Míreanna
1801–1900 de 1980
Cuardach Casta
-
Ceardlann an Spidéil: Fiche Bliain ag Fás Breathnaíonn Gearóid Ó Murchú ar fhás agus fhorbairt Cheardlann an Spidéil thar na mblianta. -
An Gréasán Pobail in aghaidh Foréigean Baile Bunaíodh an Clár Náisiúnta Forbartha agus Tacaíochta Pobail i 1990 mar aitheantas ar ról atá ag forbairt pobail i ndul i ngleic le bochtanas agus míbhuntáiste. -
Seosamh Ó Bradáin: Baireoir a mhairfidh a chuimhne Is iomaí sin báireoir fiúntach a tharraing gnaoi is gean ar Ghaillimh ón lá stairiúil úd - 1 Aibreán 1888 - ar threoraigh Séamus ó Laigheanáin fir an Iarthair i gcoinne Thiobraid Árann i mBiorra sa chéad chluiche ceannais iománaíochta do Chraobh 1887. -
Scéal Imirceora: Imirce, Uaigneas, Grá, agus scarann an bás na daoine Rugadh i Snámh Bó mé. Iníon le Pat Phaddy Hynes agus le Mary Kelly. Ba as Eanach Mheáin mo mháthair ó dhúchas. Bhí ochtar clainne acu agus bhí mise ar an tríú duine ba shine. -
Agallamh le hÉamon Ó Cúiv Ceapadh Éamon Ó Cuív ina Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta tar éis an toghcháin deiridh. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis faoi nithe éagsúla atá faoina chúram anois. -
Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta - Trumpa gan Teanga Rinne an eagraíocht Pléaráca stocaireacht leanúnach sna blianta 1997-1999 ar an Aire Éamonn Ó Cuív, ag iarraidh air tascfhórsa a bhunú a dhéanfadh scrúdú eolaíoch fuarchúiseach ar stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thiocfadh aníos le straitéis chuimsitheach réadúil leis an nGaeilge a shlánú sna ceantracha sin ina raibh sí fós in úsáid mar ghnáththeanga pobail. De bharr na stocaireachta sin, bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta i mí Aibreán 2000, le Peadar Mac an Iomaire ina Chathaoirleach air. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ina chathaoirleach ar Phléaráca ag an am. An alt seo, caitheann Donncha súil chriticiúil ar an tuarascáil 30 leathanach, a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i Márta 2002, tar éis dhá bhliain i mbun oibre. -
An Lady Mhór Sé Pádraig Mhicil Rua Mac Donnchadha an saor a thóg an Lady Mhór. Bhí sé ina chónaí sna Leacracha Rua i dTír an Fhia. Ba duine muinteartha é le clann Johnny Jimmy, a bhfuil An Mhaighdean Mhara acu anois. Níl muid cinnte cén bhliain ar tógadh An Lady ach tá bád cláraithe sa mbliain 1893 do Stephen O Brien, i Sea Fishery of Ireland, eagraíocht a rinne clárú ar bháid iascaigh, i mBaile Átha Cliath agus an t-ainm Lady uirthi. -
Eagarfhocal 2002 Tá bliain eile imithe agus Féile an Phléaráca faoi lán tseoil arís. Tá an fhéile teannta amach beagán níos faide sa mbliain againn. Ceann de na fáthanna leis seo ná le go mbeadh níos mó ama againn imeachtaí a phleanáil do na scoileanna agus go mbeadh seans acu féin socrú síos théis saoire an tSamhraidh sula dtosódh lucht an Phléaráca ag glaoch orthu ag lorg tacaíocht d'imeachtaí. -
Fóram na Gaeltachta Déanann Gearóid Ó Cosgora, ball de choiste oibre Fhóram na Gaeltachta, cur síos ar an méid atá déanta go dtí seo chun an fóram a bhunú. -
Cumann Peile Piarsaigh na mBan Bunaíodh Cumann Peile Piarsaigh na mBan sa mbliain 1996 tar éis don chlub óige deireadh seachtaine a chaitheamh i gCorr na Móna, áit a raibh imeachtaí difriúla ar siúl do na clubanna óige. I measc an ghrúpa a chuaigh go Corr na Móna bhí cearthrar cailíní - Máire Bríd Breathnach, Roisín Ní Mhainín, Sally Ní Laoi agus Máirín Ní Mhainín. -
Glór na nGael ar an gCnoc Beidh ócáid mhór i bparóiste an Chnoic ar an Domhnach an 16 Meán Fómhair nuair a bhronnfar Gradam Ghlór na nGael 2000 ar Phobal an Chnoic. Cuireann an tAth Micheál Ó Flannabhra síos ar an obair atá déanta sa bparóiste chun an gradam seo a bhaint amach. -
Úsáid nua do Phortaigh i gCois Fharraige Le roinnt mhaith seachtaine anuas, tá clós Sheanscoil Shailearna líonta suas le ualach adhmad agus is iomaí duine a bhfuil an cheist curtha aige - céard len aghaidh é? Tugann Caitlín Nic an Ultaigh, bainisteoir Chomharchumann Shailearna freagra ar an gceist sin. -
An Gaelacadamh Bunaíodh An Gaelacadamh i 1980 agus ó shin i leith, tá an eagraíocht ag obair go dícheallach agus é mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn i gceantar Chonamara agus Oileáin Árann. -
Oideachas Feabhais - An Ghaeltacht fágtha fós gan seirbhís iomlán ln eagrán na bliana seo caite den iris seo, scríobh Mairéad Ní Chualáin - múinteoir i mBunscoil an Droma, Leitir Móir faoi an neamhaird a déanadh ar na Scoileanna Gaeltachta sa gCuraclam nua a tháinig amach anuraidh. San alt seo, léiríonn sí go bhfuil an neamhaird céanna dá dhéanamh ar pháistí na Gaeltachta nuair a thagann sé go dtí múinteoireacht feabhais. -
An RIC i Ros Muc Sa bpictiúr seo tá John Feely as an Nua Shéalainn lena bhean chéile, Elizabeth. Tógadh an pictiúr i mí Meán Fómhair 2000, ag beairic na nGardaí sa nGort Mór. Tháinig John ar cuair ar Ros Muc toisc go raibh a athair (John Feely freisin) ag obair ann ó 1913-1920 mar bhall den R.I.C. -
Festy Ó Conláin Bhásaigh duine de na ceoltóirí is mó cáil as Conamara an Samhradh seo. Bhí ainm Festy Conlon luaite leis an bhfeadóg stáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. D'iarr muid ar Shéamas Ó Cualáin as an Spidéal cur síos ar a chara agus a fhear muinteartha. -
Cóilín Sheáin Dharach Seoige ln Aibreán na bliana seo, bhásaigh Cóilín Sheáin Dharach Seoige, duine a thagann chun cuimhne nuair a luaitear na chéad fhéilte a d'eagraigh Pléaráca. Ó thosaigh Pléaráca Chonamara ag eagrú an chomórtais damhsa ar an sean-nós do Chorn Mháirtín Beag Uí Ghríofa, bhuaigh Cóilín an corn seo faoi dhó. Eisean agus damhseoirí eile dá ghlúin a choinnigh an stíl sean-nóis ag imeacht sular tháinig an borradh atá ann faoi láthair i measc na hóige. Mar a deir go leor, bhí an sean-nós ceart ag Cóilín agus spreag sé go leor damhseoirí níos óige. D'iarr muid ar Bhidín Seoige, dreifiúr Chóilín píosa a scríobh faoina dreatháir. -
Mianach Ghleann Gabhla Tá an mianach seo a bhí tréigthe agus faoi uisce le 130 bliain i ngleann dhá mhíle siar ó Uachtar Ard. Is é an t-aon mhianach sa tír é atá oscailte do chuairteoirí agus tá stair an-spéisiúil ag baint leis. -
Saol an Bhádóra I ngach eagrán de iris Phléaráca ó 1991 rinne Ruaidhrí Ó Tuairisg cur síos ar bháid mhóire. ln eagrán na bliana seo déanann sé cur síos ar an saol a chaith na bádóirí agus a dteaghlaigh. -
John Phaitín Tom Tá Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Gardens tagtha abhaile le bliain. Chuaigh Meta Uí Mháille chun cainte leis faoina shaol, faoina mhuintir agus go leor eile. -
Eagarfhocal 2001 Ráiteas Misean Phléaráca Teo. – ‘Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn.’
