Rinne Pléaráca iarracht mhór le bliain anuas réimse leathan imeachtaí ealaíon a chur ar fáil d'óige Chonamara. Le maoiniú ó Ealaíon na Gaeltachta (fochomhlacht d'Údarás na Gaeltachta) agus An Chomhairle Ealaíon, fostaíodh Oifigeach Ealaíon chun Clár Litríochta & Drámaíochta don Óige a riaradh. Ba í Máire Ní Chualáin an t-oifigeach sin agus níor spáráil sí a cuid fuinnimh mar a thuigfidh sibh ón méid a reáchtáladh.
Bhí teacht le chéile deas in Inis Mór le gairid nuair a bhronn fear as Marblehead i Massachussetts cóipeanna de leabhra a scríobh James Brendan Connolly ar phobal an Oileáin. Ba é James Connolly an chéad duine a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha nuair a hathbhunaíodh iad i gCathair na hAithne sa nGréig in 1896. Ba as Árainn a athair agus a mháthair.
Is beag a cheap éinne nuair a cuireadh cúigear fear as Ros Dumhach, Co Mhuigheo i bpriosún i dtús an tSamhraidh de bhrí nach raibh siad sásta cloí le hurghaire cúirte a chuir an comhlacht Shell i bhfeidhm orthu, go mbeidís fós sa bpriosún faoin am a bhfuil an iris seo ag dul i gcló. Tá ós cionn cheithre scór lá déanta i bpriosún anois ag Micheál Ó Seighin, Uinsionn Mac Craith, Philib Mac Craith, Willie Cordubh agus Breandan Philibín agus gan aon chosúlacht fós air go bhfuiltear chun iad a scaoileadh saor.
Deireadh an seandream fadó go mbíodh daoine áirithe ann a raibh sórt draíocht acu ó dhúchas agus go raibh sin acu gan fhios dóibh féin. Anois má bhí peileadóir ar bith in Éirinn riamh a raibh an tréith seo ag roinnt leis, déarfainn gurbh é Roibeard Ó Beig é, an Bleácliathach, a raibh a ainm i mbéal na tíre sna tríochaidí agus i dtús na ndaichidí, agus gnaoi agus gean air dá réir.
Bhíodh scoth na mbádóirí i gCamus agus i Ros Muc agus bhíodh roinnt acu in-ann saoirseacht agus cultacha seoil agus eile a dhéanamh, cosúil le Michaelín Mhicil Dharach Seoige ó Chamus Uachtair, bádóir, saor agus fear farraige agus seoltóireachta. Deirtear go ndearna sé culaith seoil don American Mór fadó. Tá sé luaite faoi Mhike Chite san amhrán Céad Slán le Camus a chum Colm Ó Méalóid go raibh aithne mhaith air i gCill Rónáin is i gCill Mhuirbhí.
Chaith Pádraig Ó Flatharta nó Paddy Phaitín Johnny as Camus blianta ag obair mar mhaor uisce agus mar chigire iascaigh le Bord Iascaigh Réigiún an Iarthair. Labhair sé le Meta Uí Mháille faoi chúrsaí iascaireachta i gConamara. Tá sé cáinteach agus díomach faoi an easpa caomhnaithe agus forbartha ar iascaireacht locha agus aibhneacha.
Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thug Máirtín Ó Neachtain suim a bheith aige sna capaill. Sna tríochadaí, bhuaigh a shin-shean athair - Páidín Breathnach as Snámh Bó, duais le capall agus searrach ag seó i gCarna. Ansin tháinig seanathair Mháirtín ó thaobh a mháthair agus ba iad na capaill mian a shaol féin.
Tá an Choláiste Tin nó Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh tógtha as an nua i mbliana agus tá Pléaráca an-sásta gur inti a bheas Oscailt Oifigiúil Phléaráca Chonamara 2005. Cuireann Meta Uí Mháille síos ar stair an Choláiste.
Ní chuireann tada le féile nó le hócáid d'aon chineál ar nós cairde nó gaolta a bheith ag teacht ó i bhfad ó bhaile. Is comhartha measa acu siúd é ar a bhfuil ag tarlú agus ardaíonn sé croí agus meanman an dream ag baile a gcuid seanchairde a fheiceáil arís.
Ar na mallaibh, labhair Pádraig Ó hAoláin lena chomh Thiobraid Árannach, Donncha Ó hÉallaithe. San agallamh tráchtann an Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta, ar na hathruithe atá ar bun san eagraíocht fhorbartha agus admhaíonn sé nach rabhthas sách cúramach san am a caitheadh ó thaobh na Gaeilge de agus fostaíocht á cruthú sa Ghaeltacht. Leagann sé amach an cur chuige a bheidh aige féin i mbun na heagraíochta agus an dóchas atá aige gur féidir an taoille a chasadh arís. Déanadh eagarthóireacht ar an agallamh lena ghiorrú.
Ó thús na Bealtaine seo caite tá athruithe fógraithe ag an Roinn Oideachais maidir le seirbhísí oideachais speisialta sna bunscoileanna. Anseo déanann Mairéad Ní Chualáin, oide scoile i Scoil an Droma, Leitir Móir, cur síos ar na hathruithe atá tarlaithe agus an imní mhór ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí i gCeantar na nOileán.
Tá Pléaráca an-riméadach fáilte a chuir roimh Mick Lally chun féile na bliana seo a oscailt i Ros Muc. Fear Gaeltachta é Mick as Tuar Mhic Éadaigh i gCo. Mhaigh Eo ach a bhfuil aithne go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta air de bharr a chuid aisteoireachta.
