Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí bliain ó shin anois ó thosaigh Coiste Chomharchumann Shailearna Teo. ag iarraidh feabhas a chur ar sholáthar uisce an cheantair. Is iomaí teacht le chéile a bhí i gceist agus is mó ná sin litreacha a scríobhadh agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh soláthar glan sásúil uisce a chur ar fáil do phobal Chois Fharraige. Ní mórán tairbhe a bhí ag an gCoiste de bharr a gcuid iarrachtaí go leor den am, mar go bunúsach bhí tacaíocht an Chomhairle Condae ag teastáil sola mbeadh An Roinn Comhshaoil sásta feabhsú a airgeadú. Ní tacaíocht airgid a bhí ag teastáil ón gComhairle Condae ach tacaíocht i bpronsabail mar, gan an tacaíocht seo ní fhéadfadh an Roinn Comhshaoil aon rud a dhéanamh dúinn.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá forbairt an-mhór déanta ar Shiopa an Phobail in Indreabhán i gConamara le tamall anuas. Cuireadh 7,000 troigh cearnach de mhéadú ar an sean siopa atá faoi úinéireacht Mhairéid agus Sheáin Uí Fhoighil le 15 bliain. Tá 13,000 troigh cearnach sa siopa anois, athchóirithe ó bhun ar chostas milliún punt. Fágann sin Siopa an Phobail ar an siopa Centra is mó sa tír, tá 15 dhuine fostaithe ann go lánaimsearach agus 30 eile ag obair ann go páirtaimsearach.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is maith is cuimhneach liom an chéad lá ar thosaigh mé ar scoil, Seanscoil Shailearna mar a thugtar anois uirthi nó mar a deir an leac cloch aoil a bhí ar bhalla an dá bhinn bheaga a bhí ar thosach na scoile nach bhfuil amhlaidh níos mó - Salerna National School 1885. Cheap muid ar fad agus muid ag dul isteach agus amach na ndoirse sin ar feadh roinnt blianta gur tógadh an scoil an bhliain sin ach mar atá 'fhios againn anois bhí an scoil ann i bhfad roimhe sin.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Clúdaíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige an ceantar ó Dhroichead an Spidéil siar go dtí Droichead Chroimghlinne agus cláraíodh an ceantar seo do Chomórtas Ghlór na nGael don chéad uair i 1967. Mar chuid d'obair an choiste do 1998 cuireadh cóip de phlean forbartha cúig bhliana isteach le hiarratas na bliana seo, plean a cuireadh i dtoll a chéile i rith na bliana. Seo a leanas freisin cuid de na teidil agus cuid den eolas a cuireadh ar fáil do mholtóirí an Chomórtais.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Paróiste an Spidéil - Deoise Thuama - 1925. As alt a scríobh an tAth. Máirtín J. Ó hÉanaí S.C. ag tráth go raibh paróiste an Chnoic nasctha le paróiste an Spidéil.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh an tAthair Liam Ó Beirne i gCeathrú na Gaoithe, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe sa mbliain 1873. Feilmeóir beag ab ea a athair - Thomas Byrne agus bhí Brigid Quinm, Eadarghabhal, Baile an Mhuilinn, a mháthair. Bhí cúigear deartháir, deirfiúr amháin agus leas -deartháir aige. Ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad agus tógadh iad le Gaeilge ón gcliabhán i bhfoisceacht scread asail de Churach a' Doire, an baile beag as a dtáinig Micheál Ó Locháin - eagarthóir "An Gaodhal" i Meiriceá - an páipéar dhátheangach nach raibh níos lú ná 1,440 cóip i gcló i ngach iris mhíosúil ar feadh deich mbliana.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí scoil bheag ceann tuí i gCoill Rua sa mbliain 1826. Riocárd Ó Maolruadh a bhí mar mhúinteoir inti. Chomh maith le scoileanna eile a bhí sa gceantar, bhí ceann acu síos an bóithrín taobh thiar do Choláiste Cholmcille, deirtear go raibh ceann eile ar an Lochán Beag taobh thiar de Tí Ned Sheáin nó Tí Turley mar a thugtar anois air. Chuir mé tuairisc go leor faoi sin agus ceaptar go bé seanteach Mháirtín William Uí Fhinneadha an scoil a bhí ansin thart ar na blianta 1852/1853.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo cur sios ar chéadturas an fhile ar an Achré mar spailpín. Bhí sé ag ceapadh gurbh é an tAchré Tír na nÓg ach ba cheap í nach bhfeilfeadh bróg.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buachaillí Scoil Sailearna 1950/51. Naíonáin rang a haon agus rang a dó i Seanscoil an Chnoic in éineacht lena múinteoir, Bean Keane.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is mór atá feicthe ag ballaí sheanscoil an Chnoic. Is iomaí duine, idir mhúinteoirí, scoláirí agus chuairteoirí, a shiúil tríd an scoil seo ó bunaíodh í. Bhí an scoil tógtha le hoideachas a thabhairt do phobal an Chnoic, ach ní gach uile dhuine a chuaigh isteach sa scoil seo a bhí sásta glacadh leis an oideachas sin ar na cúinsí a raibh sé á thairiscint. Go deimhin ba mheasa do go leor daoine an scoil ná príosún. Sin an fáth gur iomaí gasúr a chaith laethanta ag mitseáil. Tá dhá thaobh ar gach uile scéal agus dá mbeifí ní ba chineálta le gasúir sa tseanaimsir, bheadh níos mó fonn orthu foghlaim a dhéanamh.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bhí muide inár ngasúir bheaga ar an Lochán Beag ba laoch é Micheál Breathnach. Rugadh ar an mbaile é, ba cara le Pádraig Mac Piarais é, bhí sé os cionn Chonradh na Gaeilge i Londain, ba scríobhnóir, file agus múinteoir é. Rud eile a bhí spéisiúil domsa gurbh é Pádraig Ruaidí, mo sheanathair, an Pádraig atá luaite ag Micheál ina scéal "Seilg na Meán Oíche".
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is féidir linn dul chomh fada siar leis an miotaseolaíocht leis na chéad tagairtí a aimsiú don cheantar a dtugtar Cais Fharraige air sa lá atá inniu ann. Ar ndóigh, mar a fheicfeas muid, ní Cois Fharraige a bhí ar an áit i gcónaí. De réir na miotaseolaíochta bhí mac ag Maedbh, Banríon Chonnacht (an bhean a bhí ar an nóta puint, tráth) le Fearghas Mac Róich, Rí Uladh, darbh ainm Conmhac. Thug sliocht Chonmhaic na Conmhaicne orthu féin agus chuir craobh amháin díobh fúthu i ndeisce art Iar-Chonnacht, in aice na farraige. Thugadar seo na Conmhaicne Mara orthu féin d'fhonn idirdhealú a dhéanamh, is dócha, idir iad féin agus craobhacha eile de shliocht Chonmhaic: Conmhaicne Cinél Dubain agus Conmhaicne Cúile Toladh, i dtuaisceart an chontae. Ó Cadhla a bhí ar rithe Chonmhaicne Mara agus mhaígh James Hardiman, a bhfuil leabharlann na hollscoile i nGaillimh ainmnithe ina onóir, gur as an ainm seo a d'eascair an logainm na hAille.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo amhrán faona áit dúchais fhéin a chum Cóil Uilic Ó Coisdealbha don gcomórtas Pan Cheilteach agus a chas Ciarán Ó Concheanainn, buaiteoir an chomórtais.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chaith an tAlbanach, Colm Mac Gilleathain, tréimhsí i dtús na ndaicheadaí san aois seo caite ag bailiú béaloidis i gceantar Indreabháin agus ba bailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann é nuair a d'fhág sé an áit i samhradh na bliana 1946. Luigh sé isteach go héasca le saol na ndaoine - thugtaí 'Colm na nAmhrán' air - agus d'éirigh thar barr leis ina chuid oibre. Is léiriú ar sin na cheithre mhíle éigin leathanach a bhreac sé sa tréimhse sin agus atá ar caomhnadh anois i gcartlann Roinn Bhéaloideas Éireann (CBÉ), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I measc na seanchaithe ar thóg sé ábhar uathu bhí Maitiú Mór Ó Tuathail, as na Creagáin a bhfuil breis is míle leathanach dá sheanchas i gcartlann CBÉ. Is é Colm a bhreac síos thart ar ocht gcéad leathanach den ábhar seo agus thóg Brian Mac Lochlainn, bailitheoir lánaimseartha eile de chuid an Choimisiúin, an chuid eile de.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní mar scoil a chuimhním ar an seanscoil. Tháinig mé go Cois Fharraige Feabhra '73 agus faoin am sin bhí an bhunscoil bogthaí soir an bóthar. Ach fós féin bhí beocht sa seanscoil i dtús na seachtóidí. Bhíodh cruinnithe ar bun i gcónaí sa Seanscoil. Is ag cruinniú poiblí sa Seanscoil ar an 25 Márta 1969 a cuireadh Cearta Sibhialta na Gaeltachta ar bun - eagraíocht a raibh tionchur ollmhór aige ar mheon an phobail seo ina leith féin agus ar pholasaithe na n-eagraisí stáit i leith na Gaeltachta i gcoitinne.