-
Corn na hIomanaíochta - Corn Liam Mhic Chárthaigh Tá an corn álainn do bhuaiteoirí Chraobh Shinsear lománaíochta na hÉireann ainmnithe i gcuimhne an tsárGhaeil, Liam Mac Cárthaigh, a rinne obair churata ar son chluichí Chumann Lúthchleas Gael i Londain Shasana i gcaitheamh a shaoil. -
Ceol Pobail - Coincheap Nua sa gCeol Cuireann Caitríona Ní Chonaola síos ar cur chuige nua chun an ceol a mhúscailt ionainn uilig. -
Máire Choilm agus Mise Seo sleachta as aiste le Jackie Mac Donncha a fuair duais Oireachtais cúpla bliain ó shin. An teideal a bhí ar an aiste ná Máire Choilm agus Mise. Cailleadh Máire Choilm i lár na seascaidí. Ba í an duine deireanach den chlann í. Is dóigh gur imigh an seál léi. -
Caoimhín Ó Maicín Chaith Caoimhín Ó Maicín aon bhliain déag agus fiche ag teagasc i nGairmscoil na bPiarsach i Ros Muc idir 1955-1986. Bhí sé ina phríomhoide ar an scoil ar feadh bliana sular éirigh sé as an mhúinteoireacht. -
Beirt Bhan Mhisniúil Beidh Éadaoin Ní Challaráin ag kayakadóireacht d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha agus tá Niamh Ní Chuaig tar éis bonn a bhuachaint i gcomórtais reatha idirnáisiúnta. Tá cur síos anseo ag Nuala Ní Chonghaile ar an méid atá bainte amach acu. -
An St Jude nó An Micí Is údar cainte i gcónaí é ag lucht na mbád, cé rinne a leithéid seo de bhád, cé dhó ar dearnadh í, cén áit, céard a tharla de agus mar sin de. Is dóigh gur cuid den draíocht é a bhaineann leis na báid nach bhfuil na freagraí ar fad againn. Tá eolas réasúnta maith againn faoi chuid de bháid Chonamara ach tá cuid eile agus tá bearnaí go leor le líonadh. -
Céilidh san Iar Thuath Cuireann Gearóid ó Murchú síos ar chuairt a thug grúpa ceoltóirí agus damhsóiri as Conamara ar Oileáin na hAlban. -
Leatrom ar Pháistí na Gaeltachta sa gCóras Oideachais Cuireann Muireann Ní Chualáin, múinteoir i Scoil an Droma síos ar cén fáth nach bhfuil an curaclam nua do bhunscoileanna feilteach do scoileanna na Gaeltachta agus iarann sí curaclam dá cuid féin don Ghaeltacht. -
An Bille Pleanála agus an Ghaeltacht Nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht i 1997, ba é an tAcht Teanga a ndéantar tagairt indíreach dó i gclár an Rialtais an píosa reachtaíochta is mó a tharraing aird phobal na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Le déanaí, thuairisc an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Éamonn O Cuív T.D., go bhfuil dul chun cinn déanta leis an mbille seo nuair a chinn an Rialtais dul ar aghaidh agus ceannteidil an bhille a ullmhú. Is deacair a rá ag an bpointe seo agus cúrsaí polaitiúla chomh corrach agus atá, an éireoidh leis an Aire an bille seo a fhoilsiú agus é a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad roimh an chéad toghchán eile. -
Eagarfhocal 2000 Eagraíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991. Ní raibh i gceist ag an am ach an fhéile amháin sin a eagrú, mar fhreagra ar 'Tuarascáil' a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge ar Stáid Láithreach na Gaeilge. Caint éadóchasach is mó a bhí sa 'tuarascáil', a scríobhadh i bPáras go gairid sara bhfuair Breandán Ó hEithir bás. Ba mhór an chomaoin a chuir an tÁrannach orainn i gConamara, mar gur ghríos an méid a scríobhadh i dTuarascáil Uí Eithir faoin nGaeltacht, na heagraíochtaí pobail i nGaeltacht Chonamara, a theacht le chéile leis an mbréag a thabhairt don méid a cuireadh i leith phobal na Gaeltachta sa tuarascáil. Ba é Pádraig Ó Cosgordha as Carna a mhol féile mhór phobail a eagrú, le imeachtaí ar bun 'ó Bhearna go Carna' lena léiriú don saol mór go raibh Gaeltacht Chonamara beo beathaíoch agus an pobal sásta an saibhreas cultúir agus teanga a cheiliúradh. -
An Mhaighdean Mhara Sibhse a tógadh ar an gcósta bheadh eolas agaibh faoi iontaisí na farraige agus faoi dhraíocht na mara. Cé go bhfuil neart iomrá in tíre ar an rón agus ar an mbéaloideas a bhaineann leis ní bheadh eolas faoin mhaighdean mhara chomh coitianta céanna - neach farraige a bhfuil an-iomrá uirthi i mbéaloideas Chúige Uladh. Ar ndóigh tá an t-amhrán An Mhaighdean Mhara cloiste agam i gConamara ach tá sé i bhfad níos coitianta ag amhránaithe Thír Chonaill. Shíl mé féin i gcónaí go raibh an scéal seo thar a bheith spéisiúil agus rómánsúil, do pháistí agus do dhaoine fásta. -
Duais AIB Better Ireland Awards: Céard a rinne Pléaráca leis an Duaischiste? Bhí an-bhliain ag Pléaráca Teo., an scéim ealaíon phobail i 1998/99. Chomh maith leis na gnáthimeachtaí bliantúla a reáchtáil, fostaíodh oifigeach ealaíon don óige i Meán Fómhair 1998 a chuir borradh faoi imeachtaí ealaíona don óige i ndeisceart Chonamara. Déanadh clár leathuaire teilifíse faoin eagraíocht le linn Fhéile an Phléaráca 1998 agus léiríodh é seo ar TnaG agus ar RTÉ i rith na bliana nua. -