Tacadh an ama seo anuraidh bronnadh Gradam an Phléaráca orm ar an gCeathrú Rua. Cé go scríobhainn altanna do leabhrán Phléaráca ó am go ham, mar sin féin ní dóigh liom go raibh an onóir tuillte agam. Ar chaoi ar bith, tá mé fíorbhuíoch díobh seo a bhronn an Chorr Éisc orm agus go mba fada buan iad féin is a sliocht i só agus i sláinte.
Tugtar anseo briseadh síos, de réir boscaí, ar na vótaí a caitheadh i dtoghchán an Údaráis, mí Aibreán seo caite. Tá na figiúirí bunaithe ar na tallies a deineadh ag an gcomhaireamh agus na boscaí á n-oscailt. Níl na boscaí go léir curtha san áireamh. Níor ceadaíodh tally a dhéanamh i gcás bosca ar bith inar caitheadh níos lú ná 50 vóta. Níl aon tally ar fáil ón Turlach Beag (Ros Muc) ná ó Loch Con Aortha. Tá cúig chinn de bhoscaí na cathrach, nach bhfuil san áireamh ach an oiread.
Tá an t-uafás cainte dá dhéanamh faoi láthair maidir le acmhainní fuinnimh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá súil ghéar dá coinneáil ar an laráin féachaint céard atá siad a dhéanamh leis an gcumhacht núicléach atá siad a fhorbairt. Tá tuairiscí dá dtabhairt go bhfuil na soláthairtí ola agus gáis ar fud an domhain ag fáil gann agus go bhfuil sé thar am soláthairtí fuinnimh eile a aimsiú ag úsáid foinsí nádúrtha ar nós teas na gréine chomh maith le cumhacht na gaoithe agus na farraige. Ar ndóigh tá an dochar atá dá dhéanamh do atmasféar an domhain ag breoslaí ar nós ola agus gual rianaithe go maith anois agus práinn mhór leis go ndéanfaí forbairt ar fhoinsí fuinnimh nach bhfuil chun níos mó dochair a dhéanamh don timpeallacht.
I chuile eagrán den iris bhliantúil Pléaráca, ó foilsíodh an chéad cheann i 1991, bhí alt ann ag Séamas Ó Cualáin faoi chluichí móra peile agus iománaíochta ar fhreastal sé féin orthu. Bhásaigh Séamas roinnt seachtain ó shoin. Cé nach raibh sé ag aireachtáil go maith sa samhradh, bhí sé ag obair ar an alt seo agus d'iarr a mhac Ciarán orainn é a fhoilsiú mar go b'shin a bheadh a athair a iarraidh. Is léargas eile ar dhúthracht Shéamais i chuile rud a raibh plé aige leis, an tslacht agus an t-eolas a chuir sé isteach san alt agus tá an paisean a bhí aige don imirt ar an bpáirc peile ag léimt amach as an scríbhneoireacht. Aireoidh muid uainn Séamas go mór. Tá súil againn go bhfuil díospóireachtaí móra aige sna Flaithis leis na laochra peile sin a raibh an oiread sin mórtais aige astu agus má théann siad i muinín an phinn, nach mbeidh sé ró-ghéar orthu ó thaobh na gramadaí de. Déanann muid comhbhrón lena mhac Ciarán, a iníon Máire agus a chuid gaolta agus cairde go Iéir.
Is deacair a rá cén áit ar cheart do dhuine tosú ag caint faoi Shéamas Ó Cualáin nó Séamas Mhicilín mar ab fhearr aithne air. Ba duine fíor chumasach a bhí ann ar go leor bealaí. Chuireas féin aithne mhaith air tar éis dó ballraíocht a ghlacadh i gCoiste na gCurachaí i ndeireadh na seachtóidí. Ba múinteoir bunscoile, scoláire, scríbhneoir cumasach agus léachtaí breá a bhí ann. Ba é a ghlac freagracht ar Chlár Leabhar Aonach Ceoil agus Curachaí ó lár na n'ochtóidí agus ba bheag leisce a bhí air an t-airgead fógraíochta a bhailiú, alt nó dhó a scríobh, an leabhar a chur i dtoll a chéile agus ansin na leabhráin a dhíol sna siopaí ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé crua agus bhíodh casán dearg déanta siar chuig Clódóirí Lurgan aige laethanta sul a bhfoilseofaí an leabhrán chun profaí a léamh agus na botúin ghramadaí a cheartú.
I rith Féile Phléaráca na bliana seo, cloisfear go leor cainte ar An Leabhar Mór. Beidh Taispeántas An Leabhar Mór againn. Beidh seó stáitse againn Sáile ag déanamh ceiliúradh ar an Leabhar Mór agus beidh imeachtaí litríochta agus ealaíne ar bun sna scoileanna ceangailte leis An Leabhar Mór - ach céard é féin? Cé as ar tháinig An Leabhar Mór?
Tá Kate Uí Fhlatharta nó Kate Phádraic Rua ina cónaí in Adelaide na hAstráile ó chaogaidí an chéid seo caite. Le linn di a bheith san Astráil i dtús na bliana seo, thug Meta Uí Mháille cuairt uirthi.
D'eagraigh Pléaráca grúpa as Conamara le cuairt a thabhairt arís i mbliana ar fhéile Ceol Nis i Leodhais. Seo mar a chuireann Meta Uí Mhaille síos ar an gcuairt.
Tá an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin i mbun a chuid dualgas le breis agus dhá bhliain anois. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis. Rinne sé cur síos ar dtús ar a chúlra.
