Beartla Breathnach as Scríb, Camus

Dublin Core

Teideal

Beartla Breathnach as Scríb, Camus

Ábhar

Cúrsaí Spóirt; Conamara

Cur Síos

Ba as Scríb, Beartla Breathnach, nó Beartla Pheter Jainín mar a b'fhearr aithne air. Bhí sé pósta le Nain Mháire Bhán agus bhí deichniúr clainne acu. Ba fear é Beartla a raibh cáil bainte amach aige mar lúth-chleasaí. Is ag caitheamh meáchain is mó a bhí cáil air ach bhí craobh na hÉireann bainte amach aige leis an Javelin, Discus chomh maith leis an sé phunt déag agus an leathchéad. Thug sé leis Craobh na hÉireann sna ceithre comórtais seo in aon lá amháin i gCorcaigh. B'iontach an gaisce é agus b'iontach an onóir do Chamus é an bua seo. Chomh maith leo seo bhíodh sé ag caitheamh an Hammer, an leathchéad thar an trasnán, léim ard, léim fhada agus ag rith nuair a bhí sé níos óige agus ba snámhóir maith é freisin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Eagarthóir na hIrise

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

1991

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL1991A07

Fad

350

Clúdach Tíreolaíoch

Géolocalisation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/3ae1303f7785e809ab99097db5d26f7e.pdf

Tagairt

Eagarthóir na hIrise, “Beartla Breathnach as Scríb, Camus,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/252.