Skip to main content

Cuimsíonn an suíomh seo bailiúcháin dhigiteacha éagsúla a bhaineann le Gaeltacht Chonamara agus atá i seilbh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Déan cuardach ginearálta sa bhosca cuardaithe nó brabhsáil na bailiúcháin thíos.

 

 
Amárach (Ag teacht go luath)

Foilsíodh an páipéar nuachtáin Amárach (“Guth na Gaeltachta”) ó 1956 go deireadh na 1970aí. Dhírigh na hiriseoirí go háirithe ar an nuacht áitiúil, ar an bpolaitíocht, agus ar chearta sibhialta na Gaeltachta. Is faoi choimirce Chomharchumann Chois Fharraige a bhí an páipéar nuair a chlis ar an eagraíocht sin ag deireadh na 1970aí.

 
Cartlann an Phléaráca

Cruinníodh ualach mór d’ábhar cartlainne le linn na 24 bliain a reáchtáladh Féile an Phléaráca. Bronnadh an Chartlann seo ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 agus tá sé anois faoi chúram Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna. Tá os cionn 40 bosca d’ábhar luachmhar agus ilchineálach sa gcartlann. Tá cuid den ábhar seo digitithe anois agus fáil ag an bpobal air anseo.

 
Cartlann Bhiseach

Rinneadh digitiú agus coimeádaíocht ar na hirisí go léir a d’fhoilsigh Cumann Forbartha Chois Fharraige ó 1968 ar aghaidh. Tá an t-ábhar go léir curtha i láthair i mbealaí éagsúla sa taispeántas seo. Tá gach leagan leictreonach de gach iris curtha ar amlíne ó 1968 go 2019. Tá na hirisí leagtha amach ionas gur féidir na hailt éagsúla iontu a chuardach agus a ionramháil. Tugtar léargas freisin ar scaipeadh tíreolaíoch an ábhair.

 
Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth

Chuir an béaloideasóir agus scríbhneoir, Seán Mac Giollarnáth, 47 lámhscríbhinn le chéile nuair a bhí sé ina bhreitheamh i gConamara sna blianta 1925-1950. Tá an taisce luachmhar seo in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta díobh, chomh maith le hábhar digiteach eile faoi shaol agus faoi shaothar Mhic Giollarnáth, ar an suíomh seo.

 
Glórtha na Réabhlóide

Tá saibhreas staire, sóisialta agus cultúir cruinnithe i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar chuid de chlár comórtha Éirí Amach 1916, rinneadh scagadh ar mhíreanna fuaime ón gcartlann ina bpléitear eachtraí móra na tréimhse 1913-1923 agus cuireadh i láthair phobal na Gaeilge arís iad. Tá cláir faisnéise, agallaimh agus léachtaí sna míreanna seo.