‘Thóg sé a bhád ó phosta go ball agus sheol í anall, go hÉirinn.’ Sin díreach an rud a rinne Stiofán Ó Maolchiaráin nó Stephen Chóilín Joe as an Máimín, Leitir Móir. Thóg sé an bád An Naomh Bairbre, réitigh amach í agus sheol sé féin agus criú de cheathrar cróga eile as Chicago go Nua Eabhrac ar dtús, agus as sin go Céibh an Mháimín. Tá daoine ann a cheap go raibh siad craiceáilte, tá daoine ann a cheap go raibh an rud a rinne siad contúirteach, ach tá an chuid is mó do na daoine den bharúil gur éacht thar éachtaí a rinne Stephen, Barney Chóilín Saile Ó Flaithearta, na hÁrannaigh, Tomás agus Pat Joyce agus fear Chill Cholgáin, Coley Newell.
Tá sraith nua don óige coimisiúnaithe ag TG4 chun a gcéad deich mbliana ar an aer a cheiliúradh. Anseo tugann duine de scríbhneoirí na sraithe, Tadhg Mac Dhonnagáin, léargas ar céard atá i ndán dúinn ar an scáileán.
Beidh TG4 deich mbliana ar an aer an Oíche Shamhna seo teacht. Bunaíodh an stáisiún i 1996 de bharr feachtas láidir ar cuireadh tús leis i 1987. Chuir muid ceist ar chuid den dream a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, iad siúd a bhí páirteach sa gcraoladh bradach as Rosmuc i 1987 agus sa bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse ina dhiaidh sin, céard a cheap siad de TG4 anois théis na deich mbliana seo caite?
‘Bí in Éirinn nó in Árainn’ - ceann de chuid mhaith seanráitis faoi Árainn. Bhuel tá Pléaráca in Árainn i mbliana agus an-riméad orainn a bheith ann. Bhíodh roinnt imeachtaí eagraithe in oileáin Árann againn thar na mblianta, is dóigh an ceann is spleodraigh a bhíodh ar bun i gcéad bhlianta na féile, sin é an maratón curach as Conamara isteach chuig na hoileáin. B'iad Guinness a rinne urraíocht ar an imeacht seo agus uair nó dhó tugadh baraille pórtair isteach i gceann de na curachaí. Bhíodh rásaí báid seoil as Ros a Mhíl go hlnis Oírr ar feadh roinnt blianta freisin. Bhíodh an bád seoil An Fámaire ag taisteal thimpeall chósta Chonamara chomh maith agus grúpa ceoltóirí ar bord agus stopadh siadsan in Árainn. Ní raibh an oiread sin imeachtaí dá reáchtáil ar na hoileáin le roinnt blianta agus mar sin tá muid thar a bheith bródúil go bhfuil an fhéile go huile agus go hiomlán dá reáchtáil ar lnis Mór i mbliana.
Chaith Bríd Fitz na blianta i mbun an tí ósta Tigh Fitz i gCill Éinne. Labhair Meta Uí Mháille léi faoina saol agus an chaoi ar mhair siad ar an oileán ag an am.
Níl dabht ar bith ach go bhfuil Comharchumann Forbartha Árann ar cheann de na comharchumainn Ghaeltachta is mó a bhfuil dul chun cinn déanta faoi. Tá an eagraíocht i dtiúin le riachtanais an oileáin agus torthaí dearfacha dá mbaint amach go leanúnach. San alt seo, cuireann Kathy Ní Ghoill, bainisteoir an chomharchumainn síos ar an obair atá ar bun acu.
Beidh Mná Fiontracha ag eagrú Ceiliúradh ar Scríbhneoirí an Oileáin i nGarraí Liam Ó Flaithearta, Gort na gCapall Dé Domhnaigh 6 Bealtaine ag 12.30 mar chuid de Fhéile Phléaráca 2007. Tháinig Mná Fiontracha, grúpa ban as Árainn le chéile ar dtús i 1994 faoi scéim FÁS. Is as seo a d'fhás an tionscnamh Bailiúcháin Bhéaloideas Árann atá idir lámha ag na Mná Fiontracha ón mbliain 2000.
Is amhránaí agus cumadóir cáiliúil í Deirdre Ní Chinnéide. Cloistear í go minic ar raidió agus ar an dteilifís ag casadh amhrán, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic í ag féilte ceoil in Éirinn agus thar lear ag féilte ar nós Féile lnterceltique Lorient, Féilte Ceilteacha 2006 South Dakota agus Ohio SAM, Celtic Connections-Glasgow 2007 agus tá camchuairt i Meiriceá réidh do Fhómhar 2007.
Caomhnú an focal is mó atá le cloisteáil na Iaethanta seo. Caomhnú teanga, cúltúr, dúlra, ceantair, cósta, éisc, talamh, cnoic, farraige agus portaigh, agus tá siad seo ar fad tábhachtach agus fite fuaite lena chéile.
Tá Leitir Mealláin suite siar ó Gharumna. Ceantar cósta atá an-fhiáin ar a bhfuil go leor oileáin. Tá an talamh bocht ach bhí neart saothrú le baint i gcónaí as an bhfarraige. Sé Foirnis agus an Chrapach na h-oileáin is mó. Daighnis, Inis Oirc, Fraoch Oileán Beag agus Fraoch Oileán Mór, Ceann Golaim agus Oileán Chaisín. Tá sé nó seacht de oileáin bheaga thimpeall an cheantair. Bhíodh go leor smuigleáil ar siúl ann fadó. Ceantar mór poitín, iascaireachta agus déanamh ceilpe an tslí mhaireachtála a bhí ag na daoine, bhí neart sliogéisc freisin le fáil sna cuanta. Púcáin agus báid iomra is mó a bhíodh sa gceantar le haghaidh baint fheamainne i gcomhar leasú fataí.
