Agallamh le Maidhc Dan Ó Flatharta (04/11/1981)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Maidhc Dan Ó Flatharta (04/11/1981)

Ábhar

Arm na hÉireann
Siamsaíocht
Ceardaíocht

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, labhraíonn Maidhc Dan Ó Flatharta as Cuileán, ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, le Seán Ó Conghaile. Chuaigh Maidhc isteach in Arm na hÉireann i Márta 1933. Labhraítear faoina shaol, agus pléitear rudaí ar nós an t-oideachas a fuair sé, sagairt an cheantair, liathróid láimhe, iomáint agus saol na hoibre. Pléitear freisin ceird na fíodóireachta agus ag déanamh bréidín. Luaitear san agallamh an t-ealaíontóir iomráiteach, Charles Lamb, a chuir faoi ar an gCeathrú Rua. Casann Ó Flatharta amhrán ag deireadh an chláir. Tá dhá bhriseadh ceoil ann, Amhrán na Trá Báine le Seosamh Ó hÉanaí agus píosa ceoil le Ciarán Kelly. Críochnaíonn an láithreoir leis na focail: ’An méid blianta a chaith tú le fuacht agus le fliuchán, tá súil agam go mbeidh an oiread céanna blianta eile agat le só agus le compord’.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conghaile, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

04-11-1981

Cuiditheoir

Ó Flatharta, Mícheál (Maidhc Dan)

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

16126

Láithreoir

Ó Conghaile, Seán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/b029f97f4e1d2b2fc9506740dd7c7485.mp3

Tagairt

Ó Conghaile, Seán, “Agallamh le Maidhc Dan Ó Flatharta (04/11/1981),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/700.