhnas cultúrtha agus cairdeasa a chur i gcríoch le muintir Phlougrescant. Ceithre dhuine is fiche a bhí sa ngrúpa - dáréag fásta agus dáréag déagóir. Bhí an turas mar thoradh ar réamhchuairt a thug Méara Phlougrescant, Michel le Saint, agus ionadaithe eile an bhaile sin ar an Spidéal i bhfómhar na bliana 1990.
Údar
Pádraig Ó hAoláin
Ábhar na hIrise
Cultúr; Conamara
Conamara
Cultúr
Bliain
1991
Aitheantóir
PL1991A17
Réimse Tíreolaíochta
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Fad
1200