Bunaíodh Comhar Chuigéal, sa bhliain 1999, ar éileamh ón bpobal agus mar thoradh ar chruinniú poiblí a eagraíodh chun plé a dhéanamh ar an easpa forbairt agus áiseanna a bhí sa cheantar. Bhí an millennium buailte linn agus é soiléir faraor go raibh an ceantar seo ag dul i ndiaidh a chúil in áit dul chun cinn. Bhí dearmad déanta orainn, ceantar ina raibh pobal le poitéinseal iontach agus acmhainní nádúrtha againn ar leac an dorais. Ba fhurasta labhairt ar na fadhbanna a bhí againn ach bá dúshláin eile theacht ar réiteach orthu. De bharr easpa eolais agus taithí sna réimsí seo, thuig muid láithreach go mbeadh gá againn le cúnamh, comhairle agus treoir le tosú fiú amháin. Tar éis vóta d'aon ghuth déanadh cinneadh, iarradh ar Phól Ó Foighil theacht ar ais sa cheantar agus cuidiú linn. Ghlac Pól leis an gcuireadh agus go dtí an lá atá inniu ann níl aon amhras ar an pobal céanna ach gurb é an cruinniú poiblí sin sa Scoil Náisiúnta a chur Leitir Mealláin ar ais ar an mapa agus a spreag misneach agus muinín an phobail.
Bunaíodh coiste beag i Mí Deireadh Fómhair, 2001 chun comórtas damhsa a chur ar siúl in ómós do Chóilín Seoige as an gCladach ó Dheas, a cailleadh Bealtaine na bliana sin. Ba é rún an choiste, ná comórtas damhsa a chur ar siúl cosúil leis an gcomórtas in ómós do Mháirtín Beag Ó Gríofa a bhíodh ar siúl ar an gCeathrú Rua ag an am.
Mí na Samhna 2007 chuaigh Rosaleen Ní Shúilleabháin as lnbhear, Rosmuc go Sri Lanka le tréimhse a chaitheamh ag obair go deonach i measc an phobail ansin.
Dá ndéanfaí teorannacha na Gaeltachta i gCo na Gaillimhe a shocrú do réir na gcritéir atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht, ní bheadh de dhaonra fágtha i nGaeltacht na Gaillimhe ach 16,000 duine as an 45,000 a bhfuil cónaí orthu faoi láthair taobh istigh den limistéar, le aitheantas oifigiúil Ghaeltachta. Chaillfeadh pobail éagsúla i gContae na Gaillimhe , ina bhfuil cónaí ar thart ar 29,000 duine faoi láthair, an stádas Ghaeltachta atá acu. B'shin a fuair an léachtóir Matamaitice sa GMIT, Donncha Ó hÉallaithe, nuair a rinne sé anailís le gairid do Nuacht TG4 ar na ceantair éagsúla Gaeltachta. San alt seo cuireann sé síos ar an méid a fuair sé amach faoi Ghaeltacht na Gaillimhe.
Tá muid anseo sa Bhruiséil le hocht mí anois. Bhog mé féin, Kevin agus ár n-iníonacha Bríd Eileanór agus Niamh anseo ag deireadh Lúnasa seo caite. An Nollaig roimhe sin fuair Kevin tairiscint ar phost ag obair le hIonadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach agus shocraigh muid go dtógfadh sé an post agus go n-aistreodh an chlann uilig chuig an Bhruiséil ar feadh roinnt blianta.
Nóra Bn. Uí Mhainín as Cill Bhriocáin, Rosmuc ag ceiliúradh a lá breithe 100 bliain i dteanta Anna, bean a mic Mattie, nach maireann agus comharsa béal dorais Mattie Phetir Pheadair Ó Neachtain. Bhí a garchlann, a gclann sin, gaolta, comharsana agus muintir an phobail ag an Aifreann a léigh an tAthair Considine agus ag an gceiliúradh go maidin ina dhiaidh sin a d'eagraigh Anna in ómós na hócáide.
Tá súil agam anois agus an tíogar ceilteach imithe agus an pota óir a chuir an dallamullóg orainn ar fad, follamh, go mbeidh deis againn filleadh ar an saol deas suaimhneach a bhí againn roimhe. Go dtí sin ba linn féin a raibh againn. B' fhéidir nach mórán é sin, ach ba é an cleachtadh a bhí againn maireachtáil taobh istigh de na hacmhainní a bhí againn. Bhí muid in ann codladh go suaimhneach. Sin rud nach bhfuil go leor in ann a dhéanamh na laethanta seo de bharr morgáistí agus iasachtaí airgid a bhronn bainceanna ar an tuiscint mar a dúirt an Rialtas go minic nach raibh baol ar an tír dul ar ais go dtí na droch laethanta arís.
Teach Mhuintir Mhic Dhonnchadha: Tá an teach seo ós cionn trí chéad bliain d'aois seachas píosa a cuireadh as tús an chéid. Tá cáil ar an teach anois mar gur ann a d’fhanadh an drámadóir agus an scríbhneoir John Millington Synge. Bhíodh sé ar saoire sa teach seo le muintir Mhic Dhonnchadha, Bríd agus Páidín ó 1898-1903. Teach Synge a thugtar ar an teach seo anois. Ollscoil na Gaeilge a bhíodh mar ainm air uair amháin. Bunaíodh brainse de Chonradh na Gaeilge ann ag tús an chéid. Is ann a bhí Oifig an Phoist go dtí mí na Bealtaine 1939. Bhí muintir Uí Fhátharta ann go dtí 1977 agus ansin bhí sé fágtha folamh ar feadh blianta ach déanadh athchoiriú air roinnt blianta ó shoin agus tá sé oscailte anois don phobal.