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Paidir le Meaig Churraoin (as na hAille ó thús di). San am fadó, bhí chuile dhuine ag brath ar an tine. Ní raibh deis ar bith eile le rud ar bith a bhruth. Lá amháin, bhí an Mhaighdean Mhuire, moladh go deo léi, ag dul thart. Bhí tart agus ocras uirthi. Bhuail sí isteach ag an mbean seo, ach bhí an tine imithe as, beagnach mar bhí an bhean tar éis a bheith amuigh ag obair. D'iarr an Mhaighdean Mhuire rúinne le n-ithe, ach bhí an tine imithe as. Thug an bhean arán agus im di agus arsa an bhean "thabharfainn tae duit freisin dá mbeadh tine agam. "Ó", arsa an Mhaighdean Mhuire, "is gearr go mbeidh tine agat freisin. Cuir na smiochóideacha atá sa luaith os cionn a chéile." Rinne an bhean amhlaidh agus ar an nóiméad, tháinig solas ar na splancracha agus chuir siad tuilleadh móna isteach léi agus rinne siad tae. Chuir an Mhaighdean Mhuire láithreach beannacht agus dúirt gurbh iad an dá thine is túisce a lasfadh ná: Tine tar éis bruithneoige (sin fata rósta) nó Bean tar éis sudóige (sin é an t-ainm a thugadh siad fadó ar an gcáca a bhruitheadh siad ar leic an teallaigh gan bácús ná pan).
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seanfhocal ann a deir gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus níl aon amhras ann ach go bhfuil an seanfhocal céanna flor i gcás caomhnú na Gaeilge i bParóiste an Chnoic. Murach na dianiarrachtaí atá déanta ag daoine agus ag Coistí deonacha thar na blianta ní bheadh an t-aitheantas seo ó Ghlór na nGael tuillte ag pobal an Chnoic i mbliana. Tuigeann an pobal seo gur acmhainn fíorthábhachtach dúinn í an Ghaeilge agus níl i gceist againn í a thréigean. Tharla sé sin i gceantair eile agus tá cuid de na ceantair sin buailte go dona inniu. Ní aon ualach orainn Gaeilge a thabhairt do na glúine atá ag teacht mar ní féidir linn a thomhais cén caillteanas a bheadh ann dá dtréigfí an teanga anois. Tá go leor buntáistí ag an bpobal seo sa lá atá inniu ann - an cultúr, an ceol, an áilleacht atá timpeall orainn, an glaineacht aeir agus uisce, an caighdeán maireachtála &rl. - níl i gceist againn an seoid is luachmhaire atá againn a chaitheamh le haill.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí cúrsaí Ghlór na nGael ar chlár cruinnithe an Chumainn le bliain anuas agus bhí plé go rialta le Tríona Ní Ráinne agus Nóra Welby, feidhmeannaigh de chuid na heagraíochta Glór na nGael, agus táimid go mór faoi chomaoin acu beirt as an treoir a thug siad dúinn inár n-iarrachtaí maidir leis an gcomórtas. Thug ionadaithe ó thart ar scór eagraíocht/coiste atá gníomhach sa bpobal seo cuntas ar a n-imeachtaí ag dhá bhabhta moltóireachta don chomórtas a reáchtáladh i Seanscoil Shaileama. Feidhmíonn na heagraíochtaí seo i réimse an oideachais, i gcúrsaí sóisialta, i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí gnó/bainistiú airgid.
Alt ó 'Biseach ', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Creidim go dtarlaíonn forbairt pobail agus athréiminiú teanga de thoradh dhá fhórsa, ón mbarr anuas agus ón mbonn aníos. Tá gá le gníomhú láidir stáit. Ní féidir don stát an fhreagracht ar fad a leagan anuas ar an bpobal. Ní mór don stát feidhrniú ar dhá leibhéal. Ar dtús, a theach féin, mar a déarfá, a bheith in eagar agus gan loiceadh ina pholasaí féin ach a bheith ceannródaíoch ina chur chuige. Ina theannta sin, ní mór don stát feidhmiú mar a bheadh éascaitheoir, ag cuidiú leis an bpobal ina gcuid iarrachtaí pobal-dírithe agus teanga-dhírithe féin mar phobal. Ag an am céanna, ní leis an stát an teanga. Is gníomh idir dhaoine úsáid na teanga, gníomh sóisialta pobalbhunaithe. Is leis an bpobal an teanga. Agus tá leas na teanga augs leas an phobail spleách ar an dinimic phobail, dinimic a bhíonn le múscailt ar uairibh. Agus is ansin atá neart Ghlór na nGael. Mar is gléas iad na coistí pobail a thugann a sprid féin chun tosaigh sa phobal, sprid chun machnaimh agus sprid chun gnímh.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba i 1984 a bunaíodh Comharchumann Shailearna. I measc na gcuspóirí a chuir an Comharchumann roimhe bhí: seirbhís uisce a chur ar fáil do thart ar 1,000 teach sa gceantar ón Spidéal go Ros a' Mhíl, chomh maith le seirbhís bhainte mhóna a. chur ar fáil do theaghlaigh sa gceantar, agus obair chonraitheoireachta a dhéanamh le trealamh mar leoraithe, tochailteoirí, innill bhainte móna, innill draenála agus araile.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Déanann Coiste Pobail na Tulaí comhghairdeachas le Pobal an Cnoic agus príomhdhuais Ghlór na nGael buaite acu aríst. Mar choiste a ghlacann páirt go rialta sa gcomórtas tá a fhios againn an obair mhór atá déanta ag an gcoiste sin chun an caighdeán ard atá socraithe acu dóibh féin a choinneáil. Tá toradh a gcuid oibre le feiceáil, ní hamháin i gceantar an Chnoic ach i ndeisceart Chonamara ar fad.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D'éirigh le Comharchumann Shailearna cúnamh a fháil ó Údarás na Gaeltachta agus ó Bhord Fáilte le bealach siúlóide a dhéanamh ar straidhp de thalamh portaigh ó thuaidh den tSeanscoil. Tá an píosa seo ag síneadh ó bhóthar na Seanscoile soir chomh fa da leis an draein mhór. Tá míle bealaigh de chosán adhmaid déanta ar an bpíosa portaigh seo.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Lá dá raibh muid ag cur isteach fuinneoga sa tseanscoil tháinig Gearóid de Faoite, iarbhainisteoir Chomharchumann Shailearna Teo., chugainn, agus alt beag aige as páipear nuachta faoi chóras teasa. Córas nua a bhí i gceist, nach raibh sa taobh seo tíre go fóill. Léigh mé é, agus dúirt mé nach ndéanfadh sé aon dochar tuilleadh eolais a fháil amach faoin rud nua seo. Comhlacht as Cloich na Coillte i gCo. Chorcaí a bhí ag plé leis an mbealach nua seo le teas a chur ar fáil gan ola, gual ná móin.