Grianghraif ó Chartlann an Phléaráca

Cur Síos

Cuimsíonn an bailiúchán seo leaganacha digiteacha de chuid de na mílte grianghraf atá i gCartlann an Phléaráca. Bhí páirt mhór ag an ngrianghrafadóir Bob Quinn i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leis grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad na grianghraif d’ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus de phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta. Tá na mílte grianghraf de na turais allamuigh, na taispeántais ealaíona, na ceardlanna agus na drámaí le fáil sa gCartlann chomh maith. Is stór luachmhar iad na grianghraif seo de phearsanra an Phléaráca, agus de phearsanra na Gaeltachta, agus iad i mbun oibre.

Míreanna sa mBailiúchán

Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca.
Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.

Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca.
Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.

Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca.
Grianghraf ó Chartlann an Phléaráca. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Breathnaigh ar gach 213 mír