An tAthair Stiofán Ó Conghaile nó An Misean Mór Is beag duine i gConamara a bhí tagtha in aois céille nuair a rugadh mise nár chuala caint agus trácht ar an Misean Mór nó an tAth Stiofán Ó Conghaile as Árainn. Go deimhin nuair a chuimhnítear air, cuimhnítear ar na línte seo leanas :’Nach deas an rud poitín sa tír seo/d'íocfadh sí cíos agus poor law/Leigheasfadh sé casacht na hoíche/agus dhíreodh sé an seanduine cam.’ Amhrán an Phoitín -
Cluichí Iománaíochta Nár Cheart a Dhearmad San alt seo le Séamas Ó Cualáin tá cur síos suimiúil stairiúil ar an gcéad chluiche iománaíochta idir chlubanna a imríodh faoi rialacha Chumann Lúthchleas Gael in 1885 agus freisin ar chluiche iomána eile faoi na rialacha nua idir sinsir na Gaillimhe agus Thiobraid Árann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar 13 Feabhra 1886. -
Conamara 2000+ Cén chaoi a bheidh ar an nGaeltacht seo amach sa mhílaois nua? Chuir roinnt daoine a gcuid tuairimí ar pháipéar dúinn, cuid acu i bhfoirm filíochta. -
Mar a líonadh na boscaí in Olltoghchán '99 Mar a líonadh na boscaí in Olltoghchán '99. -
Tomhas agam ort Seo tomhaiseanna a bhailigh Eimear Ní Riagáin atá fostaithe ar scéim fostaíochta pobail Phléaráca ó Chóilín Sheáin Dharach Seoige as an gCladach ó Dheas, Ros Muc. Bíonn Cóilín, a bhfuil cáil bainte amach aige de bharr a chuid damhsa sean-nóis, ag teacht isteach chuig imeachtaí san lonad Lae i Ros Muc chuile Déardaoin agus níl aon lá a mbíonn sé istigh nach ag cur tomhaiseanna a bhíonn sé ar gach a mbíonn thart air. Shocraigh Eimear go scríobhadh sí síos cuid dóibh. Seo iad, tá na freagraí tugtha chomh maith. -
Pádraig Mac Piarais: Laoch agus Scríbhneoir Ón am a bhí mé i mo ghasúr beag bhí cur síos á dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais i mo theachsa. Bhíodh mo mháthair agus mo athair agus mo mhuintir uilig ag inseacht scéalta faoin bPiarsach agus mar a dtug sé grá a chroí don dúiche seo Ros Muc agus dá mhuintir. Nuair a ghlac sé peann ar láimh chun scéalaíocht, is iad muintir Ros Muc a tháinig ina cheann nó mar a thug sé féin ar an áit 'Ros na gCaorach'. -
Oíche Filíochta Beidh oíche fhilíochta i dTeach Scríbe arís i mbliana mar chuid de fhéile Phléaráca Chonamara. Is ar an Déardaoin 16 a bheidh sé ar bun agus siad na filí a bheas ag glacadh páirt ann ná Nuala Rua Ní Dhomhnaill, Dara Ó Conaola, Colette Nic Aodha, Gearóid Mac Lochlainn agus Aifric Nic Aodha. -
Cúrsaí Teangan sa nGaeltacht An scéal is mó atá i mbéal gach duine sa nGaeltacht le tamall, an méid Béarla atá dhá labhairt ag daoine óga i gConamara. Thug mé an cheist aníos i gcomhrá le daoine éagsúla lena dtuairimí a fháil agus rinne mé nótaí níos deireannaigh maidir le gach a raibh le rá acu. Ní agallaimh a déanadh leo. Seo é a raibh le rá acu faoin nGaeilge ag tosnú lena daoine is sine ar labhair mé leo. -
1969 - Bliain na gCearta Sibhialta i gConamara Tríocha bliain ó shoin bhain Peadar Mac an lomaire creathadh as an rialtas. Bhailigh sé 1522 vóta i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar san ollthoghchán i 1969, ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialata na Gaeltachta, eagraíocht a bunaíodh 2 mhí sar a fógraíodh an ollthoghchán. Is ag cruinniú poiblí a tionóladh ar an Domhnach 23 Márta i Seanscoil an Chnoic, a bunaíodh Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta, mar a ghlaodh air ag an am. D'eascair an cruinniú as agóid, ag Teach Furbo (Connemara Coast Hotel a thugtar ar anois) cúig lá roimhe sin. Eagrán den clár teilifíse Quicksilver - seó quiz - a bhí dhá thaifeadadh ag RTÉ san óstán. -
Ardán do na hEalaíona Ach oiread le Leitir Ceanainn, leis an Muileann gCearr, le Loch Garman nó áit ar bith eile sa tír, tuilleann pobal Chonamara amharclann chun fáilte a chur roimh sheónna, drámaí agus ceoltóirí náisiúnta is idirnáisiúnta a bhíonn ar chamchuairt na tíre. Agus níos tábhachtaí fós, b'fhéidir, teastaíonn a leithéid d'áis chun forbairt a dhéanamh ar ár n-ealaíona féin i gConamara. -
Bláth na hÓige ‘Bhí sí chomh deas sin nach n-iarrfá imeacht aisti ar chor ar bith.’ Sin a bhí le rá ag John William Seoige faoin mbád ar chaith sé cuid mhaith dá óige inti. Sé Máirtín Ó Cathasaígh as Maoinis a rinne Bláth na hÓige do Sheán Seoige, seanathair John William, in lnis Bearachain, timpeall na bliana 1885. Bhí William Sheáin Seoige, a rugadh timpeall 1867, ina fhear óg nuair a tógadh an bád. Tá sé ráite gur fhan Máirtín Ó Cathasaigh in Inis Bearachain go dtí go raibh sí críochnaithe aige – trí mhí. Fuair sé tuairim £8 as ucht í a dhéanamh. -
Agallamh le Seosamh Ó Cuaig Chuir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Óige le Pléaráca, agallamh ar Sheosamh Ó Cuaig, craoltóir, iarbhall tofa de Údarás na Gaeltachta agus duine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. -
