Agallamh #1 le Sighle Humphreys (22/03/1987)

Dublin Core

Teideal

Agallamh #1 le Sighle Humphreys (22/03/1987)

Ábhar

Éirí Amach na Cásca
Cumann na mBan
Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha
Mícheál Ó Coileán
Sighle Humphreys
Ernie O’Malley

Cur Síos

Téann Sighle Humphreys (1899-1994) siar ar bhóithrín na smaointe in agallamh le Helen Ní Shé. Rugadh in aice le Páirtín, Co. an Chláir, í agus ba dheirfiúr a máthair le Mícheál Ó Rathaille (duine de bhunaitheoirí na nÓglach a maraíodh le linn Éirí Amach na Cásca). Bhí tionchar ag a haintín ar an dearcadh polaitiúil a bhí ag Humphreys. Ní raibh an poblachtánachas ná an náisiúnachas radacach forleathan i measc na ndaoine a bhí go maith as. Déanann sí cur síos ar a cuid meánscolaíochta, agus deir sí rá nach raibh ach clann amháin eile sa mheánscoil ina raibh sí i mBaile Átha Cliath a raibh dearcadh radacach acu. Chonaic sí féin agus a muintir roinnt d`eachtraí móra Éirí Amach na Cásca agus bhí aithne mhaith acu ar dhaoine a raibh baint acu leis. Bhí an-mheas aici ar Phádraig Mac Piarais. Bhí a deartháir ar scoil aige agus, dar léi, bhí Mac Piarais lách – ‘duine fíor-dheas é agus tuisceanach'. Thugadh sé cuireadh di chuig drámaí na scoile. Bhí an-mheas ag a deartháir air freisin.

Bhí uncail agus deartháir le Sighle in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Chuaigh máthair Shighle síos go dtí an GPO le boinn bheannaithe a thabhairt do na hÓglaigh chun iad a chosaint. Ní raibh deartháir Shighle ach b`fhéidir ocht mbliana déag. Bhí a mháthair ag iarraidh air teacht abhaile mar dá marófaí a huncail, an Rathaileach, ní bheadh fear ar bith ann le haire a thabhairt don chlann. Is le linn na tréimhse seo freisin a chonaic Sighle Humphreys an troid a tharla ag Bóthar Northumberland nuair a d`éirigh le grúpa beag Óglach slua mór de shaighdiúirí na Breataine a choinneáil siar. Maíonn sí nach raibh a fhios ag na saighdiúirí, a bhí díreach tar éis teacht i dtír ón mBreatain, cá rabhadar. Nuair a chualathas Sighle ag labhairt i mBéarla le cócaire an tí dúirt na saighdiúirí: 'Blimey, they're talking English.' Cheap na saighdiúirí gur ar mhór-roinn na hEorpa a bhí siad. Dúisíodh iad, cuireadh ar long iad, thrasnaíodar an fharraige agus ní raibh barúil acu cá raibh siad ná cé a bhí ag troid ina n-aghaidh.

Bhí Sighle gníomhach i gCumann na mBan, agus ní raibh ach fíorbheagán de ghníomhairí Chumann na mBan ar son an Chonartha i 1921. 'Níl aon ní chomh holc le Cogadh na gCarad', a dúirt Sighle faoi. Le linn an chogaidh úd, bhí a fhios ag Fórsaí an tSaorstáit go raibh seomra rúnda i dteach Shighle ar Bhóthar Ailesbury. Rinne na saighdiúirí ruathar ar an teach ag lorg Ernie O’Malley, a bhí ag fanacht ann. Caitheadh aintín Humphreys trí thimpiste sa ruathar agus mharaigh O'Malley saighdiúir agus é ag iarraidh éalú. Bhí trua ag Humphreys don saighdiúir Albanach a maraíodh, agus d’iarr sí Aifreann ar a shon.

Bhí aithne ag Humphreys ar de Valera agus Mícheál Ó Coileáin mar bhíodh siad ag cruinnithe sa teach. Cheap sí gur eachtra cinniúnach sa Chogadh Cathartha bhí i marú Uí Choileáin. Bhí sí den tuairim go bhféadfaí deireadh a chur leis an troid níos luaithe dá mbeadh sé beo. Bhí an-mheas aici ar an gCoileánach cé gur airigh sí gur lig sé síos an tír. Bhí an-mheas aici ar de Valera tráth freisin, ach chas sí ina aghaidh mar gur chuir sé poblachtánaigh sa phríosún. Cheap sí go ndearna Cogadh na gCarad an-dochar. Bhí sé chomh tábhachtach sin go mbeadh bua míleata acu go ndearnadh dearmad ar na ceisteanna eile. Bhí tír shóisialach uaithi, agus níorbh fhiú léi saoirse aisti féin. Ag breathnú siar ar an méid a tharla, dar léi gurbh fhiú a bheith saor ón mBreatain ach nár cruthaíodh saoirse eacnamaíochta agus shóisialta. Bhí saibhir agus bocht ann fós. Cheap sí i gcónaí go dtiocfadh saoirse Uí Chonghaile ón tsaoirse pholaitiúil. Bhí sí cáinteach ar an gcóras oideachais agus ar na buntáistí atá ag daoine saibhre sa chóras.

Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43648) sa bhailiúchán seo.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ní Shé, Helen

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

22-03-1987

Cuiditheoir

Humphreys, Sighle

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

43647

Fad

00:30

Clúdach Ama

24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
04/11/1922: Ruathar ar theach Sighle Humphreys (ag lorg Ernie O’Malley)

Láithreoir

Ní Shé, Helen

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/6bb8a8c39f6f9e4640c430ed5825950d.mp3

Tagairt

Ní Shé, Helen, “Agallamh #1 le Sighle Humphreys (22/03/1987),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 24 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/658.