Glórtha na Réabhlóide: Míreanna Fuaime
Bailiúchán
- Title
- Glórtha na Réabhlóide: Míreanna Fuaime
- Description
- Tá ábhar á chur le cartlann an Raidió ó 1972 agus is bailiúchán é a bhfuil stór luachmhar eolais inti ar chultúr agus ar shochaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rinneadh an chartlann a chíoradh chun na míreanna fuaime is feiliúnaí faoi na himeachtaí stairiúla a tharla in Éirinn sna blianta 1913-1923 a aithint. Rinneadh rangú agus comhthéacsú orthu, agus tá siad curtha i láthair an phobail arís sa bhailiúchán seo. Tá idir léachtaí, agallaimh agus chláir faisnéise sa bhailiúchán seo. Tugann na míreanna fuaime seo léargas ar chomhthéacs stairiúil, cultúrtha agus sóisialta an ama. Léiríonn siad freisin an tionchar a bhí ag eachtraí corraitheacha, cosúil leis an gCogadh Mór, an tÉirí Amach, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha, ar phobal na hÉireann. Tugann na míreanna léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, a chuala faoi, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin a tharla sa tréimhse chinniúnach díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit.
Míreanna
-
Cuairt ar Theileann (16/05/1977) Sa chlár seo, labhraíonn Mícheál Mac Giolla Easbuic le daoine as Teileann, Co. Dhún na nGall. Déanann Aodh Ó Beirn cur síos ar a shaol i dTeileann. Labhraíonn sé faoin iascaireacht sa cheantar agus na hathruithe atá tagtha air an tslí mhaireachtála sin le himeacht na mblianta. Luaitear freisin Stáisiún Gharda an Chósta sa cheantar. Is fothrach é [ag an am ar craoladh an clár]. Bhíodh gardaí cósta ann ag faire amach ar smuigléirí. Bhíodh na gardaí céanna ar thóir baill den IRA i rith Chogadh na Saoirse. D'ionsaigh an tIRA an stáisiún i 1920, agus dódh é i 1923. Déanann Proinsias Ó Baoill [9:00] cur síos ar an rang tógála bád atá ar siúl i dTeileann faoi scáth an Choiste Gairmoideachais. Ina dhiaidh sin [12:13] labhraíonn Seán Mac Briartaigh (John Mhánais) faoina shaol féin ar an oileán. Chaith sé tréimhse freisin in Arm na Breataine. Ag críoch an chláir [23:00], labhraíonn Mícheál Ó Gallchóir faoina shaol féin ag fás aníos ar Theileann. Déanann sé trácht ar an bhfliú mór a tháinig i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Is cuimhin le Ó Gallchóir siúl go dtí an siopa óna theach féin i lár an lae i mí na Nollag 1918. Lá breá a bhí ann, ach níor casadh oiread is duine air ar an mbealach go dtí an siopa nó ar a bhealach abhaile ach an oiread. Bhí muintir an bhaile uilig tinn mar gheall ar an bhfliú. -
Agallamh le Liam Ó Briain (11/11/1962) Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Liam Ó Briain (1888-1974). Rugadh Ó Briain i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (anois Ollscoil na hÉireann, Gaillimh). Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca, agus sheas sé do Shinn Féin in Ard Mhacha san Olltoghchán i 1918. Labhraíonn sé faoin scríbhneoir Pádraig Ó Conaire, faoin nGaeilge agus faoin ról a bhí aige i stair na tíre. -
Agallamh le Neans Uí Shuibhne (22/01/1996) Sa chlár seo, labhraíonn Neans Uí Shuibhne (Ní Shúilleabháin) le Diarmaid Ó Súilleabháin. Rugadh í i gCill na Martra, Múscraí, Co. Chorcaí in 1898. Ghlac beirt dá cuid deartháireacha, Mick agus Paddy, páirt i gCogadh na Saoirse. Chuaigh sí ar mheánscoil i Scoil na Mná Rialta Doiminiceach, ar Shráid Eccles i mBaile Átha Cliath. Chonaic Uí Shuibhne go leor de na heachtraí móra stairiúla a tharla i mBaile Átha Cliath sna blianta 1913-1923. Déanann sí cur síos ar an Frithdhúnadh Mór i 1913, agus ar na sluaite móra d'fhir oibre a chruinnigh ar shráideanna na cathrach. Chonaic sí Jim Larkin ag labhairt le slua mór acu ar Shráid Uí Chonaill. Chonaic sí freisin an slua mór a bhí ag dul chuig sochraid Uí Dhonnabháin Rossa, agus déanann sí cur síos ar na hÓglaigh, lena gcuid gunnaí, a ghlac páirt sa mhórshiúl. Luann sí gur aithin sí fear amháin as Corcaigh a bhí sa mhórshiúil. D'fhág an fear céanna Corcaigh ar a rothar, ar a bhealach go Baile Átha Cliath, nuair a chuala sé faoin Éirí Amach i 1916. Chuaigh sé chomh fada le Cill Dara sular ghabh na póilíní é. Bhí Uí Shuibhne féin ar saoire i gCorcaigh le linn an Éirí Amach, ach bhí aithne aici ar go leor daoine a bhí páirteach ann. I measc na ndaoine a raibh aithne aici orthu bhí Dónal Ó Ceallacháin (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920-1923), Dónal Ó Corcoráin (as Maigh Cromtha agus a bhí sa Chéad Dáil), Risteard Ó Maolchatha, Tomás Mac Curtáin (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920) agus Traolach Mac Suibhne (Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1920). Bhí cead isteach aici sa Chéad Dáil i 1919 mar go raibh aithne aice ar an oiread sin de na polaiteoirí. D'éist sí le himeachtaí na Dála, agus leis na polaiteoirí ag tógáil an mhionna poblachtaigh. Leanfadh sí na feisirí chuig cistin (The Sod of Turf) ar Shráid Grafton. Is cuimhin léi na daoine éagsúla a bhíodh i láthair, ina measc athair agus máthair Garrett Mhic Gearailt ag suí sa chúinne in éineacht leis an gCuntaois Markievicz, lena crios agus a gunna. Bhídís mór le chéile mar go raibh siad le chéile in Ard-Oifig an Phoist san Éirí Amach. Bhíodh Maud Gonne MacBride, baintreach Sheáin Mhic Giolla Bhríde, i láthair. Bhí Dora Ffrench ann, a d'aimseodh i gcónaí duine éigin le Gaeilge chun labhairt leo. Bhí sí cáilithe mar mhúinteoir, agus ag múineadh i mBaile Chaisleáin an Róistigh faoin am a thosaigh Cogadh na Saoirse. Thagadh saighdiúirí chuig an teach go minic. Is cuimhin léi uair amháin nuair a tháinig saighdiúirí go moch ar maidin. Chuardaigh siad an teach, agus léigh siad gach litir a bhí ann. Ina measc bhí torthaí scrúdaithe ón scoil, agus thréaslaigh an saighdiúir a bhí i gceannas leo mar gheall ar na torthaí maithe a bhí acu. Is ag iarraidh deartháireacha Uí Shuibhne a ghabháil a bhí na saighdiúirí, agus is beag nár rugadh orthu cúpla uair. Thagadh Crossley Tenders na gCúntóirí agus na nDúchrónach aníos chuig bóthar an tí, ach stopadh siad na hinnill sula sroicheadh siad an teach. Dhéanfadh siad iarracht teacht ar an teach go ciúin. Luann Uí Shuibhne nach raibh ag a cuid deartháireacha ach cúpla nóiméad chun éalú oíche amháin. Luann sí go raibh aithne aici ar Thraolach Mac Suibhne, agus go bhfanfadh sé uaireanta i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Labhraíonn sí freisin faoi Thomás Mac Curtáin. Bhí sí i gCorcaigh nuair a dhóigh fórsaí na Corónach an chathair. Labhraíonn sí faoin uair a tháinig na Dúchrónaigh chuig an scoil ina raibh sí ag múineadh. Bhí siad ar meisce, agus nuair a thosaigh siad ag caitheamh urchair ar an mbóthar chaith Uí Shuibhne agus na gasúir iad féin síos ar urlár an tseomra ranga. Chiceáil siad isteach doras na scoile, agus níor scaoil Uí Shuibhne isteach iad. Níor chuir eachtraí mar seo faitíos uirthi, a deir sí. Dar léi, ní raibh Oireachtas na Gaeilge riamh chomh maith leis an gceann a bhí i mBaile Átha Cliath i 1921, nuair a bhí an sos cogaidh ar bun, agus sular tháinig an scoilt. Bhí céilí i gCearnóg Parnell, agus tháinig daoine as Meiriceá agus an Astráil chun ceiliúradh a dhéanamh. Cuimhníonn sí go raibh sí ag damhsa le Mícheál Ó Coileáin lena taobh agus Éamon de Valera os a comhair. -
Clár faoi Pat 'Aeroplane' Ó Sé (22/09/1977) Is clár i gcuimhne ar Pat 'Aeroplane' Ó Sé é seo. Rugadh Ó Sé in 1889, agus bhuaigh sé dhá bhonn sinsir peile le foireann Chiarraí i 1913 agus i 1914. Peileadóir cumasach ba ea é, ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse, agus chaith sé seal i ngéibheann. Bhásaigh sé i 1977 agus craoladh an clár seo an lá tar éis a cuireadh é. Labhraíonn Seán Ó Síocháin agus Mícheál Ó Muircheartaigh faoi Ó Sé. Chuir Mícheál de Mórdha agallamh air Ó Sé cúpla bliain sular cailleadh é, agus tá an t-agallamh sin mar chuid den chlár freisin. -
Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982) Is clár faoi Éamon de Valera é seo, curtha i láthair ag Proinsias Ó Conluain. Úsáidtear míreanna fuaime éagsúla ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina bhfuil de Valera ag caint faoi thréimhsí agus faoi ócáidí éagsúla ina shaol. Sa chéad mhír, in agallamh le de Valera, pléitear an Ghaeilge mar theanga phobail i mBrú Rí, Co. Luimnigh, agus an scolaíocht a fuair sé. Ina dhiaidh seo labhraíonn Caitlín Uí Thallamhain faoi Shinéad de Valera, bean Éamon de Valera. Ag leanúint seo tá mír fuaime ó 1944, ina ndéanann de Valera píosa cainte faoi staid na tíre. I mír eile labhraíonn de Valera amach go láidir, ag agóid ar Shráid Uí Chonaill, faoi na beartais a bhí ag Rialtas na Breataine chun an chríochdheighilt a bhuanú tar éis do Rialtas na hÉireann Poblacht a fhógairt i 1949. I bpíosa fuaime eile, labhraíonn de Valera ag ócáid chomórtha i 1959, 50 bliain ó tháinig an chéad Dáil le chéile. Ina dhiaidh sin tá an óráid a thug sé ar oscailt Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair i 1958. Críochnaíonn an clár le píosa cainte a rinne de Valera ag ócáid in éineacht le Seán T. Ó Ceallaigh. -
Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005) San eagrán seo den tsraith chlár Ard Tráthnóna labhraíonn Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha le Tomás Ó Máille faoin luíochán mór le rá a tharla i dTuar Mhic Éadaigh i 1921. Deirtear san agallamh go bhfuil go leor amhrán scríofa faoin eachtra seo, inar maraíodh ceathrar Dúchrónach agus beirt Óglach (Michael O’Brien agus Patrick Feeney). Bhí uncail le Tomás ar an láthair nuair a thit rudaí amach. Maraíodh Feeney nuair a tháinig na Dúchrónaigh air agus é ag tabhairt teachtaireachta ar a rothar ó cheantar Bhaile an Róba. Chaitheadar é nuair a rinne sé iarracht éalú uathu, dar leis na Dúchrónaigh, ach ní chreideann mórán daoine é sin. Theith beirt Óglach eile, Michael O’Brien agus Tom Maguire, suas sna cnoic tar éis an luíocháin agus na Dúchrónaigh ina ndiaidh. Nuair a tháinig fear ard, rua ina dtreo, shíl siad gur fear áitiúil (Coistealbhach) a bhí ann, ach Dúchrónach mór le rá a bhí ann darbh ainm [Geoffrey] Ibberson. Scaoil sé leis an mbeirt acu, maraíodh O’Brien agus goineadh Maguire. De réir chur síos mháthair Thomáis, a bhí ina cailín óg ag an am, bhí piléar i mbolg Maguire agus é ag cur fola go tréan. Is cosúil gur úsáid siad an bainne buí, ó bhó a bhí ag breith lao, mar leigheas, le go stopadh sé an fhuil ag sileadh. Is timpeall an ama seo freisin a dhóigh siad an bheairic siar ó Choill an tSiáin, sa cheantar céanna. -
Tomás Ó Domhnaill (28/08/2001) Is clár faisnéise é seo faoin náisiúnaí agus an polaiteoir Tomás Ó Domhnaill (1871-1943), as Lios Cearnaigh, An Baile Dubh, Co. Chiarraí. Bhí Ó Domhnaill ina fheisire i bParlaimint Westminster ó 1900 go 1918 do Chiarraí Thiar. Ba ghníomhaí a bhí ann freisin i gcúrsaí a bhain le cearta talún. Díbríodh a mhuintir óna gcuid talún nuair a bhí sé óg. Nuair a bhí clann le díshealbhú, bhí sé de nós ag an am iad a fhágáil sa teach go múchfaí an splanc dheiridh i dtine an teallaigh. Insítear sa chlár seo gur caitheadh uisce ar an tine ionas nach mbeadh moill ar dhíshealbhú chlann Uí Dhomhnaill (de réir leagan eile den seanchas, mhún an báille ar an tine chun í a mhúchadh). Ba léir go ndeachaigh sé seo i bhfeidhm ar Ó Domhnaill, agus chaith sé a shaol polaitiúil ag iarraidh córas na talún a leasú. Bhí sé ar dhuine de lucht leanta John Redmond, agus thacaigh sé leo siúd a throid sa Chogadh Mór. Chleachtaigh sé mar abhcóide i 1905 agus ceapadh ina bhreitheamh é i 1941. -
Ar theip ar an mbrionglóid? (13/03/1991) Sa mhír fuaime seo, pléann Timlín Ó Cearnaigh Éirí Amach na Cásca agus fiafraíonn sé ar chóir go mbeadh muid ag ceiliúradh agus ag comóradh an Éirí Amach. Cuireann sé an cheist: ar theip ar an mbrionglóid, agus má theip, cén fáth ar theip uirthi. Fiafraíonn sé cá bhfuil spiorad na Cásca inniu. Chun na ceisteanna seo go léir a phlé cuirtear agallamh ar Ghearóid Ó Tuathaigh, ar Nollaig Ó Gadhra, ar Liam Ó Cuinneagáin agus ar Thomás Mac Giolla Bhríde. -
Ó na Sceirde Aniar - Éirí Amach 1916 (12/04/2004) Le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916, tarraingíonn an clár seo, atá á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig agus a craoladh in 2004, ar mhíreanna fuaime éagsúla ó chartlann Raidió na Gaeltachta. Tosaítear le Johnny Shéamuis Ó Conghaile ag léamh píosa a scríobh an réabhlóidí Peadar Ó Dónaill, agus a foilsíodh san iris Dóchas, nuair a bhí comóradh á dhéanamh ar an Éirí Amach i 1966. Ina dhiaidh sin [08:00], labhraíonn Pádraig Ó Snodaigh faoi chultúr na réabhlóide i bpobal Chorca Dhuibhne. Deir sé gur scríobh Tomás Ó Criomhthain go raibh muintir na háite ag caint faoin Rialtas Dúchais, ach nach raibh an oiread sin spéise ag an bpobal ina raibh ag tarlú i bparlaimint Westminster. Níor léir go raibh an pobal tiomanta go láidir don réabhlóideachas. Ach bhí meas ag an bpobal ar dhaoine éagsúla, ar nós Sheáin Uí Mhuircheartaigh as Gallaras agus Sheán Caomhánach (Seán a’ Chóta mar a thugtaí air), a bhí in ann daoine a mhealladh isteach sna hÓglaigh. Dar le Ó Snodaigh, bhí seantraidisiúin an phoblachtachais, ó na Fíníní ar aghaidh, níos leanúnaigh — bíodh is go raibh sé tanaí — i bpobal Chorca Dhuibhne ná mar a bhí i bpobal Chonamara. Deir Ó Snodaigh gur cheap an Piarsach gur chóir go dtiocfadh gunnaí an Éirí Amach i dtír i gceantar Gaeltachta, mar léiriú gurbh é an ceantar seo lárphointe an idéil Éireannaigh. Go deimhin, bhí sé i gceist é seo a dhéanamh i Meán Fómhair 1915, i gceantar an Spidéil, ach ní mar sin a tharla. Nuair a ceistíodh Ó Snodaigh faoi méid a theastaigh ón bpobal a tharlódh don tír i ndiaidh an Éirí Amach, cheap sé go mb’fhéidir go raibh meon Thomáis Uí Cléirigh forleathan. Nuair a fiafraíodh den Chléireach ar mhaith leis an Uachtaránacht a bheith aige tar éis an Éirí Amach, dúirt sé gurbh fhearr leis a bheith i mbun an ghairdín sa bhaile – ag tabhairt le fios gur leor dó deireadh a bheith le ré na Sasanach sa tír. Labhraítear freisin faoi Earnán de Blaghad, a bhí ag obair le muintir Ághais i Lios Póil, agus Seán Mac Diarmada, a thug ceann de na hóráidí ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach i dTrá Lí. Léiriú ba ea an óráid seo nach é an Piarsach amháin a bhí tiomanta do dhoirteadh fola: [ ‘The Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years. It will be necessary for some of us to offer ourselves as martyrs if nothing better can be done to preserve the national Irish spirit.’ ] Labhraíonn Breandán Feiritéar [17:00] leis an údar Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoina chuid cuimhní cinn faoin Éirí Amach agus an tréimhse ina dhiaidh. Bhí sé ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuigeadar an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go háitiúil’) go háitiúil. Luann Ó Conghaola an sagart áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i bparóiste an Chnoic, a bhí ag impí ar an bpobal ón altóir tacú leis na hÓglaigh. Deir sé gur obair chontúirteach a bhí ar bun ag an sagart, i bhfianaise ar tharla den Athair Ó Gríofa as Bearna, a maraíodh i 1921. Déanann sé trácht freisin ar an Dr Breathnach as Tuaim, a bhíodh ag gríosadh Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go rabhadar ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spíodoirí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine. Déanann Nollaig Ó Gadhra [22:00] cur síos ar dhearcadh na bpáipéar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Éirí Amach. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo]. Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh críoch leis an mír fuaime seo [32:00] nuair a dhéanann sé comparáid idir an comóradh a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca sna blianta 1966 agus 1976. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo]. -
Conablaigh Conallacha (16/11/1979) San eagrán seo den chlár Conablaigh Conallacha labhraíonn Pól Ó Gallchóir leo siúd a bhfuil cuimhne acu ar na blianta corraitheacha sin idir an Éirí Amach i 1916 agus an Cogadh Cathartha. Ina measc tá Séamus Ó Rabhartaigh (Jimmy Charlie Sheáin Mhánais) as Mín an Iolair, Co. Dhún na nGall. Chaith sé na blianta 1922-1923 i bpríosún i nDroim Bó, i mBun Cranncha, agus i gCampa an Churraigh. -
Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986) Craoladh an mhír seo, eagrán den tsraith chlár Adhmhaidin, 70 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca. Dar le Seán Ó Tuairisg, is beag cainte atá faoin ócáid. Labhraíonn sé leis an iar-Aire Cosanta agus Rialtais Áitiúil i rialtas Fhianna Fáil, Caoimhín Ó Beoláin, agus cuireann sé an cheist: an bhfuil deireadh le ré Éirí Amach na Cásca? Tá, dar le Ó Beoláin, ach go bhfillfear air amach anseo. Deir sé gur beag béim a chuireann rialtais Fhine Gael ar chomóradh an Éirí Amach. Chuir siad deireadh leis an gcomóradh oifigiúil a bhíodh ar Shráid Uí Chonaill — agus, dar leis féin, b’fhearr gan comóradh a dhéanamh mura bhfuil rialtas an lae tiomanta ina leith. Deir sé gur mhacánta an mhaise do rialtas an lae gan tagairt ar bith a dhéanamh don Éirí Amach. Maíonn Ó Tuairisg gur rud nádúrtha é go laghdaíonn tábhacht eachtra le himeacht na mblianta. Cé go n-aontaíonn Ó Beoláin leis seo, ní shin mar atá sa chás seo mar nár baineadh amach ceann scríbe an Éirí Amach — sin aontú na tíre — atá fós mar aidhm oifigiúil ag an Stát. Nuair a chuirtear an cheist ar Ó Beoláin cé hiad na comharbaí cearta ar an bPiarsach agus Ó Conghaile — Fianna Fáil nó na Sealadaigh — deir sé go bhfuil aidhm na Sealadach ag teacht le mianta an Phiarsaigh, ach nach nglacfadh ceannairí an Éirí Amach leis na slite atá acu leis na mianta sin a bhaint amach. -
Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975) I gcuid a dó (tá cuid a haon [anseo]) de chur síos Ghearóid Uí Thuathaigh ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, díríonn an staraí ar an tréimhse ina shaol ó Bhealtaine 1923 ar aghaidh. Is ag an am sin a thug sé an t-ordú do na poblachtaigh a gcuid arm a chaitheamh uathu agus deireadh a chur leis an gCogadh Cathartha. Pléitear an scoilt le Sinn Féin i 1926, agus go raibh mianta Fhianna Fáil — teanga, talamh agus eacnamaíocht — ag teacht le fís Airt Uí Ghríofa. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi dhílseacht a lucht leanúna — sheas a chairde móra leis i gcónaí, daoine ar nós Frank Aiken, Seán Mac an tSaoi, Seán Lemass, Paddy Smith, Erskine Childers Óg, agus Seán T. Ó Ceallaigh. Ba dhaoine láidre, neamhspleácha a bhí iontu seo nár cheistigh go poiblí é, agus léiriú ba ea é seo ar an gcaoi ar thug de Valera daoine leis, ar a charasma, agus ar an meas a bhí acu air. Thóg de Valera an mhóid dílseachta i 1927. Pléann Ó Tuathaigh an caidreamh a bhí idir é agus an tIRA — mar Thaoiseach i 1932 bhí sé dian orthu — agus an ghráin a bhí acu air, níos mó fiú ná ar an Saorstát féin. Maidir leis na Sé Chontae, ba léir nár thuig James Craig agus de Valera a chéile, nó sin nach raibh de Valera in ann aon fhriotal a aimsiú ina chuid cumarsáide a rachadh i gcionn ar Craig. Ina pholasaí i leith an Tuaiscirt, d’fhéach sé ar an tír mar aonad tíreolaíochta, seachas mar phobal, agus bhí sé seo le feiceáil ina chuid meafar (four green fields mar shampla). Mar thoradh air seo, níor thug sé dóthain airde ar mheon aontachtaithe Uladh. Síleann Ó Tuathaigh gur chuir de Valera an dualgas ar an mBreatain ceist an Tuaiscirt a réiteach, ar bhealachm, mar gur fadhb na Breataine a bhí inti. Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil. Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798. -
Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #1 (03/09/1975) Déanann Gearóid Ó Tuathaigh, a bhí mar léachtóir le stair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, cur síos ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, a rugadh i Nua-Eabhrac in 1882. Chuaigh a mháthair, Caitríona Ní Cholla as Brú Rí i gCo. Luimnigh, go Meiriceá in 1879. Is ann a phós sí Juan Vivion de Valera, ealaíontóir as an Spáinn, in 1881. Rugadh Éamonn de Valera bliain ina dhiaidh sin. Cláraíodh mar George de Valera é ar dtús, agus ansin Edward, in ómós d’uncail Chaitríona a thaistil léi go Meiriceá. Bhásaigh Juan Vivion de Valera in 1885, agus d’fhill an chlann ar Éirinn agus ar ais go Brú Rí. Is beag maoin a bhí acu, ach d’éirigh go maith le de Valera sa scoil agus fuair sé scoláireacht chuig Coláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath, in 1898. Fuair sé an-chúnamh ó na sagairt ansin, agus chomhairligh siad dó céim a bhaint amach. Is san ollscoil a chur sé spéis i scríbhneoireacht Airt Uí Ghríofa. Chaith sé bliain ag múineadh i gCarn Tobair, Co. Thiobraid Árann, sular fhill sé arís ar Bhaile Átha Cliath, agus is ó 1905 ar aghaidh a thosaigh sé ag gníomhú sa pholaitíocht. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, agus is ann a chuir sé aithne ar Phádraig Mac Piarais agus ar Thomás Mac Donnchadha. Is i gConradh na Gaeilge freisin, fad a bhí sé ag freastal ar Choláiste Laighean (a bhí ann le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar mhúinteoirí) a chur sé aithne ar Shinéad Ní Fhlannagáin, an bhean a phós sé i 1910. Chláraigh sé leis na hÓglaigh i 1913, agus go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dó isteach san IRB. Léirigh sé a chumas míleata san Éirí Amach i 1916. Throid sé de réir rialacha an chogaidh, agus bhí meas ag a chuid saighdiúirí air. Is mar phríosúnach i Sasana a chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí le bheith ag troid i gCogadh na Saoirse ina dhiaidh sin. Thug sé misneach dá chomrádaithe. Dar le Ó Tuathaigh, bhí de Valera muiníneach ina chuid tuairimí, bhí cur chuige teoiriciúil aige, agus ní minic a chuireadh daoine ina choinne. Léirigh a stíl óráidíochta poiblí le feiceáil i bhfothoghchán an Chláir i 1917. Bhíodh sé de nós aige tosú i nGaeilge mar, dar leis, nach raibh sé ceart óráid stairiúil a thabhairt i “dteanga na namhad”. Leanadh sé ar aghaidh i mBéarla tar éis cúpla abairt Ghaeilge. Léirigh sé a chumhacht agus a ghradam nuair a chuir sí ina luí ar an Eaglais i Maigh Nuad gan glacadh le coinscríobh i 1918. Dúirt easpag amháin ina dhiaidh, agus é ag trácht ar chuairt de Valera orthu, go raibh sé ar nós gur tháinig an Spiorad Naomh anuas ina measc. Chuaigh sé go Meiriceá tar éis dó éalú as príosún Lincoln, agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé as baile le linn tréimhse an-chinniúnach – Cogadh na Saoirse – nuair a bhí ceannairí míleata ar nós Mhíchíl Uí Choileáin freagrach as gluaiseacht na poblachta. Luaitear an teannas a bhí ann idir Ó Coileáin agus de Valera nuair a d’fhill sé ar Éirinn arís. Faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ag dul in olcas. Maíonn Ó Tuathaigh go raibh an Coileánach níos eolaí ná aon duine eile sa tír ar neart míleata na nÓglach nuair a thug sé a bhreithiúnas gur cheart sos cogaidh a thapú. Ba chinneadh cinniúnach freisin a bhí ann nuair a d’fhan de Valera in Éirinn le linn chainteanna an Chonartha i Westminster. Luann Ó Tuathaigh go raibh aithne ag de Valera agus Lloyd George ar a chéile. Thuig Lloyd George an náisiúnachas mar go raibh sé féin ar son rialtas dúchais don Bhreatain Bheag sula ndearna sé státaire impiriúil as féin i Westminster. Maidir leis na cainteanna faoin gConradh, bhí sé i gceist go rachfaí i dteagmháil le de Valera faoi théarmaí an Chonartha sular síníodh aon cheo. Ach ní raibh dóthain cumarsáide idir na toscairí agus de Valera, agus nuair a chuireadar a n-ainm leis na téarmaí, ní raibh aon ghlacadh aige leo. Tá Cuid a Dó den léacht [anseo]. -
Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003) Labhraíonn Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas, le Máire Ní Chéilleachair. Tá Neans pósta ar Oileán Dhairbhre agus tá a saol caite aici ag múineadh ann. Bhí a máthair i gceannas ar Chumann na mBan sa cheantar, agus feirmeoir ba ea a hathair. Maraíodh é sa Chogadh Cathartha i 1922 nuair nach raibh ach ina leanbh óg bliain d’aois. Bhí a hathair, Pádraig Ó Loinsigh, sna hÓglaigh, agus chuaigh sé le taobh de Valera nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha. Bhí saighdiúirí an tSaorstáit sa tóir air, agus cé gur éalaigh sé uathu uair amháin nuair a tháinig siad chuig an teach i Maoroisc, níor éirigh leis éalú uathu an dara huair. Scaoil siad leis sa teach an oíche sin agus maraíodh é. D’iarr máthair Neans ar na saighdiúirí fios a chur ar an sagart. Thosaíodar go léir ag magadh fúithi – ‘A priest for a dead man?’ a dúradar – seachas saighdiúir amháin, a thosaigh ag caoineadh. Tá cuntas faoin eachtra sa leabhar Tragedies of Kerry a scríobh Dorothy Macardle. Déantar trácht sa leabhar ar Neans, a bhí bliain d’aois, ag iarraidh a hathair a dhúiseacht, agus a chuid fola ag sileadh ar an urlár. Blianta ina dhiaidh sin bhí deartháir céile le máthair Neans in ospidéal Chathair Saidhbhín. Nuair a thug sí cuairt air, bhreathnaigh sí ar an bhfear sa leaba in aice leis, agus d’aithin sí gur duine de na fir a mharaigh a fear céile a bhí ann. Bhí ionadh ar na daoine sa seomra nuair a labhair sí leis. Bhí aithne ag a máthair orthu siúd a mharaigh a fear céile, agus bhí Neans í féin mór le clann na bhfear sin. Dar léi, ní ar ghasúir na bhfear a bhí milleán. Ach dúirt sí lena clann féin gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht. -
Tomás Ághas (02/01/1985) Is clár é seo faoi Thomás Ághas (1885-1917), píobaire na Mine Airde mar a thugtaí air. Rugadh i dTeampall Chinn Aird, in aice le Lios Póil, Co. Chiarraí, é in 1885. Normannaigh ba ea a mhuintir, a tháinig go hÉirinn ó cheantar Devon i Sasana, agus a raibh ’non nobis, sed omnibus’mar mhana acu – ‘ní ar ár son féin, ach ar son gach duine’. Bhí sé sna hÓglaigh agus san IRB, agus thug sé tacaíocht do Shéamas Ó Lorcáin sna stailceanna i 1913. Throid sé in Éirí Amach na Cásca, agus ghlac sé páirt i gCath Chill Dhéagláin in aghaidh an RIC le linn an Éirí Amach. Cuireadh i bpríosún é tar éis an Éirí Amach, scaoileadh saor é i mí an Mheithimh 1917, agus gabhadh arís é i mí Lúnasa na bliana sin. Cailleadh ar stailc ocrais é i mí Mheán Fómhair 1917. Ghlac na daoine a leanas páirt sa gclár: Mícheál Ó Mórdha; Caoimhín Ó Cinnéide, Seán Ó Lúing, Cristín Uí Cheallaigh, Tomás Mac Síthigh, Bláithín Nic Síthigh, Peigí Uí Lathaimh, Máire Uí Ghrifín, Roibeard Ó Cathasaigh agus Micil Ó Briain. -
Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta) Labhraítear anseo faoi shaol na nÓglach i gCorca Dhuibhne i gCogadh na Saoirse. Ba é Seán Caomhánach, nó Seán a’ Chóta mar a thugtaí air, a thraenáil na hÓglaigh. Is trí Ghaeilge a rinneadh an traenáil, cé go raibh Béarla aige freisin. Mar go raibh an t-iasc flúirseach ag an am, bhí airgead ag na hÓglaigh le púdar agus raidhfil – a chosain idir £6 agus £7 - an duine a cheannach. Bhídís ag máirseáil le Seán a’ Chóta timpeall Cheann Trá agus an Daingin. Cuimhníonn an t-agallaí ar an Lá Fhéile Pádraig ar tháinig Aibhistín de Staic, a bhí i gceannas ar bhuíon Chiarraí de na hÓglaigh, ón Daingean leis an bparáid a stiúradh. Is cosúil go raibh sé an-sásta leo. Rinne Cumann na mBan bricfeasta dóibh sa scoil ar an lá sin, agus chas beirt dheartháireacha (Halloran an t-ainm a bhí orthu) na píoba. I measc na scéalta eile atá aige, déanann an t-agallaí cur síos ar an lá ar thugadar suas na gunnaí – ar fhógra ó Eoin Mac Néill chuig Seán a’ Chóta. Choinnigh an t-agallaí na piléir i bhfolach sa teach. Níos déanaí d’iarr sé ar an bhfear a tháinig in áit Sheán a’ Chóta (Cinnéideach a bhí ann) iad a thógáil uaidh mar gur fhág sé féin na hÓglaigh nuair a phós sé. Níor tógadh in am iad, agus is beag nár aimsigh na Dúchrónaigh na hurchair nuair a rinneadar ruathar ar an teach níos déanaí. Bheadh an t-agallaí gafa acu dá bhfeicfidís an púdar. Tá cur síos freisin sa mhír fuaime [15:00] ar an tsiúlóid mhór i 1916, nuair a mháirseáil Óglaigh Pharóiste an Fheirtéaraigh isteach go Trá Lí le bualadh leis an Aud, a bhí ag tabhairt gunnaí i dtír. Labhraíonn ceathrar a ghlac páirt sa tsiúlóid sin faoin eachtra - Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Séamas Máirtín agus Mícheál Ó Bric as na Gorta Dubha, agus Pádraig Ó Flaithearta as an gClochar. Le críoch a chur leis an bpíosa fuaime tá píosa cainte faoi Thomás Ághas [22:17]. Déanann Caoimhín Ó Cinnéide, as Baile an Mhúraigh, cur síos ar an réabhlóidí úd. Insíonn sé go raibh ócáid chuimhneacháin ann d’Ághas i 1967 i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean. D’fhreastail an tUachtarán de Valera agus Risteard Ó Maolchatha – a bhí i gCath Chill Dhéagláin in éineacht le Tomás Ághas i 1916 – ar an ócáid agus ba rud suntasach agus stairiúil a bhí ann nuair a chroitheadar lámh lena chéile. Casann an Cinnéideach amhrán a chum sé féin faoi Thomás Ághas ag deireadh an chláir. -
Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983) Craoladh an clár seo faoi Phádraig Ó Siochfhradha (‘an Seabhac’), údar na leabhar Jimmy Mháire Thaidhg agus An Baile S'Againne, i measc foilseachán eile. Rugadh é i mBaile an Ghóilín, siar ón Daingean, in 1883 - 100 bliain sular craoladh an clár seo. D'oibrigh sé mar thimire Gaeilge agus mar bhailitheoir béaloidis. Bhí sé ina rúnaí ar Choimisiún na Lámhscríbhinní, ina chathaoirleach ar an gCumann le Béaloideas Éireann, agus bhí sé ina eagarthóir leis an nGúm agus le Comhlucht Oideachais na hÉireann freisin. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Chomhairle Contae Chiarraí agus cheap Éamon de Valera ina Sheanadóir é. Bhí sé ina eagarthóir ar an Lóchrann agus rinne sé eagarthóireacht freisin ar leabhair Thomáis Uí Chriomhthain - Allagar na hInse agus An tOileánach. Bhí sé sna hÓglaigh ó bunaíodh iad (i 1913) agus bhí sé ina chaptaen ar an 5ú Cathalán de Bhriogáid Chorca Dhuibhne. Bhí sé i ngéibheann idir 1918 agus 1922. -
T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta) Labhraíonn an staraí, T.P. Ó Néill, le Breandán Feiritéar faoi Sheán Mac Diarmada. Deir sé leis nach bhfuil an oiread céanna eolais againn faoi Mhac Diarmada agus atá faoi shínitheoirí eile an Fhorógra. Fear rúnda ba ea é, agus níor fhág sé féin mórán páipéar ina dhiaidh. Rugadh sa Chorrán Mór, ina aice le Coillte Clochair i gCo. Liatroma, é in 1884, ach ní fios cén dáta breithe a bhí aige. Chuaigh sé ar imirce go Glaschú na hAlban nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, agus is ann a d’oibrigh sé mar gharraíodóir agus mar fhear ticéad ar thramanna na cathrach. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois thaistil sé go Béal Feirste. Is sa chathair sin a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, a fuair sé a chuid scolaíocht iar-bhunscoile, agus a spreagadh suim ann sa náisiúnachas. Is i mBéal Feirste freisin a bhuail sé le Bulmer Hobson, eagraí i Chlubanna Dhún Geanainn, a bhí ag craobhscaoileadh an phoblachtánachais i gCúige Uladh in éineacht le Bráithreachas na Poblachta (an IRB). Chuaigh Mac Diarmada leis an IRB i 1906 agus le Sinn Féin i 1907. Rinneadh ‘eagraí’ de i Sinn Féin (ar 30 scilling in aghaidh na seachtaine) agus bhunaigh sé cumainn de chuid an pháirtí sin ar fud na tíre. Bhí sé cairdiúil le Tomás Ó Cléirigh (Tom Clarke), a chaith a shaol ag obair le John Devoy i Meiriceá agus leis an IRB in Éirinn ag iarraidh éirí amach a thosú. Ba léir go raibh Mac Diarmada, freisin, ag iarraidh go mbeadh réabhlóid ann chomh maith ó thús an chéid. Bhí siopa ag Tomás Ó Cléirigh i mBaile Átha Cliath, áit inar cuireadh an iris Irish Freedom in eagar, agus bhí Mac Diarmada mar bhainisteoir ar an bhfoilseachán úd. Bhí sé ciúin ach gealgháireach, más fíor dá chara, Seán T. Ó Ceallaigh, ina chuimhní cinn. Fágadh Mac Diarmada bacach nuair a bhuail póilió é i 1912. Mar thoradh air seo, cé go raibh sé sna hÓglaigh, ní raibh sé in ann páirt a ghlacadh i dtraenáil mhíleata na heagraíochta. In ainneoin seo, bhí ról lárnach aige in eagar a chur ar na hÓglaigh agus iad a ghríosadh. Chuir sé aithne ar Shéamas Ó Conghaile i mBéal Feirste, agus ba eisean an nasc idir na hÓglaigh agus Arm Cathartha na hÉireann (an ICA). Is in Ard-Oifig an Phoist a bhí sé le linn an Éirí Amach i 1916, agus tógadh go Beairic Richmond é nuair a gabhadh é. Bhíothas réidh chun é a chur go Sasana mar phríosúnach nuair a d’aithin bleachtaire ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath é. Is mar gheall air seo a bhí sé ar cheann de na ceannairí deiridh a cuireadh chun báis, ar an 12 Bealtaine 1916 - an lá céanna le Ó Conghaile. Dar le T.P. Ó Néill, eagraí maith ba ea Mac Diarmada, ach bhí an rúndacht go smior ann. D’fhéadfadh sé, de bhrí sin, go ndeachaigh Mac Diarmada i bhfeidhm ar Phádraig Mac Piarais nuair a bhí an Piarsach ag ceilt eolais ar Eoin Mac Néill. Cheap Mac Diarmada gur raibh Mac Néill béalscaoilte. Murach seo, b’fhéidir go mbeadh rath ar an Éirí Amach. -
Leatsa Leagan, 01 Meitheamh 1993 Is mír fuaime í seo ó Saothar Mhic Giollarnáth ar an Raidió, sraith míreanna ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar shaol agus ar shaothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. Cur síos ar shaol Seán Mac Giollarnáth ( John Ford) le Dónal Ó Colchúin; -
Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974) Is cuid d’agallamh a rinneadh le Peats Cháit Ó Flaithearta ó Chlochar, Corca Dhuibhne é seo. Bhí Ó Flatharta sna hÓglaigh le linn thréimhse an Éirí Amach i 1916. Cuireann sé síos ar eachtra ar leith nuair a tháinig orduithe chucu le dul go Trá Lí le bualadh leis an Aud – long a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír le cabhrú leis an Éirí Amach. D’fhág sé féin agus a chuid comrádaithe an baile agus shiúil siad go dtí an Daingean a bhí 10 míle uathu. Shroich siad an Daingean ag 4pm an tráthnóna sin. Bhí raidhfil agus piléir ag gach duine acu agus d’fhág siad an Daingean ag 11pm. Bhí an oíche fuar agus fliuch. Shiúil siad trasna na Conarach agus shroich siad Trá Lí ag 10am an mhaidin dár gcionn. Bhí siad tuirseach agus thug baill ó Chumann na mBan bia agus deoch dóibh. Ní raibh mórán eolais acu faoin méid a tharla don Aud, ach ba léir nach ndeachaigh rudaí mar ba chóir, agus ar deireadh fuair ordaíodh dóibh dul abhaile arís. -
Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta) Labhraíonn Aindrias Ó Muineacháin, údar agus bailitheoir béaloidis, le Mícheál de Mórdha. Rugadh Ó Muineacháin i nGaorthadh na Péice, Béal Átha an Ghaorthaidh, i 1905. Bhí dlúthbhaint aige leis an Oireachtas, agus bhí sé ina mhúinteoir taistil ar feadh na mblianta. Is í an Ghaeilge tar éis an Chogaidh Chathartha príomh-théama an agallaimh seo. Labhraíonn Ó Muineacháin faoi na hiarrachtaí a rinne an Stát nua-bhunaithe an Ghaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna na tíre, agus na deacrachtaí a bhí acu de thoradh a laghad múinteoirí le Gaeilge a bhí ann ag an am. Nuair a cuireadh coláistí samhraidh ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, deir sé go raibh droch-thionchar aige seo ar an nGaeilge sna ceantair ina raibh na coláistí sin, go háirithe timpeall ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Deir Ó Muineacháin go raibh iar-shaighdiúirí ón dá thaobh den Chogadh Cathartha ag freastal ar a chuid ranganna Gaeilge. Ina measc siúd bhí an t-aon duine a tháinig slán as an ainghníomh a tharla i mBaile Ó Síoda, taobh amuigh de Thrá Lí, i mí Márta 1923. Ceapann sé gur chuidigh na ranganna Gaeilge seo le hathmhuintearas a chothú idir daoine a bhí in aghaidh chéile sa Chogadh Cathartha. Pléitear Conradh na Gaeilge san agallamh freisin, agus an meath a tháinig ar an eagraíocht ó na 1920í ar aghaidh. -