Tá stair shaibhir, éagsúlacht seandálaíocht ag Éirinn agus ní eisceacht ar bith Oileáin Árann ach an oiread. Go deimhin, d'fheadhfaidh a rádh go seasann Oileáin Árann mar dhomhan saibhir de bheatha daonna in Éirinn i rith an 4,000 bliain deirneach. Seasann an dún sonrach, Dún Aonghasa ar lnis Mór, amach mar chomhartha dearfach de shibhialtacht ársa ar chósta thiar na h-Éireann. Ach, bíodh sin mar atá sé, má osclaíonn tú na súile beagán faigheann tú amach go bhfuil go leor séadchomharthaí tábhachtach níos sine ar na h-oileáin cé nach mbheadh siad chomh suantasach le feiceáil. Do oileán beag, tá saibhreas mór séadchomharthaí seandálaíochta ar lnis Meáin, ós cionn cheithre scór ar an laghad.
Chaith Gearóid Ó Fátharta ó 1978 - 1985 san tSile i rith réimis Augusto Pinochet áit a bhfaca sé ciapadh, géarleanúint, cos ar bholg agus daoine dhá rugadh as an tír. Bhí sé sa mBrasaíl ó 1985 - 2007. I rith an ama seo ar fad bhí sé ag obair le daoine a bhí ar an imeall. Is as seo a fuair sé a dhaonnacht agus a thuiscint ar fhíor shoiscéal Chríost. Tá Gearóid éirí as a bheith ina Shagart ó 1997.
Tá toghchán ceaptha a bheith ann an chéad bhliain eile le Bord nua a thoghadh d'Údarás na Gaeltachta. San alt seo caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil chriticiúil ar an Údarás mar atá agus déanann sé roinnt moltaí faoi na bealaí, dar leis, a d'fhéadfaí obair agus struchtúr an Údaráis a fheabhsú. Leantar den díospóireacht.
Tá dul chun cinn iontach déanta maidir le cúrsaí sláinte ar an oileán ón uair a ceapadh an bhanaltra Hedderman mar bhanaltra ceantair ar an dá oileán, Inis Meáin agus Inis Oírr in 1903. Is dócha gurbh í seo an chéad altra a ceapadh ar na hoileáin agus deirtear sa leabhar a scríobh sí féin faoin am a chuaigh sí amach ar na hoileáin gur thaobhaigh sí an post nua le spiorad an crasaidí. Mhothaigh sí go bhfuair na hOileánaigh an-deacair é glacadh léi.
Bhuel, tá sé tuairim is cúig bliana ó shin ó rinne mé páirt Oisín i ngeamaireacht an Phléaráca, páirt a thug mé go Tír na nÓg in éineacht le stompa bréa darbh ainm Niamh Chinn Óir. Bhí sé aisteach gurbh é m'athair féin (Tommy Khate) a bhí ag déanamh páirt Fhionn Mac Cumhail (athair Oisín) sa ngeamaireacht sin, mar go raibh air slán a fhágáil liom arís agus mé ag fágáil le haghaidh tír a d'fhéadfá a rá atá chomh breá le Tír na nÓg...an Astráil.
Tá Cniotáil Inis Meáin ag dearadh is ag cniotáil geansaithe agus scoth earraí eile as snáth luachmhar le os cionn 30 bliain. Díoltar tairgí Chniotáil Inis Meáin ar fud an domhain ach is i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa tSeapáin, sa Ghearmáin, san Fhrainc, san Eilbhéis agus san Iodáil atá a gcuid príomh-mhargaí.
17 Deireadh Fómhar: Lá ldirnáisiúnta na Náisiúin Aontaithe ar san Díothú na mBochtaineacht. Déantar ceiliúrtha ar an lá seo ar bhealaigh difriúla ar fud an domhan gach bliain. Ar an lá seo tugtar cuireadh do dhaoine labhairt amach in aghaidh bochtaineacht agus toirmeasc shóisialta, agus smaoineamh ar bhealaigh gur féidir deireadh a chur le neamhionannas.
Máire Pháidín Uí Mhaoilchiaráin ag cur síos do Mheta Uí Mháille ar shaol an oileáin le linn a hóige, ar an tréimhse a chaith sí i Meiriceá agus ar shaol an oileáin inniu.
Tá an tradisiún seo ar an oileán leis na cianta. Is oíche speisialta í oíche na Féile Bríde do na cailíní bunscoile. Déantar an bhrídeog as dornán tuí. Cuirtear maide slat choill trasna sa dornán mar lámha. Cuirtear éadach bán ar a ceann, gúna agus maisítear í le ribíní ildaite agus bróistí. Cuirtear súile, srón agus béal uirthi agus ar ndóigh an sparán leis an airgead a chur ann. Is tar éis na scoile a théann na cailíní thart ó theach go teach, beirt le gach brídeog agus deir siad an phaidir in onóir Naomh Bríd agus is beannacht í seo do chuile theach ar an oileán ar an oíche seo.
Bhuel tá an-ríméad ar chuile dhuine a bhfuil baint acu leis an bhféile Pléaráca 2010 seo go bhfuil sé ag tarlú sa deireadh thiar thall. Bhí éiginnteacht mór ann ó thús na bliana an bhféadfaí a dhul ar aghaidh le féile i mbliana mar go raibh agus go bhfuil ceist ann faoi mhaoiniú na féile ó Ealaín na Gaeltachta. Ó bunaíodh an fhéile Pléaráca i 1991 is ó Údarás na Gaeltachta agus ina dhiaidh sin ó Ealaín na Gaeltachta (fo-chomhlacht den Údarás comhmhaoinithe ag an Údarás agus An Chomhairle Ealaíon) a fritheadh príomhmhaoiniú don fhéile.
Is dóigh go mbeadh sé fíor a rá go raibh baint a bheag nó a mhór ag na Scoileanna Éigse agus Seanchais leis an athrú ó litríocht an bhéil bheo go dtí litríocht an phinn agus na léitheoireachta. Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a bhunaigh na scoileanna seo i 1956, chun deis a thabhairt do scríbhneoirí dul i mbun pinn; agus ó tharla go mbíodh an teacht le chéile sna tithe go minic, nó sna scoileanna, ní bhíodh an oiread céanna drogaill ar dhaoine dul chucu agus a bheadh orthu dul go áit fhoirmeálta ar nós leabharlainne, mar shampla.
