Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth
Bailiúchán
- Teideal
- Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth
- Cur Sios
- Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.Tá na caipéisí sa bhailiúchán seo curtha ar fáil ar chaighdeán, nó taifeach, íslithe ionas gur féidir staidéar a dhéanamh orthu le ceangal leathanbhanda ar luas measartha.
- Cruthaitheoir
- Seán Mac Giollarnáth
Míreanna
-
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 59 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 59. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn seo mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII don úrscéal Emil agus na Lorgairí (1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 58 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 58. An Tráigh II is teideal don lámhscríbhinn agus tá dréachtchaibidlí IV-VIII inti mar aon le nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 57 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 57. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 45 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas inti maidir le foinse na scéalta. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Tadhg na Buile 2. Sgeal faoi Dhomhnall Ó Flaithbearta 3. Flaithbeartach eile a bhí ina chomhnuidhe ar loch Scainnibh i gCárna. 4. Réamon a Túrla agus na Flaithbhearta a bhí i gCaislean Ach na nIúr. 5. Sgéal eile faoi na Flathbhearta agus faoi mhuinntir Laoidhe. 6. Sgéul faoi Cruaidh na Cara 7. Sgéul faoi Chruaidh Na Caoile 8. An chéad fhear dhe chlann Dhonnachadha a tháinig isteach go gleann Iarr Chonachta. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 55 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 55. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 54 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 54. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 76 leathanach ar fad atá inti. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Cuireadh isteach bailiúchán de véarsaí i mBéarla dar teideal Stories that the Old Folks used to tell. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. A Deanamh Ceilpe. 2. An Purtán a tháinig as Meirracá go Roisín na mBan Iach. 3. Spurán i dTrosc. 4. Fear a bhí ag teacht le Ualach Cíbe. 5. Sgéul Bhacach Na Sugán. 6. Tighearna Chumberland. 7. An Phluid. 8. Mharbhuigh Tailliúr Beirt Fhathaigh Uair. 9. Sgéul Pháidín Uí Chonachabhair. 10. Frog sa Tobar. 11. Orán Árann. 12. Amhrán A’ Charraigín. 13. Sgéul Rí ‘N Éirinn 14. Pádraic An Píobaire. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 53 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 53. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. Tugann inscríbhinn ar an gclúdach agus arís laistigh den lámhscríbhinn le fios gurb é Pádraig Mac Dhonnchadha (Liam), Coillín, Cárna an scéalaí. Breacadh uimhreacha ar roinnt de na leathanaigh. Cuireadh isteach litir ó Shéamus Ó Duillearga 07/02/1936. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Breidin Chailleach na nÁdharc. 2. An Dabhradán. 3. Na Sgeirdí. 4. Carraig a’mhíle Sgoiltighe. 5. Bealach Mhichíl Mhic Eoin. 6. An tEancaire ar na Sgeirdí. 7. Na hÉanlaith Ar na Sgeirdí. 8. Naonbhar Ban ar na Sgeirdí. 9. Sundaí timcheall na Sgeirdí. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 52 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 52. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais a bhfuil baint acu le nósanna cráifeacha atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 33 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ar an gclúdach agus arís laistigh den lámhscríbhinn le fios gurb é Mícheál Mac Donnchadha (Micilín Pháidín Shéamuis Mac Donnchadha) an scéalaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Aristotal agus a Bhean. 2. Aisling le haghaidh dul a chodladh. 3. Aisling an Creidimh Cruaidh. 4. Coróin Mhuire 5 5. Ag Cogailt na Teinead. 