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar nós chuile abhainn, sruthán, agus bóithrín, chuile chnoc, gleann agus cosán, tá stair, seanchas agus scéalta ag baint leo agus stair shaibhir agus 'sé a araíocht sin ag an abhainn seo é agus na céadta scéal imithe go deo leis na seandaoine. Éiríonn Abhainn an Chnoic sé nó seacht de mhílte amach ó bhaile fearainn an Bhóthair Bhuí agus píosa soir ó Thulach na Sióg, réimse sléibhte atá chomh hiargúil sin nach bhfaca Dia ná Diabhal é leis na cianta.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá roinnt mhaith athruithe feicthe ag Scoil Cholmcille, An Tulach ó tógadh í i 1961 ar an suíomh ina bhfuil sí faoi láthair. Sa mbliain sin ba é Micheál O Fátharta (R.I.P.) as Cnoc na hAille a bhí mar Phríomhoide, agus bhí beirt mhúinteoirí eile ina theannta. I 1970 rinneadh cónascadh idir Scoil Cholmcille na Tulaí agus Scoil Bhríde na Mine. Ba í Bríd Bn Uí Dhonncha a bhí ag múineadh i Scoil na Mine ag an am. D'aistrigh sí féin agus an dáréag dalta, a bhí sa scoil léi, go dtí Scoil na Tulaí an bhliain sin. Bhí Bríd ag múineadh sa scoil go dtí gur éirigh sí as a post i Mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ba í Bríd Bleasdale as Baile an tSléibhe, Ros a' Mhíl a ceapadh ina háit.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí plé ar siúl ag tús na 1980idí maidir le comhar creidmheasa a bhunú i gceantar Fharraige ach is ag cruinniú i Scoil Sailearna ag tús an gheimhridh 1986 beartaíodh tabhairt faoin gceist i ndáiríre.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí athrú atá tagtha ar an gcóras oideachais ó thús an chéid seo caite. Tuigeann tuismitheoirí tábhacht an Oideachais níos fearr anois. Ar ndóigh, níl an obair chéanna le déanamh sa mbaile anois is a bhí an uair sin. Caithfear a rá freisin go bhfuil tuismitheoirí níos rannpháirtí in oideachas a ngasúr sa lá atá inniu ann ná mar a bhí cheana. Tá an lá imithe gur féidir na gasúir a fhágáil ag geataí na scoile agus dearmad a dhéanamh ar chúrsaí scoile ina dhiaidh sin. Tá tuismitheoirí páirteach i mbainistíocht na scoile freisin. Airíonn siad go bhfuil ról acu in imeachtaí scoile. Is beag scoil anois nach bhfuil Coiste Tuismitheoirí ann. Is amhlaidh atá an scéal i Scoil Sailearna freisin.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Plean Gaeilge á chur i bhfeidhm sa scoil le cúpla bliain anuas agus tá ag éirí thar cionn leis. 'Sí Máire Ní Mháille, leas-phríomhoide na scoile, a chur an plean seo sa tsiúl an chéad lá riamh i gcomhar le Coiste Tuismitheoirí na scoile. Is feachtas spreagúil, leanúnach atá i gceist leis an bPlean Gaeilge, feachtas atá dearfach. Cuirtear an bhéim ar fad sa bhfeachtas ar na gasúir a mholadh, a ghríosadh agus a spreagadh le Gaeilge a labhairt.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Coiste Ghlór na nGael i mBall Áluinn, i gceartlár Mhaigh Eo, in earrach na bliana 1990. Tús lag a bhí ann ach tá sé ag dul i neart ó shin. An aidhm a bhí romhainn ag an am ná aithne i leith na Gaeilge i measc an phobail a neartú agus a láidriú, agus suim i leith na teanga a chothú agus a spreagadh. Tá áthas orainn gur éirigh linn sin a dhéanamh.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Doire: Buaiteoir Scéim na mBuaiteoirí i mbliana, agus an phriomhdhuais anuraidh, níl mórán nach bhfuil déanta ag an choiste seo. Ó ranganna agus ciorcail comhrá, go cúrsaí ollscoile, tá coiste Ghlór Dhoire ag déanamh cibé rud is fé idir leo lena bpríomhsprioc a bhaint amach - baile iomlán dátheangach a bhunú. Leis seo i gcónaí acu mar inspioráid, tá coiste Ghlór Dhoire ag déanamh teagmháil leis na comhairlí áitiúla sa chathair agus ag tairiscint seirbhísí Gaeilge dóibh. Chomh maith leis seo, tá foirgneamh nua ceannaithe acu, áit ina mbeidh bialann, oifigí, seomraí ranga, amharclann agus neart eile. Ag an bhomaite, tá sé in úsáid acu mar charrchlós i gcathair i na bhfuil sé beagnach dodhéanta áit páircéala a tháil! Bíonn an coiste páirteach i ngach uile imeacht sa chathair, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, agus éiríonn na pleananna bliantúla níos mó agus níos suimiúla gach bliain.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coiste Ghlór na nGael Inis Oírr an-bhródúil as an aitheantas a tugadh don oileán i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael don bhliain 2000, agus ba mhaith leo buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a chuidigh leis an dea-obair, go háitiúil agus ón taobh amuigh.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an Cumann seo i 1981. Déanann sé freastal ar chailíní i gceantar Chois Fharraige i.e. ó Bhearna siar. Ó bunaíodh an Cumann thagadh formhór na n-imreoirí ón Spidéal agus lndreabhán ach le blianta beaga anuas tá borradh mór tagtha ar an méid cailíní ó cheantar na Tulaí atá ag imirt linn.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dhá véarsa a chuir Joe Steve Ó Neachtain ó Choiste na Páirce le chéile i gClár Oscailt Oifigiúil Phinniúr Liathróide Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh i 1980. Tá traidisiún an spóirt seo ag dul siar go dtí 1890 ar a laghad, nuair a bhí an cluiche á imirt i mBothchúna i bparóiste an Chnoic. Cuireadh tús le pinniúr ins na hAille sna tríochaidí, ach leag gála é i ndeireadh na gcaogaidí. Nuair a bhí an Pháirc ar an gCnoc réitithe, bheartaigh an Coiste ar phinniúr faoi dhíon a thógáil in éineacht leis na seomraí feistis, agus nach ar an áit sin a bhí tarraingt na ndaoine suas go dtí a dó a chlog ar maidin le cluichí a imirt.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach ag deireadh 1966-1967 bhí caint ar pháirc a thógáil. Ag cruinniú cinn bhliana 1 967 moladh Coiste Páirce a chur le chéile. Tugadh Coiste na Páirce Teo. ar an gcoiste seo. Ba í an aidhm a bhí acu sin suíomh a aimsiú agus páirc a chur ar fáil. San am sin bhíodh peil á imirt ar an gCreach Oileáin sa samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an Coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Páirc Ghnó Shailearna anois. Dhíol an Coiste an suíomh le Gaeltarra Éireann agus socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc, a iarraidh ar an Easpag Ó Cuinneáin, Ardeaspag Dheoise Thuama ag an am. Fuair siad ocht n-acra den 1 1 . 