Litir an Easpaig chuig an nGinearál (17/05/2002) Déanann Pádraig Ó Cuanacháin (1932-2008), scríbhneoir agus staraí as Corcaigh, cur síos ar Thomás Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, a scríobh litir cháiliúil chuig an nGinearál John Maxwell ar 17/05/1916, go gairid tar éis an Éirí Amach. B’easpag neamh-ghnáthach a bhí in Ó Duibhir. Náisiúnaí ba ea é a thug tacaíocht d’athbheochan na Gaeilge, a chabhraigh le bochtáin na tíre agus a chosain cearta na ndaoine a bhí ar phá íseal. Nuair a thosaigh an Cogadh Mór, bhí sé ar aon intinn le Séamas Ó Conghaile faoi chúiseanna an Chogaidh. Ní faoi chearta na náisiún beag a bhí sé, dar leis, ach ba choimhlint choilíneach a bhí ann idir ’royal freebooters and metropolitan thieves’ mar a dúirt Ó Conghaile. Ag an am céanna, bhí droch-cháil ar John Maxwell sa tír. Bhí sé mar aide-de-camp ag an Marascal Machaire Kitchener san Éigipt agus sa tSúdáin mar chuid den fheachtas coilíneachta a bhí ar bun ag Arm na Breataine san Afraic. Maraíodh na mílte san fheachtas seo agus thug an t-arm droch-íde dá gcuid príosúnach agus dá gcuid saighdiúirí féin. Throid Maxwell freisin i gCogadh na Bórach, agus is le linn na tréimhse seo a raibh sé i bhfeighil ar na campaí géibhinn i ndeisceart na hAfraice. Chuir Maxwell litir chuig an easpag ar dtús, agus d’iarr sé air beirt shagart a tharraingt siar óna gcuid dualgas mar go raibh, dar le Maxwell, droch-thionchar acu ar an bpobal. D’fhreagair an t-easpag, ag lorg soiléiriú faoina raibh curtha i leith na sagart. Ba léir don easpag ón fhreagra a chuir Maxwell ar ais chuige nach raibh aon dlí sibhialta ná eaglasta briste ag an mbeirt. Sa litir a sheol sé ar ais chuig Maxwell, a d’fhoilsigh sé freisin, rinne an t-easpag ionsaí láidir ar Maxwell. Seo cuid den mhéid a scríobh sé: ’You appeal to me to help you in the furtherance of your work as a military dictator of Ireland. Even if action of that kind was not outside my province, the events of the past few weeks would make it impossible for me to have any part in proceedings which I regard as wantonly cruel and oppressive…’ Bhain tuin na litreach geit as pobal na tíre agus cuireadh iontas ar pháipéir nuachtáin Shasana go dtógfaí an seasamh láidir, trodach seo in aghaidh ionadaí mhíleata de bhunaíocht na Breataine. Ba léir gur fear misniúil a bhí san easpag. Spreag an seasamh a thóg sé in aghaidh fhórsaí míleata na Breataine pobal na tíre, sa tréimhse chinniúnach seo i stair na hÉireann - díreach tar éis an Éirí Amach. Cailleadh an t-easpag go gairid ina dhiaidh sin, i mí Lúnasa 1917. -
Máirín Quill ag trácht ar an gCuntaois Markievicz (07/12/1993) Labhraíonn Helen Ní Shé le Máirín Quill, Teachta Dála i gCorcaigh, faoin gCuntaois Constance Markievicz, an chéad bhean a toghadh i nDáil Éireann. Tá comóradh le déanamh i ndánlann Crawford i gCorcaigh ina honóir. Déantar cur síos ar shaol Markievicz san agallamh. Labhraítear faoina laghad pictiúr agus dealbh de Markievicz atá i dTeach Laighean. Deir Quill go bhfuil portráid den Chuntaois, atá tógtha ar iasacht fhadtéarmach ó Amharclann na Mainistreach, le crochadh go luath i dtithe an Oireachtais ina honóir. -
Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985) San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an tionchar a bhí ag Cogadh na Saoirse air féin agus ar a mhuintir. Bhí sé ina ghasúr óg ag am, ach bhí deartháireacha leis sna hÓglaigh. Bhí ceann acu, Cóilín, ag seachaint na bpóilíní mar gheall ar eachtra a tharla idir é féin agus fear áitiúil, Peadar Mac an Iomaire (Peadar Shéamuis Sheáin) a bhí in arm Shasana. Nuair a d’fhill Peadar ar an mbaile, thosaigh sé ag ól, agus mar go raibh Cóilín sna hÓglaigh, d’ionsaigh sé oíche amháin é. Mhaígh Peadar gurb é Cóilín a rinne an t-ionsaí, agus tháinig sáirsint de chuid an RIC i gCarna, darbh ainm Pryall, chuig an teach chun é a ghabháil. Níor éirigh leis agus d’éalaigh Cóilín. Deir Breathnach go mbíodh faitíos ar lucht an RIC mar go mbaintí díoltas as a gcuid ban sa bhaile dá n-ionsófaí muintir na háite. Tugann sé le fios, freisin, gur beag trócaire a bhí aige do spíodóirí. -
Leon Ó Broin ag trácht ar Mhícheál Ó Coileáin (22/08/1982) Agus muid ag comóradh 60 bliain ó maraíodh Mícheál Ó Coileáin, tugann an Dr Leon Ó Broin cuntas ar a shaol agus ar a bhás. Díríonn sé ar a shaol mar shaighdiúir, mar státaire agus mar pholaiteoir. Dar le Ó Broin, shílfeá nach raibh i ndán don Choileánach ag tús a shaol ach an gnáthshaol a bheadh ag gasúr tuaithe ag tús an chéid seo caite, gasúr a tógadh i dteaghlach feirmeoireachta agus nár cuireadh ach oideachas bunscoile air. Ach ba léir gur oideachas ar ard-chaighdeán a cuireadh air, mar go bhfuair sé post gan dua tar éis dó an scoil a fhágáil. Is in Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, a bhí sé le linn an Éirí Amach. Maíonn Ó Broin nach raibh Ó Coileán ró-thógtha leis an bPiarsach, ach go raibh ard-mheas aige ar Shéamas Ó Conghaile – rud a léirigh gurbh fhearr leis an réalaí ná an t-idéalaí. Bhí am aige machnamh a dhéanamh faoi staid na tíre sna campaí géibheann sa Bhreatain Bheag, agus a bheith ag beartú bealaí a d’fhéadfaí an obair ar cuireadh tús léi leis an Éirí Amach a chur i gcrích. -
Léacht Uí Thuathaigh ag Oireachtas 1976 (02/09/1976) Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, staraí, léacht faoi Éirí Amach na Cásca ag Oireachtais 1976. Déanann sé comparáid idir comóradh an leathchéid, i 1966, agus an comóradh - nó a laghad comórtha – atá á dhéanamh i 1976. Maíonn sé go bhfuiltear anois ag ceistiú an Éirí Amach agus ceannairí an Éirí Amach agus á luchtú. Deir sé go mbreathnaítear orthu anois mar fhir uaisle ach nach raibh sé indéanta na cuspóirí a bhí acu a bhaint. Labhraíonn sé faoi chúlra an Éirí Amach, faoin tacaíocht a bhí á tabhairt ag Parlaimint na Breataine don Rialtas Dúchais agus faoi dhearcadh na n-aontachtaithe i gCúige Uladh ina leith seo. Pléitear Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann (ICA), agus a mbunaitheoirí, a bhí ag maíomh nach raibh siad ach ag aithris ar Óglaigh Uladh agus an UVF sa tuaisceart. Dar le Ó Tuathaigh, bhí trí phríomh-ghné ag baint le hidé-eolaíocht an Éirí Amach – aisling Uí Chonghaile, aisling an Phiarsaigh, agus an sean-chreideamh Fíníneach. Cé go raibh lorg Uí Chonghaile ar Fhorógra na Poblachta, maíonn Ó Tuathaigh gur doiciméad Fíníneach a bhí ann – agus nach raibh aon cheo faoi shóisialachas Uí Chonghaile ná faoi réabhlóid chultúrtha an Phiarsaigh san Fhorógra. -
Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981) San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a bhásaigh seachtain sular craoladh an mhír fuaime seo. Scríobh Mac an Bheatha Tart na Córa (1962), i measc saothar eile, faoi shaol agus faoi shaothar Shéamais Uí Chonghaile. Scríobh Nora Connolly-O’Brien an leabhar Portrait of a Rebel Father faoina hathair i 1935. Deir Mac an Bheatha go raibh ról lárnach ag a iníon i saol Uí Chonghaile, agus go raibh ról aici ag craobhscaoileadh a chuid fealsúnachta tar éis a bháis. Bhí sí mar idirghabhálaí idir an ceanncheathrú i mBaile átha Cliath agus fórsaí na poblachta i dtuaisceart na hÉireann le linn an Éirí Amach. Bhí sí san ospidéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath lena hathair cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é i bpríosún Chill Mhaighneann. Maidir le Séamas Ó Conghaile é féin, deirtear gur beag eos atá againn faoi, agus luann Mac an Bheatha go raibh go leor cáipéisí stairiúla ag Liam Ó Briain [William X. O’Brien] a bhí mar rúnaí ar Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU), agus nár thug sé cead iad a scrúdú fad is a mhair sé. Fiafraíonn Mac an Bheatha cén meas a bheadh ag Ó Conghaile ar chúrsaí in Éirinn sa lá atá inniu ann, agus maíonn sé nach mbeadh sé sásta faoin gcríochdheighilt, ná faoi staid shóisialach na tíre. -
Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993) Mar chomóradh 100 bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge (ar 31/07/1893), tabharfaidh Pádraig Ó Snodaigh, údar agus gníomhaí teanga, léacht in Óstán Russel Court ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. San eagrán seo de Nuacht a hAon, labhraíonn Ó Snodaigh faoin léacht a thabharfaidh sé. Deir sé go léireoidh sé go bhfuair glúin na réabhlóide a gcuid oideachais sa Chonradh, agus gur faoi thionchar an Chonartha a chuir siad aithne ar Éirinn den chéad uair. Bhí dlúthbhaint ag an nglúin sin le Conradh na Gaeilge. Bhí seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta ina mbaill den Chonradh, agus bhí an té nach raibh, Séamas Ó Conghaile, báúil leis an gConradh agus le mianta an Chonartha. Mar léiriú air seo, rinne Ó Conghaile iarracht, ina leabhar Labour in Irish History (1910), na dúshláin a bhí le sárú ag an lucht oibre in Éirinn a chur i gcomparáid leis na dúshláin a bhí le sárú ag gluaiseacht na hathbheochana trí chéile. D’fhoilsigh Eoin Mac Néill alt san iris An Claidheamh Soluis [dar teideal The North Began] i mí na Samhna 1913, agus bliain níos déanaí bhí iris Chonradh na Gaeilge ag maíomh gur as an alt sin a d’eascair Óglaigh na hÉireann. Déanann Ó Snodaigh trácht ar Giuseppe Mazzini (1805-1872) a dúirt, le linn aimsir Thomáis Dáibhis agus na nÉireannach Óg, nárbh fhiú tráithnín féir náisiúnachas na hÉireann mar go raibh saintréith an náisiúnachais – a dteanga féin - caite uathu ag náisiúnaithe. Chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar Dhubhghlas de hÍde agus ar Eoin Mac Néill. Pléifear meath Chonradh na Gaeilge sa léacht freisin. Bhí an Conradh ag lagú faoi 1912, dar le hEoin Mac Néill, agus cheap Pádraig Mac Piarais go raibh deireadh le ré órga an Chonartha nuair a bhí sé féin páirteach ann. Is go luath sna 1920í a tháinig titim shuntasach ar líon na gcraobhacha ar fud na tíre. -
Agallamh le hAodh Ó Tuama (11/11/1974) Labhraíonn an Corcaíoch, Aodh Ó Tuama, a bhí 84 bliain d’aois nuair a craoladh an mhír seo, le Breandán Feiritéar. Is in aice le Baile Bhuirne a rugadh Ó Tuama, agus déantar cur síos ar a óige agus a shaol sna 1920í. Phós sé bean as Baile Bhuirne [Eibhlín Ní Éigearta] i 1919. Bhíodh Ó Tuama ag obair mar thimire Gaeilge do Chonradh na Gaeilge. Bhí sé páirteach, freisin, i ngluaiseacht na poblachta ag tús an fichiú haois, agus mar sin bhí aithne aige ar phríomh-phearsana na gluaiseachta i gCorcaigh. D’oibrigh sé mar rúnaí do Shinn Féin i dtoghchán 1918 i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Is ar fheachtais Liam de Róiste agus JJ Walsh a bhí sé ag obair, agus toghadh an bheirt acu. Bhí sé ag obair freisin le Tomás Mac Curtáin, a togha mar Ard-Mhéara ar Chathair Chorcaí i mí Eanáir 1920. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile, agus bhíodh Mac Curtáin ina mhúinteoir taistil freisin in éineacht le Ó Tuama ar feadh scaithimh. Bhí aithne freisin aige ar Thraolach Mac Suibhne. Shiúil sé Contae Chorcaí leis nuair a bhí an bheirt acu ag obair do Shinn Féin, agus thug sé le fios san agallamh nár labhair siad aon fhocal Béarla lena chéile. Déanann Ó Tuama trácht ar eachtra a tharla dó oíche amháin, i mí na Samhna 1920, i stáisiún traenach i Móta Ghráinne Óige ar a bhealach abhaile go Baile Átha Luain. Agus é ag fanacht leis an traein, tháinig beirt Dúchrónach chuige, agus cheistíodar é. Ba léir nach ró-shásta a bhí siad lena chuid freagraí, mar thógadar ar leataobh é, agus dúradar leis go raibh an bás i ndán dó. Cheap sé go raibh siad réidh chun é a mharú. Ach nuair a tháinig an traein, seachas é a chaitheamh, thugadar greasáil dó lena gcuid gunnaí. Bhí sé ar an traein sular tháinig sé chuige féin arís. Bhí aithne ag Ó Tuama ar Mhícheál Ó Coileáin, agus deir sé go bhfuil litreacha aige sa bhaile uaidh. Ina chomhfhreagras, chuir Ó Tuama a mhíshástacht faoi bheith ag obair do chomhlacht árachais Sasanach in iúl don Choileánach. Scríobh Ó Coileáin ar ais chuige, ag tabhairt le fios go bpléifidís an cás sa Dáil agus go raibh rún aige athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí árachais sa tír. Idir an dá linn mhol sé do Ó Tuama leanúint ar aghaidh leis an obair. -
T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994) Go gairid sular craoladh an mhír seo cuireadh dialanna Ruairí Mhic Easmainn ar taispeáint den chéad uair in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain. Labhraíonn Seán Ó Cuirreáin le T.P. Ó Néill faoi na dialanna. Pléitear ábhar na ndialanna, fiafraítear ar scríobh Mac Easmainn iad nó ar cumadh iad, agus ceistítear cén úsáid a baineadh astu mar ábhar poiblíochta agus bolscaireachta. Rinne Rialtas na Breataine na dialanna, ina raibh cur síos ar eachtraí homaighnéasacha Mhic Easmainn iontu, a chraobhscaoileadh tar éis a ghafa i 1916. Rinneadh é seo chun droch-cháil a tharraingt ar Mhac Easmainn agus a chuid polaitíochta. Luaitear sa chomhrá an leabhar a d’fhoilsigh Peter Singleton-Gates i 1959 faoi na dialanna, agus an ról a bhí ag an Aimiréal Hall agus Basil Thompson á gcraobhscaoileadh. Chuir an Rialtas na dialanna chuig an Róimh, ag súil go rachaidís i bhfeidhm ar an bPápa (Benedict XV). Cé go ndeachaigh na dialanna i bhfeidhm ar dhaoine éagsúla thar lear a thacaigh le cúis na bpoblachtánach in Éirinn, dar le T.P. Ó Néill nár chreid formhór mhuintir na hÉireann gur Mac Easmainn féin a scríobh na dialanna. Bhí sé seo amhlaidh le hÉamon de Valera, a cheap go raibh Mac Easmainn “ró-uasal” lena leithéid a scríobh. Luann T.P. Ó Néill go ndúirt Seán Moylan, Aire Oideachais le Fianna Fáil sna 1950í, leis gur chuma leis-sean an fíor nó bréagach a bhí na dialanna, ach gur náisiúnaí agus tírghráthóir a bhí i Ruairí Mac Easmainn. -
Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983) Sa mhír seo, tá Seán Bán Breathnach i mbun comhrá le Séamas Ó Riain as Baile na Cille, in aice le Baile Locha Riach, Co, na Gaillimhe. Rugadh i 1913 é agus bhí sé ar an mbunscoil le linn aimsir na nDúchrónach. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla a tharla sa cheantar le linn an ama seo. Bhíodh eagla ar mhuintir an bhaile roimh na Dúchrónaigh agus ba mhinic a bhí orthu an teach a fhágáil ar fhaitíos go gcasfaidís leo. D’fheiceadh sé na Dúchrónaigh ag dul timpeall na háite ina gcuid leoraithe, agus déanann sé trácht ar fhear amháin a maraíodh nuair a caitheadh buama isteach ina theach ósta. Deir Séamas go raibh an saol crua nuair a bhí sé ina ghasúr mar go raibh cuirfiú i bhfeidhm ón 8pm, fiú i lár an tsamhraidh agus an ghrian ag taitneamh taobh amuigh. Tá cuimhne freisin aige ar an gCogadh Cathartha. Luann sé eachtra ar leith a tharla idir é agus saighdiúirí an tSaorstáit. Thógadar a mhadra (is cosúil go mbíodh na saighdiúirí sa tóir ar mhadraí ag an am) agus iad ag dul thar bráid lá amháin. Chuaigh sé suas ag an mbeairic ag fiosrú faoin madra. D’fhiafraíodar ainm an mhadra de, agus nuair dúirt sé gur Rebel a bhí air cuireadh an ruaig air. Ní bhfuair sé a mhadra ar ais uathu. -
Seosamh Mac Craith (26/03/1987) Labhraíonn Diarmaid Breathnach faoi Sheosamh Mac Craith, réabhlóidí, polaiteoir agus fear gnó, san eagrán seo den tsraith chlár Cothrom an Lae. D’fhág Mac Craith an scoil nuair a bhí sé 14 bliain d’aois, agus fuair sé post i gcomhlacht cuntasaíochta. Chuaigh sé leis na hÓglaigh nuair a bunaíodh iad, agus tar éis dó troid in Éirí Amach na Cásca chaith sé tréimhsí ina phríosúnach i Wormwood Scrubs, Brixton agus i bpríosún i mBaile Coinnleora. Toghadh sa Chéad Dáil é, agus bhí sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath ar dtús, agus Maigh Eo ina dhiaidh sin. Bhí sé ina Aire Saothair i 1920, nuair a bhí an Chuntaois Markievicz sa phríosún. Bhí sé ar son an Chonartha, agus lean sé ar aghaidh sa Rialtas tar éis an Chogaidh Chathartha. Nuair a tharla Ceannairc an Airm, i 1924, níor aontaigh sé leis an gcaoi ar caitheadh leis na saighdiúirí. D’éirigh sé as an Rialtas agus d’fhág sé an pholaitíocht. Chuaigh sé le saol an ghnó ina dhiaidh sin, agus d’oibrigh sé i scéim na Sionnach. Chuir sé spéis freisin in earnáil na gloine agus i gcapaill. Cailleadh é ar an 1 Márta, 1966. -
