Póstaeir an Phléaráca

Cur Síos

Thar aon chuid eile de Chartlann an Phléaráca, is é an Bailiúchán seo de phóstaeir agus de bhileoigíní poiblíochta a thugann an léargas is fearr ar dhoimhneacht, ar shaibhreas agus ar an luach cultúir a bhain le hobair an Phléaráca le 23 bliain. Léiríonn scaipeadh tíreolaíochta na bpóstaer – ó Bhearna go Carna agus isteach go hÁrainn – go raibh imeachtaí na Féile fite fuaite ar fud na Gaeltachta. Taispeánann siad freisin an raon leathan imeachtaí a bhí i gclár na Féile. Bhí drámaí agus geamaireachtaí ar siúl, ceolchoirmeacha agus oícheanta áirneáin. Eagraíodh turais agus ceardlanna, agus d’fhreastail na mílte ar sheoltaí agus ar thaispeántais. Feictear freisin go raibh an Fhéile dírithe ar an bpobal uilig – idir óg agus aosta – agus an oiread sin d’imeachtaí ilchineálacha ann go bhféadfaí a rá go raibh an Fhéile ag freastal ar an bpobal teanga ina iomláine.

Míreanna sa mBailiúchán

Breathnaigh ar gach 0 mír