5 acra den talamh sin. Is ag an am seo a bunaíodh Coiste Airgid na Páirce, chun airgead a bhailiú don pháirc. Bhailigh siad an t-airgead trí chrannchuir agus dul thart ó theach go teach, díolacháin earraí, siúlóidí, imirt chártaí agus deontais ó Roinn na Gaeltachta, cúnamh ón gComharchumann agus ón gCumann Forbartha, chomh maith le heagrais agus daoine eile. Sa mbliain 1975 a thosaigh siad ar fhorbairt na páirce agus 'siad Coiste an Airgid a thóg cúram iomlán na páirce orthu féin an pháirc a thógáil agus an t-airgead a bhailiú. Sa mbliain 1976 shocraigh an Coiste cúirt liathróide láimhe a thógáil chomh maith le seomraí feistis. Sa mbliain 1980 d'oscail siad an chúirt liathróide láimhe go hoifigiúil. I 1982 rinneadh an pháirc a oscailt go hoifigiúil. Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl ar an bpáirc i 1981 agus aríst i 1992. Sa mbliain 1986 bunaíodh coiste nua, Coiste Forbartha na Páirce. Bhí sé mar aidhm acu siúd na lochtanna a bhí ag an bpáirc agus an suíomh ar fad a réiteach amach, mar aon le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bpáirc. Sa mbliain 1986 cuireadh Scéim SES (FÁS) ar siúl den chéad uair.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí sé ráite i gcónaí go bhfillfeadh daoine ar na seanbhealaí traidisiúnta, a eh níor cheap daoine ariamh go dtarlódh sé chomh sciobtha sin i gceantar Chois Fharraige. B'amhlaidh a tharla anuraidh de bharr an méid corn a bhuaigh Cumann Mhicheál Breathnach agus an méid uaireanta a las daoine tine chnámh agus móna ag cur fáilte abhaile roimh na foirne buacacha agus iad ag tabhairt a n-aghaidh anoir nó soir bhóthar Chois Fharraige.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Go dtí na hochtóidí ní raibh traidisiún iománaíochta i gCumann Micheál Breathnach, cé gur imir roinnt mhaith ón bparóiste le Cumann an Spidéil thar na blianta. Thart ar an am céanna a ghnóthaigh Paróiste an Chnoic Trófaí Ghlór na nGael sna hochtóidí a bunaíodh foirne iomána faoi aois agus fásta i gCumann Micheál Breathnach. Lean an obair leis na foirne ar aghaidh go ciúin réidh agus faoi dheireadh tháinig toradh ar an obair: bhí pictiúr in Biseach, Nollaig 1998, den chéad fhoireann ariamh a ghnóthaigh comórtas iománaíochta do Chumann Micheál Breathnach - foireann faoi 12, i gComórtas C, Sraith Chathair na Gaillimhe, a fuair an ceann is fearr ar Rathún/An Caisleán Nua an bhliain sin.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá foireann peile na Gaillimhe i mbéal an phobail ó bhuaigh siad Corn Mhig Uidhir i 1998. Chuir an sárthaispeántas a thug siad an lá stairiúil sin gliondar croí, ní hamháin ar lucht leanúna na mbuaiteoirí, ach ar mhuintir na hÉireann fré chéile. Ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh, ach oiread, ar na foirne cumasacha a rinne gaisce blianta roimhe sin, agus go háirithe na peileadóirí stuama a rinne éacht nuair a d' ardaigh siad leo an Corn trí huaire as a chéile sna blianta 1 964, '65 agus ’66.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a shéidfidh an réiteoir an fheadóg i bhPáirc an Chrócaigh thart ar a cúig a chlog ar an tríú Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo chugainn, tógfar gártha molta mustracha agus iomprófar an captaen buacach go caithréimeach go hArdán Uí Ógáin, mar a mbronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir air. Ach cérbh é an fear seo a ainmníodh an corn álainn seo ina dhiaidh?
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chur ar fáil do phobal an cheantair. Tá sé mar chuspóir againn seirbhís a chur ar fáil: a fhreastalóidh ar riachtanais na bpáistí agus na dtuismitheoirí; a bheidh slán agus sábháilte; a thacóidh leis an nGaeilge a choinneáil láidir sa bpobal .
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is de bharr brú a chuir custaiméirí agus cairde orm dul i mbun gnó dom féin a shocraigh mé comhlacht stáiseanóireachta a bhunú i gCois Fharraige. Bhí go leor oibre le déanamh maidir le féidearthachtaí, ionad a aimsiú, maoiniú a shocrú agus roinnt mhaith rudaí eile sul má bhí ar ár gcu as an comhlacht a bhunú. Ní raibh aon ionad ar fáil ó Údarás na Gaeltachta go fóill agus idir an dá linn fuair mé Stór na dTrátaí ar cíos ó Phól Ó Foighil agus Coláiste Dara. Faoi dheireadh bhí mé réidh le tosú agus i lár Mheán Fómhair na bliana 1 994 chuaigh Socos Teo. i mbun gnó i mBaile an Tigh Mhóir. Beirt a bhí fostaithe ag an gcomhlacht an chéad lá agus, buíochas le Dia, mhéadaigh sé seo de réir a chéile. I rith an ama seo bhí Údarás na Gaeltachta ag réiteach ionaid dúinn i gCaol Rua agus ar an lá deiridh d' Aibreán 1 995 d'aistrigh muid isteach san ionad seo. De réir mar a bhí muid ag forbairt bhí breis spáis uainn agus dhá bhliain ó shin d'aistrigh muid isteach san ionad nua atá againn anois.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thosaigh Siopa an Phobail amach sna seascaidí mar an chéad Ollmhargadh a osclaíodh i gConamara. Ba faoi úinéireacht Phádraig Mhic an Rí a bhí an siopa ag trádáil agus chuir sé seirbhís nua-aimseartha agus uileghabhálach ar fáil ag an am, agus tá an traidisiún céanna go sonrach sa siopa ó shin. D’athraigh an siopa lámh faoi dhó: ar dtús chuig Gerry Houlihan, fear gnó as Gaillimh, agus ansin chuig Comharchumann Chois Fharraige, i dtús na n-ochtóidí. Bhí traidisiún buacach trádála ag gabháil leis nuair a cheannaigh Seán agus Mairéad Ó Foighil an siopa ón gComharchumann i 1983. Tá forbairt agus méadú suntasach déanta againn ar an ngnó ó shin. Tá an bheirt againn an-tógtha leis an traidisiún a bhain leis an siopa ón tús agus tá muid an-bhródúil as an tús áite a thugtar don teanga agus don chultúr mar chuid lárnach dár bhfís gnó. Tá cáil dá réir ar an siopa i bhfad is i gcóngar agus ní bhíonn aon dabht ar thurasóirí gurb í an Ghaeilge bheo croílár an cheantair ina bhfuil an siopa lonnaithe. Tá polasaithe dearfa teanga agus cultúir á leanacht againn chuige sin agus tá muid bródúil as an gcáil atá orainn i measc ollmhargaí eile gurb í an Ghaeilge teanga gnó an tsiopa.