Eagarfhocal 1999: An Spidéal faoi Léigear ag 'An Tulán Cleasach' Tá aitheantas tugtha do thábhacht na Gaeltachta sa mBille nua Pleanála, a foilsíodh le gairid. As seo amach caithfear cosaint teanga agus cultúr na Gaeltachta a chur san áireamh in aon phlean forbartha a réiteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe. -
Conamara Aineoil De bharr leatroma agus droch íde ar feadh na gcíanta tá dreaim mór de mhuintir Chonamara nach bhfuil aithne ná fios ag mórán daoine eile orthu. Sin iad na daoine i gConamara atá hómógnéasach. Ar nós dreaim ar bith faoi chos, muintir na hAstráile nó Mheiriceá faoi shliocht na nEorpach, nó an lucht siúil in Éirinn, nó fiú na hEireannaigh go fíor gairid, tá droch féiniúlacht, lagmhisneach, fadhbanna intinne agus óil ag cuid mhór acu. Cuireann an-chuid dóibh a lámh ina mbás féin - go háirid fir óga. Chuir cuid acu cumann ar bun le deis a thabhairt dóibh castáil ar a chéile gan brú ná bagairt. Labhair lris an Phléaráca leo. -
Seanscoil Shailearna ó 1884 Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailíní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna náisiúnta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailíní. -
Cérbh é Sam Maguire? Nuair a shéidfidh an réiteoir an fheadóg i bPáirc an Chrócaigh ar an seachtú lá fichead den mhí seo le críoch a chur le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Gaillimh, gaiscígh Chonnacht, agus Cill Dara, curaidh Laighean, tógfar gártha molta maíte mustracha agus iomprófar an captaen buach go caithréimeach croíléiseach go hArdán Uí Ógáin mar a mbronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir air. Ach cé hé an sárfhear sainiúil seo ar ainmníodh an corn gleoite ina dhiaidh? -
Johnny Mhorgan: Dealbhadóir Duine ar bith a chuaigh suas Baile an Domhnalláin, baile beag taobh thoir den Spidéal, is cinnte gur thug siad suntas don ghairdín lán líonta de dhealbha éagsúla - fear an ghiotáir, bean an bhosca ceoil, an Mhaighdean Mhuire, bó na leath-adhairce, lachain, cailleacha dubha, iolar, coiníní, rón, deilf, iad uilig curtha le chéile le suimint agus rudaí aisteacha eile a gheobhfá thart faoin áit. -
Stair na nDroichead i gConamara Tá tábhacht ar leith ag baint le logainmneacha nó ainmneacha áite, agus is cinnte go bhféadfaí a rá nach bhfuil cosán ná garraí, claí ná cnocán, abhainn ná loch, ná sruthán nach bhfuil a bhlúire beag staire féin ag roinnt leo. Tá seo fíor faoi na droichid freisin. Tá stair ag baint le gach aon cheann acu, nó tá scéalta le n-aithris fúthu. -
Patsy Ó Ceannabháin Ag an tráth seo den bhliain agus muid ag ullmhú don Fhéile a dhéanann comóradh is ceiliúradh ar teanga agus ar chultúr na Gaeltachta, ní féidir gan súil siar a thabhairt ar an mbliain atá caite agus ar an saibhreas atá sciobtha uainn ag an mbás ón am seo anuraidh. Ba buille mór do Ros Muc bás an tseanchaí áitiúil Jimín Tony Ó Nia. Agus ba buille tubaisteach do Ros Muc, do Chonamara, don sean-nós agus do cultúr na Gaeltachta bás Phatsy Uí Cheannabháin a fuair bás ag tús an tsamhraidh, mar a dúirt an t-amhrán ‘le Iinn don chuach a bheith ag seinm ceoil is an duilliúr glas ag fás’. -
Teach Ghairfean agus Conroys Ros Muc Tá pleananna móra ann Tigh Chonroy a chur in oiriúint lena úsáid mar ionad cultúir agus mar acmhainn don cheantar. Tá stair spéisiúil ag an Teach. Tá an t-alt seo bunaithe ar agallamh a chuir Meta Uí Mhállle ar Jimín Toni ó Nia, a bhásaigh le linn na bliana, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal. -
Bád Pheada: An Morning Star Ina shuí lena uncail taobh amuigh de Tigh Joe Mac i gCill Rónáin i Samhradh na bliana 1960 a thit Johnny Healion i ngrá le báid Chonamara. Bhí cleachtadh mhaith ar bháid agus ar sheoltóireacht aige roimhe sin ós rud é gur tógadh i mBeann Éadair é ach an lá áirid seo chonaic sé An Mhaighdean Mhara ag teacht isteach go sean-chéibh Chill Rónáin le ualach móna, an seol tosaigh agus an jib caite anuas aici agus ag ceangal suas le balla. Dúirt sé go gcaithfeadh sé ceann de na báid sin a fháil. Ach fillfidh muid ar Johnny ar ball. -
Agallamh an Phléaráca: An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Dhá bhliain ó shoin ceapadh Gearóid Ó Tuathaigh, ollamh le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. San agallamh seo, a chuir Donncha Ó hÉallaithe air le déanaí, léiríonn sé a dhearcadh ar an obair atá ar bun ag an Údarás agus ar na fadhbanna atá le réiteach. Léiríonn sé a imní faoi thodhchaí na Gaeltachta. Má ghlacann an rialtas le moladh ón Údarás go mba chóir go mbeadh an tÚdarás ar fad tofa go daonlathach, ag an gcéad toghchán eile, tiocfaidh deire le chathaoirleacht Ghearóid Uí Thuathaigh, gan ach beagán le cois leath dá thréimhse ceapacháin caite aige sa phost. -
Eagarfhocal: Cá bhfuil an Tascfhórsa Gaeltachta? ‘Ní dul chun cinn eacnamaíoch a mharóidh an Ghaeilge ach gan an cineál seo dul chun cinn ní bheidh pobal ann le teanga d'aon tsórt á labhairt. Ach os a choinne sin d'fhéadfadh forbairt tionsclaíoch de chineál áirithe, saor ó aon rialacha teanga, an Ghaeilge a scuabadh chun siúil níos tapúla ná mar a rinne na bataí scóir…’ -
