Ga Gréine i gCnoc na hAille: Coláiste Cholmcille

Dublin Core

Teideal

Ga Gréine i gCnoc na hAille: Coláiste Cholmcille

Ábhar

Oideachas

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buachaillí agus cailíní sa scoil chéanna ag suí le taobh a chéile, 'sé an rud is nádúrtha ar domhan é, ach ní mar a bhí i gcónaí. Ar Lá 'le Bríde na bliana 1955 osclaíodh scoil nua i gCois Fharraige - Gairmscoil Choilm Cille. Ba i gColáiste Chonnacht sa Spidéal a bhí ionad na scoile i dtosach. Mar gheall nach gceadódh Easpag na Gaillimhe scoil mheasctha (buachaillí agus cailíní) a bheith sa Deoise, bhí ar an gCoiste Gairmoideachais suíomh nua a aimsiú i nDeoise Thuama. D'aistrigh na daltaí agus an fhoireann múinteoirí go dtí an Cnoc nuair a bhí an scoil nua tógtha. Bhí suas le caoga cúig scoláire ar an rolla nuair a osclaíodh na doirse an chéad lá.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Breandán Ó Callaráin

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2001

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2001A31

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/b49d0d500b39b4f61ddffaa10483a81d.pdf

Clibeanna

Tagairt

Breandán Ó Callaráin, “Ga Gréine i gCnoc na hAille: Coláiste Cholmcille,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2080.