I mbliana tá pobal Rath Cairn ag ceiliúradh 75 bliain a mbunaithe. Déanann Pádraig Mac Craith cur síos anseo ar an aistriú a rinne a mhuintir as Conamara go Co na Mí.
Tá athruithe móra le theacht ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste i 2012 ach mar is gnáth nuair a thagann sé chuig cúrsaí oideachais, tá leatrom dá dhéanamh ar an gcainteoir dúchais. Pléann Máire Ní Fhinneadha an cheist.
Tá an Cabaret Craiceáilte ag teacht aduaidh go Conamara den chéad uair ariamh ar an Satharn 22 Bealtaine mar chuid d'Fhéile an Phléaráca. Sa bPoitín Stíl a bheidh an oíche spleodrach seo agus tá muid ar bís ag fanacht leis an bhféasta atá na Conallaigh chun a chur ar fáil. Tá aithne ag chuile dhuine ar Rónán Mac Aodha Bhuí, a bhfuil an cabaret seo tugtha le chéile aige. Craoltóir cumasach ar RnaG é, bíonn sé le cloisteáil chuile lá idir 3 agus a 5 agus bíonn an dá uair an chloig sin lán le spraoi, caint, ceol agus mar a thugann sé féin air, réabhlóid! Seo mar a mhíníonn Rónán an Cabaret Craiceáilte: ‘réabhlóid a cuireadh ar bun chun saol sóisialta/síamsaíochta tré Ghaeilge a chothú, chomh maith le tionscal ceoil na Gaeilge a spreagadh agus a chothú.’
Beidh An Temporary ag ceol i gColáiste Lurgan ar an Aoine 21 Bealtaine. Tá an dream óg seo ag baint cáil amach dhóibh fhéin le tamall anois. Chuaigh Síle Ní Scanláin chun cainte le hEoin Ó Muirí-Ó Conghaile chun tuilleadh eolais a fháil faoin ngrúpa.
Is é Donncha Ó hÉallaithe rúnaí an choiste a d’eagraigh na cluichí pobail i gCois Fharraige le dhá bhliain. Tugann sé míniú anseo ar na rialacha agus struchtúir a bhaineann leis na cluichí.
Marach cé comh fadbhreathnaitheach is a bhí an coiste a bhunaigh Féile Phléaráca Chonamara agus an mhisneach a bhí acu agus an dúshlán a thóg siad orthu féin ag an am, ní bheadh muid ag ceiliúradh an 21ú Féile i mbliana. Ní bheadh an iris Pléaráca ann ná an comhlacht a d'eascair as an bhféile, sin 'Pléaráca Teo' an Scéim Ealaíon Phobail a bunaíodh i 1993. Ar an gcoiste a d'eagraigh 'Pléaráca Chonamara '91' bhí Máire Uí Ghiobúin (Comharchumann Turasóireacht Chonamara agus Árann), Máire Ní Uaithnín (Coiste Forbartha Charna), Gearóid Ó Cosgordha (Comharchumann Chonamara Thiar), Máire Bheilbigh (Coiste Pobail Chamuis), Colm Ó Cinnseala (Na Forbacha), Donncha Ó hÉallaithe (Cois Fharraige) agus Bríd Ní Chualáin (Carna).
Píosa le M. Ó Flaitheartaigh a bhí san iris Lic A’Teallaigh mí na Nollag 1931. Is ó John Bhaba Jeaic a fuair muid an píosa seo. Fear a bhfuil bailiúchán mór oidhreachta déanta aige thar na mblianta. Tá an saothar atá bailithe ag John le feiceáil in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, a bhunaigh sé fhéin.
Níl céibh ná caladh i gConamara, ná ar chósta na Gaillimhe, nár casadh Joe John ann le linn na blianta fada a chaith sé ag ceannacht fheamainne do Arramara Teo. Is iomaí duine ar chuir sé punt ina bpóca. ln áiteacha eile sa tír agus taobh amuigh don tír, is fearr aithne air ó thaobh a chuid amhránaíocht ar an sean-nós.
Meán Fómhair 1991 reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar an gcéad choiste eagraithe agus ina eagarthóir ar an iris Pléaráca '91. San alt seo caitheann sé súil siar ar an gcéad fhéile a eagraíodh agus breathnaíonn sé ar na aidhmeanna a bhí ag an gcéad fhéile maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht.
‘Easpa focal bua an fhile ag inseacht scéal fada’. Rugadh mé i Loch Con Aortha i 1944. Ba mé an duine ba shine de dheichniúr clainne. B' é mo chuid oideachais ná an bun scoil, agus cúpla mí ag Gairm Scoil na bPiarsach i Ros Muc. Bhain mé an teastas Primary amach ar chríochnú sa mbun scoil dom, agus b'shin é é maidir le teastais. Rinne mé cúrsa Béarla agus filíochta, mar correspondence course agus mé ag obair san outback in iarthuaisceart na h-Astráile sa gcéad dá bhliain de na seachtóidí ach ní dhearna mé aon scrúdú ansin riamh.
