Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth

Breitheamh cúirt dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Le linn an ama a chaith sé in Iorras Aithneach, Co. na Gaillimhe, thug a chuid oibre an deis dó bualadh le cuid de na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara agus a gcuid scéalta a bhailiú uathu.

Thaifead sé léar suntasach d’ábhar béaloidis, i sraith lámhscríbhinní, mar aon le nótaí agus míniúcháin. Tugtar sonraí sna lámhscríbhinní seo, a bhfuil dátaí idir 1929-1940 orthu, ní hamháin ar na scéalta, na paidreacha, na foclóirí agus na seanfhocail a bhailigh Mac Giollarnáth sa gceantar, ach thairis sin tugtar léargas iontu ar an gcaidreamh a bhí aige leo siúd a chuidigh leis an t-ábhar seo a chruinniú.  Fuair roinnt de na scéalta seo ardán nua mar shleachta léite a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní agus rinneadh digitiú orthu, agus tá an t-ábhar sin go léir ar fáil ar an suíomh seo, chomh maith leis na míreanna fuaime a craoladh ar an Raidió.

Bailiúcháin na Cartlainne

  • Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth

    Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.Tá na caipéisí sa bhailiúchán seo curtha ar fáil ar chaighdeán, nó taifeach, íslithe ionas gur féidir staidéar a dhéanamh orthu le ceangal leathanbhanda ar luas measartha.
  • Seán Mac Giollarnáth ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

    Tarraingíonn Saothar Mhic Giollarnáth ar an Raidió riar clár le chéile ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi shaol agus faoi shaothar Sheáin Mhic Giollarnáth (1880-1970). Béaloideasóir agus scríbhneoir ba ea é Seán Mac Giollarnáth (1880-1970). Chuir sé bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ag obair mar bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara (1925-1950). Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna. D’fhoilsigh sé cuid den ábhar seo i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Craoladh sleachta óna chuid saothar, lena n-áirítear Annála Beaga ó Iorrus Aithneach á léamh ag Liam Mac Con Iomaire (1986-87) agus Tír na nDall (aistriúchán de The Country of the Blind le H.G. Wells) á léamh ag Peadar Lamb, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá na míreanna fuaime sin mar chuid den bhailiúchán seo.
  • Trascríbhinní de Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth

    Chuir Seán Mac Giollarnáth bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ag obair mar bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara (1925-1950). Don bhailiúchán seo, briseadh téacs na lámhscríbhinní (a bhí tras-scríofa go digiteach) ina gcodanna éagsúla, de réir mar a rinne Mac Giollarnáth deighilt idir na scéalta, na seanfhocail, na bpaidreacha, na bhfoclóirí agus iliomad gné eile den seanchas a bhailigh sé.
Brabhsáil gach ceann