Maria Ní Dhomhnaill agus an Eitilt Yogic Fuair bean óg dathúil ón gCeathrú Rua, Maria Ní Dhomhnaill, breis is dhá chéad vóta sa toghchán an Meitheamh seo caite. Chuir sí spraoi agus fuinneamh isteach sa bhfeachtas toghchánaíochta i nGaillimh Thiar, agus tharraing sí aird ar pholasaithe Páirtí an Dlí Nádúrtha le linn a feachtais i gConamara agus i gCathair na Gaillimhe. -
Gaeltacht Chonamara, Fóram Chonamara: Céard iad féin? Níl an t-aontas céanna 's a bhíodh i nGaeltacht Chonamara. Forás na Gaillimhe údar amháin atá leis seo. Is cuid de bhruachbhailte na Gaillimhe go leor de cheantar Chois Farraige anois. Fágann seo difríocht mhór idir é agus Iorras Aithneach agus Ceantar na nOileán. Is ceantair éagsúla atá iontu faoin am seo. Ach tá difríocht eile ann feasta, agus sin difríocht aicme. Tá go leor airgid sa nGaeltacht anois, agus is ag an meánaicme atá sé. -
Dánta le Seosamh Ó Guairim Dá Mairfinnse go deo deo deo beo/Bheadh chuile shórt daite agam buí,/Bheadh tithe daite agam buí,/Bheadh tulach 'gus cnoc daite agam buí,/Bheadh Páid 'gus Cóil freisin/'Gus iad daite agam buí,/Bheadh chuile shórt sort daite agam buí/Mar ba chóir, 'gus canúintí... -
Curachaí ar an Spidéal Sna seachtóidí bhíodh cáil ar an Spidéal faoi Féile na gCurachaí ar an gcaoi céanna is atá cáil ar Chinn Mhara de bharr Cruinniú na mBád. Ach an oiread le roinnt eile féilte farraige, níor reachtáileadh Féile na gCurachaí i mbliana sa Spidéal. Ach fós féin tá borradh nua faoin spórt sláintiúil seo gCois Fharraige. Le fada an lá ní raibh aon fhoireann iomartha ón Spidéal ag tógáil páirt sna féilte curachaí. Is cosúil go mbeidh athrú ar an scéal sin. An samhradh seo, thosaigh grúpa díograiseach ag iomradh agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh foireann fear agus foireann ban ag tógáil páirt sna rástaí curachaí an chéad bhliain eile. Tá baint mhór ag Tommy Standún leis an aithbheochan seo sna curachaí, agus cuireann sé síos anseo air. -
Lionard Mac Craith: Imreoir Ildánach na Gaillimhe ‘Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal’, a deirtear. Ach chomh fada is a bhaineann sé le riar de bháireoirí Chumann Lúthchleas Gael is féidir leo teacht taobh na gaoithe ar an seanfhocal sin. Séard tá i gceist agam na himreoirí ildánacha inniúla atá chomh hábalta aclaí oilte ag luascadh an chamáin agus atá iad ag bualadh peile. Agus faoi mar is eol do Fheara Fáil is fada buí óna chéile an dá chluiche seo. -
Tatarstan agus Sean Nós Chonamara Rinne Bill Whelan, a chum Riverdance, ceol an phobail a ghalántú ach cén dochar? Rud ar bith a tharraingíonn uisce ag an muileann agus bíonn uisce sa bhfuisce de dhíth ar ghoile an lucht éisteachta cathrach, ar a raibh Riverdance dírithe. Thug Riverdance cead a chinn do lucht na veistí bána seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt don rud a bhíonn á choinneál faoi cheilt acu: a dtírghrá. -
An Claidheamh Soluis Seo píosa a casadh dhom le ghairid sa bpáipéar a bhí ag Conradh na Gaeilge i dtús an chéid - An Claidheamh Soluis. Bá é Pádraig Mac Piarais a bhí ina eagarthóir nuair a foilsíodh é, i mí Dheireadh Fómhair 1906. Tá sé ionann is a bheith cinnte gurbh é féin a scríobh é. Ní amadán ar bith a bhí sa bPiarsach. An t-aon locht a gheobhfá ar an leagan amach a bhí aige ar an scéal, an abairt sln faoin mBéarla – ‘knowledge of English which is imagined to be so necessary for one who has to make his way in the world.’ Ní imagination a bhí ann, ar ndóigh, ach dearg riachtanas. Bhí an-bharúil aige do chúis na Gaeilge i Ros Muc ag an am ar chuma ar bith. Céard a déarfadh sé inniu, meas tú? -
Damhsa an Cháca Ó tháinig ann do Phléaráca Chonamara tá aird faoi leith dírithe ar dhamhsa ar an sean nós sa Ghaeltacht seo agus is léir go bhfuil borradh nua tagtha i suim an phobail trí chéile sa ghné seo den traidisiún. Sa chomhthéacs sin, b'fhéidir gur spéis le léitheoirí na hirise seo nós a bhain le hócáidí damhsa sa seansaol agus a luaitear go háirithe le cúige Chonnacht. Tá cuntais ar an nós seo tiomsaithe ag Séamus Ó Duilearga in Béaloideas 11 (1941), 126-42, agus is féidir a bhfianaise a chur go hachomair mar leanas: shocraítí cáca (maisithe) ar loine (nó ar fhearas cuí eile) agus bhíodh sé ar teaspeáint ar láthair an damhsa mar a ndéanfaí é a bhronnadh ag deireadh an chruinnithe ar an damhsóir ab fhéarr sa chomhthionól. Thabharfadh sé siúd an cáca dá rogha cailín nó roinnfeadh sé féin ar an gcomhluadar é. -
Drong nua de Dhamhsóirí Sean-nóis Chonamara Fearacht réigiúin eile sa tír, tháinig scoth na n-ealaíontóirí tradisiúnta amach as Conamara. Ba ceardaithe ar dhamhsa tradisiúnta Chonamara leithéidí Mháirtín Beag Ó Gríofa, Phádraig Cháit Bhreathnach agus an cuairteoir féiltiúil Paddy Bán Ó Broin, a shoilsíonn mar réalta eolais don ghlúin nua damhsóirí a chuala na a n-ainmneacha luaite ach nach bhfaca riamh ar chlár urláir iad. -