Tamhain agus an Réabhlóid (1973) Labhraíonn Seán Ó Tuairisg le Tomás Ó Fathaigh as Tamhain, oileán in oirthear Chuan na Gaillimhe. Chaith Tomás an chuid is mó dá shaol ar an oileán, seachas tréimhse ghearr a chaith sé ag obair i Sasana. Ba é an duine ba shine ar an oileán nuair a taifeadadh an clár, agus an t-aon duine ar an mbaile a raibh Gaeilge aige. Ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916 agus déanann sé cur síos ar eachtraí na linne sin. Bhí aithne aige ar Éamon de Valera, a thagadh go rialta chuig an oileán ag foghlaim Gaeilge. Is cuimhin le Tomás go bhfeictí de Valera go minic le raidhfil agus piostal ina lámh aige. D’fhiafraíodh sé d’fhir óga na háite dul ag cleachtadh lámhaigh leis, ag maíomh go dtiocfadh an lá a dteastódh na scileanna sin. Dar le Tomás, bhí go leor de mhuintir na háite i ngluaiseacht na poblachta ag an am. Labhraíonn Tomás freisin faoi Ruairí Mac Easmainn, a thug cuairt ar an oileán tar éis dó an dráma, An Dochtúir, a fheiceáil i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Scríobh an Dr. Séamus Ó Beirne, as Tamhain, an dráma agus ba iad muintir an oileáin a bhí ag aisteoireacht ann. Bhí conspóid ar an oileán ag an am mar nach raibh cead Gaeilge a mhúineadh sa scoil bheag, agus thacaigh Mac Easmainn le scoil nua a thógáil ar Tamhain. Téann Tomás go domhain isteach ina ról san Éirí Amach. An mhaidin sin, d’imigh slua Óglach, os cionn 40 duine as Tamhain, Órán Mór agus Meáraí, isteach go hÓrán Mór agus thógadar an bheairic. Ina dhiaidh sin chuaigh roinnt acu go Droichead an Chláirín agus cuid eile síos go hÓrán Mór. Thóg siad seachtar ball den RIC (Peelers mar a thugann Tomás orthu) mar phríosúnaigh agus choinnigh siad orthu go Baile Átha an Rí, in éineacht le Liam Ó Maoilíosa. Ansin, casadh orthu idir 200 agus 300 óglach as an gCaisleán Gearr, Baile Chláir na Gaillimhe agus Baile Átha an Rí. Chas siad le baill ón RIC ach cuireadh an ruaig ar na póilíní nuair a thosaíodar ag lámhach a chéile. Choinnigh siad orthu go Maigh Fhód, áit a thug sagart, an tAth. Feeney, comaoineach dóibh. Faoin am seo, nuair a chonaiceadar nach raibh aon mhaith ann, agus go raibh fórsa mór d’arm na Breataine ar an mbealach, dúirt Ó Maoilíosa leis na hÓglaigh scaipeadh. Deir Tomás go bhfuil a ghunna, a cheannaigh sé i nGaillimh ar £5, fós aige. Deir Tomás freisin, cé nár mharaigh sé aon duine, gur leag sé ball den RIC óna rothar le hurchair nuair nár stop sé nuair a dúradh leis. Déanann sé cur síos ar a chuid gníomhaíochtaí in aghaidh na nDúchrónach i gCogadh na Saoirse. Bhí sé in Áras an Uachtaráin i 1966, agus dúirt De Valera leis go n-aithneodh sé na clocha i dTamhain fós. Críochnaíonn an t-agallamh le comhrá faoi Sheán Mac Eoin agus Liam Ó Maoilíosa. -
Seosamh Ó Cuaig ag Éigse Ros Muc (02/04/1991) Is mír fuaime í seo ón gclár Adhmhaidin, a craoladh ar 2 Aibreán 1991. Tugann Seosamh Ó Cuaig óráid ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid d’Éigse Ros Muc. Déanann sé trácht ar stair réabhlóideach Ros Muc agus ar mhuintir Ros Muc. Dar leis, is beag éirí amach a tharla ó 1798 nach raibh baint éigin ag muintir Ros Muc leis. Luann sé an bhliain 1880 go sonrach, nuair a d’éirigh muintir na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe, amach ina aghaidh na dtiarnaí talún, in eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua. Tháinig scata daoine as Ros Muc chomh fada leis an gCeathrú Rua an lá dár gcionn le tacú le muintir an bhaile. Ina measc siúd a tháinig bhí Seán Ó Gaora. Insíodh scéal an Chatha do Phádraig Mac Piarais nuair a thug sé cuairt ar Ros Muc ag tús an chéid seo caite. Labhraíonn Ó Cuaig freisin faoi chúrsaí polaitíochta na linne agus riachtanais na Gaeltachta. Léitear dán an Phiarsaigh, Mise Éire, ag deireadh an chláir. -
Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (11/02/1986) Tá Pádraig Creavan Ó Cualáin (as Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe) ag caint le Máirtín Jamsie Ó Flaithbheartaigh san eagrán seo de Iris Aniar. Bhí Pádraig san IRA i 1918, in éineacht le hochtar nó naonúr eile on mbaile céanna. Baisteadh Creavan air mar ainm cleite ionas nach mbeadh a fhios ag na húdaráis cé faoi a bhí na hÓglaigh ag caint. Is cosúil go raibh an nós seo forleathan i measc na nÓglach ag an am. Bhí roinnt ainmneacha cleite eile in úsáid ag Óglaigh eile, agus luaitear Carlow (Coistealbha), Val (Malone a bhí air) agus Dan san agallamh. Tá an chuid is mó acu básaithe anois [ag an am ar craoladh an mhír]. Bhídís ag traenáil agus ag druileáil le maidí adhmaid seachas gunnaí. Ní in éadan na Sasanach a bhíodh siad, dar le Pádraig, ach ag “déanamh réiteach” idir muintir na háite den chuid is mó, agus ag feidhmiú mar fhórsa póilíneachta in áit an RIC. -
Agallamh #2 le Tomás Ó Loideáin (06/11/1992) Cuireann Máirtín Davy Ó Coisdealbha agallamh ar Thomás Ó Loideáin, as an Tuar Beag, an Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá litir ó Phádraig Mac Piarais i bhfráma ag Máirtín, a seoladh ó oifigí An Claidheamh Soluis (24 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath) ar 19 Aibreán 1904 chuig teach Uí Loideáin. Bhíodh muintir an tí ag roinnt sean-scéalta fiannaíochta leis an bPiarsach. Bhíodh Pádraig Mac Piarais ag fanacht sa teach, agus é ag múineadh sa choláiste sa Spidéal. Tá agallamh eile le Tomás Ó Loideáin sa bhailiúchán [anseo]. -
Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976) Sa mhír seo, labhraíonn Seán Ó Tuairisg faoin mórshiúl a d’eagraigh Sinn Féin agus na Sealadaigh ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, in Aibreán na bliana 1976, mar chomóradh 60 bliain ar Éirí Amach na Cásca. D’fhógair rialtas an lae go raibh an mórshiúl mídhleathach, agus ag an ócáid roinn an Dr. David Thornley, Teachta Dála le páirtí an Lucht Oibre, ardán le Ruairí Ó Brádaigh agus Daithí Ó Conaill, baill de Shinn Féin. Sa mhír chéanna, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe [OÉ Gaillimh], faoi chomhthéacs na heachtra. Fiosraíonn sé na haidhmeanna a bhí ag na Sealadaigh a bhí ag máirseáil, an fáth ar fógraíodh go raibh an ócáid mídhleathach, agus céard í an chéad chéim eile don rialtas. Maíonn Ó Tuathaigh gur mhothaigh na Sealadaigh gur ag tabhairt ómóis do laochra na Cásca a bhí siad agus á gcur féin chun cinn mar oidhrí pholaitíochta na laochra sin. Ceistíonn sé freisin an ndeachaigh an rialtas thar fóir agus iad ag iarraidh cosc a chur leis an bparáid. Mar thoradh ar an eachtra, díbríodh David Thornley ó pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre agus fuair an Dr Cruise-O’Brien an lámh in uachtar sa pháirtí. Chomh maith leis sin, cuireadh le próifíl na Sealadach ó dheas agus ba dhearbhú é an mórshiúl i súile na n-aontachtach ó thuaidh go raibh tacaíocht ag na Sealadaigh sa Phoblacht. -
Agallamh le Maidhc Dan Ó Flatharta (04/11/1981) San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, labhraíonn Maidhc Dan Ó Flatharta as Cuileán, ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, le Seán Ó Conghaile. Chuaigh Maidhc isteach in Arm na hÉireann i Márta 1933. Labhraítear faoina shaol, agus pléitear rudaí ar nós an t-oideachas a fuair sé, sagairt an cheantair, liathróid láimhe, iomáint agus saol na hoibre. Pléitear freisin ceird na fíodóireachta agus ag déanamh bréidín. Luaitear san agallamh an t-ealaíontóir iomráiteach, Charles Lamb, a chuir faoi ar an gCeathrú Rua. Casann Ó Flatharta amhrán ag deireadh an chláir. Tá dhá bhriseadh ceoil ann, Amhrán na Trá Báine le Seosamh Ó hÉanaí agus píosa ceoil le Ciarán Kelly. Críochnaíonn an láithreoir leis na focail: ’An méid blianta a chaith tú le fuacht agus le fliuchán, tá súil agam go mbeidh an oiread céanna blianta eile agat le só agus le compord’. -
Cuimhní Cásca: Agallaimh Éagsúla (03/04/1972) Cuireann Seán Ó Loinsigh agus Aingeal Ní Chonchubhair Cuimhní Cásca i láthair. Is clár fada é seo ina labhraítear le daoine éagsúla ó Chonamara, Gaoth Dobhair, Corca Dhuibhne agus Sciobairín, a raibh cuimhne acu ar ar thit amach le linn aimsir na dtrioblóidí. I gConamara, labhraítear [3:10] faoi chuairt Phádraig Mhic Phiarais ar Leitir Móir. Tháinig sé trasna as Ros Muc go hEanach Mheáin le cúnamh ó fhear áitiúil, Michael Jack, a thaispeáin an bealach isteach dhó. Tar éis an Aifrinn i Leitir Móir chruinnigh na daoine ag éisteacht leis ag caint, agus thug sé cuireadh dóibh dul sna hÓglaigh. Bhí a dheartháir, Willie, in éineacht leis, agus rinne siad druileáil orthu. Labhraítear ansin faoi na druileanna a rinneadh ar an gCeathrú Rua an Domhnach dár gcionn. Labhraíonn muintir Ros Muc [7:30] faoin bPiarsach freisin. Thosaigh sé complacht de chuid na nÓglach ann, agus dúirt le muintir Ros Muc go dtiocfadh an lá a gcaithfeadh siad troid lena gcearta a bhaint amach. Tá cur síos ar an gclann ann - an mháthair, an deartháir, agus na deirfiúracha. Ag [12:15] labhraítear faoi theach an Phiarsaigh agus ar na daoine a thugadh cuairt air – na Pluincéid, John McBride, Éamon Ceannt agus Ruairí Mac Easmainn. Luaitear flaithiúlacht mhuintir Mhic Easmainn - Ruairí agus a dheartháir, Tom. Tugann Éamonn Ó Searcaigh [19:10], as Anagaire, Tír Chonaill agus Eoin Mac Suibhne cuntas d’Fheardorcha Ó Colla ar an gcaoi ar chuala siadsan faoin Éirí Amach. Labhraíonn Mícheál Ó Sé le [27:20] ceathrar a bhí páirteach sa tsiúlóid mhór ó Bhaile an Fheirtéaraigh go Trá Lí, chun chun bualadh leo siúd a bhí ar an Aud, an long a tháinig ón nGearmáin chun airm a thabhairt i dtír. Is iad sin Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Pádraig Ó Flaithearta ón gClochar, agus Mícheál Ó Bric agus Séamus Máirtín ó na Gorta Dubha. Chuaigh siad leis na hÓglaigh idir 1913 agus 1914. Canann Caoimhín Ó Cinnéide, as Baile an Mhúraigh, amhrán a chum sé féin faoi Thomás Ághas, as Lios Póil. Spreagadh an Cinnéideach chun pinn nuair a tháinig an tUachtarán de Valera ar cuairt chuig Lios Póil ar ócáid chomórtha do Thomás Ághas. Chroith sé lámh le Risteard Ó Maolchatha, a throid le hÁghas ag Cath Chill Dhéagláin, Co. na Mí, idir 24-30 Aibreán 1916. Ag deireadh na míre fuaime, casann Mícheál Ó Sé le Mícheál Ó Súilleabháin, as an Sciobairín. B’uncail leis Gearóid Ó Súilleabháin, a d’ardaigh bratach na hÉireann in Ardoifig an Phoist i 1916. B’as an Sciobairín, ceantar ina raibh na Fíníní láidir le fada, do Ghearóid. Bhí siopa ag Ó Donnabháin Rosa sa bhaile. Bhí Conradh na Gaeilge ag dul i neart ag an am, agus mhúscail deartháir Ghearóid (athair Mhíchíl) suim sa Ghaeilge ann. D’fhoghlaim agus mhúin Gearóid Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus bhain sé BA agus MA amach, timpeall 1912-13. Bhí sé i gCraobh an Chéitinnigh, agus is ann a d’éirigh sé mór le ceannairí an Éirí Amach – Seán Mac Diarmada agus Tomás Mac Donnchadha ina measc. Bhí sé mar Aidiúnach ag Seán Mac Diarmada. De bhrí gurbh é an t-oifigeach ab óige in Ardoifig an Phoist é, tugadh an onóir dó an bratach a ardú. Níor tharla mórán sa Sciobairín le linn an Éirí Amach, cé gur throid roinnt de mhuintir an cheantair in Ardoifig an Phoist, ina measc Mícheál Ó Coileáin, Seán Ó Muirthile, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, agus Seán Ó hAodha. -
Súil Siar ar Éirí Amach na Cásca 1916 (06/04/1972) Tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caitheamh súil siar ar roinnt d’imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916 sa chlár seo. Déantar trácht ar chúiseanna agus ar chomhthéacs an Éirí Amach. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi shínitheoirí an Fhorógra, céard a bhí uathu agus cén toradh a bhí ar an ngníomh. -
Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994) Déanann Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste agus Co. Mhuineacháin cur síos ar a shaothar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Ó Baoighill atá le seoladh anocht (09/12/1994). Sa leabhar seo cuirtear síos ar Niall Pluincéad Ó Baoighill (Plunkett O’Boyle) as Leac Eidhneach in aice le hAilt an Chorráin sna Rosa, Co. Dhún na nGall. Rugadh é in 1898 agus chuaigh Éirí Amach na Cásca 1916 go mór i bhfeidhm air. Bhí sé páirteach i Sinn Féin agus sna hÓglaigh. Bhí sé ag tabhairt arm as Albain i gCogadh na Saoirse nuair a rugadh air agus cuireadh i bpríosún (Peterhead Prison, Glaschú) é ar feadh trí bliana. Scaoileadh saor é mar chuid de phardún an Chonartha, agus d’fhill sé ar Dhún na nGall. Bhí sé in aghaidh an Chonartha. Gabhadh é, cuireadh ar an long Lady Wicklow go Baile Átha Cliath é agus ansin chuig príosún sa Droichead Nua, Cill Dara. Tar éis dó éalú ó na húdaráis ansin, chaith sé an chuid eile den Chogadh Cathartha i sléibhte Chill Mhantáin (timpeall ar Ghleann Molúra a bhí sé), áit a raibh sé i gceannas ar Cholún Phluincéid. Mharaigh saighdiúirí an tSaorstáit é i mí Bealtaine 1923. Bhí fear eile as Tír Chonaill in éineacht leis freisin - Dan McGee (Mac Aoidh) as Cill Ulta, an Fál Carrach. Ta mír fuaime eile (Uimh. 57405) sa bhailiúchán faoin ábhar seo. -
Leacht Cuimhneacháin Ghabhla #1 (26/05/1994) Tá Cathal Ó Baoill (bhí a uncail ar bord an Asgard), Uinsionn Ó Breisleáin agus Máirín Uí Fhearraigh (tá siad beirt ar an gcoiste eagraithe) ag caint faoin leacht cuimhneacháin atá le nochtadh ar Oileán Ghabhla i gcuimhne ar Charlie Phadaí Shéarlais (Séarlas Ó Dúgáin) agus ar Phadaí Dhónaill Phadaí (Pádraig Mag Fhionnlaoich), beirt iascairí as an oileán a bhí ar an Asgard i 1914 in éineacht le Erskine Childers nuair a thugadar na gunnaí isteach go Binn Éadair. Bhí súil leis an mbád Asgard II ar an oileán an lá i ndiaidh lá an taifeadta. Tá mír eile sa chartlann ina ndéantar níos mó cainte ar an ábhar seo (Uimh 64708). -
Leacht Cuimhneacháin Ghabhla #2 (30/05/1994) Ar 27/05/1994 nochtadh leacht, ar Oileán Ghabhla, i gcuimhne ar bheirt fhear as an oileán - Charlie Phadaí Shéarlais Ó Dúgáin agus Padaí Dhónaill Phadaí a bhí ar bord an Asgard nuair a thugadar na gunnaí isteach go Binn Éadair i 1914. Tugtar léargas ar imeachtaí an lae sa chlár seo. Cuireann Eoghan Mac Giolla Bhríde fáilte roimh an slua. D’imigh Padaí Dhónaill Phadaí go Meiriceá gan mhoill ina dhiaidh sin. Labhraíonn Cathal Ó Baoill (nia le Séarlas Ó Dúgáin) faoin eachtra agus faoin gcomhthéacs. Luaitear gur roghnaíodh suíomh an leachta mar go raibh teach na beirte le feiceáil ón spota sin. Beannaíonn an tAth. Pádraig Ó Baoill an leacht agus labhraíonn Máire Ní Chochláinn, Teachta Dála, freisin. Tá mír eile sa chartlann ina ndéantar níos mó cainte ar an ábhar seo (Uimh 65412). -
Litir an Phiarsaigh (25/05/2005) San eagrán seo den tsraith Cúrsaí an Lae labhraíonn Máire Harris faoin litir a scríobh Pádraig Mac Piarais i bPríosún Chnoc an Arbhair ar an 30ú lá de Aibreán 1916 agus atá le dul ar ceant ar lá an chraolta. Tá praghas de €50,000-€80,000 luaite leis an litir seo. Is litir lámhscríofa í a scríobh an Piarsach tar éis dó géilleadh (tá roinnt cóipeanna clóbhuailte den litir chéanna ar an margadh). Is géilleadh oifigiúil agus treoir do na cinnirí míleata éirí as an troid atá sa litir. Bhí a fhios aige go raibh dream fós ag troid sna Ceithre Cúirteanna nach raibh sásta géilleadh, agus míníonn sé cén fáth a bhfuil an cinneadh déanta éirí as an troid – chun nach ndéanfaí tuilleadh slada ar mhuintir na cathrach agus ionas gur féidir a lucht leanúna féin a shábháil. Ghéill Pádraig Mac Piarais ar an 29 Aibreán 1916, agus mar sin tá dáta na litreach míchruinn. Críochnaíonn an plé le litreacha atá ag Máire Harris féin (óna seanathair a bhí sa phríosún i 1916) agus pléitear na deiseanna atá ann cáipéisí den sórt sin a chaomhnú. [Aguisín: Seo a leanas téacs na litreach: ‘In order to prevent further slaughter of the civil population and in the hope of saving the lives of our followers, the members of the Provisional Government present at headquarters have decided on an unconditional surrender, and commandants or officers commanding districts will order their commands to lay down arms. P.H. Pearse, Dublin, 30th April 1916.’ Tar éis an mhír seo a chraoladh, íocadh €700,000 ar an litir ag ceant Adams Auctioneers. Bhí an litir ar díol arís ar 30 Aibreán 2016, agus iad ag súil go n-íocfaí €1.5m air. ] -
An Críochdheighilt: Socrú agus Cruthú Faidhbe (Gan Dáta) T.P. Ó Néill le mír bheag staire Socrú agus Cruthú Faidhbe faoin tréimhse 1916-1922 in Éirinn. Fiosraíonn sé an cheist: Ar chruthaigh an chríochdheighilt pobail scoilte nó ar chruthaigh pobal scoilte an chríochdheighilt? Is ceann de na míreanna staire í seo a taifeadadh don tsraith Scolaíocht a craoladh idir Geimhreadh 1987 agus Earrach 1988. -
Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972) San eagrán seo de Beatha Duine a Shaol tá Cormac Ó Breisleáin (1902-1978), iar-Theachta Dála (ó 1937-1977) agus iar-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann (ó 1967-1973), ag caint le Seán Ó Tuairisg faoina shaol polaitiúil agus a shaol pearsanta. Rugadh é i nGaoth Dobhair i 1902. Déantar cur síos ar a thréimhse sna hÓglaigh i nDún na nGall agus ar a shaol mar Theachta Dála. I measc na nithe stairiúla atá luaite sa chlár, tá an Cogadh Mór, an Fliú Mór 1918-19 agus an Cogadh Cathartha i nGaoth Dobhair. Luann sé gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás. I measc na marbh bhí a athair féin, rud a thug air bogadh abhaile ón meánscoil ar a raibh sé. Pléitear an caidreamh a bhí aige le hÉamon de Valera freisin. -
Niall Pluincéad Ó Baoighill #2 (18/07/1996) Tá an dara heagrán den leabhar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Uí Baoighill foilsithe agus labhraíonn an t-údar Pádraig Ó Baoighill le Séamus Mac Géidigh. Deir an t-údar go bhfuair sé a chuid eolais óna uncail a bhíodh ag caint faoi Phluincéad Ó Baoighill, ón bpobal, agus ó na hamhráin agus na bailéid a scríobh Dominic Ó Ceallaigh agus Mícheál Mac Fhionnghaile, agus daoine eile. Is cosúil go raibh an-mheas acu ar an Óglach, Niall Pluincéad Ó Baoighill, i gCill Mhantáin (timpeall ar Ghleann Molúra a bhí sé). Deir an t-údar go bhfuil eolas sa leabhar faoi Óglaigh eile an cheantair freisin, ó cheantar Rann na Feirste, Ghaoth Dobhair, Chloch Chionnaola, Ghleann Fhinne, Mhín an Lábáin, agus an Dúchoraidh. Tá mír fuaime eile (Uimh. 65940) sa bhailiúchán faoin ábhar seo. -
Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993) Sa gclár seo, a craoladh ar an 12 Samhain 1993, cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar bheirt as Tír Chonaill. Throid a gcuid aithreacha in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Labhraíonn Pádraig Mac Ruaidhrí as Leitir Catha, in aice le Loch an Iúir, ar dtús. Tháinig a athair slán as an gCogadh Mór. Throid sé sa chogadh ó 1914 go 1919. Throid sé sna Dardanelles, sa Ghréig agus sa Phalaistín. Is beag a bhí le rá ag a athair faoina thréimhse sa chogadh. Ba léir gur ghoill sé go mór air. Labhraíonn Pádraig faoi na deacrachtaí a bhí aige eolas a fháil ó údaráis Shasana faoin tréimhse a chaith a athair san arm. Labhraíonn Tomás Ó Maoilchiaráin as Cloich Cheann Fhaola faoina athair féin. Bhí sé 18 mbliana d’aois agus bhí cónaí air in Albain nuair a chuaigh sé isteach sna Royal Innioskilling Fusiliers. Gortaíodh sa Chogadh é (chaill sé leathlámh) agus ceapann Tomás gur i gCath an Somme a tharla sé, cé nach bhfuil sé cinnte faoi sin. Chuir an cogadh isteach ar a athair agus ní raibh fonn cainte air faoi ina dhiaidh. Deir Tomás go mbíodh oifigigh ó Arm Shasana sa chontae agus go dtugaidís cuairt air. Bhreathnaigh siad i ndiaidh a chéile. Léirigh sé seo go raibh comrádaíocht láidir a eatarthu tar éis an chogaidh. Cailleadh i 1978 é. Tá mír fuaime eile sa bhailiúchán ag tógáil ar an gceann seo (Uimh 56099). -
Niall Mac Fhionnghaile ag trácht ar an gCogadh Mór (11/11/1993) Craoladh an clár seo 75 bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Cháit Nic Giolla Bhríde agus ar Niall Mac Fhionnghaile. Is staraí é Niall Mac Fhionnghaile a scríobh leabhar Donegal, Ireland and the First World War agus tá béaloideas áitiúil ag Cáit Nic Giolla Bhríde. Labhraítear faoi dhaoine as Dún na nGall a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Throid ar a laghad céad duine as Leitir Ceanainn amháin, mar sin is léir go raibh go leor as Tír Chonaill sa chogadh. Ba chogadh salach, gránna a bhí ann, dar le Mac Fhionnghaile. Déantar trácht ar an riocht ina raibh na trinsí, ar chath an Somme, agus ar na Dardanelles. Déantar cur síos ar an lorg a fágadh go síceolaíoch orthu siúd a raibh orthu na coirp a bhailiú tar éis gach cath. Pléitear freisin an tionchar ar bhí ag an gCogadh Mór ar an gceantar áitiúil, an fliú agus tionchar síceolaíochta an Chogaidh mar shampla. Luadh cúiseanna ar liostáil daoine, an chaoi ar liostáil buachaillí faoi aois, agus an gaol idir ól agus liostáil. Déantar tagairt d’fheirmeoirí sa Bhreatain a chuir oibrithe i bhfolach, d’obair na mban, agus an dóigh a bhfuair Gaoth Dobhair scéala go raibh an Cogadh críochnaithe. Luaitear fear de chuid na háite, Charlie Collins as Leitir Ceanainn. Chaith sé trí bliana leis na Royal Inniskilling Fusiliers in Gallipoli, san Éigipt, sa Phalaistín, agus sa Bheilg, agus níor gortaíodh é go dtí gur tháinig sé abhaile. Liostáil sé in Arm na hÉireann, agus caitheadh sa tsúil trí thimpiste é i nDroim Bó. Labhraíonn Cait Nic Giolla Bhríde ag [25.15]. Tá mír fuaime eile sa bhailiúchán ag tógáil ar an gceann seo (Uimh 56100). -
Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998) Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Sheán Dillon, atá ag ceiliúradh a lá breithe ar lá an chraolta – tá sé 100 bliain d’aois. Déantar cur síos ar a shaol, ar an scoil i nDún Géagáin, ar a chuid oibre, agus ar an saol fadó. Luaitear Cogadh na Saoirse agus an pháirt a ghlac sé ann. Bhí Seán sna hÓglaigh i gCiarraí, agus labhraíonn sé faoi na Dúchrónaigh sa cheantar. Bhí go leor de mhuintir na háite sna hÓglaigh agus is beag a chuir na Dúchrónaigh as do mhuintir na háite, dar leis. Déanann sé cur síos ar a bheith ag druileáil le gunnaí adhmaid de bhrí nach raibh gunnaí cearta acu freisin. Bhíodh na hÓglaigh ag déanamh rudaí éagsúla le cur as d’fhórsaí na Breataine. Ceann de na rudaí a raibh baint ag Dillon leo ná bóithre an cheantair a réabadh ionas nach mbeadh na Dúchrónaigh in ann a gcuid leoraithe a úsáid. -
Agallamh le Tadhg Ó Cualáin (08/03/1976) San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Thadhg (Tim Johnny) Ó Cualáin, ón Spidéal, Co. na Gaillimhe. Ba leis an Crúiscín Lán, teach ósta sa Spidéal, lá den tsaol. Bhí sé ag comhrá faoina shaol, faoina shaothar agus faoina chuid taistil. As Bothúna ó dhúchas é - Johnny Mháirtín Ó Cualáin a bhí ar a athair agus ba í Máire Tom Ní Choisdealbha as Baile an tSagairt a mháthair. Rugadh é in 1885, an duine ab óige d’ochtar clainne. Bhí sé 91 bliain d'aois ag am a chraolta. Labhair sé faoin scolaíocht a bhí aige agus na múinteoirí a chuir oideachas air. Bhí sé ag obair mar gharraíodóir do Thiarna Chill Aithnín (Muiris, a bhí ina chónaí i dTeach an Spidéil). Chaith sé tamall san RIC ó 1908–1922. Bhí sé 22 nuair a chuaigh sé leo. Cuimhníonn sé go maith ar an lá ar fhág sé an baile. Thug a dheartháir isteach go Gaillimh é, agus suas leis go Baile Áth Cliath ar an traein. Chaith sé 10 mí ag traenáil san ionad traenála a bhí ag an RIC i bPáirc an Fhionnuisce, BÁC, agus chuaigh sé go Ros Comáin ina dhiaidh sin. Chuaigh sé síos go hÉadan Doire, in Uíbh Fhailí, ina dhiaidh sin, agus chaith sé 12 bhliain ann. Is ansin a bhí sé le linn an Éirí Amach. Ní raibh a fhios aige – ná aon duine eile ach an oiread – go raibh Éirí Amach le bheith ann, is cosúil, mar go raibh sé ciúin ann. Ní raibh faitíos air sa tréimhse chorraitheach - bhí an pobal áitiúil cairdiúil - ach obair chontúirteach a bhí ann mar sin féin. Tar éis dó Uíbh Fhailí a fhágáil chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus d’fhan sé ann go dtí 1922. Ina dhiaidh sin chaith sé seal i bPóilíní an Stáit i Meiriceá agus bhí sé ina Oifigeach Príosúin in Baltimore, Maryland freisin. -
An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975) San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla (05 Samhain 1975) cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar fhear as Co. Chiarraí [00:00-11:36], agus ar fhear as ceantar Iorrais i Maigh Eo [13:44-21:40]. Ag [23:30] labhraíonn Pádraig Ó Flaithearta faoin sagart poblachtánach, an tAthair Mícheál Ó Gríofa. Mealladh amach as a theach é idir 11pm agus 12am oíche Dé hAoine, ar an 14 Samhain 1920, agus mharaigh baill d’fhórsaí na Corónach é. Cuireadh a chorp sa phortach ó thuaidh de shráidbhaile Bhearna (Cloch Scoilte, an áit ina bhfuil Pádraig ina chónaí), ach fritheadh é ar an 20 Samhain 1920. Cuireadh sochraid mhór air. Labhraíonn Ó Flaithearta faoin mbéaloideas áitiúil agus an méid a bhí le rá ag finnéithe difriúla faoin eachtra. Tá mír eile sa bhailiúchán seo faoin Athair Ó Gríofa anseo (Uimh 22324). -
Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973) Tugann Máirtín Ó Fátharta tuairisc ghearr ar shaol Choilm Uí Ghaora (1887-1954) as Ros Muc, bunaithe ar an leabhar Mise a scríobh an Gaorach. Foilsíodh é i 1943. Is leabhar é faoina shaol sna hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Cuirtear a mhac, Piaras Ó Gaora, faoi agallamh freisin [14:00]. Is cosúil go raibh rún ag Colm Ó Gaora leabhar eile a scríobh ina dhiaidh sin, ach theip ar a shláinte sula raibh deis aige é a chríochnú. Bhí nótaí déanta amach aige ar Chogadh na gCarad agus ar a chuid ama i Meiriceá. Labhraíonn Piaras faoi shaol Choilm tar éis an chogaidh, agus an tréimhse a chaith sé mar imirceach i Meiriceá. Tá mír fuaime eile sa gcartlann (21391) faoin ábhar seo. -
Liam Ó Loinsigh (02/04/1972) Labhraíonn an Seanadóir Mícheál Cranitch faoi Liam Ó Loinsigh. Bhí comóradh bliantúil an Loinsigh ar bun le gairid i reilig Cill Chruimthir in aice le Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Rugadh Ó Loinsigh i mBarr na gCurraithe, Co. Luimnigh in 1893. Bhí sé páirteach i gConradh na Gaeilge agus in Ord Ársa na nIbeirneach. Chuaigh sé leis na hÓglaigh tar éis an Éirí Amach agus bhí sé gníomhach i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse. Níor ghlac sé leis an gConradh, agus ceapadh é mar Cheann Foirne (Chief of Staff) an IRA i 1922. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha agus caitheadh é ar Chnoc Mhaoldomhnaigh, Co. Thiobraid Árann, ar an 10 Aibreán 1923. Fuair sé bás i gCluain Meala go gairid ina dhiaidh sin. Labhraíonn Cranitch faoin gcineál duine a bhí ann, na nithe a raibh suim aige iontu, agus na rudaí a spreag é. Dúradh gur fear cineálta, tuisceanach a bhí ann. Rinneadh comparáid agus codarsnacht idir é agus Mícheál Ó Coileán. An difríocht ba mhó a bhí eatarthu ná gur beag suim a bhí ag Ó Loinsigh sa pholaitíocht mar ghairm, dar le Cranitch. -
Frank Ryan (10/06/1985) San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh faoin bpoblachtánach agus an sóisialach, Frank Ryan, a rugadh i gCo. Luimnigh i 1902. D’fhreastail sé ar Ollscoil Bhaile Átha Chliath agus bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach. Clúdaítear a thréimhse san IRA, an ról a bhí aige mar eagarthóir ar An Phoblacht, agus an Chomhdháil Phoblachtach - an eagraíocht a bhunaigh Ryan in éineacht le Peadar Ó Dónaill agus George Gilmore i 1934. Throid sé i gcogadh cathartha na Spáinne (1936-1939) agus d’imigh uaidh sin chun na Gearmáine. Bhásaigh sé de bharr eitinne in Dresden na Gearmáine sa bhliain 1944. -
Agallamh #2 le Sighle Humphreys (29/03/1987) Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Shighle Humphreys sa chlár seo, a craoladh ar an 29 Márta 1987. Rugadh in aice le Páirtín, Co.an Chláir í agus ba dheirfiúr a máthair le Mícheál Ó Rathaille, a maraíodh san Éirí Amach. Chonaic sí féin agus a muintir roinnt d`eachtraí móra Éirí Amach na Cásca agus bhí aithne mhaith acu ar dhaoine a raibh baint acu leis. Bhí Sighle gníomhach i gCumann na mBan agus dar léi go raibh spiorad na hÓglaigh in ísle brí i Muilte Uí Bheoláin mar gheall nach scaoilfeadh de Valera mná isteach ann. Chreid sí gur thug sé ardú meanman d’fhir agus do mhná óga a bheith ag meascadh le chéile. Bhí sí in aghaidh an Chonartha i 1921 agus bhí sí i bpríosún cúpla uair - chas sí in aghaidh de Valera níos deireanaí mar gheall gur chuir sé poblachtánaigh i bpríosún. Tar éis na scoilte faoi Chonradh 1921 theastaigh ó phoblachtánaigh a bhí ar son agus in aghaidh an Chonartha teacht le chéile agus feachtas a bheith acu i dtuaisceart Éireann. D`iarr Liam Ó Maoilíosa (Liam Mellows) ar Shighle Humphreys agus cúigear eile as Cumann na mBan dul go tuaisceart Éireann agus ospidéal a bhunú. Thosaigh an Cogadh Cathartha an lá sula raibh sí le dul go tuaisceart Éireann. Bhíodar le dul ar aghaidh go Dún na nGall ar aon nós ach shocraigh duine de na mná, Máire Comerford, fanacht i mBaile Átha Cliath mar gheall go raibh daoine ag scaoileadh a chéile ansin agus go mbeidís ag teastáil. Bhí an-drogall ar dhaoine san iarthuaisceart dul i mbun gnímh ag tús an Chogaidh Chathartha, níor chreideadar chomh dáiríre agus a bhí cúrsaí i mBaile Átha Cliath. Bhí Sighle Humphreys ar dhuine de na mná a chuaigh ar stailc ocrais ar feadh 31 lá ag deireadh an Chogaidh Chathartha. Bhí easaontas i measc na mban faoin stailc ocrais. Mhothaigh cuid acu go mbeadh níos mó drogaill ar cheannairí an tSaorstáit ligean do mhná bás a fháil ná fir, ach mhothaigh mná eile nach raibh siad ach ag déanamh aithrise ar na fir a bhí ar stailc ocrais freisin. Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43647) sa bhailiúchán seo. -
Agallamh #1 le Sighle Humphreys (22/03/1987) Téann Sighle Humphreys (1899-1994) siar ar bhóithrín na smaointe in agallamh le Helen Ní Shé. Rugadh in aice le Páirtín, Co. an Chláir, í agus ba dheirfiúr a máthair le Mícheál Ó Rathaille (duine de bhunaitheoirí na nÓglach a maraíodh le linn Éirí Amach na Cásca). Bhí tionchar ag a haintín ar an dearcadh polaitiúil a bhí ag Humphreys. Ní raibh an phoblachtánachas ná an náisiúnachas radacach forleathan i measc na ndaoine a bhí go maith as. Déanann sí cur síos ar a cuid meánscolaíochta, agus deir sí rá nach raibh ach clann amháin eile sa mheánscoil ina raibh sí i mBaile Átha Cliath a raibh dearcadh radacach acu. Chonaic sí féin agus a muintir roinnt d`eachtraí móra Éirí Amach na Cásca agus bhí aithne mhaith acu ar dhaoine a raibh baint acu leis. Bhí an-mheas aici ar Phádraig Mac Piarais. Bhí a deartháir ar scoil aige agus, dar léi, bhí Mac Piarais lách – ‘duine fíor-dheas é agus tuisceanach'. Thugadh sé cuireadh di chuig drámaí na scoile. Bhí an-mheas ag a deartháir air freisin. Bhí uncail agus deartháir le Sighle in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Chuaigh máthair Shighle síos go dtí an GPO le boinn bheannaithe a thabhairt do na hÓglaigh chun iad a chosaint. Ní raibh deartháir Shighle ach b`fhéidir ocht mbliana déag. Bhí a mháthair ag iarraidh air teacht abhaile mar dá marófaí a huncail, an Rathaileach, ní bheadh fear ar bith ann le haire a thabhairt don chlann. Is le linn na tréimhse seo freisin a chonaic Sighle Humphreys an troid a tharla ag Bóthar Northumberland nuair a d`éirigh le grúpa beag Óglach slua mór de shaighdiúirí na Breataine a choinneáil siar. Maíonn sí nach raibh a fhios ag na saighdiúirí, a bhí díreach tar éis teacht i dtír ón mBreatain, cá rabhadar. Nuair a chualathas Sighle ag labhairt i mBéarla le cócaire an tí dúirt na saighdiúirí: 'Blimey, they're talking English.' Cheap na saighdiúirí gur ar mhór-roinn na hEorpa a bhí siad. Dúisíodh iad, cuireadh ar long iad, thrasnaíodar an fharraige agus ní raibh barúil acu cá raibh siad ná cé a bhí ag troid ina n-aghaidh. Bhí Sighle gníomhach i gCumann na mBan, agus ní raibh ach fíorbheagán de ghníomhairí Chumann na mBan ar son an Chonartha i 1921. 'Níl aon ní chomh holc le Cogadh na gCarad', a dúirt Sighle faoi. Le linn an chogaidh úd, bhí a fhios ag Fórsaí an tSaorstáit go raibh seomra rúnda i dteach Shighle ar Bhóthar Ailesbury. Rinne na saighdiúirí ruathar ar an teach ag lorg Ernie O’Malley, a bhí ag fanacht ann. Caitheadh aintín Humphreys trí thimpiste sa ruathar agus mharaigh O'Malley saighdiúir agus é ag iarraidh éalú. Bhí trua ag Humphreys don saighdiúir Albanach a maraíodh, agus d’iarr sí Aifreann ar a shon. Bhí aithne ag Humphreys ar de Valera agus Mícheál Ó Coileáin mar bhíodh siad ag cruinnithe sa teach. Cheap sí gur eachtra cinniúnach sa Chogadh Cathartha bhí i marú Uí Choileáin. Bhí sí den tuairim go bhféadfaí deireadh a chur leis an troid níos luaithe dá mbeadh sé beo. Bhí an-mheas aici ar an gCoileánach cé gur airigh sí gur lig sé síos an tír. Bhí an-mheas aici ar de Valera tráth freisin, ach chas sí ina aghaidh mar gur chuir sé poblachtánaigh sa phríosún. Cheap sí go ndearna Cogadh na gCarad an-dochar. Bhí sé chomh tábhachtach sin go mbeadh bua míleata acu go ndearnadh dearmad ar na ceisteanna eile. Bhí tír shóisialach uaithi, agus níorbh fhiú léi saoirse aisti féin. Ag breathnú siar ar an méid a tharla, dar léi gurbh fhiú a bheith saor ón mBreatain ach nár cruthaíodh saoirse eacnamaíochta agus shóisialta. Bhí saibhir agus bocht ann fós. Cheap sí i gcónaí go dtiocfadh saoirse Uí Chonghaile ón tsaoirse pholaitiúil. Bhí sí cáinteach ar an gcóras oideachais agus ar na buntáistí atá ag daoine saibhre sa chóras. Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43648) sa bhailiúchán seo. -
Agallamh le Séamus Máirtín (14/07/1975) Cuireann Mícheál Ó Sé agallamh ar Shéamus Máirtín (14 Iúil 1975), gréasaí as na Gorta Dubha, ina ndéantar cur síos ar na Dúchrónaigh i gCorca Dhuibhne. ‘Criminals’ a bhí iontu, dar leis, agus iad tar éis marú, goid agus fuadach a dhéanamh i Sasana sular cuireadh go hÉirinn iad. Bhí eagla ar an bpobal rompu, agus dar leis, chuirfí piléar ionat dá labhrófá amach ina n-aghaidh. Thógaidís daoine ó Bhaile an Fheirtéaraigh agus ón Daingean agus thugaidís go Lios Póil iad. Dhóigh siad tithe sa cheantar, ina measc teach Sheáin Uí Mhuircheartaigh ar an droichead sa Daingean. Cé nár mharaigh siad ach fear amháin as Abhainn an Scáil, bhídís ag bualadh daoine. Déanann sé trácht ar fhear ar ionsaigh na Dúchrónaigh é, agus, murach bean ón Daingean a tháinig i gcabhair air, bheadh an fear maraithe acu. Luann sé bunús an fhocail ‘Dúchrónach’ nó ‘Black and Tan’ – mar gur dubh agus crón a bhí ar dhath na héide. Labhraíonn sé freisin faoin lá ar chuala sé gur cailleadh Traolach Mac Suibhne i Londain Shasana. -
Traolach Mac Suibhne (25/10/1995) San eagrán seo den Saol Ó Dheas labhraíonn Máire Brugha, iníon le Traolach Mac Suibhne, le Helen Ní Shé. Chaith Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí, 73 lá ar staic ocrais sula bhfuair sé bás i bpríosún Brixton i Sasana. Craoladh an clár seo 75 bliain cothrom lá a bháis, agus pléitear an comóradh a bhí le déanamh air. Déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar shaol Mhic Suibhne agus tá aiféala air go bhfuil sé imithe as cuimhne an phobail. -
Gearóid Ó Tuathaigh agus Liam Ó Dochartaigh (Gan Dáta) Sa chlár seo, [0:00 to 14:27] tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caint le Breandán Feiritéar faoi Éirí Amach na Cásca, faoi choincheap na híobairte agus faoi thionchar an Éirí Amach ar stair na tíre. Déanann an láithreoir iontas go bhfuil a laghad staidéir agus taighde déanta ar an Éirí Amach in Éirinn, i gcomparáid le réabhlóidí eile (réabhlóid na Fraince, mar shampla). Ina dhiaidh sin, pléann Liam Ó Dochartaigh an tÉirí Amach, agus díríonn sé ar dhá thaifead scríofa a d’fhág Tomás Bairéad agus Colm Ó Gaora. Léann sé amach an cur síos fileata a rinne an Gaorach ar Sheán Mac Diarmada nuair a casadh dó é ag an Oireachtas i nGaillimh i 1913. Labhraíonn sé faoi na difríochtaí idir na hÓglaigh sa chathair agus na hÓglaigh sa chontae. I 1913 bhí cruinniú i Halla na Cathrach i nGaillimh le díorma de na hÓglaigh a bhunú i gceantar na Gaillimhe. Bhí an Piarsach agus Ruairí Mac Easmainn ann – ach ní mórán Óglach a bhí i láthair le hais cruinniú mór a d’eagraigh Liam Ó Maoilíosa i mBaile Áth an Rí inar measadh go raibh os cionn 800 duine ann. Murach Óglaigh an cheantair sin agus na nparóistí eile thart timpeall, ní bheadh Éirí Amach ar bith ann i nGaillimh. Labhraítear faoin Éirí Amach siar ó chathair na Gaillimhe. Cé nach raibh captaen ar Óglaigh Mhaigh Cuilinn - mar gur gabhadh an ceannaire, Marcus de Búrca, nuair a chuadar ag máirseáil Lá Fhéile Pádraig na bliana sin – bhí a gcuid orduithe tugtha dóibh. Bhí siad leis an mbeairic (agus na gunnaí laistigh), teach an phoist agus stáisiún na traenach a thógáil ar lámh, agus bualadh le hÓglaigh an Spidéil agus Bhearna i gcathair na Gaillimhe. Ansin bhí siad le beairic na ‘bPeelers’ ar Shráid Eglinton a thógáil, chomh maith le beairic Shráid Dominic agus Beairic an Airm ar an Rinn Mhór. Bhí orthu dul go Baile Átha Luain ansin. Ceaptar nár tharla mórán i gConamara, le hais cheantar an Eachréidh, mar, toisc an caidreamh a bhí ag an bPiarsach le Ros Muc agus Conamara, bhí Óglaigh an Ghaoraigh faoi cheannas an Phiarsaigh agus Liaim Uí Mhaoilíosa. Déanann Liam Ó Dochartaigh cur síos freisin ar an gcaoi ar chaith Colm Ó Gaora maidin an Éirí Amach. -