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba é Pól Ó Foighil a tháinig aníos leis an tuairim ar dtús, go mba chóir rud éicint praiticiúil a dhéanamh chun tithíocht a chur ar fáil do Phobal Aostach na Gaeltachta a raibh cónaí orthu i dtithe nach raibh feiliúnach. Phléigh sé an cheist seo le hAodán Mac Donncha agus shocraigh an bheirt go gcuirfeadh Forbairt Pobal Teo., An Spidéal, an togra chun cinn. Scrúdaigh siad cúpla suíomh thart ar an Spidéal, ach níor éirigh Ieo socrú a dhéanamh faoi aon cheann acu. Rinne Pól idirbheartaíocht le Coiste Riartha Chomharchumann Chois Fharraige faoi shuíomh a bhí acu taobh Ie Siopa an Phobail agus trasna an bhóthair ó Choláiste Lurgan. Theip ar an iarratas pleanála a rinne Pól ach d'éirigh lena athchomarc chuig an mBord Pleanála. Bunaíodh Coiste Riartha ar a bhfuil ionadaithe ó Chomharchumann Shailearna, Cumann Forbartha Chois Fharraige, Forbairt Pobal Teo. agus Údarás na Gaeltachta agus chuaigh siad i mbun oibre. Chuir an Roinn Comhshaoil an t-airgead caipitil (:E450,000) ar fáil don choiste agus tógadh Tithe na nAostach i 1994, Tá an Coiste Riartha freagrach as iad a reáchtáil agus iad a choinneáil go slachtmhar agus deasaithe.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí mé ar mo bhealach chuig Oifig an Phoist seachtain ón Aoine seo caite, rud a mba ghnách liom a dhéanamh gach Aoine chun mo phinsean a bhailiú, nuair a casadh díoltóir ticéad an Lotto áitiúil orm. Bím i gcónaí ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don cheantar agus mar sin cheannaigh mé ticéad do Lotto Bhaile an Phuitigh. Bhí togha na nduaiseanna le buachan - turas go Las Vegas agus $10,000 airgead póca. Nár bhreá é! Roghnaigh mé ceithre uimhir agus shínigh mé an ticéad. Ag seacht mbliana agus ceithre scór cheap mé go raibh sé thar am agam dul ar laethanta saoire.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí cúpla óigeanta sínte ar fhad a leapan, gan gíog na míog astu, ach oiread is dá mba sínte os cionn cláir a bheidís. Uaireanta fada an dorchadais meilte ag iarraidh tarraingt anála a cheilt ar a chéile. Duine ag iarraidh dallamullóg a chur ar an duine eile le codladh gé, ach fios acu araon gur ag malartú dallach dubh a bhíodar. Bhí a cuid súl oscailte aicise ag tnúthán go scáfar le hala sóláis ón duibheagán, ach ab fheasach dósan trí shúile dúnta gur chun duifin a ghabhfadh a n-éagmais i mbreacadh an lae. Puth fánach casachta a lig an cat as an mála. Gan uaithi ach ugach chun breith i ngreim láimhe air, farasbarr díocais uirthi ag muirniú a bhoise, ag fíochán a gcuid méarachaí ina chéile, á misniú is á mbíogadh isteach lena croí. Ach léann na bhfiann ní chreasódh croí briste. Ionga ná orlach níor ghéill sé dá tuineadh ach a leathláimh chomh marbhánta le láimh duine a bheadh in achar an anama. Mhothaigh sé fáinne a bpósta ag dul go beo de réir mar a bhí sí ag muirniú a láimhe go grámhar. Pian a bhog deora ar ala na huaire, deora a théacht chomh haibéil céanna nuair a chruaigh a chuimhne in aghaidh na hanachaine.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buachaillí agus cailíní sa scoil chéanna ag suí le taobh a chéile, 'sé an rud is nádúrtha ar domhan é, ach ní mar a bhí i gcónaí. Ar Lá 'le Bríde na bliana 1955 osclaíodh scoil nua i gCois Fharraige - Gairmscoil Choilm Cille. Ba i gColáiste Chonnacht sa Spidéal a bhí ionad na scoile i dtosach. Mar gheall nach gceadódh Easpag na Gaillimhe scoil mheasctha (buachaillí agus cailíní) a bheith sa Deoise, bhí ar an gCoiste Gairmoideachais suíomh nua a aimsiú i nDeoise Thuama. D'aistrigh na daltaí agus an fhoireann múinteoirí go dtí an Cnoc nuair a bhí an scoil nua tógtha. Bhí suas le caoga cúig scoláire ar an rolla nuair a osclaíodh na doirse an chéad lá.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ag tús mí Meithimh i mbliana, bhásaigh Maidhc Cadhain. Ón mbliain 1981 , nuair a chuaigh sé amach ar pinsean, chónaigh Maidhc agus a bhean Máire (Mamie Johnny Mhaidhc) ar an Lochán Beag. Rugadh Maidhc sa mbliain 1 920. Chaith sé tamall ag obair i mBaile Átha Cliath agus i Sasana, ach is i mBoston Mheiriceá a chaith sé formhór a shaoil.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Campa Saoire Chois Fharraige os cionn deich m bliana ar an saol anois mar is i 1991 a reáchtáladh an chéad champa. Níor tugadh ainm don champa go dtí 1992, an bhliain chéanna a ndeachaigh Scléip Teo. ina bhun. O shin i leith bhí dhá chúrsa nó trí ar siúl gach samhradh. Cúrsaí gníomhaíochta trí mheán na Gaeilge a bhíonn ar bun sa gcam pa agus 'siad na príomhimeachtaí ná drámaíocht, ríomhaireacht, ceardaíocht, aclaíocht, damhsa, amhránaíocht agus cluichí. Bíonn na scoláirí páirteach sna himeachtí uilig, rud a chinntíonn nach mbíonn siad ró-fhada ag plé le haon ábhar amháin.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an dara lá d'Aibreán a d' imigh an anáil deiridh as duine eile fós de chairde móra an tsaoil Ghaelaigh. Bhí a chairde móra fhéin ar fad mórán curtha roimhe ag Tom Pheaidí mar fuair sé fhéin aois bhreá. Go deimhin bhí a mhuintir saolach, cé nach raibh Tom ach ocht mbliana nuair a sciob an bás go tragóideach a athair, Eadbhard Pheaidí. Ba é an tríú duine ab óige den naonúr muirín a bhí ar Eadbhard Mac Diarmada agus a bhean, Máire Tom Ní Chualáin, thíos ar an Leic i mBaile na Féasóige, an Lochán Beag. Bhí Eadbhard ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach ar an Trá Shalach in íochtar an Locháin tráthnóna gruama ceo, Dé Luain, an 17 Meitheamh 1917. Saol crua a bhí in chuile áit ag an am. Mar a dúirt deirfiúr Tom, Nóra Pheaidí, liom thall i mBoston os cionn chúig bhliana fichead ó shin: "Ní raibh scilling ó Bhearna go Carna, a mhaicín nuair a bhí mise ag éirí aníos!" Ach mura raibh fhéin, is minic a chuala mé ag Tom agus ag an gcuid eile acu nach bhfuair siad aon ocras ariamh. Leanadh de thraidisiún iascaigh a n-athar agus bhíodh greadadh éisc, fataí agus leamhnachta acu má ba é bricfeasta, dinnéar agus suipéar fhéin go minic é.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhuaigh an scéal seo an chéad duais i gComórtas an Údaráis agus i gcomórtas an Oireachtais sa mbliain 1999.