Séipéal Chamuis - céad bliain slánaithe aige Tá 100 bliain slánaithe ag Teach Pobail Chamuis. Ba ar an 15 Lúnasa 1897 a beannaíodh séipéal nua i gCamus, agus bhí an méid seo a leanas i gcló in Irisleabhar na Gaeilge, mí Iúil 1897. -
Vox Pop ar TnaG Is mór i gceist an Vox Pop ar Nuacht TnaG. D'iarr Máire Áine Ní Chuaig de roinnt daoine i measc chuile aoisghrúpa i gConamara cén barúil a bhí acu faoin stáisiún nua. -
Bad Chonroy: An St. Patrick Is dóigh gur cuid den draíocht í, an neamh-chinnteacht a bhaineann le go leor de bháid mhóra Chonamara - cén bunús a bhí acu, cé rinne iad, cén bhliain, cé dhó ,cén áit, céard a tharla dóibh agus mar sin de. í eisceacht ar bith í Bád Chonroy. Dúirt Dick Scott, i measc go leor daoine eile, ina leabhar, The Galway Hookers gur tógadh í sa mbliain 1911. Ach ní réitíonn chuile dhuine leis an tuairim sin. Dúirt Pat Cheoinín sa mbliain 1981, ar chlár de chuid RnG faoin mbád, gur tógadh í sa mbliain 1907. Dúirt Jimmy Tony Ó Nia as An Cladach Ó Dheas, Ros Muc, gur tógadh í a mbliain 1908. -
Tús le obair atógála Scoil Sailearna Le cúpla mí anuas tá tús curtha le hobair atógála ar sheanscoil Shailearna sna hAille in lndreabhán. Comharchumann Shailearna atá i mbun na hoibre. Tá sé i gceist ag an gComharchumann lonad Pobail agus lonad Oidhreachta, a chur ar fáil ann do mhuintir Chois Fharraige. Beidh Oifig an Chomharchumainn á lonnú san áit chomh maith le háiseanna eile nuair a chríochnófar an obair ar an suíomh i gceann dhá bhliain eile. -
Mar a líonadh na boscaí i dToghchán '97 Mar a líonadh na boscaí i dToghchán '97. -
Éamonn Ó Cúiv, T.D. - Agallamh Achoimre ar agallamh a thug Éamonn Ó Cuív T.D. do Dhonncha Ó hÉallaithe, tús Meán Fómhair. Labhraíonn sé faoi na cúraimí atá air mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin; faoin méid atá leagtha amach aige le déanamh faoi stádas na Gaeilge; faoi theorannacha na Gaeltachta; faoi mhíchothromaíocht forbartha i gConamara; faoin mbealach a bhfuil TnG agus RnaG ag cliseadh ar phobail na Gaeltachta agus faoi roinnt nithe eile. -
Eagarfhocal: Aire na Gaeltachta Gan Ghaeilge/Ní Neart go Cur le Chéile Is mór an masla don Ghaeltacht go bhfuil Aire Gaeltachta roghnaithe ag Bertie Ahern nach bhfuil a dóthain Gaeilge aici le déileáil le pobail na Gaeltachta ná le pobal labhartha na Gaeilge, trí mheán na Gaeilge. Ní raibh gíog ná míog as na heagraíochtaí Gaeilge, mar is gnáth, faoin masla seo – an masla is mó a thug aon rialtas ó bunaíodh an stát do lucht labhartha na Gaeilge. -
Tigh Pheadair Mhóir ar an mBánrainn ‘Ach cá bhfuil Tigh Pheadair Mhóir mar sin?’ - ceist a chuirtear go minic orm nuair a luaitear na hoícheantaí áirneáin a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana sa teach ósta ceann tuí sin ar an mBánrainn. ‘Siar díreach ó chros bhóthair na Tulaí agus feicfidh sibh teach ceann tuí ar thaobh na láimhe deise’. ‘Ach nach shin Tigh Pheadair Dick?’ -
Pléaráca sa mBriotáin Mar thoradh ar iarratas ar Chiste Eorpach le teangacha mionlaigh a chur chun cinn, fuair Pléaráca roinnt airgid le déanaí le oibriú in éindí le Ar Vro Bagan - compántas drámaíochta a oibríonn tré Bhriotáinis. Tá Ar Vro Bagan lonnaithe i Plouguerneau - baile beag ar an gcósta 30 míle ó thuaidh de Bhrest. Síleadh gur bealach an-mhaith é le cleachtadh agus oiliúint a chur ar fáil don ghrúpa atá páirteach i Scéim Fostaíochta Pobail an Phléaráca, go n-ullmhófaí seó in éindí le compántas proifisiúnta, a bhfuil ardchaighdeán ag baint lena gcuid oibre. -
Scoth Peileadóra as Carna ar lár Ar an dara Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite d'fhuadaigh an bás uainn Hugó Ó Ciardha a raibh cónaí air le fad i mbaile mór an Longfoirt. Faoi mar is eol dá lán ba ón mbaile seo a thiomáineadh sé bus paisinéirí le C.I.É. go Gaillimh lá i ndiaidh lae ar feadh na mblianta. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. -
An Stáisiún Ginte Leictreachais i Scríb 1957 osclaíodh an stáisiún ginte leictreachais i Scríb, Ros Muc, Conamara. Móin a d'úsáidtí ann le leictreachas a ghiniúnt. Ag an am ba fhreagra é ar an dífhostaíocht agus ar an imirce a bhí ag bánú Chonamara, chomh maith le ceantair tuaithe eile ar fud na tíre. Thug sé fostaíocht agus saothrú ní amháin do na daoine a bhí ag obair sa stáisiún fhéin, ach do go leor eile a bhí fostaithe ag muintir Kheogh i dtionscal na móna. -
Búir na Scéime Scéim Fostaíochta Pobail an Phléaráca a bhain an príomh duais i rannóg na timpeallachta do Thionscnaimh Pobail i Réigiún an larthair. Ba aitheantas an duais ar an obair mhór atá déanta ag lucht na scéime le bliain anuas. Is comórtas é seo a eagraíonn FÁS chuile bhliain do scéimeanna ar fud na tíre. -