Luíochán Upton (Gan Dáta) Déanann Pádraig Ó Snodaigh cur síos sa chlár seo ar an luíochán mór le rá a tharla i stáisiún traenach Gharraí Thancaird (Upton), Co. Chorcaí ar an 15 Feabhra 1921. Roinnt laethanta roimhe sin d’éirigh leis an IRA gunnaí agus piléir a thabhairt leo i ruathar ar thraein in aice leis an Driseán Beag, Co. Chorcaí, inar maraíodh saighdiúir de chuid arm na Breataine. Ag súil go ndéanfadh siad amhlaidh arís, dhírigh Cathal Ó Muirthile ar Gharraí Thancaird, ach tubaiste a bhí sa ruathar. Ghlac 14 Óglach páirt ann. Ní raibh ach 7 gcinn de ghunnaí acu eatarthu. Bhí beirt Óglach in ainm a rá leis an lucht ionsaithe cá raibh na saighdiúirí Sasanacha ina suí, ach níor éirigh leo é sin a dhéanamh. Anuas air seo, chuaigh 50 saighdiúir eile ar an traein sular shroich sí Garraí Thancaird, agus scaip siad ar fud na traenach. Chonaic Óglach amháin na saighdiúirí ag dul ar an traein, ach is ar rothar a bhí sé agus níor éirigh leis Garraí Thancaird a bhaint amach in am leis an scéal a insint do na hÓglaigh. Bhí na saighdiúirí Sasana níos oilte ná na hÓglaigh. Tosaíodh ag lámhach agus maraíodh seisear paisinéirí (ní fios cé a mharaigh iad) agus triúr Óglach – Pádraig Ó Súilleabháin, Seán Ó Faoláin agus Beairtle de Failbhe. Bhuail duairceas Ó Muirthile ina dhiaidh sin – chuir sé an milleán air féin – agus maraíodh é féin go gairid tar éis an luíocháin (Márta 1921). -
Laochra na Rinne (Gan Dáta) Déanann Dóirín Mhic Mhurchú cur síos ar Laochra na Rinne i 1916, i gclár cainte agus filíochta. Déantar tagairt shonrach do bheirt as an Rinn a throid in éineacht leis an bPiarsach in Ardoifig an Phoist. Ba iad sin Liam Ó Riagáin ón tSeanchill agus Seán Ó Gríofain ó Heilbhic. Bhí siopa ag fear darbh ainm Dónall Ó Buachalla i Maigh Nuad agus is minic a thugadh sé cuairt ar an Rinn. Thug sé an bheirt ón Rinn leis le bheith ag obair sa siopa, agus thaistil siad ó Mhaigh Nuad go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh san Éirí Amach. Déanann an láithreoir cur síos orthu seo agus luaitear daoine eile ón Rinn a ghlac páirt san Éirí Amach freisin. -
Agallamh le Peig Uí Riagáin (20/04/1981) Cuirtear agallamh sa chlár seo ar Pheig Uí Riagáin (1905-1999), as Baile na nGall, Co. Phort Láirge. Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan agus chaith sí seal ag obair i mBaile Átha Cliath. Chaith sí tréimhse ar imirce i Meiriceá sna 1920í agus sna 1930í, ar nós roinnt poblachtánach eile, tar éis an Chogaidh Chathartha. D`fhill cuid acu, cosúil le Peig, nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sna 1930í. Phós sí Déaglán Ó Riagáin a ghlac páirt sna hÓglaigh i rith Chogadh na Saoirse agus bhí sí ina hUachtarán ar chraobh na Rinne d`Fhianna Fáil. Labhraíonn sí faoina hóige sa cheantar (caithimh aimsire, cúrsaí scolaíochta), faoin nGaeilge sa cheantar, agus faoi Chumann na mBan agus na hÓglaigh i gceantar na Rinne i bPort Láirge. Cé nach raibh inti ach cailín trí bliana déag ag an am, bhí baint aici le Cumann na mBan. Bhí baint ag Cumann na mBan le rudaí difriúla: bailiú airgid, aire a thabhairt d`fhir a bhí ar a dteitheadh, agus teachtaireachtaí a thabhairt do dhaoine. Obair chontúirteach a bhí ann, ag taisteal timpeall san oíche gan solas, agus ba bheag nár maraíodh í uair amháin nuair a d`imigh sí thar aill sa dorchadas. Shábháil duine de na hÓglaigh í. Pléitear an RIC san agallamh freisin. Sa Rinn, chuaigh fear áitiúil, Mícheál Breathnach, le fios a chur ar an RIC chuig achrann a bhí ar an mbaile. Ní raibh ach póilín amháin, Cárthach a bhí mar ainm air, sa bheairic ag an am, agus bhí a fhios aige go raibh Breathnach sna hÓglaigh. Chreid sé gur seift a bhí ann, ach bhí an Breathnach dáiríre. Scaoil sé le Breathnach tríd an bpána gloine a bhí os cionn an dorais. Mhair Breathnach roinnt seachtainí ina dhiaidh sin ach bhásaigh sé ar deireadh. Bhí an sáirsint áitiúil a bhí ar an RIC, Carroll, ar buile faoin méid a bhí tarlaithe ('Sáirsint ana-dheas ba ea é' a deir Peig). Dhíbir sé an Cárthach as a phost agus tugadh suas go dtí tórramh an Bhreathnaigh é go bhfeicfeadh sé céard a bhí déanta aige - ach níor scaoileadh isteach sa teach tórraimh é. In ainneoin seo, tríd is tríd, bhí caidreamh maith idir an RIC agus muintir na háite, dar le Peig, mar go raibh aithne acu ar a chéile. Bhí eisceacht amháin ann, dar léi, Ciarraíoch a bhí ag dul thart leis na Dúchrónaigh. Oíche amháin caitheadh agus goineadh óglach áitiúil, Déaglán Ó Riagáin. Bhí sé ar a bhealach le luíochán a réiteach nuair a chonaic na Dúchrónaigh é agus scaoil siad leis. D`fhan beirt de na hÓglaigh, Tom Hayes agus Mícheál Ó Curraoin, in éineacht le Déaglán Ó Riagáin. Bhí sé gortaithe go dona agus ag cailleadh fola. Chuir siad cóir leighis air agus d`iompair siad píosa fada é go dtí go raibh siad in áit shábháilte. Déantar trácht san agallamh freisin ar na hiarrachtaí a rinne na hÓglaigh an córas stáit a scriosadh. Lasadh beairic an RIC sa Rinn lena chinntiú nach bhféadfaidís eolas a bhailiú. Bhí radharc acu ón mbeairic ar an gceantar uilig. Chomh maith leis sin, lasadh tithe na nGarda Cósta, a bhí ag tabhairt cúnaimh don RIC freisin, agus cuireadh an ruaig orthu. D`éirigh leis na hÓglaigh, le cúnamh ó na Gearmánaigh, gunnaí a thabhairt i dtír i gCeann Heilbhic i rith an tSosa Cogaidh i 1921. -
Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977) Sa chlár seo labhraíonn Séamus Mac Gearailt, Óglach as Corca Dhuibhne, le Mícheál Ó Sé faoin saol ó dheas ó thús an Chogaidh Mhóir i leith. An chuimhne a bhí ag Mac Gearailt ná go raibh na héisc an-fhlúirseach aimsir an Chogaidh Mhóir agus go ndearna iascairí an cheantair an-airgead orthu. Bhí an rud céanna fíor faoi phraghas stoic. Labhair Mac Gearailt faoi cheathrar a rinne iarracht dul isteach sna póilíní, ach níor glacadh ach le duine amháin díobh mar nach raibh Béarla sách maith ag an triúr eile. D`fhan an fear ar glacadh leis san RIC go dtí an deireadh. Ba iar-mhairnéalach de chuid Chabhlach na Breataine, Jack Hartnett, a bhíodh ag druileáil na nÓglach i mBaile an Mhúraigh. Nuair a thosaigh an cogadh i 1914 liostáil roinnt d`Óglaigh an Daingin in Arm na Breataine, daoine as Sráid na nGall agus as Sráid Eoin. Ba chuimhin le Mac Gearailt teacht na nDúchrónach go dtí an Daingean. Bhí sé in ann dáta cinnte a chur leis - 14 Meán Fómhair 1920 - mar gheall gur fhág sé féin an baile ar an dáta céanna le bogadh go Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh arís i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath, áit ina rabhadar ag réiteach Óglach le bheith ina n-oifigigh. Fionnán Breathnach as Ciarraí agus Christie Macken as Gaillimh a thosaigh an chomplacht sa Choláiste. Thart ar dhuine is fiche uilig a bhí san aonad sin as chuile chearn den tír seachas lár tíre. Bhíodh leathlaethanta (ón gColáiste) acu tráthnóna agus bhíodar ag traenáil na laethanta sin. Ginger O`Connell agus Mattie McDonald a thraenáil iad. Nuair a tháinig an Sos Cogaidh i 1921 cuireadh na hÓglaigh as an gColáiste abhaile go dtí a gcuid Briogáidí féin. Chuir Eoin Ó Dufaigh agus Ginger O'Connell Mac Gearailt chuig Céad Bhriogáid Chiarraí (go gairid roimh an Sos Cogaidh) agus cuireadh Fionnán Breathnach chuig Tríú Briogáid Chiarraí, ionas go bhféadfaidís cabhrú leis an traenáil ina gceantair féin. Le teacht na síochána bunaíodh campaí ar fud an cheantair. Bhí an chéad champa a raibh baint aige leis i mBaile Thaidhg, agus is in Inse a cuireadh Campa an Daingin ar bun. Is mar ghrúpa a rinne Complacht Traenála na nÓglach i gColáiste Phádraig an cinneadh diúltú don Chonradh i 1921. Bhí Mattie McDonald in aghaidh an Chonartha freisin. Sula raibh a fhios ag Ginger O`Connell go raibh na hÓglaigh i Choláiste Phádraig tar éis diúltú don Chonradh tháinig sé ar cuairt chucu. Dúirt Mac Gearailt le O`Connell go raibh na hÓglaigh uilig sa gColáiste ag éirí as an gcogaíocht agus ag filleadh ar an múinteoireacht. -
Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad (29/06/1991) Is iad seo Léacht 12 agus Léacht 13 ón tsraith léachtaí ar Éirí Amach na Cásca a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1991. I léacht 12, le Pádraig Ó Cuaig, tugtar cur síos ar bheirt a shínigh Forógra na Poblachta le linn Éirí Amach 1916, Tomás Mac Donnchadha (Thomas McDonagh) agus Seosamh Pluincéad (Joseph Mary Plunkett). Ina dhiaidh seo [30:30] tá Léacht 13, ina dtugann Declan Kiberd léacht dar teideal 1916 agus an Drámaíocht. -
Agallamh le Tomás Ó Dálaigh (11/11/1972) San chlár seo, labhraíonn Tomás Ó Dálaigh (Tom Daly) as Com Dhíneol, Co. Chiarraí, faoi sheanchas Chorca Dhuibhne. Labhraíonn sé faoi na rudaí a tháinig i dtír i gCiarraí mar gheall ar chogaíocht fomhuireáin na nGearmánach. I measc na ndaoine a bádh ar chósta na hÉireann bhí dhá chorp a tháinig i dtír i gCorca Dhuibhne nuair a cuireadh an Lusitania go tóin poill. Pléitear feamainn mar leasú talún, agus an iascaireacht agus luaitear eachtraí stairiúla ar nós Éirí Amach 1916. -
An tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe (06/04/1972) Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, léacht ghearr ar Éirí Amach na Cásca i 1916. Díríonn sé ar ar thit amach i mBaile Átha Cliath, agus in oirthear Chontae na Gaillimhe ach go háirithe. Labhraíonn sé faoi ghníomhaíochtaí na reibiliúnach in Órán Mór, i mBaile Átha an Rí, agus i nDroichead an Chláirín. Pléann sé tionchar an Éirí Amach, agus an t-athrú meoin a tháinig ar phobal na tíre nuair a cuireadh timpeall 1800 i ngéibheann agus nuair a cuireadh na ceannairí chun báis. -
An Piarsach agus na hÓglaigh (02/07/1979) Is léacht dar teideal An Piarsach agus na hÓglaigh é seo a thug iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, i siompóisiam a d’eagraigh Saotharlann Staire Bhaile Átha Cliath mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Márta 1979, agus a craoladh ar an 2 Iúil 1979. -
Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta) Tá muintir Chill Aithnín, Tiarnaí Talún an Spidéil, Co. na Gaillimhe, faoi chaibidil sa chlár seo, atá curtha i láthair ag Maidhc P. Ó Conaola. Tá Teach Mór an Spidéil le díol, agus áirítear teampall Protastúnach an Spidéil, maoirseacht na habhann agus an cháil a bhí ar mhuintir Chill Aithnín mar Thiarnaí Talún sa phlé. I measc na n-aíonna a ghlacann páirt tá Pete Sheáin Phatch Ó Cualáin, Johnny Joe Mharcuis Ó Curraoin, Joe Johnny Aindriú Ó Neachtain agus Seán Ó Neachtain. Luaitear sa chaint an Cogadh Mór agus an Dara Cogadh Domhanda, chomh maith le harm agus cabhlach na Breataine. Ag labhairt dó faoi George Morris, coirnéal in Arm na Breataine a maraíodh sa Chogadh Mór, chuala Johnny Joe Mharcuis, a bhíodh ag obair do thiarnaí Chill Aithnín sa Spidéal, gur duine dá chuid saighdiúirí féin a mharaigh George Morris. Mhothaigh na saighdiúirí go raibh siad ró-fhada ag troid, go raibh siad ró-lag agus dá marófaí Morris go mbeadh seans níos fearr acu éalú. Luadh freisin go raibh fear as an Spidéal, Séamus Rua Ó Concheanainn as Sáile Chuanna, sa reisimint ag Morris. Nuair a maraíodh Morris d`fhág Ó Concheanainn an tArm agus liostáil sé sa chabhlach. Maraíodh é go gairid ina dhiaidh sin nuair a chuir fomhuireán a long go tóin poill. Maidir le Teach an Spidéil, dódh i 1922 é mar gheall go raibh sé i gceist Arm an tSaorstáit a chur isteach ann. Níor ceapadh gur le holc do na Muiriseachaí a lasadh é. Moladh sa chaint gur chóir don choiste áitiúil an teach a cheannach agus é a úsáid mar áis turasóireachta. Luaitear stair chéibh an Spidéil freisin. -
Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975) San eagrán seo den tsraith chlár Sé do Bheatha, cuirtear agallamh ar Bhríd Ní Loideáin (nó Bidí Conboy, nó Bidí Phatch Mhicil) a rugadh in 1899. Tá cónaí uirthi lena mac Tim i gCeapaigh na Creiche, os cionn Loch Measca, gar do Choill an tSiáin i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ba as Coill an tSiáin, Partraí, do Bhríd ó thús. Ba cheoltóir aitheanta a bhí inti – casann sí an bosca ceoil - agus is sa bhaile a d’fhoghlaim sí a cuid ceoil. Cuireann sí síos ar a saol sa cheantar. Bhíodh Éamon de Valera (‘fear tanaí, ard le srón fhada’) agus Sinéad de Valera ag teacht ar saoire go dtí an ceantar, agus ag tabhairt cuairte ar Choláiste Mhuire, scoil Ghaeilge áitiúil. Bhíodh Pádraig Mac Piarais thart freisin, cé nach bhfaca sí é. Labhraíonn sí faoi na Dúchrónaigh, agus cuimhníonn sí ar an luíochán mór le rá a tharla sa cheantar [luíochán Thuar Mhic Éadaigh is dócha]. Bhí beairic mhór ag an RIC sa cheantar agus lasadh é, agus tá sé tite i léig anois. -
Seán Ó Conghaola ag trácht ar Chois Fharraige agus an Cogadh Mór (28/07/1989) Labhraíonn Seán Ó Conghaola, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe, faoin saol i gConamara le linn an Chogaidh Mhóir agus Chogadh na Saoirse. Rugadh é i 1903, agus sa seanchas cois teallaigh chloiseadh sé scéalta uathu siúd bhí i gCogadh na mBórach. Ag an am, agus Sasana ag iarraidh fir óga a earcú, bhí daoine bocht, agus théadh siad áit ar bith le scilling a shaothrú. Bhí dhá bheairic i nGaillimh. Bhí ceann acu ag an droichead mór (the Shambles) agus ba é an Castle Barrack an ceann eile. Tógadh beairic na Rinne Móire idir 1880-1885. Ba iad na Connaught Rangers ba mhó a raibh caint orthu sa cheantar (We are the Connaught Rangers, the boys that felt no dangers…). Scaití d’fheicfeá buíon acu ag teacht, beirt ar bheirt, fir óga, 18-20 bliain d’aois, agus iad slachtmhar agus glan. Déanann Seán cur síos ar leith ar na ‘putties’ a bhíodh ar na saighdiúirí agus an bealach ar leith a bhí ann chun iad a cheangal. Labhraíonn sé freisin faoi na bealaí earcaíochta a bhí ag an arm, go gceannóidís deoch d’fhir óga ag iarraidh iad a mhealladh isteach. Dá dtógfá an scilling bhí tú liostáilte, agus ní fhéadfá fágáil mura gceannódh do mhuintir amach thú ar dhá phunt. Cuimhníonn sé go maith ar an lá ar phléasc an mianach ar an Lochán Beag, lá breá samhradh a bhí ann agus é fós ar scoil. Chuir muintir na háite currach amach chun é a thabhairt i dtír, ag ceapadh go raibh luach leis an raic, ach shéid sé agus maraíodh naonúr. ‘German mine on the West Coast’ a bhí ráite san Independent faoin eachtra, ach mhaígh Ó Conghaola gur ceann de chuid na Breataine a bhí ann, agus gur ag iarraidh iad féin a chosaint a bhí meáin na bunaíochta. Níor thaitin coinscríobh leis an bpobal, ach mheas Ó Conghaola nach raibh aon cheo acu in aghaidh na ndaoine a chuaigh in Arm na Breataine. Cuimhníonn sé go mbíodh an dream óg ag imirt spóirt in aice le séipéal an Chnoic (Indreabhán, Co. na Gaillimhe). Lá amháin tháinig an sagart amach chucu ag impí orthu dul chuig Aifreann ionas go ndéanfaí achainí ar Dhia nach dtógfaí in Arm ná in éadach Shasana iad. Nuair a thosaigh Sinn Féin ag neartú, deir Ó Conghaola go raibh náisiúnaithe ar nós an Dr Tomás Breathnach agus Ruairí Mac Easmainn ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dream óg. Ní mar sin a mhothaigh an seandream, a cheap gurb é rialtas Shasana a bhí ag tabhairt chuile rud dóibh. Chuaigh sé féin isteach sna hÓglaigh i 1919, ar ugach ó shagart poblachtánach ón gClochán. Pléann sé gunnaí, agus an chaoi ar fhoghlaim siad le gunnaí a láimhseáil. Deir sé gur an-ghunna a bhí i Mauserna nGearmánach, ach gur gunnaí bréige a bhí acusan. Bhíodh brathadóirí thart ag an am agus chaithfeá a bheith an-rúnda, agus an-chúramach. Pléann Seán Ó Conghaola an cheannairc san India, nuair a d’éirigh baill de na Connaught Rangers amach, agus labhraíonn sé faoin tionchar a bhí ag an éagóir a rinneadh orthu sa bhaile, dar leis. Bhí sé anuas ar bhunaíocht na Breataine, cé go ndúirt sé ‘Níor mhaith liom an tír thall a cháineadh …mar thugadar saothrú do na hÉireannaigh a chuaigh anonn ann….’ Ag deireadh an chláir, labhraíonn Seán Ó Conghaola faoi na hathruithe a tháinig ar an tír, go háirithe le teacht an oideachais. -
Colm Ó Gaora (28/01/1987) San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Mícheál Ó Conghaile faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear píosaí as leabhar an Ghaoraigh, Mise, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. -
