Eagarfhocal 2000

Dublin Core

Teideal

Eagarfhocal 2000

Ábhar

An Ghaeilge; An Ghaeltacht

Cur Síos

Eagraíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991. Ní raibh i gceist ag an am ach an fhéile amháin sin a eagrú, mar fhreagra ar 'Tuarascáil' a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge ar Stáid Láithreach na Gaeilge. Caint éadóchasach is mó a bhí sa 'tuarascáil', a scríobhadh i bPáras go gairid sara bhfuair Breandán Ó hEithir bás. Ba mhór an chomaoin a chuir an tÁrannach orainn i gConamara, mar gur ghríos an méid a scríobhadh i dTuarascáil Uí Eithir faoin nGaeltacht, na heagraíochtaí pobail i nGaeltacht Chonamara, a theacht le chéile leis an mbréag a thabhairt don méid a cuireadh i leith phobal na Gaeltachta sa tuarascáil. Ba é Pádraig Ó Cosgordha as Carna a mhol féile mhór phobail a eagrú, le imeachtaí ar bun 'ó Bhearna go Carna' lena léiriú don saol mór go raibh Gaeltacht Chonamara beo beathaíoch agus an pobal sásta an saibhreas cultúir agus teanga a cheiliúradh.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2000

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2000

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2000A01

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/62f8804d7c779293b03863c8f289132e.pdf

Tagairt

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2000, “Eagarfhocal 2000,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/395.