Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986)

Dublin Core

Teideal

Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986)

Ábhar

Éirí Amach na Cásca
Comóradh an Éirí Amach 1986
Caoimhín Ó Beoláin
Sinn Féin
Na Sealadaigh

Cur Síos

Craoladh an mhír seo, eagrán den tsraith chlár Adhmhaidin, 70 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca. Dar le Seán Ó Tuairisg, is beag cainte atá faoin ócáid. Labhraíonn sé leis an iar-Aire Cosanta agus Rialtais Áitiúil i rialtas Fhianna Fáil, Caoimhín Ó Beoláin, agus cuireann sé an cheist: an bhfuil deireadh le ré Éirí Amach na Cásca? Tá, dar le Ó Beoláin, ach go bhfillfear air amach anseo. Deir sé gur beag béim a chuireann rialtais Fhine Gael ar chomóradh an Éirí Amach. Chuir siad deireadh leis an gcomóradh oifigiúil a bhíodh ar Shráid Uí Chonaill — agus, dar leis féin, b’fhearr gan comóradh a dhéanamh mura bhfuil rialtas an lae tiomanta ina leith. Deir sé gur mhacánta an mhaise do rialtas an lae gan tagairt ar bith a dhéanamh don Éirí Amach. Maíonn Ó Tuairisg gur rud nádúrtha é go laghdaíonn tábhacht eachtra le himeacht na mblianta. Cé go n-aontaíonn Ó Beoláin leis seo, ní shin mar atá sa chás seo mar nár baineadh amach ceann scríbe an Éirí Amach — sin aontú na tíre — atá fós mar aidhm oifigiúil ag an Stát. Nuair a chuirtear an cheist ar Ó Beoláin cé hiad na comharbaí cearta ar an bPiarsach agus Ó Conghaile — Fianna Fáil nó na Sealadaigh — deir sé go bhfuil aidhm na Sealadach ag teacht le mianta an Phiarsaigh, ach nach nglacfadh ceannairí an Éirí Amach leis na slite atá acu leis na mianta sin a bhaint amach.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

(Léiritheoir in easnamh)

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

31-03-1986

Cuiditheoir

Ó Beoláin, Caoimhín

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

49686

Clúdach Ama

1916: Éirí Amach na Cásca
31/03/1986: Comóradh an Éirí Amach in 1986

Láithreoir

Ó Tuairisg, Seán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/db8f0b703f2383f985e3b81bc153be02.mp3

Tagairt

(Léiritheoir in easnamh), “Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/748.