An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987) San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach bás an Choileánaigh i Lúnasa 1922. Ach ní mar sin a tharla, agus tugann sé le fios gur cuireadh 77 duine chun báis idir mí na Samhna 1922 agus mí na Bealtaine 1923. Labhraíonn sé ar eachtraí díoltais le linn an chogaidh, pléitear an díoltas mar pholasaí chun deireadh a chur leis an gcogadh, agus meáitear éifeacht an pholasaí seo. Díríonn sé ar eachtraí díoltais ar leith a tharla tar éis eachtra inar maraíodh oifigeach in Arm an tSaorstáit, beirt shaighdiúirí agus beirt eile in aice le Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí. Is i mBaile Ó Síoda, Trá Lí, i nDroichead na Cuntaoise, Cill Áirne agus sna Beathacha, Cathair Saidhbhín a pléascadh príosúnaigh agus iad ceangailte de mhianaigh. Tháinig Stephen Fuller, a bhí ina Theachta Dála do Chiarraí ina dhiaidh sin, slán as an ainghníomh i dTrá Lí, cé gur séideadh a chuid comrádaithe san aer. Luann an láithreoir, cé gur léir nár aontaigh na húdaráis i mBaile Átha Cliath leis seo, gur léir go raibh cead a gcinn ag oifigigh an tSaorstáit i dTrá Lí. Críochnaíonn an láithreoir le comparáid idir na heachtraí seo agus tuairisc scríofa eile ón gceantar céanna. Ag tús na bliana sin, bhí Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach Ciarraíoch ar an mBlascaod Mór, ag cur síos ar shaol eile ar fad, a bhí slán ar uafás an Chogaidh Chathartha a bhí ag réabadh an cheantair 50 míle soir uaidh ar an mórthír. -
Luíochán Scríbe ón Leabhar Mise (29/05/1985) Ag tús na míre tá Bob Quinn ag léamh sleachta ón gCuradh Connachtach ón 9 Aibreán, 1921. Is tuairisc é ar an méid a thit amach tar éis luíocháin i Scríb. Déantar trácht ar dhaoine a theith óna gcuid tithe agus ar thithe a bheith á ndó ag na Dúchrónaigh, ina measc teach an Phiarsaigh, teach Choilm Uí Ghaora, agus siopa i gCamas. Léann Piaras Ó Gaora sliocht faoi luíochán Scríbe a scríobh a athair, an tÓglach Colm Ó Gaora, ina leabhar Mise. -
An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978) Sa chlár Linn Féin É Seo – a craoladh mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca i 1978 - tugann Séamus Ó Buachalla, léachtóir oideachais i gColáiste na Tríonóide, léacht dar teideal An Piarsach agus Conradh na Gaeilge. Pléitear an caidreamh a bhí ag an bPiarsach leis an nGaeltacht. Cé gur mó taithí a bhí aige ar Ros Muc, chuir sé spéis freisin i gceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre, agus bhí suim ar leith aige i bhforbairt eacnamaíoch na gceantar sin. Bhí dlúthbhaint aige leis na ceantair seo trí na Coláistí Gaeilge. Tugtar le fios go raibh tionchar mór ag beirt mhúinteoirí Gaeilge air sular leag sé cos sa Ghaeltacht riamh – an Bráthair Maunsell, as tuaisceart Chiarraí a bhí ina mhúinteoir ag Seán T. Ó Ceallaigh freisin, agus Tomás Ó Flannghaile, as Maigh Eo, a scríobh For the Tongue of the Gael, cnuasach aistí agus léachtaí ar stair agus litríocht na Gaeilge. Sa léacht seo déantar cur síos freisin ar chuairteanna an Phiarsaigh ar chathair na Gaillimhe agus níos faide siar go Ghaeltacht Chonamara. Thug an Piarsach cuairt ar Ros Muc den chéad uair in Aibreán na bliana 1903, le scrúdú a chur ar dhaltaí de chuid an cheantair a bhí ag iarraidh a bheith ina múinteoirí ag Conradh na Gaeilge. Ina measc siúd a ndearnadh scrúdú orthu bhí Pádraig Ó Nia, Colm Ó Conghaile, Proinsias de Búrca, Seán agus Mícheál Ó Máille. Orthu siúd a cuireadh faoi scrúdú, freisin, bhí an tÓglach agus scríbhneoir, Colm Ó Gaora. -
Agallamh le Peadar Ó Máille (09/05/1981) San eagrán seo de Blianta faoi Bhláth tá Peadar Ó Máille (1895-1985) as Baile Logáin, Cor na Rón Thoir, Indreabhán ag caint ar an tréimhse a chaith sé in Óglaigh na h-Éireann. D`fhás na hÓglaigh go sciobtha tar éis Éirí Amach na Cásca, agus is minic a bhunaigh duine a tháinig abhaile as ceantar éigin eile díorma de na hÓglaigh ina bhaile féin. Is amhlaidh a tharla i gcás an cheantair siar ón Spidéal. Bhí Peadar Ó Máille ag múineadh Gaeilge i gCo. Laoise agus ba é a bhunaigh díorma de na hÓglaigh siar ón Spidéal thart ar 1917. Ba é freisin a bhí ina stiúrthóir toghchánaíochta do Shinn Féin i gConamara do thoghchán 1918. Rinne poblachtánaigh an cheantair an-obair, dar leis. Cuireann sé síos ar an seal a chaith sé i bpríosún i gcampa an Churraigh – bhídís ag déanamh tolláin éalaithe. Deir sé go raibh na gardaí príosúin go maith, tríd is tríd. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha bhí sé ar chuid den dream a coinníodh istigh, in éineacht le daoine ar nós Pheadair Uí Dhónaill agus Thomáis Uí Dheirg (a bhí ina Aire Oideachais sna 1930í agus na 1940í) nuair a scaoileadh gach duine eile amach. Coinníodh na príosúnaigh seo istigh ionas nach gcuirfeadh siad tús arís le gníomhaíochtaí míleata ina gceantair dúchais. Labhraíonn sé faoin deacracht a bhí aige, mar phoblachtánach, i gcúrsaí fostaíochta tar éis an Chogaidh Chathartha. Thug sé aghaidh ar Uíbh Fhailí le post nua a ghlacadh ach b`éigean dó filleadh abhaile nuair nach raibh sé sásta móid dílseachta a ghlacadh don Saorstát nua a bunaíodh i 1922. Labhraíonn Peadar Ó Máille freisin faoin aithne a bhí aige ar Mhicheál Ó Coileáin (tríd an IRB), ar Éamon De Valera agus ar an scríbhneoir Pádraig Ó Conaire i mBaile Átha Cliath. -
Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981) San eagrán seo den tsraith chlár Blianta Faoi Bhláth cuireann Seán Ó Conghaile agallamh ar Thomás Ó Máille as Co. na Gaillimhe. Bhí sé sna hÓglaigh le linn aimsir na Trioblóide (ní raibh meas ag aon duine ort, agus ní labhróidís leat, mura raibh tú le Sinn Féin, dar leis). Mar óglach, bhíodh sé ag máirseáil le gunna maide sna garrantaí i ngan fhios do na Dúchrónaigh. Faoin am ar liostáil sé san Arm (07 Bealtaine, 1922), bhí cleachtadh maith aige ar a bheith ag druileáil. Nuair a tháinig an scoilt chuaigh sé leis an gCoileánach. Luaigh sé go raibh deartháir aige féin, agus nach labhraídís lena chéile sa leaba mar go raibh duine amháin le de Valera agus an duine eile le Mícheál Ó Coileáin. Déanann sé cur síos ar an am a chaith sé in Arm an tSaorstáit, nó gur fhág sé i 1924. I measc na gceannairí a bhí aige sna hÓglaigh, bhí Mícheál Ó Droighneáin, Éamonn Breathnach agus Beairtle Dillon. Ba é Pádraig Bhaba Bhán (Folan) as Bothúna a bhí mar chaptaen aige nuair a liostáil sé i 1922. -
Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973) Sa mhír seo den tsraith chlár Beatha Duine a Thoil cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Anraí (Harry) Ó Corrduibh (1914-1982). Rugadh i gCill Mhíchíl, Co. Chláir é agus bhog sé go Ros Dubhach, Maigh Eo, áit ar chuir sé faoi agus é mar mhúinteoir meánscoile. Labhraíonn sé san agallamh seo faoina óige i gCo. an Chláir. Tá cuimhne aige ar na Dúchrónaigh agus an ‘raic, an loscadh agus an marú’ a rinneadh, agus déanann sé trácht ar eachtra ar leith a chonaic sé agus é ina ghasúr óg. Bhí a athair ina Chonstábla Ríoga sa cheantar, agus bhí sé i mbeairic an RIC oíche amháin nuair a chuala siad torann ó ghunnaí taobh amuigh – is cosúil go raibh na Dúchrónaigh ag réabadh lasmuigh. Maraíodh giúistís áitiúil [an Captaen Alan Lendrum] ag an am agus bhí na Dúchrónaigh ina ndiaidh siúd a mharaigh é. Bhí siad amuigh ag cuardach ar feadh na hoíche. Níos déanaí an mhaidin sin tháinig leoraí, a raibh cónra an ghiúistís air, chuig an mbeairic. Ba é sin an chéad uair a chonaic Anraí an chónra - agus dúirt sé go mba léir gur caitheadh le chéile faoi dheifir í. Bhí na Dúchrónaigh ar an leoraí freisin agus iad ag ceol, ag ól agus ag gáirí. Bhí sé 7 mbliana d’aois ag an am. -
Éamonn Ceannt agus Tomás Kent (1984) Labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Breandán Feiritéar faoi bheirt a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, Éamonn Ceannt agus Tomás Kent. Tá an comhrá seo tras-scríofa thíos: Gearóid Ó Tuathaigh: Beirt a bhí óg, duine acu tríocha cúig a bhí aige agus fear eile ní raibh an leathchéad bainte amach aige agus cuireadh chun báis iad beirt i ndiaidh Éirí amach na Cásca agus díreach taca an ama seo a cuireadh chun báis iad. An bheirt atá i gceist agam ná Éamonn Ceannt, an duine is clúití díobh b’fhéidir, den bheirt, fear a rugadh i nGleann an Mhadaidh i gContae na Gaillimhe ar an 21ú lá Meán Fómhair 1881. Fuair sé oideachas ansin i scoil náisiúnta áitiúil agus ina dhiaidh sin chuir na Bráithre Críostaí oideachas air i mBaile Átha Cliath, North Richmond Street, agus ina dhiaidh sin arís chaith sé tréimhse ag staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach ansin mar chléireach, fuair sé post ar fhoireann Bhardas Bhaile Átha Cliath agus sa mbliain 1900 díreach agus é naoi mbliana déag d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus rinne sé an-dul chun cinn. Agus ní fada go raibh sé ina mhúinteoir ag an gConradh agus bhí ranganna aige agus toghadh é arís agus arís eile mar bhall den ardchomhairle. Anois ceann de na rudaí ba suntasaí faoi, an cheoltóir ab ea é, ár ndóigh, ar na píopaí uillinn. Agus chuaigh sé in éineacht le grúpa lúthchleasaithe as Éirinn a chuaigh chun na Róimhe in ómós don Phápa díreach ag tús na haoise seo. An Pápa a bhí ann ag an am, Pius a Deich bhí iubhaile aige agus chuaigh grúpa lúthchleasaithe as Éirinn chun na Róimhe in ómós dó. Agus in éineacht leo chuaigh Éamon Ceannt agus é feistithe amach, mar a déarfá, sa chulaith a bhí ann ag an am, agus san kilt agus gach ní aige agus sheinn sé foinn na hÉireann ar na píopaí uillinn don Phápa féin, ar iarratas ón bPápa. Agus seo é an pictiúr de is coitianta a feictear sna leabhair. An pictiúr de feistithe suas agus é ag seinm don Phápa. Breandán Feiritéar: Cuireann sé sin i gcuimhne dom Tomás Ághas. Gearóid Ó Tuathaigh: Sin díreach é. Bhuel bhí a lán acu ag an am ag gabháil don rud sin, an dtuigeann tú, bhíodar ag plé le cúrsaí teanga agus cúrsaí ceoil agus le cúrsaí polaitíochta chomh maith mar sa bhliain 1908, chuaigh Éamonn Ceannt le Sinn Féin agus go gairid ina dhiaidh sin, tugadh isteach é mar bhall den chumann rúnda, an IRB, agus toghadh é ina bhall de choiste na nÓglach nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913. Agus bhí baint thábhachtach aige leis na gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil i 1914. Anois bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916, ár ndóigh, ba é a bhí ina cheannfoirt in san South Dublin Union sa bhliain 1916, agus bhí sé ar na daoine a shínigh Forógra na Cásca, is mar gheall air sin is mó a bheadh cuimhne ar na daoine in Éirinn air. Cuireadh triall air sa chúirt airm ina dhiaidh sin ár ndóigh i ndiaidh an Éirí Amach. Daoradh chun báis é agus scaoileadh é, sé sin le rá cuireadh chun báis é le gunnaí i bpríosún Chill Mhaighneann an t-ochtú lá de Bhealtaine 1916. Anois, an fear eile den sloinne céanna, is coitianta go n-úsáidtear leagan Béarla den sloinne agus is é sin Thomas nó Tomás Kent. Tá cúpla rud spéisiúil faoin bhfear seo. An rud b’fhéidir is tábhachtaí ná gurbh é an t-aon duine a bhí bainteach, d’fhéadfá a rá le hÉirí Amach 1916 a cuireadh chun báis taobh amuigh do Bhaile Átha Cliath. Sé sin gur cuireadh ar a thriail é agus gur cuireadh chun báis é taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. br> Anois teaghlach an-náisiúnta ab ea an teaghlach áirithe seo lenár bhain sé, agus bhí sé féin agus deartháireacha leis páirteach ins sna hÓglaigh agus bhíodar ag súil le horduithe um Cháisc 1916. Agus d’fhanadar ag baile ag súil leis na horduithe go dtí gur tháinig an RIC, scata díobh mórthimpeall ar an teach agus thimpeallaigh siad an teach. An áit inar chónaigh siad, dála an scéil, ná Caisleán Uí Liatháin i gContae Chorcaí. Agus tharla scliúchas ansin agus gortaíodh cuid de dheartháireacha Thomas Kent ach in san scliúchas maraíodh póilín amháin, fear darb ainm William Roe. Agus ina dhiaidh, ár ndóigh, gabhadh an teaghlach ar fad agus is spéisiúil an rud a tharla dóibh ar fad, tabharfaidh mé an liosta duit. Liam, cuirim i gcás, deartháir amháin le Thomas Kent, cuireadh i bpríosún é i bpríosún Chorcaí ach cuireadh ar a thriail é agus fuaireadh neamhchiontach é, sé sin níor gearradh aon téarma fada air. Daithí, an deartháir eile, bhí seisean gortaithe in san choimhlint, gabhadh é agus daoradh chun báis é ach bhí sé i ndrochchaoi ceart ó thaobh na sláinte de agus mar sin cuireadh an bás ar athló nó cuireadh siar é. Ina dhiaidh sin, socraíodh nach gcuirfí chun báis é ach go ngearrfaí téarma príosúin air. Príosún lena bheatha a bhí gceist i gceann amháin ach ina dhiaidh sin scaoileadh amach é nuair a bhí an amnesty ann i lár na bliana 1917, i mí an Mheithimh. Ansin Risteard, deartháir eile de Thomas Kent, bhí seisean gortaithe go dona in san eachtra sin agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin ar an gceathrú lá de Bhealtaine 1916 in san ospidéal i Mainistir Fhear Maí. Agus maidir le Tomás féin, bhí seisean ar a theitheadh agus é ag iarraidh na cosa a thabhairt leis nuair a tháinig an póilín seo, William Roe, air agus scaoil sé é agus fuair Roe bás. Gabhadh Tomás Kent, agus cuireadh i bpríosún é. Agus daoradh chun báis é agus scaoileadh é i mbeairic na saighdiúirí i gCorcaigh ar an naoú lá de Bhealtaine 1916. Anois, tá sé ráite ina thaobh gur iarr sé nach Éireannach a scaoilfeadh é, pé duine eile a scaoilfeadh é, pé duine eile a mharódh é, d’iarr sé go speisialta nach ndéanfadh Éireannach ar bith é agus ní fios cé acu ar tugadh aird ar a iarratas nó nár tugadh. -
Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986) Tugann Nollaig Ó Gadhra tuairisc faoin Athair Ó Gríofa, a maraíodh i mBearna, Co. na Gaillimhe, i mí na Samhna, 1920. Bhí sé ar dhuine den bheagán sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse. Is cosúil gur dúnmharaíodh Ó Gríofa de bhrí go raibh sé ag feidhmiú mar shéiplíneach do na hÓglaigh (cé go raibh sagairt eile ag déanamh an rud céanna ag an am agus nár maraíodh iadsan). Bhí sé le dul go Meiriceá le fianaise a thabhairt i Washington faoi staid na tíre ag an am. Cuireann Ó Gadhra síos ar an tréimhse chorraitheach a bhí ann san am a fuair sé bás. I mí Dheireadh Fómhair d’eisigh na heaspaig ráiteas ag gearán faoina raibh ag tarlú sa tír agus ag cáineadh rialtas na Breataine. Bhásaigh Traolach Mac Suibhne an mhí sin ar stailc ocrais, agus maraíodh an poblachtánach Seán Treacy i mBaile Átha Cliath. Ag tús mhí na Samhna crochadh Caoimhín de Barra agus cuireadh James Daly chun báis san India. Bhí pobal na tíre in ísle brí. Lena linn seo ar fad, bhí an tAthair Ó Gríofa ag labhairt amach. Luann Ó Gadhra gur tugadh faoi shagairt roimhe sin chomh maith – bhí comhcheilg ann an leis Dr Fogarty, easpag Chill Dalua, a fheallmharú (é a chaitheamh isteach i mála agus é a ligean le sruth ionas nach bhfaighfí a chorp). Déanann Ó Gadhra trácht ar [Frank Percy] Crozier, a bhí i gceannas ar na Cúntóirí (Auxiliaries) ag an am, agus a thug an bhróg do 20 ball den ghrúpa sin a bhí ag feidhmiú go mídhleathach. D’fhág Crozier Arm na Breataine nuair a chuala sé gur scaoileadh na saighdiúirí sin ar ais san Arm arís. Déanann Ó Gadhra iontas de nach bhfuil mórán eolais le fáil faoin Athair Ó Gríofa. Deir sé, cé gur labhair an chléir amach go láidir in aghaidh fhórsaí na Breataine nuair a fuair sé bás, go raibh na heaspaig ag rá laistigh de bhliain gur cheart ómós a bheith ag an bpobal do rialtas agus do dhlí na tíre. -
Léacht Chriostóir Mhic Aonghusa faoi Phádraig Mac Piarais (Gan Dáta) Tugann Criostóir Mac Aonghusa léacht faoi Phádraig Mac Piarais. Tarraingíonn sé ar fhilíocht an Phiarsaigh, ina measc The Fool agus The Rebel, chomh maith le hóráid an Phiarsaigh sa Chúirt Mhíleata i 1916, chun léargas a thabhairt ar dhearcadh agus ar fhealsúnacht an Phiarsaigh. -
Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #2 (10/11/1973) Leanann Máirtín Ó Fátharta ar aghaidh lena phíosa cainte faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear píosaí ó leabhar an Ghaoraigh, Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Pléitear an tionchar láidir a bhí ag Pádraig Mac Piarais ar Cholm Ó Gaora. Tá mír fuaime eile sa chartlann (50347) ina bhfuil breis eolais faoin ábhar seo. -
Bás an Choileánaigh (23/08/1979) Labhraíonn Tomás Ó Ceallaigh le Cormac Mac Cárthaigh - staraí a fhoilsíonn a chuid taighde san iris Agus - faoi bhás an Choileánaigh. Maíonn sé nach féidir brath ar thuairisc an Ghinearáil Emmet Dalton, a bhí leis an gCoileánach nuair a maraíodh é, agus a thug tuairisc ar an eachtra sa Freeman’s Journal. Deir Mac Cárthaigh gur féidir go leor dá bhfuil ráite ag Dalton a bhréagnú. Pléitear na cúiseanna a raibh Mícheál Ó Coileán i gCorcaigh nuair a maraíodh é, agus labhraítear freisin fúthu siúd a mbeadh cúis phearsanta acu é a mharú. -
Léacht Sheosaimh Uí Chuaig faoi Cholm Ó Gaora (29/05/1976) Tugann Seosamh Ó Cuaig léacht faoin Óglach Colm Ó Gaora, as Ros Muc, le linn Éigse Ros Muc. Scríobh an Gaorach an leabhar Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Ba uncail é Colm Ó Gaora le máthair Sheosaimh. Bhí sé ina oifigeach airm ar Chomplacht Ros Muc d'Óglaigh na hÉireann i 1920 agus ina cheannaire ar bhriogáid Chonamara Thiar. Pléitear scríbhneoireacht Choilm, na tréimhsí a chaith sé i bpríosúin éagsúla, agus an teanga agus Conradh na Gaeilge. -