6. Paidir a d’ábrocaidh duine ag dul amach ar maidin. 7. In Ainm Dé is na Maigdinne Muire. 8. Carraig Mháirín. 9. Paidir le rádh ag dul isteach sa leabhaidh. 10. Paidir. 11. An Tinneas Mór. 12. Cuím A Gamna. 13. Amhrán Mhicíl Mhóir. 14. Sgéalta nach bhfuil sgríobtha. 15. Gabha i Ruisinnamaineach. 16. Brighid. 17. Colmcille. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 51 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 51. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo mar aon le nótaí foclóir a bhaineann le Acht na n-Arm Teine (1925). Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Níorbh é Mac Giollarnáth a scríobh an lámhscríbhinn ar fad. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Donnchadh Mór An Chroidhe Bhig. 2. Acht Na nArm Teine. 3. Seanchus ar Loch Coirb. 4. Sean Fhocal. 5. Cuntas ar a nós a bhfuair Gaillimh an t-ainm. 6. Sgéul Leadaí na Luaithe. 7. Fionn Mac Cumhaill Agus Ridire An Gháire. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 50 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 50. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 112 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Cuireadh isteach litir ó Sheán de hÍde agus tras-scríbhinn clóscríofa de scéal a d’inis Seán Mac an Ríogh. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Croidhe agus Scamhóga an Éin 2. Petticoat Loose 3. Seán Ó Fearghail, Caisleán na Beithe 4. Cuach Thulach Fraoich 5. Naomh Peadar agus Ár Slánuightheoir 6. Iarla a dhéanamh de Dhomhnall 7. Tobar in Inis Glórach 8. An Fear a Dhíol a Léine 9. Cáithnín sa bhFiacail 10. Céadtach Mac Rí na gCor agus Mac Rí Gad 11. Máire an Chapaill Bháin 12. Na Ciobúnaigh 13. Capall Trí Chos 14. Fóidín Meartha 15. Féar Gortach 16. Barr na bhFormaí 17. An Marbhú I Mám Treasna 18. Joe Heddy 19. Fear na mBéiceadhach 20. Eoghan an Muilleoir 21. Peadar Ó Máille agus Fear na mBéiceadhach. 22. Talamh Graftha 23. Comharthaí Aimsire -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 43 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 43. Seanchus Charna. Seanfhocla, Éanacha, Sgéalta Beaga is teideal don lámhscríbhinn. Tá an scéal An Ghlas Ghaibhleann inti. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gur scríobhadh na scéalta seo ó Ghaeilgeoirí i gCarna, i gCill Chiaráin (Coill Sáile) agus in áiteanna eile in Iar-Chonnachta. Tugann inscríbhinn ag deireadh na lámhscríbhinne sonraí mar gheall ar fhoinse an ábhair. De réir nóta ag tús na lámhscríbhinne clóscríobhadh an lámhscríbhinn ar Feabhra 17, 1933. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 41 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 41. Foclóir Béarla-Gaeilge atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 40 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 40. Scéal gan ainm a bailíodh ó Sheán Ó Muineacháin, Domhnach Padraic atá sa lámhscríbhinn seo, mar aon le halt dar teideal Obair na mban a bailíodh ó Úna Ní Chatháin agus ábhar beathaisnéise ar mhuintir na háite. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 39 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 39. Bailiúchán de bhéaloideas mar aon le nótaí faoin dúlra agus faoin bhfiadhúlra atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Máire Ní Dhomhnaill, bean Thomáis Mhic Con Iomaire, Caladh an Chruic, agus Seosamh Ó Mongáin na scéalaithe. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Marcus Mór Mac Thuathaláin 2. Síogaidhe Ó Flaithearta 3. Leac Shliúp an Ríogh 4. P. Mac Con Iomaire 5. An Mhuc Sgabairneach 6. Ceoinín ar cuairt i gCill Bhriocáin 7. Máire Ní Laidhe 8. Capall a mbeadh searrach innte ag tabhairt cuirp chun na cille 9. Máthair Mhicilín 10. Féilire 11. An Fhairrge 12. Coillín Breac na bhFaochan 13. Slobán 14. Bonn 15. Leathracha 16. Liathbrás 17. Caipín Scotch 18. Ordóga an Ghliomaigh 19. An Bhóileithe (Halibut) -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 37 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 37. Foclóirí Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 36 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 36. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 102 leathanach ar fad atá inti. Tá Breathnach II scríofa ag tús na lámhscríbhinne. Tugann nóta le fios gur clóscríobhadh an lámhscríbhinn ar an 11/05/1934. Tugtar clár ábhair ag an deireadh mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Róise na Fairrge 2. Féile Mártain 3. Seán a’ Droma 4. Seanfhocla 5. Bean a Fuair Triúr 6. Duine Uasal Bhaile na Druinne 7. An Corr Sgréachóg agus an Girrfhiadh 8. Fuil na mBreathnach -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 35 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 35. Ábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn seo. Brighid Ní Choncheannainn an scéalaí. Tugtar eolas beathaisnéise fúithi sna nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Na Naoi Roinn 2. Seacht bPaidreacha na Seachtaine 3. Aithrighe Dháithí an Rí - Salm na Marbh 4. Paidreacha eile 5. Sláinte -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 34 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 34. Alt dar teideal Inis Leacain agus roinnt alt faoi Ghaeltacht Chonamara nach bhfuil teideal orthu atá sa lámhscríbhinn seo. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 33 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 33. Foclóirí Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 32 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 32. Bailiúchán de bhéaloideas mar aon le nótaí faoi na scéalaithe agus na scéalta atá acu atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 31 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 31. Bailiúchán de nathanna cainte, béaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo mar aon le dialann. Pheadar ‘Ac Fhualáin an scéalaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Cuireadh isteach gearrthóg nuachtáin ina bhfuil léirmheasanna ar dhá leabhar faoin dúlra. Ní luaitear dáta ná údar leis an ngearrthóg. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Peadar 2. Sgológ na Fiasóige Léithe (liaith) 3. Cuachóg. 4. An tríomhadh lá de Lughnasa 5. An Sgeach Mhór. 6. Meadhon Fóghmhair 1927. 7. An tsúil 8. Sgólóg na Fiasóige Liath. (ar leanúint). 9. Clumhach. 10. Caoineadh Oisín i ndiaidh na Féinne. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 29 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 29. Bailiúchán de bhéaloideas mar aon le nótaí agus foclóir atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 212 leathanach ar fad atá inti. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. An obair a bhíodh ar na mná i gCois Fhairrge ins a’tseanaimsir. 2. An Mhóin. 3. An t-Arbhar. 4. An Carraigín. 5. Na triúr Maiciní 6. Buailí 7. Ochtar ban a chuaidh ar Buaile 8. Iúsach Móna 9. Maide Iusaighe 10. Foclóir 11. Crann mór giusaighe 12. Carraig An Mhatail. 13. Páidin Shadhb Rua as Camus (Sg.) 14. Fear Na Curraighe A chuaidh Go Tamhain 15. An Líon. 16. Bád Mháire An Ghiolla. 17. Concar. 18. Concar i gCuisle an Mhatail. 19. An fear a raibh an cat ar a dhubhán. 20. Cé mhéad slat deataigh a dhéanfadh onsa suaigh? 21. Turas ar an gClochán. 22. Foclóir 23. M’Oncail Colm 24. Brian Ó Fathaigh an Lochlannach. 25. Máire Nic Giolla Pádraic 26. Mulán Indreabháin agus Mulán Chadair. 27. An liabhán Gréine 28. Séan Ó hAnbhfaidh 29. Beatha Gabháin i nAlbain -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 28 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 28. Dialann atá sa lámhscríbhinn seo, mar aon le foclóirí agus dréachtailt faoin dúlra. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Scríobhadh an t-ainm Pádraig Ó Clocharta ag tús na lámhscríbhinne. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 27 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 27. Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais agus amhráin a bailíodh ó Mhicilín Mac Donnchadha, Cárna, atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 106 leathanach ar fad atá inti. Tugann nótaí laistigh den lámhscríbhinn le fios gur ábhar Fiannaíochta atá i gceist agus gur bhailigh duine eile scéalta Fiannaíochta ón scéalaí céanna. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Baisteadh Fhinn agus an chaoi ar dearnadh Rí dhe. 2. Caisleán Mhion Loch 3. Sgéul An Éun Órtha. 4. Seán Chormaic - An Coisigh abhí i Muigh Inse. 5. Seán’Ac Séamuis. 6. Fios faoi Dhonachadh Mór agus Dán a rinne Bean Dhonachadh. 7. Dán Sheáin De Barra 8. An Phaidir Gheal. 9. Toradh Na Paise. 10. Sgéal Na Muice Duibhe. 11. Sgéul Na Lacha Dhearg. 12. Cab a Dusáin. 13. Órán an bhád Dóighte. 14. An Tighearna Sona. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 26 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 26. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais mar aon le nótaí agus eolas faoi fhoinse na scéalta atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Pádraig Ó Flaithearta an scríobhaí agus gurb é Mícheál Mac Donnchadha, Ruisín na Maithnidheach, Iorrus Aithneach an scéalaí. Chuir Mac Giollarnáth nótaí leis. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. An Tighearna Críonna. 2. Sgéul Liam Ui Chorráin. (Coradhain.) 3. Sgéul na Folainne Liagh (Léithe) 4. Tomás mac Donnchadha 5. Sgéul Chúl le Raith. 6. An Caiptín Coraín 7. Púcán Bhaibsín 8. Loch na hÍdh 9. Crochúbhair A’ Dá Chaora. 10. Sgéul Mhac Riobaird. 11. Sgéul Rí Liam. 12. Caisíneach Neil Finneidh 13. Amhrán A Rísti. 14. Amhrán Mháirtín Bhreathnaigh. 15. Amharán Thomáis Ui Chaolaigh. 16. An “Clear The Way”. 17. Amhrán A Choiligh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 25 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 25. Scéalta seanchais i mBéarla agus i nGaeilge atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Tugann nótaí le fios gur bailíodh roinnt den ábhar i gCo. Mhaigh Eo. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. The Bonny Bunch of Blackberries 2. Rí na gCat 3. Píosa Ráiméis 4. The Foolish Rake 5. Mac Rí agus a Leas-Mháthair 6. An Gadaidhe Dubh Ó Dubháin 7. Mártan an Bradáin Ghil agus Bosa Barrgheala 8. An Searrach Gorm 9. Seán an Béar 10. Fuiseog na Coille Uaithne 11. An Bráthair Breathnach 12. Táilliúr na Dreancaide 13. Rí Maróca. (The Magic Flight) 14. Mac Rí Barr na bhFuighleach agus Inghean Rí na Sorcha 15. An Rí ba Shaidhbhre a bhí in Éirinn Ariamh 16. Díleachtaí 17. Fios Bás an Sgéalaidhe agus a Chlaidheamh Soluis 18. Triúr Mac na Barr-Sgolóige 19. Gáirdín Bheardas 20. Cormac Mac Airt 21. Táilliúr, Talmhaidhe, Gréasaidhe 22. Deilín an Bhacaigh 23. An Rógaire Bacaigh 24. Ainmneacha Bó 25. Michael O’Connor's story -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 24 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 24. Scéalta seanchais agus ábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Seán Mac Con Rí, Cloch na Rón an scéalaí. De réir nótaí léadh an t-ábhar ar ais don scéalaí níos déanaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Seachrán Chearalláin 2. Crios Mhuire do Chrios 3. An Eiséinne 4. Teachtaireacht an Aingil Gabrial 5. Sagart agus Stócach 6. Beirt Fhilidhe 7. Páidir le rádh roimh an Eiséinne 8. Aislinge na Maighdine Muire 9. Faoisdín na hOidhche -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 23 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 23. Bailiúchán de bhéaloideas mar aon le nótaí ilghnéitheacha ar scéalta seanchais, nósanna cráifeacha agus beathaisnéisí atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar roinnt de na leathanaigh. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gur bailíodh an t-ábhar i gCarna agus ainmnítear roinnt scéalaithe. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Séamus Ó Concubhair File. 2. Tobar Conall. 3. Lá Fhéile Mártain. 4. Lá Fhéile Fheichín 14 Eanair. 5. Geabhaí Fiadhaine agus Cadhain. 6. Luach na Muc 7. Naomh Martan 8. An Págánach i nGorumna 9. Tobar Conall 10. Réalta 11. Tobar Eifearnáin i mBior 12. Tincéar 13. Tuille fá Mhártan 14. Tobar Chonall 15. Tobar Muire i Ruisín na Maithnidheach 16. Liam Buidhe Búrc. 17. Naomh Mártan –Mám 18. Sliogáin na Trágha 19. Naomh Mártan 20. Seanchaidhthe 21. Ámhranaidhthe -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 22 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 22. Nótaí ar ábhar a bailíodh ó Mhicilín atá sa lámhscríbhinn seo. Tá nótaí inti freisin ar Diarmuid agus Gráinne, Beatha Aodha Ruaidh agus Trí Bior-Gaoithe an Bháis. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 21 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 21. Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais agus ábhar beathaisnéise atá sa lámhscríbhinn seo. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh. 88 leathanach ar fad atá inti. Tá nótaí agus clár ábhair ag tús na lámhscríbhinne mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn le fios gurb é Pádraig Ó Clochartaigh, Baile na Cille, Garumna, Leitir Mór an scéalaí agus tugtar beathaisnéis ar an scéalaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Seán na Sagart 2. Na Flaitheartaigh agus Muinntir Laidhe 3. An Sionnach a shíl a dhul isteach ins na hoileáin ag Daingean 4. An Easóg 5. An Gabha nach raibh i ndon tada a dhéanamh ach Iarann Céachta 6. Rí ar na Preabairí Lathaighe 7. An Sionnach i mBun an Lóin 8. An Dá Chat i nDlighe le Chéile 9. An Sgéalaidhe 10. Sinéad Ní Sheachnasa 11. Diúc a d’ól Poitín 12. Seanfhocal 13. An Teine Chomhartha 14. Nedda Mór Seoighe 15. Oileán an Anma 16. Proinnsias Maoilre Óig 17. Sgoláirí Bochta 18. An Sgéalaidhe Féin 19. Sioc Tús Oidhche ar dhíol Fionn a bhróga air 20. Balla na Spáinneach 21. An Leabhar a fuair fear de Mhuinntir Laidhe 22. Bád Shinéad Ní Sheachnasa 23. Dream de Chlann nDonnchadha a mbíodh IOU ar an bPota aca 24. An Chéad Asal a tháinig go Leitir Móir ariamh 25. Cnoc Chathail Óig -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 20 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 20. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Tomás Mac an Iomaire, An Cuillín, Cárna, Co. na Gaillimhe an scéalaí. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Seanchas 2. Tomás Buidhe Ó Néill 3. Seanchas 4. Cromaill 5. Píosaí as an Targaireacht 6. Tomhais 7. Seanchas 8. An Dabhradán -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 19 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 19. Trí scéal atá sa lámhscríbhinn seo: Gaisgidheach na Míoltog, Gadaí an tSliabh Ruadh agus Rí in Éirinn a raibh mac agus fiche aige. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Seán Ó Gaora, Litir Deisceirt, Cárna an scéalaí. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Cuireadh isteach tras-scríbhinn den scéal Paidín Mac Cártha agus na Sidheogaí. B’é Bartly Walsh, Béal Chláir, Tuaim an scéalaí agus John Treacy, Cléireach Cúirte, Tuaim, Co. na Gaillimhe an scríobhaí. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 18 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 18. An scéal Loinnir Mhic Leabhair mar aon le nótaí faoi scéalta Mhicil Páidín Séamuis Mac Donnchadha, Roisin na Mainiach atá sa lámhscríbhinn seo. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gur bailíodh an t-ábhar ó Sheán Ó Briain, Loch Con Aodhaire idir 01-12-1929 agus 06-01-1930. Cuireadh isteach tras-scríbhinn den scéal Conus mar baisteadh Fionn. B’é Seán Dall Mac an Rí an scéalaí agus Seán de hÍde an scríobhaí. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 17 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 17. Dhá scéal seanchais atá sa lámhscríbhinn seo: Sgéul Chut Baile Uí Lí agus Sgéul Bhainrioghan Ghleann Uaignis. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Pháidín Shéamuis ‘Ac Donnchadha, Roisín na Mainiach, Cárna, Co. na Gaillimhe an scéalaí. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Tugtar eolas freisin maidir le foinse na scéalta. Cuireadh isteach litir ó Sheán Mac Lellan, Oifig Foillsiúchán, 7 Deire Fomhair 1932 mar gheall ar phrofaí an téacs Mac na Mná Déirce. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 15 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 15. Nótaí agus dréacht d’alt dar teideal Saidhbhreas don Ghaedhilg atá sa lámhscríbhinn seo, mar aon le téarmaí éaneolaíochta le Dr. Scharff agus alt faoi éaneolaíocht na hÉireann. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 13 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 13. Foclóirí Gaeilge-Béarla faoin dúlra agus faoin bhfiadhúlra atá sa lámhscríbhinn seo, mar aon le nodaireacht cheoil, an scéal An Giolla Deacair agus scéal nach bhfuil teideal air faoi Fhionn Mac Cumhaill. Tugtar foclóirí in éineacht na scéalta. Níl uimhreacha ar na leathanaigh. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 12 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 12. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 129 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn agus nótaí le fios gurb é Pádraig Ó Flaithearta an scríobhaí agus Micheál Mac Donnchadha (Páidín) an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn faoi fhoinse roinnt de na scéalta. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Sgéal an Cheannuidhe Fionn 2. Seán Dílis. Faithful John 3. An Faoileán Cliste nó Maoilín sa Dún 4. Sé Pingne Lá Aonaigh agus é Fliuch 5. Hannraoi Ó Tuathaill 6. Trí mhuc mara díol muc sgabhairneach 7. Eascoinn Mhóir 8. An Bhó a d’ith an Píobaire 9. Ceannaidhe an Phoill Bháin 10. Mac Rí in Éirinn 11. Broigheall 12. Easconnaí Cochaill 13. Loirgneach 14. Síolrughadh Éisg 15. Cochall 16. Pádraic Baclámhach Ó Súilleabháin 17. Camroilic 18. An Liús a Shloig Bradán 19. Fuireamhain Charraig a’ Mheacain 20. An Bhean a Tháinig faoi Thír -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 11 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 11. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 56 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Mícheál Mac Donnchadha an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse roinnt de na scéalta. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Cluais le hÉisteacht 2. Ceilpeadóireacht 3. Fear ina chraiceann a d’éirigh as an bhfairrge 4. Trí oidhche ar na Sgéirdí. 5. Leith-phionnta poitín -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 10 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 10. Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais agus ábhar beathaisnéise atá sa lámhscríbhinn seo. 37 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ar an gclúdach le fios gurb é Tomás Mac an Iomaire, Coillín, Carna an scéalaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Grabaire Beag Fionn Mac Cumhail. 2. Na Priompalláin. 3. An Chaoi Ar Cuireadh Sola den tSaoghal. 4. Sgéal Na gCailleacha Draoidheachta. 5. An Muileann Agus An Bhró. 6. Maoilre Bairéad. 7. Cloherty (Bartley) Oileán Máisiún 8. Grabaire Beag 9. An fear ar an Áird Mhóir a chuaidh go Gaillimh ag iarraidh láidhe 10. Tomhas -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 9 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 09. Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais, nathanna cainte agus ábhar beathaisnéise atá sa lámhscríbhinn seo. 96 leathanach ar fad atá inti. Tugann an bailitheoir le fios gurb é Pádraig Mac Donnchadha (Liam) (Pat Villy) an scéalaí don chuid is mó agus tugtar eolas beathaisnéise faoi. Ainmnítear an Gábhánach agus Micilín Mac Donnchadha mar scéalaithe freisin. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Eascainí 2. Uág Uág 3. Nuair a thiocfas cainnt do’n fhiach dubh 4. Seán Mhac Séamuis 5. Seán na Sgoile (Seán Mac Donnchadha) 6. Brian Ó Laidhe Sgoláire Bocht 7. Seán de Barra Sgoláire Bocht 8. Patsach Mór Mac Donnchadha 9. Seán Val an Sgéalaidhe 10. An Sagart Paráiste 11. Daoine Geanamhla 12. An Teampull i gCruach na Cara 13. Cruach na Cara 14. Éanacha ar Oileán Mhic Dara 15. Cruach Chaolainn 16. Bean ina haonar ar an oileán 17. Turas Mhic Dara 18. Umhlú don Oileán 19. Bád a briseadh ar Oileán Mhic Dara 20. Aill na hIomluchta 21. Aill na mBroigheall 22. An Aill Bhuidhe 23. An Fhuaidh Mhór 24. An Geamaire 25. An Fhuaidh Leanamhnach 26. Léim a’ Reithe 27. Poll a’ Tairbh 28. An Fhuaidh Bheag. 29. Mulán na bhFathach 30. An Leac Dhearg 31. Carraig Mhánus Mór 32. Carraig Mánus Beag 33. Mulán an Iasgaigh 34. Leac Madadhain 35. Tobar a’ Gheamaire 36. Tobar Mhic Dara 37. An Roilig 38. Díoghaltas Dé 39. Díol na Ceilpe 40. Marcus Ó Laidhe 41. Pádraic Ó Maoilchiaráin 42. An Tarbh Cuthach 43. An Sgéalaidhe -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 8 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 08. Foclóirí, ábhar béaloidis agus eolas beathaisnéise faoi scéalaithe atá sa lámhscríbhinn seo. 56 leathanach ar fad atá inti. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 7 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 07. Bailiúchán de scéalta seanchais, seanfhocail agus ábhar tíreolaíoch agus éaneolaíoch atá sa lámhscríbhinn seo. 144 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn le fios gurb é Miceál Mac Donnchadha Páidín, Ruisín na mBan Aoidheach, Carna, Co. na Gaillimhe an scéalaí. Tugtar eolas beathaisnéise air freisin. Cuireadh isteach an scéal An Grampard. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Talamh Gainmach Talamh Glas 2. Lon A Chuir Cumha Ar An Sgéalaidhe. 3. Easconn Charra Mhuighinse 4. Aifreann Na Geine i nDoire Bó Riadhta 5. Aifreann Na Geine. 6. Seanfhocla 7. Filidhe agus Fear Deaghchainnte. 8. Na Cnuic ÓThuaidh Ó Theach Mhicilín 9. An Bhainrughan Sholusach. 10. Amhrán An tSionnaigh. 11. Amhrán Na Láidhe. 12. An Figheadóir Agus Na Sgeanna Sáithte 13. Aodh Buidhe Bricín. 14. Roinnt Na Cruithneachta 15. Mionna Magaidh 16. Faoileáin agus a gcainnt. 17. Tart Sgadán Ar Na Faoileáin. 18. Lucht Ronach. 19. An tSeamair Mhuire i nUalach Fraoigh 20. An Coileach a Raibh Sail ina Dhiaidh. 21. Uibheacha Éin a Chroch Fear 22. Padraic Mac Eóinín Bádóir. 23. Trí Pingne a fuair an Cat 24. An Chaora Dhubh 25. An Chuileog is an Dreancaid 26. Paidir 27. Mongán na Siongán agus fataí Siongán. 28. An teine a bhí ag an madadh rua do mhac Rí in Éirinn 29. Fíor láir. 30. Coileach Mhárta. 31. Éanacha. 32. Tomhas 33. An Fiach Dubh 34. An Phoenix 35. An Bhean Sa mBráca 36. Bean dinnis sgéal dá laoighdín 37. Is Fearr Bainis Ná tóramh. Bean as an mBruidhin 38. An Pilibín 39. An Chuach. 40. An Tailliúr Sa mBruidhin 41. An Fheadóg Bhuidhe. 42. Breacóga 43. Miclín Mac Donnchada, An Sgéalaidhe 44. Faoileáin Ar locha Chaola. 45. Uibheacha Báidhte. 46. Rabharta Mór Na n-Éan. 47. Geabhaí 48. Bior 49. Broigheall Sléibhe. 50. An Grampard. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 6 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 06. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais, ábhar topagrafach agus nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. 144 leathanach ar fad atá inti. Tugann inscríbhinn ar an droim agus ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Mícheál Mac Donnchadha Páidín, Ruisín na mBan Aoidheach, Carna an scéalaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Dubh Beag Mac Rí i nÉirinn. 2. Mac Dhonnchadha an tSneachta 3. Máire. 4. Cíos na Sróine. 5. Sionnach agus ocht gcinn de Ghirrfhiadhacha. 6. Sionnach agus geabhaí ar loch. 7. Doláil Ar Loch na Sgainimh. 8. Tomas Shiúnoc. 9. Dubhdarach Ó Domhnaill. 