Graceville Ag déanamh staidéir ar obair an Land League i gConamara a bhí mé nuair a fuair mé amach gur tugadh slua mór daoine as Conamara siar go Minnesota os cionn céad bliain ó shin, gur caitheadh amach ar na prairies iad agus gur dúradh leo a bheith ina bhfeilméirí tréana cruithneachta ann. Bhí caint mhór ar Rath Cairn ach ba mhó de scéal é seo - agus bhí sé imithe as cuimhne na ndaoine. -
Filíocht Chaitlín Maude Chuir an tAthair Séan Ó Donnchú Caitlín Maude i gcosúlacht le duine a chuaigh amach ar an bhfarraige ard, i gcurach beag a cuid samhlaíochta, go ndeachaigh sí ag iascaireacht agus gur thug sí ar ais climín álainn dánta a bhfuil beomhaireacht, sólás, solas agus an-fhírinne iontu. Is álainn go deo an cur síos é sin ar fhilíocht Chaitlín Maude. Bheadh sé deacair cur leis an léargas a thug sé ar a cuid filíochta ina sheanmóir ag an Aifreann ag Éigse Chaitlín Maude, le gairid. -
Some Mother's Son 'lt just goes to show,' a dúirt an Bhean mheasúil sa slua ag déanamh ar an doras amach ón Town Hall, 'that it wasn't worth it.' Ag an bpremiere Éireannach de Some Mother's Son a bhíomar, scannán déanta ag Terry George bunaithe ar an Stailc Ocrais a bhí ar siúl ag príosúnaigh Phoblachtánacha sna Sé Chontae sa bhliain 1981, agus ar bhás Bobby Sands. -
An Sean-Nós agus an Nua-Nós Is ceist le cur céard is brí le sean-nós? Is ceist freisin ná céard is nua-nós ann? Is furasta míniú a thabhairt ar nua nós, b'fhéidir. Is minic go ndéantar iarracht sean-nós a mhíniú nuair a bhíonn comórtaisí sean-nóis ar siúl cosúil le comórtaisí an Oireachtais. Tugann na moltóirí míniú maith go leor ar an sean-nós is fearr ach b'fhéidir nach mbíonn tréithe iomlána an tsean-nóis ag iarrthóirí agus is deacair a dhéanamh amach mar sin céard é scoth an tsean-nóis dáiríre. -
Ceol agus Ceoltóirí, Ceoláin agus Ceoltóirí Seo thíos sliocht as léacht a thug Joe Steve Ó Neachtain do Chumann Mherriman i mbliana. -
An Meiricean Mór ‘Seol, seol, a Mheiricean Mhóir/'Spáin do chuid siúil do Tom Deáirbe/Nach bhfuil siad dá rá nach bhfuil do mháistir de bhád/Le fáil a'ainn anseo i gConamara. Cúpla líne as amhrán breá Tom a' tSeoige faoi cheann de bháid mhóra Chonamara. Is é a scéal féin scéal chuile bhád. D'fhan cuid acu ag an gclann céanna ó thús, díoladh cuid acu thar tír amach, thit cuid acu sna cuanta agus ceannaíodh cuid acu go minic. Sé an ceann deire seo scéal an Mheiricean. -
Eagarfhocal 1996: Freastal na Meán Gaeilge ar phobail na Gaeltachta An mhí seo chugainn seolfar dhá mheán nua i gConamara – an stáisiún nua teilifíse TnaG agus An Nuachtán - páipéar nua Gaeilge. Fáiltíonn muid ó chroí rompu agus molann muid misneach na ndaoine atá ag tabhairt faoin dá mheán nua. Thar aon rud eile, tá súil againn go n-éireoidh leo lucht féachana agus pobal léitheoireachta mór a bhuanú anseo i nGaeltacht Chonamara, cé go dtuigeann muid gur meáin ‘náisiúnta’ go príomha a bheas iontu….. -
Máirtín Mhichael Labhráis Breathnach - An Fear Deireannach ar Inis Eilte Tá sé ráite gur Fia nó Eilc an chiall atá leis an bhfocal Eilte. Tá carraig taobh thoir don oiléan ar a nglaotar Carraig Léim na hEilte. Níl ar an oileán ach teach amháin, ach tá ballaí thoir i lár an oileáin agus is dócha go raibh cónaí ann sul má tháinig mo mhuintir anseo, ach níl aon eolas cé iad fhéin. -
Meaircín agus Joe Clochartaigh Meaircín agus Joe Clochartaigh, na saorbháid ó Mhaoinis, le model den bád deireannach a thógadar, An Meaircín Joe. Beidh borradh iontach ag tíocht faoi tógáil bád aríst i gConamara de bharr Scéim Eorpach, atá ceadaithe do Chumann Húicéarai na Gaillimhe. ‘Saor Bád’ atá ar an scéim agus tá £7,500 ceadaithe faoi Clár Horizon do Chumann na Húicéaraí le plean a chur le chéile chun cúrsa oiliúna do dhaoine óga ó Chonamara a chur ar bun, i dtógáil agus i ndeisiú bád seoil. -
Aimsiú nó Ionradh? Sa mbliain 1992 comóradh ar fud Mheiriceá Theas 500 bliain ó aimsiú na h-ilchríche sin. Bhí a mhacasamhail céanna de chomóradh san Madre Patria, an Spáinn agus an Phortaingéil. Deir an stair oifigiúil linn gur aimsigh na Spáinnigh tíortha labhartha na Spáinnise agus na Portaingéilise lbha Espannhola nó An Bhreasail thart faoin mbliain 1492. Má théann muid níos faide leis an scéal seo tá sé rí-thábhachtach ceist amháin a chur díreach agus sí sin céard is ciall le 'aimsiú'. -
Cóilín Phádraig Shéamais ag dul go Sasana Tá an gheamaireacht Cóilín Phádraig Shéamais a scríobh Joe Steve Ó Neachtain do Phléaráca, le taisteal go Londain sa bhFómhair. Léireofar Cóilín Phádraig Shéamais ar an Domhnach 29 Deireadh Fómhar, in lonad na nGael (The Irish Centre) i gCamden Square. Chonaic os cionn 3,000 duine Cóilín Phádraig Shéamais mí na Márta seo caite, nuair a léiríodh an gheamaireacht i hallaí pobail ar fud Chonamara agus Árann. Sé Trevor Ó Clochartaigh a léirigh Cóilín Phádraig Shéamais do Phléaráca. -
