-
Teideal
-
An Ghaeltacht i mBliain an 2000 - Pobal nó Ionad Oidhreachta?
-
Cur Síos
-
‘Ní shílim fhéin go bhfuil aon ghá a dhul i bhfad leis an díospóireacht áithrid seo, maidir leis an bhliain, bliain an 2000. Sílim go mba leor a bheith ag éisteacht le pobal lnis Oírr ag an Aifreann inniu, ag freagairt an Aifrinn go nádúrtha, agus go raibh sé go maith a bheith ag éisteacht leis an bhfoireann peile as lnis Oírr agus foireann mo cheantar fhéin, foireann Micheál Breathnach, ag imirt ar an bpáirc anseo amuigh, ag fógairt ar a chéile go hiomlán as Gaeilge, ag eascainí i nGaeilge, buíochas le Dia. Ar ndóigh, tá bliain an 2000 chomh gar dhúinn, agus gur ar éigean go mbeidh muid bailithe abhaile as Tigh Ned ar chor ar bith nó go mbeadh sí ar ár mullach má bhíonn aon seisiún maith ann ina dhiaidh seo.
-
Údar
-
Joe Steve Ó Neachtain
-
Ábhar na hIrise
-
An Ghaeltacht
-
An Ghaeltacht
-
Bliain
-
1995
-
Aitheantóir
-
PL1995A02
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
-
Cearta
-
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.