Is fada ó Mhainistir Westminster agus na Windsors a tógadh mise, ach is ann a bhí mé ar an 29 Aibreán ag tuairisciú ar bhainis An Phrionsa William agus Kate Middleton, nó Liam agus Cáit mar a bheadh orthu dá mbeidís ag pósadh sa taobh seo tíre. Landáil mé féin agus an ceamaradóir Dave, i Londain cúpla lá roimhré, agus sé an chéad jab a bhí againn ná ár gcuid pasanna a bhailiú don lá mór. Shiúil muid síos go dtí an Mainistir ansin agus cé go raibh an lá mór fós dhá lá uainn, bhí cúpla céad suite ansin i gcampaí agus i málaí codlata, iad ag coinneáil greim daingean ar a n-áit suite. Bhí cuid acu tagtha ó chomh fada ó bhaile leis an Astráil agus Ceanada. Agus bhí an-time acu! Bhíodar ag amhranaíocht, ag caint is ag comhrá, agus ní raibh stáisiún teilefíse nó raidió ó Sydney go San Francisco nár chuir faoi agallamh iad.
Ealaíontóir as an Bhreatain Bhig ó dhúchas. Dá n-abródh tú liom scór bliain ó shin go mbeinn fós i mo chónaí i gConamara, ní chreidfinn tú! Ach, naoi mbliana déag tar éis dom an Bhreatain Bheag a fhágáil, le líne amach as amhrán dílseacht Breatnais a ghoid - le athrú beag - Dwi yma o hyd (‘Tá mé fós anseo’). Bhí an t-ádh orm gur tháinig mé anall an t-am sin, mar gur cuireadh tús leis an bPiéaráca go luath ina dhiaidh sin! B'iontach an rud é sin domsa mar go raibh mé in ann aithne a chur ar na daoine, mo chuid Gaeilge a chur chun cinn agus a bheith ag plé le h-ábhair a bhí chomh tábhachtach i mo shaol.
Eagraíonn Mary turais go Medjugorje gach bliain. Freisin, déanann sí obair charthanach agus tugann sí cúnamh do theaghlaigh atá ar an ngannchuid. Baile beag é Medugorje atá suite i Bosnia-Herzegovina. Tá sé cúpla uair ar bhus ó aerfort Dubrovnik nó Split. Is beag cainte a bhí faoi go dtí an 24 Meitheamh 1981 nuair a thaispeáin an Mhaighdean Mhuire í féin do sheisear duine óg: Ivanka, Mirjana, Vicka, Ivan, Marija agus Jakov.
Agallamh le Úna Ní Fhlatharta, mac léinn agus aisteoir ó An Cheathrú Rua. Tá ceithre mí caite ag Úna san Airgintín i mbliana mar chuid don Chéim i dTeangacha Fheidhmeach atá sí ag déanamh i gColáiste Luimnigh. Bhí páirt lárnach aici mar an carachtar Sorcha sa gclár Corp agus Anam ar TG4 i mbliana.
Rugadh é ar Oileán Fhiadhinse ar an gcéad lá de Bhealtaine sa mbliain 1880, duine de chúigear mac agus cúigear iníon a saolaíodh do Mháirtín Choilm Mac an Iomaire as an oileán agus do Mháire Ní Bhriain as Muighinis.
Sé'n scéal is deireanaí faoi bhóthar Chonamara go bhfuil sé socraithe gur ar philéir a bheidh an bóthar seo tógtha anois, mar chuirfeadh sé seo deireadh leis an imní a bhí ar shaineolaithe na mbuataisí glasa faoi an dúlra. Beidh an bóthar os cionn an airde a chaitheann frog léim, agus os cionn an airde a strapann seilimidí, sceartáin agus feithidí thábhachtacha eile. Beidh na ceannabháin bhána ag fás faoi, agus ní chuirfidh sé as do na driseacha ach oiread, an cor is deireanaí sa scéal, mar go bhféadfadh sé go bhfásfadh driseacha trasna an bhóthair, ó tharla nach bhfuil cead iad a bhaint níos mó gan cead speisialta.
Tá mise i mo chónaí ar an gCloch Mhór i gceantar Bhaile na hAbhann. Faoi láthair, tá mé ag déanamh cúrsa BA in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí suim i gcónaí agam san scríbhneoireacht ach bhí drogall orm bualadh faoi agus nuair a thosaigh mé ag an Ollscoil, bhí orm roinnt mhaith aistí a scríobh agus spreag sé seo mé a dhul i dtreo na scríbhneoireachta.
Ar an 25 Iúil 2011, ag a 3 a chlog ar maidin d'fhág mionbhus Conamara ag cur tús leis an turas fada chuig Oileán Leodhais. Togra a bhí eagraithe ag Pléaráca le tacaíocht ó ‘Cholmcille, Éirinn is Alba’, chun an nasc a bunaíodh sa mbliain 2000 a chothú agus a fhorbairt.
Tá bliain eile imithe agus tá sé in am arís d'Fhéile Phléaráca. Bhí an Fhéile 21 bliain ar an bhfód anuraidh agus athraíodh na dátaí go dtí mí Mheán Fómhair, mar a bhíodh sé sna blianta siar. Tá dhá chúis leis seo. An chéad cheann ná go mbíodh daoine ag rá gur mhothaigh siad uathu Féile Phléaráca ag an am seo den bhliain. An dara cúis ná go bhfuil sé ag éirí níos déanaí chuile bhliain sula dtugtar scéala dúinn maidir le maoiniú na Féile. Ní muide amháin a bhfuil sé seo ag cur as dóibh. Tá go leor eagrais sa mbád céanna linn. Níl gá domsa cur síos mion a dhéanamh faoi cén fáth go bhfuil sé seo amhlaidh. Tá na nuachtáin ag inseacht dúinn chuile lá faoi ghanntan airgid na tíre agus arnó tá tionchar ag an lagtrá eacnamaíochta orainn uilig.