Uachtarán nua an Conradh Toghadh Gearóid Ó Cearbhalláin ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge mí Bealtaine seo caite. Béal Feirsteach go smior é Gearóid, lán le fuinneamh agus smaointí. B'é a bhí ina eagarthóir ar Lá, an páipéar Gaeilge seachtainiúil a fhoilsítear i mBéal Feirste. Chas Úna Ní Cheannabháin agus Bríd Ní Chartúr leis an Uachtarán nua ag an gceolchoirm mór faoin aer a d'eagraigh an Conradh, ar pháirc Choláiste Chonnacht an mhí seo caite, le eolas a fháil ar céard a bhí i gceist aige a dhéanamh le Conradh na Gaeilge. -
Leader II: Agallamh le Ivan Mac Philip Tá Clár Leader II don Gaeltacht réidh le tosnú. Céard é Leader? Céard tá Leader ag iarraidh a bhaint amach? Cén cineál togra a fhaigheann cúnamh airgid tré Leader? Cén caoi ar féidir cúnamh a fháil ó Leader? Chuaigh Úna Ní Cheannabháin chun cainte le Ivan Mac Philip, atá ina Oifigeach Réigiúnach le Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) - an eagraíocht atá i bhfeidhil Clár Leader na Gaeltachta. -
Cuairt ar Bhéal Feiriste Thaisteal grúpa beag ó Phléaráca go Béal Feirste an chéad dheireadh seachtaine de mí Lúnasa. Bhí Féile an Phobail ag tosnú in Iarthar Bhéal Feirste. Turas eolais a bhí ann, le seans a thabhairt do dhaoine ó Chonamara eolas agus aithne a chur ar mhuintir Iarthar Bhéal Feirste. San grúpa a thaisteal bhí Mairéad Ní Scanláin, Meta Ní Mháille, Treasa Ní Mhaoleoin, Mandy Ní Mhurchú, Dáithí Ó Muírí, Caomhán Ó Scolaí, Róisín Ní Mhainnín agus Turlough O'Connor. Pádraic Ó Flatharta a bhí ag tiomáint an mionbhus agus sé a bhí an-fhoighneach linn ar feadh an deireadh seachtaine. -
Caitheamh Aimsire na nDaoine sa Seansaol Sciotar Uisce nó Sceidíní: Cluiche deas simplí é seo a d'imrítí cois farraige áit a bhfuil neart leacóg nó Ieicíní. D'imreodh páistí, cailíní is buachaillí, fir is mná an cluiche agus bhíodh an-tóir air le linn na huaire breá – go háirithe i ndeireadh an earraigh agus i dtús an tsamhraidh. Chloisfeá daoine ag rá: ‘Fág seo go ndéanfaidh muid sciotar uisce nó sceidíní!’ -
Slán le hInis Meáin Ar an gcéad Domhnach de mhí Iúil, 1970 a chéadsheol mise go hlnis Meáin. Ba é an chéad uair ar fharraige mhór an Atlantaigh mé. Bhí mé i mo bhliain dheireannach sa choláiste ársa Má Nuad, agus mé ar bheagán Gaeilge. Bhí tuairim mhaith agam go mbeadh tréimhse i nGaeltacht Chonamara nó ar oileán Gaeltachta i ndán dom, agus bhí sé thar am agam tosnú ar fheabhsú mo chuid Gaeilge. -
Céard é Cunús? Ní fios cén chéad duine a raibh an oiread sin drochmheasa ar a comharsa aige gur cunús a thug sé air. Focal coitianta anois é cunús (conús an litriú caighdeánach) i gcaint Chonamara, cé go mba rí-annamh sa litríocht é go dtí gur thosaigh an Cadhnach ag scríobh. -
Tá an Teilifís ag Teacht: Agallamh le Cathal Goan Labhair Bríd Ní Chartúr le Cathal Goan, Ceannasaí TnaG le gairid. Phléigh siad na ceisteanna a bhíonn dhá gcur ag an bpobal maidir leis an tseirbhís nua teilifíse tré Ghaeilge, a bheas a cheanncheathrú i mBaile na hAbhann. -
Cuairt ar fhéile cheoil Cnapan i bhFfostrosol na Breataine Bige Fearacht Raiftearaí nár lig an tairscint ar cairde nuair a fuair sé an cuireadh go Baile Uí Laoi, nuair a d'iarr Pléaráca ormsa an mbeadh suim agam a theacht leo go Ffostrosrol na Breataine Bige, thoiligh mé ar a dhul. Bhí an-cháil cloiste agam ón dream a bhí thall anuraidh ar an bhféile Cnapan agus chomh maith le sin ba bhreá liom an tír a fheiceáil don chéad uair. -
An Turas Aniar Ar an Satharn 16 Meán Fómhair, fágfaidh rothaithe An Spidéal ag 9.00 ar maidin le taisteal go Ráth Cairn. Tá an turas seo á dhéanamh ag muintir Ráth Cairn agus a gcairde mar chomóradh 60 bliain ar bhunú Ghaeltacht Ráth Cairn. -
An Mhaighdean Mhara Tá difríocht mhór amháin idir an Mhaighdean Mhara agus aon cheann eile de bháid mhóra Chonamara. Sí an t-aon bád mór í atá déanta ag an gclann a bhfuil sí acu fós - clann Mhic Dhonnchadha nó clann Johnny Jimmy Pheaitsín as an gCuilleán, An Cheathrú Rua. Tá rud eile freisin ag baint leí, sí an bád mór deireadh í a tharraing móin go hÁrainn as Conamara ag tús na seachtóidí, timpeall 1972. As Caladh Thaidhg a bhíodh sí ag tarraingt. -
Agallamh le Bob Quinn Scannánadóir a bhfuil cónaí air i gConamara ó 1970, chaith sé a phost buan le RTÉ in aer i 1969 agus tá sé anois ceapaithe ar Údarás RTÉ. San agallamh seo le Bríd Ní Chartúir nochtann Bob Quinn a chuid smaointe ar RTÉ, ar Chonamara agus ar TnaG. -
Dónall Ó Colchúin Rugadh agus tógadh Dónall Ó Colchúin ar an gCeathrú Rua. Fuair sé a oiliúint i gColáiste Iarlfhlatha, Tuaim agus ansin i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhíodh suim i gcónaí aige i scríbhneoireacht agus i gcumadóireacht, ach ba mhó cáil a bhí ag muintir na háite air mar shiopadóir ar an gCeathrú Rua. Filíocht phobail is mó a léirítear ina chuid dánta agus tá baint mhór ag stair na Ceathrún Ruaidh leo, chomh maith le léiriú ar shaol an lae inniu.
1801–1900 de 1980