Biseach: Eagarfhocal 2004
Dublin Core
Title
Biseach: Eagarfhocal 2004
Subject
Forbairt Phobail
Description
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I gcaitheamh na bliana atá caite ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige seasamh láidir sa díospóireacht faoin aird ba cheart a thabhairt ar an nGaeilge sa chóras pleanála maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Thug an Cumann tacaíocht leanúnach freisin d’fheachtais náisiúnta dírithe ar ionad na Gaeilge sa saol poiblí a bhuanú agus a fhairsingiú agus ar aitheantas cuí a bhaint amach don teanga i gcaidreamh na tíre leis an Aontas Eorpach. Is údar áthais dúinn an dul chun cinn atá tarlaithe le déanaí sna réimsí seo —feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, ceapadh Choimisinéir Teanga, éileamh an Rialtais ar stádas mar theanga lánoifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus an t-aitheantas atá tugtha don Ghaeilge sa chóras pleanála i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe.
Creator
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2004
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2004A01
Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Biseach: Eagarfhocal 2004,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed October 14, 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2112.