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Siad na trí coda den draíocht, ceo, ceol agus seoltóireacht, a deirtear linn. Draíocht is ea an ceol, draíocht is ea an amhránaíocht, ach tá draíocht faoi leith le cloisteáil i nduanaireacht Mháire Áine. Ag éisteacht léi, ba dhóigh le duine gur tugadh trí cheo draíochta é go dtí an náisiún anonn ina bhfuil an ghrian agus na réalta ina stad le chéile, mil ina slaodaibh, torthaí ar ghéagaibh, óige an tsaoil de shíor ann, gan trácht ar aois go brách.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé feicthe agam anseo i bPobal an Chnoic i gcaitheamh na mblianta go mbíonn oíche amháin ann chuile bhliain a thugann léargas soiléir dá mbíonn i láthair ar phobal beo gníomhach nach mbíonn ina chónaí. Sin í an oíche a dtagann moltóirí Ghlór na nGael le castáil le hionadaithe na gcoistí deonach agus breithiúnas a thabhairt ar na himeachtaí poballárnaithe agus teanga-lárnaithe a bhíonn ar suil sa bParóiste. Bhuaigh Pobal an Chnoic an chéad áit in Éirinn faoi dhó cheana i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael. Mhothaigh mé féin go minic gur mhór an trua nach bhfeiceann agus nach gcloiseann an pobal uilig faoi chuile shórt a bhíonn ar siúl ag na coistí deonacha agus iad ar fad ag obair go crua ag iarraidh Pobal an Chnoic a fhorbairt le ceangal na Gaeilge agus gan oiread is ceann amháin acu ag ligean a chuid maidí le sruth.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá cuimhne ag seanfhondúirí Chois Fharraige ar Liam Ó Buachalla, ar shean-Tomás Ó Máille, ar Mháirín De Valéra agus ar an Mon. Eric Mac Fhinn, mar dhaoine a bhí ag léachtóireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus a chaitheadh roinnt dá gcuid ama i gCois Fharraige. Sna trío chaidí, bunaíodh Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i rith mhíonna an tsamhraidh i Seanscoil S ailearna. Bhí idir léachtóirí Ollscoile agus mie léinn ag freastal ar an Ardscoil sin. Rinne roinnt mhaith léachtóirí in Ollscoil na hÉireann, G aillimh a seacht ndíche all ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn ar champas na hOllscoile. Go deimhin, ní raibh baol ná buarach ar an méid mac léinn a bheith san Ollscoil ag an am sin agus atá inti anois. Is ar éigin go raibh fiú amháin an deichiú cuid inti agus atá anois.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Eagraíocht dheonach is ea Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta a bunaíodh i 1986 chun: Aontas a chothú idir na scoileanna Gaeltachta; Fóram a chruthú do na scoileanna Gaeltachta lena ndeacrachtaí a phlé agus a réiteach; Oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i scoileanna Gaeltachta. Le roinnt blianta anois bhí Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta, i gcomhar le Gaelscoileanna agus Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge, fíorghníomhach i bhfeachtas a bhí ag éileamh struchtúr reachtúil oideachais le freastal a dhéanamh ar riachtanais na scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is le fada an lá atá leithcheal á dhéanamh ar an nGaeltacht maidir le cúrsaí oideachais. Breathnaigh ar a bhfuil le rá ag Brighid Bean Uí Mhurchadha, a rinne staidéar ar an gcás ina leab har Oideachas in Iar-Chonnacht sa Naoú Céad Déag, "Marach sólás an chreidimh, a choinnigh an misneach agus an croí ins na daoine i rith an ochtú céad déag, is cinnte nach mbeadh in ann dóibh ach aineolas agus an-uaisliú. Anuas go dtí 1782 bhí Caitliocaigh na hÉireann faoi sháil an bhráca." Agus, "ldir na blianta 1695 agus 1829, is féidir ará gur cuireadh i dtreis go hiomlán, le cabhair dlí agus deontas, gach seift dá raibh ar eolas ag lucht ceannais na tíre le Caitliocaigh na hÉireann a shacsanú agus a iompó. "
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I 1991 rinne Forbairt Pobal Teo., an Spidéal, suirbhé cuimsitheach ar riachtanas tithíochta d'Aosach Ghaeltacht Theas Chonamara (ó Bhearna go Carna). Léirigh toradh na hoibre sin go raibh éileamh mór ar thithe don Aosach agus go raibh thart ar scór demountable in úsáid ag seandaoine ag an am. Shocraigh Stiúrthóirí Forbairt Pobal Teo. (Pól Ó Foighil agus Aodán Mac Donncha) an scéal seo a chur ina cheart.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí Aibreán 1951 tháinig John Feeney, nó John Ford mar ab fhearr aithne air, ar cuairt go dtí an Chré Dhubh ar thóir a chol ceathar, Mikeen Bhríd Mháire nó Mícheál O Conghaile. Ba aintín le John Ford í a mháthair, i.e. Bríd Mháire agus Seán Mháire (athair John Ford). Bhí cion a chroí aige ar a shinsir agus theastaigh uaidh eolas a fháil faoina áit dhúchais.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aithníonn Comharchumann Shailearna, cosúil le gach pobal Gaeltachta eile, go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú sa gceantar de bharr na n-athruithe sóisialta atá tarlaithe le roinnt blianta anuas, agus gur gá anais tabhairt faoi seir bhísí tacaíochta teanga a chur ar fáil sa réimse is tábhachtaí ar fad don teanga - réimse an teaghlaigh. Ar na seirbhísí atá ag feidhmiú le tacaíocht an Chomharchumainn faoi láthair tá Naíonra Chois Fharraige agus Naíolann Sailearna. Tá na seirbhísí seo ag cur seirbhís cúram leanaí agus seirbhís réamhscolaíochta ar fail atá pobal-lárnaithe agus teanga-bhunaithe. Tá na seirbhísí seo an-tábhachtach mar chuid d'infrastruchtúr oideachais, sóisialta agus pleanála teanga an phobail.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tháinig Cumann Drámaíochta Chois Fharraige le chéile den chéad uair i Márta 2001 chun drámaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn agus a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. D'fhreastal slua mór ar an gcruinniú. Roghnóidh Coiste ar an oíche agus pléadh cén dráma a bheadh oiriúnach dúinn a léiriú do lucht féachana na Gaeltachta. Ar ndóigh, tháinig muid uilig ar aon fhocal amháin sa deireadh, gur cheart dúinn dráma grinn a léiriú ar dtús. Bhí cineál deacracht againn teacht ar cheann a bheadh oiriúnach mar na cinn a roghnaigh muid, bhí siad léirithe cúpla uair cheana féin.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Féachann an Cumann le cruinnithe míosúla a reachtáil (lasmuigh de thréimhsí saoire) ag a ndírítear ar fhorbairtí fisiciúla agus cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantair agus a chuirfeadh le saol an phobail.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí saol crua ag gach duine sna caogaidí. Le theacht an leictreachais, tháinig feabhas i gcaighdeán maireachtála beagnach chuile dhuine. Ag dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1972, cuireadh deiseanna fostaíochta agus eacnamaíochta ar fáil don tír nach raibh ann cheana. Tháinig an réabhlóid ríomhaireachta sna hochtóidí agus an Tíogar Ceilteach sna nóchaidí.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. 1971: bhí Tógadh an scoil nua agus cúigear múinteoirí ann. 1998:Osclaíodh na seomraí nua agus an Halla mór spóirt san scoil. Chosain an fhorbairt seo €500,000 agus tháinig €302,876 ón Roinn Oideachais; €82,250 ó Roinn na Gaeltachta; €115.074 ón b Pobal - sin €500,100 san iomlán. 2000 :Cuireadh cloigeann nua ar an scoil ar chostas €56,812.50.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cuireann muid romhainn i gcónaí i Scoil Sailearna, an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun cínn. Cuirtear an bhéim i gcónaí ar na gasúir a mholadh agus a spreagadh le Gaeilge a labhairt. Tugtar aitheantas don iarracht i gcónaí agus gríosaíonn muid na gasúir le a bheith dílis don Ghaeilge agus a bheith mórálach aisti. Anuraidh, mar shampla, ghlac gasúir páirt i bhFéile Scoildrámaíochta na Gaillimhe. Cé nár bhaineadar amach aon duais chuireadar an-taispeántas ar siúl agus bhaineadar fhéin an-sult as freisin. B'iontach an spreagadh dhóibh a bheith ag léiriú dráma Gaeilge ar ardán na Taibhdheirce.