Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha. Ó Bhosca #38, Fillteán 03. Archiva Conamara. Thóg Bob Quinn an grianghraf seo, atá mar chuid de Chartlann an Phléaráca.
Duirling, ceann de na grúpaí atá le cloisteáil ar an dlúthcheirnín "Gaelcheol Tíre Phléaráca Chonamara" agus iad ag casadh ag an gcoirmcheol mór le linn Pléaráca Chonamara. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Áine Ní Dhubháin ag damhsa ar an sean-nós agus Johnny Connolly ag ceol. Ó Bhosca #38, Fillteán 03. Archiva Conamara. Thóg Bob Quinn an grianghraf seo, atá mar chuid de Chartlann an Phléaráca.
Josie Ó Ceannabháin ar an mbosca, Colm Ó Méalóid, fear an tí, Risteárd Mac Aodh, Patricia Ní Gharbhí ag damhsa ar an sean-nós, Tigh Sé. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Seán Monaghan (An Máimín Cajun Band) ag casadh ag Pléaráca Chonamara. Beidh sé ag casadh i Halla Ros a'Mhíl ar an Domhnach 22 Meán Fómhair, le haghaidh "Damhsa an Dreoilín". Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Ned Ó Flatharta, Ros Muc, ag fáil bualadh bos mór ón slua mór ag féile cheoil sa Bhreatain Bheag, théis dó céapar damhsa a dhéanamh. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Michael agus Ciarán Shéamuis Ó Ceannabháin, Aird Mhóir. Tá cónaí ar Michael anois i nDoire Iorrais pósta ag Mary Ann Dundass. Ó Bhosca #38, Fillteán 04.
Sorcha Geoghegan (Camus) agus "Láichín" (Diane Ní Mhainnín) sa gheamaireacht "Cóilín Phádraig Shéamais" atá le dul go Londain amach i mí Dheireadh Fómhair. Ó Bhosca #33, Fillteán 04. Cinegael.
Linda agus Síle Breathnach (Rosmuc), Sorcha Geoghegan (Camus), Carol Ó Cualáin (Cill Chiaráin) - na páistí atá ag glacadh páirt sa gheamaireacht "Peigín Leitir Móir agus an Scorach". Sé Joe Steve Ó Neachtain a scríobh an script. Tá an gheamaireacht eagraithe ag Pléaráca. Ó Bhosca #33, Fillteán 04.