An tÉirí Amach sna Meáin (11/04/1977) Caitheann Nollaig Ó Gadhra súil siar ar thuairiscí na bpáipéir nuachta ar an Éirí Amach i 1916. Luann sé gur athraigh sprioc an Éirí Amach, nuair ba léir nach feachtas náisiúnta a bheadh ann. Íobairt bholscaireachta a bhí ann, seachas beartas cogaíochta. Dá bharr sin, bheadh toradh an Éirí Amach ag brath ar an bpoiblíocht a gheobhadh sé. Bhí dearcthaí difriúla ag meáin Mheiriceá ar an bhfeachtas, ag brath ar an seasamh (leithliseachas nó frith-leithliseachas) a bhí acu faoi ról na Stát Aontaithe sa Chogadh Mór. Bhí spéis ag nuachtóirí ar fud an domhain, fiú i Sasana, sa Chuntaois Markievicz, a bhí mar a bheadh Jeanne d’Arc na linne sin ann. Bhí go leor ráflaí bréagacha sna nuachtáin freisin. Tuairiscíodh bás Uí Chonghaile ceithre huaire sular tharla sé, cheapadar i Meiriceá gur i dTúr Londan a cuireadh na ceannairí chun báis, agus is minic a thagair siad do ‘Professor Pearse’ agus ‘General Connolly’. Dar leis an Corriere della Sera ba é Jim Larkin – a bhí i Chicago ag an am - a bhí ina cheannaire ar na reibiliúnaigh. Níos gaire do bhaile, maíonn Ó Gadhra go raibh An Cork Examiner, a thug tacaíocht don John Redmond, in aghaidh an Éirí Amach – cé gur thóg siad seasamh láidir in aghaidh an pholasaí díoltais – agus go raibh an Free Press ag cur an mhilleáin ar Redmond. Cháin Ó Gadhra an Irish Independent go láidir, a thagair do Shéamas Ó Chonghaile dóibh nuair a dúradar ‘certain of the leaders remain undealt with ….’ agus é fós sa phríosún. Agus dúradar ‘the penalty of capital punishment should not we think be inflicted on any other case’ tar éis é a bheith curtha chun báis. Sa dara cuid den mhír fuaime seo léann Seán Ó Conghaile sleachta a scríobh Peadar Ó Dónaill as an iris Dóchas i 1966 le linn chomóradh leathchéad bliain Éirí Amach 1916. -
Agallamh le Pádraig Ó Céidigh (01/05/1987) Cuireann Seán Bán Breathnach agallamh ar Phádraig Ó Céidigh (Pat Choilm Phádraig). Bhí Pat 93 bliain d'aois nuair a rinneadh an taifeadadh seo (ar an 1 Bealtaine 1987). Deir Pádraig go gcuimhníonn sé go ndeachaigh Mícheál Ó Droighneáin isteach go Gaillimh ar a rothar maidin an Éirí Amach ag fiosrú faoin scéal. Dar le Pádraig, tógadh Ó Droighneáin, Colm Ó Gaora* agus Pádraig Ó Máille agus caitheadh isteach ar minesweeper [An Guillemot] a bhí ar ancaire i nduganna na Cathrach iad. Déanann Pádraig cur síos ar mhná an Chladaigh ag tabhairt amach dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh Pádraig isteach san IRB - bhí complacht beag thart ar an Spidéal ag an am - agus d’fhan sé leo gur tháinig an scoilt. Bhí sé le Briogáid Oirthear Chonamara, a chlúdaigh an ceantar idir Gaillimh, Casla agus Uachtar Ard. Bhí siad traenáilte go maith, dar leis. Bhí sé ina Aidiúnach Catha, agus ina Cheannfort Catha (nuair a d’éirigh Pat Sheáin Tom as an ról sin). Labhraíonn sé faoin gCogadh Cathartha, agus maíonn sé go bhféadfaí é a sheachaint, murach gníomhaíochtaí de Valera. Bhí an Coileánach mar laoch aige. Dar leis, ní mhairfeadh an chríochdheighilt i bhfad murach an cogadh (luaigh sé ráitis David Lloyd George ina leith seo). Labhraíonn sé freisin faoi chuairt a thug de Valera ar Ghaillimh i 1917, agus an fháilte a chuir Frank Fahy agus Mícheál Ó Droighneáin roimhe. Casann sé amhrán - ceann a fuair sé ó Mhicilín Nana as an Spidéal. *Gabhadh Colm Ó Gaora i gConga, agus cuireadh go Caisleán an Bharraigh é. -
Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980) Sa mhír ghearr fuaime seo as an tsraith chlár Blianta faoi Bhláth, tá Pádraig Pheter Ó Cualáin as Cor na Rón, Indreabhán, ag labhairt le Máirtín Davy Ó Coistealbha faoi eachtra a tharla dá athair le linn Chogadh na Saoirse. Bhí a athair i ndiaidh na mbeithíoch sa gharraí agus nuair a tháinig sé abhaile, bhain sé de a chuid bróg agus bhí siad lán le fuil. Is cosúil gur tháinig leoraí lán le Dúchrónaigh air i lár an gharraí. Dúirt siad i mBéarla ‘Hands up’, agus chaitheadar é le gránghunna. Nuair a tháinig sé abhaile, dúirt a mháthair lena athair an teach a fhágáil, agus dul síos ag an gcladach, ach ní scaoilfeadh Pádraig, a bhí ina ghasúr óg ag an am, leis. Thosaigh Pádraig ag screadach agus ag caoineadh, níor lig sé cead dá athair imeacht, agus d’fhan sé in éineacht leis sa teach. B’in an chuimhne is faide siar a bhí ag Pádraig Ó Cualáin. -
Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987) San eagrán seo de Cothrom an Lae tugtar tuairisc ar an tréimhse a chaith Seán T. Ó Ceallaigh (Uachtarán na hÉireann 1945-1959) sa phríosún tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh i mBeairic Mhíleata ar dtús é ar chúl Chaisleán Átha Cliath. Bhí comhluadar maith ann, ina measc bhí an Cunta Pluincéad agus Noel Lemass, ach ní raibh an bia go maith (tae agus brioscaí crua). An mhaidin dár gcionn, máirseáladh go Beairic Richmond iad. Is anseo a bhí ceannaire ó na Royal Irish Rifles, a cheistigh cé acu a bhí leonta. Thug sé aire don triúr a bhí leonta – Seán T. Ó Ceallaigh, Noel Lemass agus Douglas ffrench-Mullen. Fear an-chineálta ab ea an ceannaire. Bhí aithne aige ar mhuintir Uí Cheallaigh agus dúirt sé go mbuailfeadh sé isteach chucu lena rá leo go raibh Seán beo. Chinntigh sé freisin go raibh na príosúnaithe in ann litreacha a sheoladh amach ón bpríosún. Tugadh Ó Ceallaigh os comhair Cúirt Mhíleata tar éis cúpla seachtain, agus ansin cuireadh go príosún Wandsworth, Londain, é. Chaith sé tréimhsí freisin i bPríosún Woking agus i bPríosún Frongoch, i measc príosúin eile, nó gur scaoileadh saor é oíche Nollag 1916. Dhá bhliain ina dhiaidh sin toghadh ina Theachta Dála é, agus bhí sé ina TD gur ceapadh ina Uachtarán ar Éirinn é 42 bliain ón lá ar craoladh an mhír seo. -
James Stevens (26/12/1986) Scríbhneoir den chéad scoth ab ea James Stephens, a scríobh na leabhair The Charwoman’s Daughter agus The Crock of Gold. Bhí fantaisíocht, fealsúnacht, greann agus éagsúlacht carachtair mar théamaí iontu. D’admhaigh sé féin go ndeachaigh Lord Dunsany (Edward Plunkett) go mór i bhfeidhm air. Chuaigh Éirí Amach 1916 go mór i bhfeidhm air freisin, agus bhuail taom tírghrá é ina dhiaidh. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge agus d’fhreastail sé ar ranganna Gaeilge. Chuir sé spéis i mbéaloideas na hÉireann agus i litríocht ársa na tíre, agus is orthu siúd a bhí na chéad trí leabhar eile a d’fhoilsigh sé ina dhiaidh sin bunaithe – Deirdre, Irish Fairy Tales agus In the Land of Youth. Chuir sé a chruth féin ar na scéalta. Bhí an-éileamh ar na leabhair ag an am. Chuaigh sé go Sasana agus ansin go Meiriceá. Ag obair don BBC i Londain ag cur cláir filíochta i láthair a bhí sé an bhliain ar cailleadh é, 1950, 36 bliain díreach sular craoladh an mhír fuaime seo. -
Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986) Craoladh an mhír fuaime seo cothrom an lae 103 bliain ó rugadh Peadar Kearney in 1883. Baile Átha Cliathach a bhí ann, agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Marino. D’fhan sé leo go raibh sé 14 bliana d’aois, nuair a cailleadh a athair. Bhí airgead le saothrú don chlann ansin. Chaith sé tréimhsí ag obair i siopa rothar, ag péinteáil, agus ag obair ar chúl an stáitse in Amharclann na Mainistreach. Bhíodh páirteanna aige i ndrámaí na hAmharclainne freisin. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus dhá bhliain ina dhiaidh sin chuaigh sé leis an IRB. Thosaigh sé ag scríobh amhrán, agus i 1907 scríobh sé The Soldier’s Song agus chuir a chara, Patrick Heaney, ceol leis. Foilsíodh na focail sa leabhar Irish Freedom agus nuair a bunaíodh na hÓglaigh i 1914 bhain siad úsáid as mar amhrán máirseála. I 1922 roghnaíodh an t-amhrán mar amhrán náisiúnta an Stáit nuachruthaithe. Throid sé san Éirí Amach agus sa Chogadh Cathartha agus nuair a tháinig deireadh leis an troid, chaith sé an chuid eile dá shaol ag péinteáil, go dtí gur cailleadh é i 1942. -
Dánta an Phiarsaigh (26/07/1992) San eagrán seo de Mór Údair léann Mícheál Holmes na dánta agus na scéalta seo a leanas a scríobh Pádraig Mac Piarais agus déanann sé léirmheas orthu: Ar Ard Bhinn Éadair; Aisling; Os Cionn na Farraige; A Éin Bhig; Bean tSléibhe ag Caoineadh a Mic; Gearrscéal Bhríd na Gaoithe; Amhrán an Ghamhna; A Mhic Bhig na gCleas; Mór mo Bhrón; Fornocht do Chonac thú; Mion; Suantraí agus Geantraí; Crónán Mná Sléibhe; A Chín Álainn; Fada Liom do Theacht; Arán Dá Rinneas; Teacht Chríost; Bethlehem. -
Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988) Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a rinneadh an t-agallamh bhí cónaí air taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Labhraíonn sé faoina shaol agus faoin obair a bhí sa cheantar le linn a óige. Luaitear Tiarnaí Talún an cheantair (Ross-Ford agus Gibbons) agus na gníomhairí a bhí acu. Labhraíonn sé faoin nGaeilge sa taobh sin tíre (ní raibh Béarla ag a mháthair, ná aige féin sula ndeachaigh sé ar scoil). Bhí sé ag Oireachtas sna Gaeilge i mBaile Átha Cliath – bhuaigh sé an chéad duais (£5) sa chatagóir Gaeilge an Teaghlaigh. Chuaigh sé ag iascaireacht tar éis na scoile. Ansin chuaigh sé ar imirce go hAlbain i 1919 agus é 19 mbliana d’aois. Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú. Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht. -
Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar Éirí Amach na Cásca (22/04/1976) Sa chlár seo (An tSeachtain Seo), a craoladh ar an 22 Aibreán 1976, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Seán Ó Tuairisg faoi Éirí Amach na Cásca. Pléitear comhthéacs an Éirí Amach, an Bille Rialtais Dúchais, cuspóirí na gceannairí i 1916, olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil, agus traidisiún an Phoblachtachais. -
Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988) San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar labhraíonn Beartla Choilimín Nuala Ó Flatharta as Cuileán, an Cheathrú Rua le Seán Ó Conghaile. Chuaigh an Flathartach leis na hÓglaigh nuair a bhí sé óg, agus ina dhiaidh sin le Sinn Féin agus leis an IRA. Dar leis, is ag iarraidh an dlí a thógáil as lámha na ‘bpóilíos’ a bhí siad. Labhraíonn sé faoi eachtra ar leith a tharla dó féin in aice le Loch Leacrach ar an gCeathrú Rua. Cuireadh i bpríosún i nGaillimh é ina dhiaidh sin. Labhraíonn sé faoi na coinníollacha sa phríosún (bhí 300 príosúnach ann, agus cúigear i ngach cillín), agus faoi theacht na nDúchrónach (‘…lena gcuid Crossley Tenders…agus rifles píleáilte ar an tsráid ar nós cocaí féir…’). Chaith sé seacht mí i nGaillimh. Tugadh go Príosún Mhuinseo ansin é ar feadh míosa, agus as sin go Wormwood Scrubs i Sasana ar feadh seachtaine, agus as sin go Wandsworth. Scaoileadh saor as bpríosún Wandsworth é ar an 25 Iúil 1921 mar chuid den Chonradh. Labhraíonn a bhean freisin, Maggie Uí Fhlatharta, as an nGleann Mór. -
Roibard Mac Góráin ag trácht ar Phádraig Mac Piarais (18/12/1979) Is léacht é seo a thugann Roibard Mac Góráin faoi Phádraig Mac Piarais (1879-1916). Pléitear an Piarsach mar oide, mar scríbhneoir agus mar pholaiteoir. Déantar anailís freisin ar fhealsúnacht pholaitiúil an Phiarsaigh. Craoladh an clár seo mar chuid de chomóradh 100 bliain ó rugadh an Piarsach. -
Mícheál Ó Mainnín ag Díol na Muc (Gan Dáta) Labhraíonn Mícheál Ó Mainnín faoin am a ndeachaigh sé le muca a dhíol i dTrá Lí, mí Feabhra [ceaptar gur i mí Márta a tharla an eachtra seo] le linn Chogaidh na Saoirse. Bhíodh go leor muc i bparóistí an Daingin agus Bhaile an Fheirtéaraigh fadó, agus bhíodh aonach muc sa Daingean gach mí, áit a gceannaíodh muintir Thrá Lí na muca, lena seoladh chuig seamlais Thrá Lí (Slattery’s agus Denny’s). Ach le linn an Chogaidh, bhí na traenacha stoptha, agus bhí droichid na mbóithre leagtha ag an IRA le leoraithe na nDúchrónach a stopadh. Thug Mícheál agus beirt eile faoin turas a dhéanamh iad féin. Chuala siad, cé go raibh na bóithre réabtha agus na droichid leagtha, nár shéid buama a bhí curtha faoi dhroichead amháin an lá roimhe, agus go mb’fhéidir go mbeidís in ann bealach a aimsiú. D’fhág siad ag a 3am, ag súil le bheith i dTrá Lí tráthnóna an lae chéanna. Chaith siad tamall ag siúl agus tamall sa chairt. Bhaineadar Trá Lí amach, chuireadar na muca i stáblaí an mhargaidh, thug siad féar do na capaill, agus chuadar ag lorg lóistín agus greim le hithe. Soir leo ina dhiaidh sin go Coffey’s Ballroom, le breathnú ar na pictiúir. Is ansin a chonaic siad go raibh sé lán le Dúchrónaigh. Gabhadh iad ar an mbealach ar ais chuig an lóistín, chuardaigh siad iad, agus tógadh beirt acu. Máirseáladh suas chuig príosún Bhaile an Mhuilinn iad, agus mná ag fógairt orthu ó dhoirse na dtithe ar an mbealach (‘poor boys, he’ll be shot now – they’re shooting them all the morning… just off the mountain, coming off the mountain now, they had a great time off there in the bushes, poor creatures, they’re shooting them all the morning…’). Bhí faitíos orthu. Ceistíodh arís sa phríosún iad (‘tell us a word of the truth’). Timpeall meán oíche, osclaíodh an doras, tháinig oifigeach isteach, agus caitheadh mála tuí ar bhinse adhmaid, mar leaba. Ní raibh codladh orthu, agus d’iarr comrádaí Mhíchíl an raibh an t-amhrán ‘An Clár Bog Déil’ aige, mar gur chuir an leaba garbh é sin i gcuimhne dó. Ní raibh ag Mícheál ach cúpla focal, agus drogall air iad a rá, ach dúirt sé iad ar aon nós (‘Is é mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibh, I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn, ach an clár bog déil’). An mhaidin dár gcionn, tháinig Dúchrónach eile, le dhá mhuga tae agus greim le hithe, agus scaoileadh amach iad. Dúradh leo gan a bheith sa bhaile tar éis a 6pm an tráthnóna sin, nó go bhfaigheadh siad seal eile sa phríosún. Bhí na muca fós gan díol agus é beagnach 4pm. Bhí mórán gach duine imithe abhaile ón margadh faoin am sin, ach faoi dheireadh dhíol siad na muca – cé gur beag a fuair siad ar mhuca móra troma mar iad. D’ith siad greim, agus coinsiasach faoin am agus an sprioc a tugadh dóibh, d’fhág siad an baile. Bhí an tIRA láidir sa cheantar sin, sa Churraichín siar ó Thrá Lí, ag an am, agus ní raibh siad imithe i bhfad nuair a tháinig siad ar throid idir na Dúchrónaigh agus an tIRA, agus iad ag lámhach a chéile. Bhí leoraí dóite, casta timpeall ar an mbóthar. Bhí brath orthu casadh timpeall iad féin, ach ní raibh aon bhealach eile abhaile. Shocraigh siad fanacht go n-imeodh na Dúchrónaigh. Tar éis tamaill tháinig ball den IRA in airde ar chlaí in aice leo, agus dúradh leo dul ar aghaidh agus go stopfaidís ag lámhach go raibh siad imithe. Thug Mícheál faoi deara go raibh ceathrar nó cúigear Dúchrónach maraithe ag an IRA. Bhí an oíche fuar, agus d’fhanadar in Abhainn an Scáil ar an mbealach abhaile, áit a bhfuair siad greim le hithe agus braon fuisce. Bhí siad lag leis an ocras, agus níor chodail siad ar feadh dhá oíche i ndiaidh a chéile. Is ag meán lae an lá dá gcionn, mí Márta 1921, a shroich siad an Buailtín, agus praghas na muc saothraithe go maith acu. -
Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988) San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na Dúchrónaigh agus iad ag dó tithe i rith Chogadh na Saoirse. I measc na nithe a phléitear, déanann sé trácht ar eachtra inar chaith na Dúchrónaigh buama isteach i dteach Mhíchíl Uí Dhroighneáin agus daoine fós istigh ann. Is beag meas a bhí aige ar na húdaráis áitiúla (an RIC) freisin - ‘Bhí cuid de na sean-phóilíos go dona’, dar leis. Cuimhníonn sé freisin ar an sos cogaidh, agus ar an gCogadh Cathartha. Is leis an abairt seo a leanas faoi Tom Mháirtín a chuireann an láithreoir, Seán Ó Conghaile, críoch leis an gclár: ‘Is minic a deir sé, agus é ar an mbicycle, go raibh an ghaoth ina aghaidh…bhuel tá súil againn go mbeidh an chóir aige an chuid eile dhá shaol’. -
Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988) Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann) sna 1930í. Chuaigh sé sna Gardaí i 1935 agus chaith sé seal i Leitir Móir, i gConamara. Is ar an gCeathrú Rua a chríochnaigh sé a sheal sna Gardaí, mar sháirsint, agus bhí cónaí air i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, nuair a taifeadadh an t-agallamh. Labhraíonn sé faoin traenáil a fuair sé, agus faoi na daoine a casadh air. Ina measc siúd, casadh Pat Wallace, ón bPointe ar an gCeathrú Rua, air [12:00] agus iad ag traenáil. Bhí Pat sna Connaught Rangers le linn a gceannairce san India. Déanann sé trácht freisin ar Ó Dálaigh [James Daly], ó Bhealach an Tirialaigh (Co. na hIarmhí), a cuireadh chun báis san India i 1920. -
Agallamh le Matt Hackett (31/03/1986) Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Matt Hackett, iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann, as Tír Oileáin, ar imeall chathair na Gaillimhe. Bhí sé ceithre bliana déag nuair a tharla Éirí Amach na Cásca, agus ghlac sé féin páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha. Bhí aithne mhaith aige ar dhaoine a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse i gceantar na Gaillimhe agus bhí go leor béaloidis aige, dá réir. Déanann sé cur síos ar an easpa arm a bhí ann i rith an Éirí Amach agus ina dhiaidh. Is ó shaighdiúirí Arm na Breataine a fuair na hÓglaigh roinnt díobh sa Chaisleán Gearr, i nGaillimh - ceannaíodh roinnt de na gunnaí nó thugadh iar-shaighdiúirí do na hÓglaigh iad. Ag trácht ar na fórsaí áitiúla dó, dúirt sé go mba mheasa roinnt den sean-RIC ná na Dúchrónaigh. Gabhadh é féin cúpla uair i rith Chogadh na Saoirse ach scaoileadh saor arís é. Dar leis, ní mórán spíodóirí a bhí ann i rith Chogadh na Saoirse ach bhí go leor acu ann tar éis an Éirí Amach. Casadh duine díobh, a bhí imithe as an áit le fada, air i bPáirc an Chrócaigh roinnt blianta níos deireanaí. Luann sé Tom Reddington as Gaillimh, saighdiúir in Arm an tSaorstáit, a maraíodh i Longfort sa Chogadh Cathartha. Tugtar le fios gurb é a thaobh féin a mharaigh é, agus gur maraíodh é in aighneas faoi bhean (a bhí gaolta le Kitty Kiernan). Luaitear fear eile as Baile Átha Cliath a bhí ag obair sa phríosún agus a scaoil daoine amach as an bpríosún le linn an Chogaidh Chathartha. Cáineann sé muintir an lae inniu (sna 1980í) mar gheall nach raibh comóradh ceart á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca agus mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh do dhealbh Liam Uí Mhaoilíosa, ar an Fhaiche Mhór, i gcathair na Gaillimhe.