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta ar a chosa sa phobal anois le sé bliana déag, ó bunaíodh é i 1987. Is fada atá an Comhar Creidmheasa tagtha ar aghaidh ón bhfís a bhí ag an ngrúpa a tháinig le chéile i 1986 chun an geimhreadh a chaitheamh ag foghlaim faoi rialacha feidhme do chomhar creidmheasa. Bhí an grúpa den tuairim ag an am go mbeadh suas le 400 duine sa phobal ag iarraidh ballraíochta agus gur mhór an t-éacht é dá mbeadh £400,000 (timpeall €500,000 in airgead an lae inniu) sábháilte ag na baill sin. Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol sa tír seo ó shin agus is dóiche go bhfuil sé áiféiseach a bheith ag déanamh comparáide idir mhianta sna blianta 1986/87 agus saol na bliana 2003 ach, fiú nuair a thógtar sin san áireamh, is beag a cheapfá i 1987 go mbeadh 5,000 ball i gComhar Creidmheasa Cholm Cille agus timpeall €15 milliún sábháilte acu ag aon am.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain chiúin go maith a bhí ag Cumann Micheál Breathnach ar pháirc na himeartha i mbliana i gcomparáid Ie blianta beaga anuas. D'éirigh leis na peileadóirí a n-áit a choinneáil sa nGrád Idirmheánach cé go mb' éigean dóibh fanacht go dtí cluiche deireadh na sraithe in aghaidh na Ceathrún Ruaidh Ie haghaidh é sin chinntiú. Chuir iománaithe an Chumainn sárthaispeántas ar fáil agus an mí-ádh orthusan nach bhfuil craobh an Chontae acu i ngrád Sóisear C i mbliana. Is léir go bhfuil an obair atá ar bun faoi aois sa bpeil agus san iomáint ag dul chun sochair don chumann. Chaill an fhoireann Sóisear A a stádas agus is i sraith B a bhéas siad ag imirt an chéad bhliain eile. Go deimhin bhí na foirne Sóisear A agus C lagtha go mór i mbliana, mar go raibh roinnt mhaith gortaithe ag cur isteach ar na foirne. Chuaigh foireann Faoi-21 an chumainn go dtí cluiche ceathrú-ceannais an chontae sa nGrád A, ach cloíodh d'aon phointe amháin iad tar éis cluiche crua.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí lá agus oíche mhaith le céad bliain anuas atá caite sa bParóiste seo ag imirt an chluiche ársa, liathróid láimhe. Níl aon dabht mar sin fhéin nach í seo an bhliain is fearr fos, leis an ngaisce a rinne Timín Joe Tim ó Curraidhín agus Colm Mharcais Ó Cualáin i dtús na bliana, nuair a rug siad leo Craobh na hÉireann sna Máistrí Diamainte Grád B sa bPinniúr 40 x 20. Ní ba leor sin dóibh, áfach, nó go ndearnadar an beart céanna sa Samhradh sa bPinniúr 60 x 30. Ní hé chuile bhliain a dtagann boinn uile-Éireann go dtí an Paróiste.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach go deireadh, i 1966 -1967, bhí caint ar pháirc a thógáil agus ag cruinniú cinn bhliana 1967 moladh coiste na páirce a chuir le chéile. Tugadh "Coiste na Páirce Teo." ar an gcoiste seo. Sí an aidhm a bhí acu sin ná suíomh a fháil agus páirc a chur ar fáil. San am sin, bhíodh peil dhá imirt ar an gCreach Oileáin sa Samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo, agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Hydro Marine anois. Dhíol an Coiste an suíomh seo le Gaeltarra Éireann, sé sin Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Ag an am sin socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc a iarraidh ar an Easpag Breathnach, a bhí ina Ardeaspag ar Thuaim ag an am, agus fuair siad 8 n-acra den 11.5 acra talún a bhí ansin.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is i gColáiste Lurgan a thagann déagóirí an cheantair le chéile gach oíche Aoine, ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Tá suas le trí scór ball cláraithe leis an gClub i mbliana. Is ar an gceantar ó Abhainn an Chnoic siar go dtí abhainn Chromghlinne a fhreastalaíonn an Club Óige air. Tá an Club ina bhall den eagraíocht Óige an Iarthair, a bhíonn ag thabhairt tacaíochta agus comhairle i dtaobh árachais agus seirbhísí eile atá ar fail do na clubanna óige. Is iad tuismitheoirí na ngasúr a dhéanann cinnireacht ar an gClub Óige le blianta beaga anuas. Tugann iarbhaill an chlub an-chúnamh freisin le ceol agus drámaíocht agus damhsa a réiteach i gcomhair stáitse an Oireachtais agus seónna eile.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an Cumann seo i 1981 le freastal ar chailíní an cheantair a bhí ag iarraidh iománaíocht a imirt. Tá 90 ball sa chumann ó cheantar Chois Fharraige, i.e. ó na Forbacha siar go dtí an Cheathrú Rua. Bíonn an Cumann páirteach sna comórtais a ritheann Coiste Chontae na Gaillimhe agus Coiste Iarthar na Gaillimhe sna grádanna seo a leanas: Faoi-10, Faoi-12, Faoi-14, Faoi-16, Faoi-18 agus Sóisear. Bíonn tréanáil ag - na cailíní ar Pháirc na mBreathnaigh ar a 4.00 i.n. chuile Dé Sathairn agus tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Coiste i 2002 leis an dá Reilig a choinneáil glan, néata agus slachtmhar. Tagann Baill an Choiste (agus daoine eile nach bhfuil ar an gCoiste) le chéile go deonach go seachtainiúil (Dé Máirt) leis an obair seo a chur i gcrích, ó lár Bealtaine go tús Dheireadh Fómhair.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba i mí Mheán an Fhómhair na bliana 1994 a tháinig SOCOS Teo. ar an bhfód an chéad lá riamh. Bunaíodh an comhlacht, le seirbhís stáiseanóireachta agus throscán oifige a chur ar fáil i gceantar Chonamara agus sa réigiún máguaird. Ba é Pádraic Ó Concheanainn, a raibh taithí na mblianta aige sa ghnó, a bhí i mbun an chomhlachta. Ba i gColáiste Dara, i mBaile an Tigh Mhóir, a thosaigh an comhlacht, an chéad lá. D'aistrigh siad soir go hEastát Tionscalaíochta na Coille Rua in Aibreán na bliana 1995, tráth a raibh ionad cuí réitithe ag Údarás na Gaeltachta dóibh. De réir a chéile, tháinig méadú ar an ngnó, agus ar an gcomhlacht dá bharr sin, agus chuir Údarás na Gaeltachta breis spáis ar fáil i 1999.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 9ú lá de Shamhain, 2003, rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon ó Cuív, T.D., an oscailt oifigiúil ar Thearmann Éanna ar an Tulach i gCois Fharraige. Seo iad cuid de na daoine a bhí i láthair don ócáid mhór sin.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Reachtáladh Campa Saoire Chois Fharraige 2003 i Scoil Sailearna, Indreabhán idir an 7ú Iúil agus an lú Lúnasa i mbliana. D'fhreastail breis is cúig chéad páistí ar na cúrsaí agus bhain siad uilig fíorthaitneamh as na himeachtaí éagsúla a cuireadh ar fáil dóibh
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó bunaíodh Pastime Ch onamara i 2001 tá méadú mór tagtha ar an méid spéise atá léirithe ag an bpobal in imeachtaí na heagraíochta. Cuireadh tús le ranganna éagsúla i gceardaíocht ó na Forbacha siar go dtí na Minna. Bhí ceardlanna deireadh seachtaine ar siúl in áiteacha éagsúla, ina measc Oileán Chléire, Gaoth Sáile, agus Acaill. I measc na ranganna a cuireadh béim orthu i mbliana, bhí deileadóireacht adhmaid, feistiú ceangail agus ornáidíocht ar fhearais iascaireachta, chomh maith le rang speisialta do dhaoine óga agus fásta ag déanamh macasamhail báid de réir scála.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is saol lán le sprid agus le spórt a chothaíonn dúil nimhe sa scleondar a bhíonn agat is tú ag obair i TG4. Is duine d'fhoireann láithreoirí leanúnachais agus aimsire atá ionam le breis agus dhá bhliain anois, agus seo sampla daoibh den obair a bhíonn ar siúl againn ann. Ón bpointe a dtagann na grafaicí agus an t-eolas aimsire chugainn ar ríomhphost ag 2 a chlog, ní thagann stop ar bith leis an obair go dtí go dtéann muid amach beo ar an aer roimh an Nuacht ag 7 - idir an réamheolais a aistriú go Gaeilge agus í a ghearradh siar ionas nach ngabhfaidh tú thar an méid áirithe ama atá leagtha amach sa sceideal don réamhaisnéis aimsire áirithe ar a bhfuil tú ag obair.
