Seo Uait
Dublin Core
Teideal
Seo Uait
            Ábhar
Forbairt Phobail
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I dtús na bliana seo bunaíodh an eagraíocht dheonach, Seo Uait, i gceantar Chonamara le hairgead a bhailiú do Thaighde Ailse Brollaigh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Ailse Brollaigh (National Breast Cancer Research Institute) i nGaillimh atá faoi stiúir an Ollaimh Given. Grúpa deonach as Gaillimh, The Merlin Park Walkers, a chuir tús leis an bhfeachtas nuair a chuir siad fógra sna nuachtáin ag iarraidh cúnaimh. Chonaic Margó Ní Chonghaile an fógra agus chuaigh sí i dteagmháil leo. Eagraíodh cruinniú agus as sin a tháinig an eagraíocht Seo Uait agus ceapadh coiste ar a raibh Margó féin, Caitríona Uí Bhéarra, Coroline Uí Ráinne, Maria Griffin agus Máire Langan. 
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Coiste Eagarthóireachta Biseach
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2004
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2004A15
            Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Seo Uait,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://www.cartlann.ie/items/show/2126.