Dea-scéal

Teideal

Dea-scéal

Ábhar

Cur Síos

Sé'n scéal is deireanaí faoi bhóthar Chonamara go bhfuil sé socraithe gur ar philéir a bheidh an bóthar seo tógtha anois, mar chuirfeadh sé seo deireadh leis an imní a bhí ar shaineolaithe na mbuataisí glasa faoi an dúlra. Beidh an bóthar os cionn an airde a chaitheann frog léim, agus os cionn an airde a strapann seilimidí, sceartáin agus feithidí thábhachtacha eile. Beidh na ceannabháin bhána ag fás faoi, agus ní chuirfidh sé as do na driseacha ach oiread, an cor is deireanaí sa scéal, mar go bhféadfadh sé go bhfásfadh driseacha trasna an bhóthair, ó tharla nach bhfuil cead iad a bhaint níos mó gan cead speisialta.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2011

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

PL2011A11

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Comhaid

http://www.plearaca.ie/files/original/987d1a26d2f2dfd14abc68060ec5e98a.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máire Ní hEidhin, “Dea-scéal,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 29 Márta 2023, https://www.cartlann.ie/items/show/524.