Cartlann an Phléaráca

Cruinníodh ualach mór d’ábhar cartlainne le linn na 24 bliain a reáchtáladh Féile an Phléaráca. Bronnadh an Chartlann seo ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 agus tá sé anois faoi chúram Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ionad an Acadaimh i Roisín an Mainiach, Carna.  Tá os cionn 40 bosca d’ábhar luachmhar agus ilchineálach sa gcartlann. Tá cuid den ábhar seo digitithe anois agus fáil ag an bpobal air ag www.plearaca.ie.

Bhí páirt mhór ag na grianghrafadóirí Aodán Ó Conchúir agus Bob Quinn i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leo grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad an 300+ grianghraf ar ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus ar phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta.

Is fochuid spéisiúil de chuid na cartlainne an bailiúchán póstaer a chruinnigh lucht eagraithe na Féile. Dearadh póstaeir do gach imeacht, agus tugann siad léargas ar shaibhreas agus ar ilchineálacht na n-imeachtaí, agus ar an scaipeadh suntasach tíreolaíochta a bhí ag gníomhaíochtaí éagsúla an Phléaráca. 

Tá cóipeanna d’Irisí an Phléaráca sa gcartlann, mar aon le bunleaganacha de na grianghraif agus de na hailt a foilsíodh sna hIrisí. Thar aon mhír eile sa gcartlann, is sna hIrisí atá an léargas is fearr le fáil ar dhoimhneacht, ar shaibhreas agus ar thábhacht na Féile do Ghaeltacht Chonamara.

Rinneadh taifead de go leor de na himeachtaí a reáchtáil Pléaráca Teo. agus tá lear mór téipeanna fuaime agus fístéipeanna sa gCartlann. Tá na mílte grianghraf de na turais allamuigh, na taispeántais ealaíona, na ceardlanna agus na drámaí le fáil sa gCartlann chomh maith. Is stór luachmhar iad na grianghraif seo de phearsanra an Phléaráca, agus de phearsanra na Gaeltachta, agus iad i mbun oibre.

páipéarachas riaracháin agus corparáideach Phléaráca Teo. mar chuid den chartlann seo, lena n-áirítear cuntais agus socruithe airgeadais na heagraíochta, iarratais ar mhaoiniú, comhfhreagras le scairshealbhóirí agus soláthróirí éagsúla, agus páipéarachas eile.

Séanadh agus Cóipcheart

Mura bhfuil sé luaite i gcur síos na míre, fanann cóipcheart an ábhair le Pléaráca Teo, agus le húdair an ábhair, mas ann dó.

Ní gá gur ionann tuairimí atá nochta ar an suíomh seo, ná san ábhar atá ar an suíomh, agus tuairimí Phléaráca Teo., ná tuairimí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Rinne muid iarracht fanacht dílis do théacs na nIrisí mar a foilsíodh é – go háirithe mar a bhaineann sé le cúrsaí canúna agus cleachtais áitiúla – agus muid ag réiteach agus ag crochadh ábhar don suíomh seo. Ceartaíodh aon bhotún cló a tháinig chun solais san ábhar foilsithe, ach má thugtar faoi deara aon bhotún eile, déan teagmháil le húdair an tsuímh agus ceartófar iad.

Buíochas

Tá muid buíoch de gach duine a chuidigh linn an tionscadal seo a chur i gcrích. Áirítear anseo Coiste Fhéile an Phléaráca, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, maoinitheoirí go léir an Phléaráca, agus chuile dhuine a chuidigh leis na hIrisí a scríobh, na grianghraif a ghlacadh, taifid a dhéanamh ar na himeachtaí, agus go deimhin na himeachtaí go léir a reáchtáil.