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chur ar fáil do phobal an cheantair. Eagraíocht dheonach is e a Naíonra Chois Fharraige atá á reáchtáil ag n a tuismitheoirí. Faigheann muid cúnamh ón Roinn D l í agus Cirt, , Comhionannas agus Athchóirithe Dlí, agus Údarás na Gaeltachta chun cuid de na costais reachtála a ghlanadh.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I gcaitheamh na bliana atá caite ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige seasamh láidir sa díospóireacht faoin aird ba cheart a thabhairt ar an nGaeilge sa chóras pleanála maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Thug an Cumann tacaíocht leanúnach freisin d’fheachtais náisiúnta dírithe ar ionad na Gaeilge sa saol poiblí a bhuanú agus a fhairsingiú agus ar aitheantas cuí a bhaint amach don teanga i gcaidreamh na tíre leis an Aontas Eorpach. Is údar áthais dúinn an dul chun cinn atá tarlaithe le déanaí sna réimsí seo —feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, ceapadh Choimisinéir Teanga, éileamh an Rialtais ar stádas mar theanga lánoifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus an t-aitheantas atá tugtha don Ghaeilge sa chóras pleanála i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is ócáid áthais is comhghairdis dúinn sa bpobal seo go bhfuil an tAthair Colm Ó Ceannabháin ag ceiliúradh a Iubhaile Órga. Tá leathchéad bliain caite aige ina shagart, bail ó Dhia is ó Mhuire air. Corr-uair a thárlaíonn a leithéid i bpobal. An rud is annamh, is iontach.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá baile fearainn na Cathrach suite dhá mhíle dhéag taobh thiar de chathair mhór na Gaillimhe ar an bpríomhbhóthar as Gaillimh go Conamara Thiar. Dhá mhíle siar ó shráidbhaile an Spidéil, ag síneadh leis ar an taobh thoir, tá an Púithrín agus ar an taobh thiar tá An Chéibh Nua, nó Coill Rua Thiar mar a tugtar air le blianta beaga anuas.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. "Tá mé ag dul síos abhaile”, a d’fhreagraíodh mo mháthair, Winnie Mholly, gach uile uair a cheistíodh muintir an Chlocháin í faoi cén áit a raibh sí ag dul ar saoire. Ó tharla gur ar Tigh Mholly a bhíodh a n-aghaidh ní ‘pub’ ná siopa, mar sin, a bhí in Tigh Mholly ar an Lochán Beag dhúinne ach ‘baile’ a raibh stair, seandacht agus préamhacha ag roinnt leis, gnéithe nach raibh le n-aireachtáil againn thiar sa gClochán.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó 1995 tá cúrsa nua Teagasc Críostaí á thabhairt isteach sna bunscoileanna ar a dtugtar “Beo go Deo”. Is cúrsa an-bhreá ar fad é ina ndéantar ceiliúradh ar shaol an linbh agus ina ndéantar iarracht an creideamh a dhéanamh “beo” do na páistí trí cheol, drámaíocht, ealaín, scéalaíocht agus ar ndóigh paidreacha.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé soiléir, le fada an lá, go bhfuil bua na scríbhneoireachta ag muintir Chonamara agus is cinnte go bhfuil na tréithe sin go láidir sna scoláirí i gColáiste Cholmcille. Chabhraigh Údarás na Gaeltachta go mór chun an bua seo a spreagadh agus a fhorbairt. Gach bliain eagraíonn an tUdarás comórtais do scoileanna na nGaeltachtaí ar fad - comórtais aistí, alt iriseoireachta, filíocht agus amhráin, agus cuirtear saothar na mbuaiteoirí sin chuig Comórtais Liteartha an Oireachtais. Gach bliain bíonn buaiteoirí go fairsing againn sa scoil.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chuir ar fáil do phobal an cheantair. Bíonn an Naíonra ar oscailt ó Mheán Fómhair go dtí deireadh mhí Meitheamh i rith na bliana, le gnáthshaoire curtha san áireamh. Eagraíocht dheonach is ea Naíonra Chois Fharraige atá á reáchtáil ag na tuismitheoirí. Bunaíodh Naíolann Chois Fharraige i 2001 mar gheall ar chomh maith agus a bhí ag éirí leis an Naíonra.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. "Mura bhfuil siad beag ann ní bheadh siad mór ann”. Is cinnte gur fíor sin agus ní haon eisceacht é spóirt na liathróide láimhe ach an oiread. Tá béim mór leagtha ag an gCumann agus ag an gContae i mbliana ar an óige. Is ar an Scoil Náisiúnta is mó a bhí áird i mbliana. Rinne Fearghas Mac Lochlainn sárobair agus tá an bhunchloch leagtha síos aige. Dar ndóigh is sár-imreoir é Fearghas agus tá bonn Náisiúnta “Chomórtas Peile na Gaeltachta” aige ar son Gaeltacht Rath Cairn. Tá Club Óige Lurgan ag reáchtáil múineadh na scileanna i mbliana chomh maith. Is iad óige an lae inniu fir agus mná an lae amáraigh.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le Glór na nGael ó thaobh na teanga de agus maidir le saol sóisialta an phobail. Ceann dá bhuntáistí móra is ea nach gcuireann sé isteach ar aon eagras eile, ach a mhalairt. Láidríonn sé eagrais eile, cuireann sé clár oibre ar fáil agus spreagann sé eagrais chun oibre. Ní amháin sin, ach spreagann sé ceantair le craobhacha d’eagrais mar Chonradh na Gaeilge a bhunú d’fhonn an clár oibre a riaradh. Cothaíonn sé an tuiscint nach rud éigin amuigh ansin í an Ghaeilge, ach rud atá istigh ionainn, in áit éigin, rud luachmhar gur linn féin í, rud atá lárnach inár saol, rud a thugann an ceart dúinn a rá gur Gaeil muid, fiú murar cainteoirí ó dhúchais muid, fiú mura bhfuil muid líofa go fóill.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Casadh Meiriceánach orm agus é ar bís le n-inseacht dom an nós nuaaimseartha atá tosaithe acu san Eaglais sna Státaí ar a dtugann siad ‘The Neighbourhood Mass’. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh nuair a bhain mé an ghaoth as a chuid seolta a rá leis go bhfuil an nós céanna againn in Éirinn leis na céadta bliain ach go dtugann muid ‘Na Stáisiúin’ nó ‘Faoistineacha’ air. Nuair a tháinig sé aige féin chuir sé suim mhór sa scéal agus d’inis mé dhó an stair uilig a bhain leis na stáisiúin.