Tá aithne ag an saol mór mar aisteoir agus mar ealaíontóir air. Fear a chaith tamall ag plé leis an bhfarraige, ag obair i Londain agus ag rith teach ósta agus halla a thóg a mhuintir. Beidh cuimhne go deo ag an dream a bhíodh ag dul Tigh Darby ó na 60í ar aghaidh ar na hoícheanta móra a bhíodh ann agus ar chaill siad d'allas ag damhsa.
ln 1833 tosaíodh ar obair le haghaidh na clocha a bhí sa mbealach ar na báid ag dul síos thríd an Daingean a bhlastáil. Socraíodh go mbeadh sé níos éasca ag na bádóirí dhul ag plé le iascach nó trádáil móin go hÁrainn agus Contae an Chláir, mar bhí anró mór orthu dhul thar Ceann Gólaim agus contúirt dá réir.
‘Aisteach go leor, cé gur le drámaíocht is mó atá ceangal agamsa leis an bPléaráca thar na mblianta, bhí ról eile agam nuair a chur mé aithne ar an bhFéile i dtosach.’
Bhí suim mhór agamsa i gcónaí i ndrámaíocht agus is iomaí dráma atá feicthe agam go dtí seo agus é sin ráite, níor cheap mé riamh go bhfaighidh mé deis páirt a ghlacadh in aon cheann acu. Is sa chéad bhliain a bhí mé in Ollscoil na Gaillimhe nuair a d'iarradh orm páirt a ghlacadh i ndráma a bhí siad a chur ar stáitse darbh ainm Ciúnas sa Pháirc agus tá sé sin ceithre bliana ó shin.
Nuair a d'fhág muid Ros Muc an 7 Feabhra ní raibh ar m'intinnse ach an áit a raibh mé a fhágáil i mo dhiaidh agus dá bharr sin níor chuir mé mórán suime san áit a raibh mé ag dul.
Tá Bainisteoir/Stiúrthóir Ealaíne nua ceaptha ag Taibhdhearc na Gaillimhe. Athosclófar doirse na hamharclainne (atá dúnta le cúpla bliain anuas de bharr dóiteáin) go luath agus tá ríméad ar an mBord Stiúrthóirí go bhfuil bainisteoir nua ceaptha acu chun an amharclann stairiúil seo a threorú isteach sa ré nua spreagúil seo.
Cuireadh tús le Clár Litríochta agus Drámaíochta Phléaráca 2011/12 sna scoileanna i Meán Fómhair seo caite. Cuireann an Clár ceardlanna litríochta agus drámaíochta ar fáil i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna Chonamara. Sí aidhm an chláir na an óige a spreagadh agus suim a mhúscailt i litríocht agus i ndrámaíocht na Gaeilge, agus tá sé tábhachtach go mbainfidh siad taitneamh as chomh maith. Tá an Clár ar siúl le hocht mbliana agus é maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta.
Is maith is cuimhin liom an chéad smaoineamh a rith tríd m'intinn agus muid ag tuirlingt ar aerfort Dhahran, san Arab Shádach, an 17 Deireadh Fómhair, 1997. Rinne mé iontas go raibh leictreachas ann - ach meas tú cár cheap mé a bhí mé ag dul?
Tá sé ina phléaráca arís agus sinn ag déanamh ár mbealach chuig Inis Oírr d'Fhéile Phléaráca Chonamara 2013. Is í seo an 23ú féile atá reáchtáilte ag Pléaráca ach is é an chéad uair againn ag tabhairt na féile go lnis Oírr.
Tá rud eicínt speisialta ag baint le hoileáin nach dtuigfidh tú go gcaithfidh tú tamall ar cheann. Is obair a chas mise go hÁrainn an chéad uair, agus is minic ó shin atá sé ráite agam go raibh an t-ádh orm mar gur tréimhse de mo shaol é ar bhain mé an-sásamh as. Tá cuimhní deasa agam ar an tréimhse a chaith mé ar Inis Oírr agus ar Inis Mór agus ar na daoine breátha ar chuir mé aithne orthu ar na hoileáin sin.
Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar na dinnéir a bhíodh againn oícheanta Nollag agus mé i mo ghasúr - breams Árann agus béile breá fataí. Bhíodh muid ag faire ar fhear an phosta roimh aimsir na Nollag i gcónaí, mar bliain i ndiaidh bliana bhíodh litreacha ag teacht as Meiriceá ó m'aint Nan, agus ó Aint Biddy - aint le mo mhama ab ea Biddy, ach níor thug muid uirthi riamh ach Aint Biddy - agus ní gá dom a rá ná go mbíodh níos mó ná cártaí Nollag sna litreacha seo; go ndéana Dia trócaire orthu, ba ghroíúil iad. Bhí Pete Mhichael Saile as Baile an Fhormada in Inis Oírr amhlaidh, go ndéana Dia grásta air, mar chuile Nollaig beo chuireadh sé beart breams chugainn i gcomhair na Nollag- ba dheas iad!
Tá Comhar Caomhán Teo ag feidhmiú ar Inis Oírr, an t-oileán is oirthearaigh de thrí Oileán Árann i gCuan na Gaillimhe ó 1971. Tá ról lárnach ag an gComharchumann i bhforbairt eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an oileáin ó shin i leith.
Nuair a thosaigh Cleas i 2002 ní hé an leagan amach atá uirthi anois a bhí uirthi mar ba le gnónna beaga a bhunú faoin gClár Eacnamaíocht Sóisialta a bhí ag FÁS ag an am a bunaíodh í. D'imigh sin is tháinig seo agus faoi láthair, faoi Chlár Seirbhísí Pobail na heagraíochta Pobal agus na Roinne Leasa Shóisialaigh tá na gnónna beaga a bunaíodh ag an am sin fós againn chomh maith le cinn bheaga nuaí a thosaigh muid ó shin. Is iad na gnónna seo a chlúdaíonn costais riaracháin, cuntasaíochta agus seirbhísí nach n-íocann a mbealach féin.