10. An Bhean Ar Baineadh na Lamha Dí. 11. Gréasaidhe Na Sgilling. 12. Cab a’dosain 13. Trí Thobar Na Rómha 14. An Áirc. 15. An Chéad Mheisge Ariamh. 16. An Dá Aingeal Déag. 17. Móin Is Feamainn. 18. An Fear A Ghearr Cábla. 19. Séamus Ghiolla Agus Bob Ghiolla. 20. Carraig Théagair i Ruisín A’ Bholgáin. 21. Carraigreacha Ruisín A’ Bholgáin. 22. Leacracha Muinntir Chuirrín. 23. An Bád Sidhe 24. A’ Stracadh Bradán. 25. Bean i gCruach na Caoile. 26. Féile Bhrighde. 27. Lá Fhéile Caolainn. 28. An Figheadóir sa gCnocán. (Tightholder). -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 5 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 05. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 132 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Seán Ó Briain, Locha Con Uidhre, Conamara an scéalaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Raicet agus Baicín 2. Táilliúir, Gréasaidhe, Gabha. 3. Bean chaoin agus fear borb. 4. Oiread Ceann M’Ordóige 5. An Fiadh Óir 6. An Buachaill a raibh an seanduine sa gcrann aige. 7. Nuair a d’athruigh an sionnach a bheatha. 8. Boilgidín. 9. Bruithneóg na Caille Bhéara 10. Clever- boat- my- stick 11. An file a cuireadh amach 12. An fear a bhí ar aimsir leis an gcnoc 13. Luach na bó. 14. Figheadóir, Táilliúr,Talmhaidhe. -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 4 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 04. Bailiúchán de bhéaloideas, scéalta seanchais agus filíocht mar aon le nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. 118 leathanach ar fad atá inti. Cuireadh trí mhír isteach: liosta de scéalta (7 leathanach) nach bhfuil baint acu le hábhar na lámhscríbhinne seo, gearrthóg ón Irish Press, Eanáir 04 1933 agus léirmheas nach bhfuil dáta leis le G.M. ar Sean-chainnt Theilinn le Seán Ó hEochaidh. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Íosa na firinne, Dia dílis an Athar 2. An Páidrín Páirteach. 3. Arán Eornan 4. Tonna Eornan a d’fhás ar an gCloch Síl. 5. Seán na Sguab 6. An bhean a raibh fuil bhrucach innte. 7. Cailín a bhíodh a guidhe ar son na marbh. 8. An Ghearr Dhéanach (Gionach-Dinneen) 9. Cailín bréagach na mbráthair. 10. Pabhsaé Gléigeal. 11. Céadtach mac Rí na gCos 12. Soitheach Smuigiléara 13. An Bhean Mhín Mhánla 14. Long na Blaoisge 15. Hata an Ghinidh 16. Dibislín Deidhirlín 17. Ó Caodháin agus an tÁdh. 18. Liam dearg agus Seán na gCannaí 19. Rí na Binne Brice 20. Salm na Marbh 21. Donnchadh mór agus a Bhean. 22. Jack Muimhneach 23. Lúrabóg Lárabóg bia ó Néill 24. Brácaí ar na Buailidheacha 25. Cuirí ó Rabhadaldum Rabha 26. Leitir Mealláin 27. Scéalta -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 3 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 03. Ceithre scéal seanchais mar aon le nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. Ní leanann uimhreacha na leathanach de réir a chéile. Tugann inscríbhinní ag tús na lámhscríbhinne agus ar an droim le fios gurb é Tomás Mac an Iomaire an scéalaí. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Tá an fhairrge tar cionn le hoibriu. 2. Murchadh agus Meanachair. 3. Buadha a bhí ag na Fianna 4. Sgéal faoi fhear Mhuighinse 5. Sean fhear a d’fhág a pháidirín sa roilig -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 2 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 02. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 151 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tá ÓF. Ml. IV scríofa ar an droim. Cuireadh dáta leis na scéalta ar fad. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí cé gur bhreac sé nótaí eagarthóireachta isteach san imeall. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Naomh Pádraic agus an Cat (An Diabhal i Riocht Cait) 2. Na Ceathar Mac Críonna. 3. Girrfhiadh An Bhalla Mhóir. 4. Easgan Na Farraige Deirge. 5. Soitheach A Briseadh Le Feall. 6. Na Trí Ribi. 7. Muinntir Áille (Adleys.) 8. Sgéul na Láir Dhonn. 9. An Rí agus A Bolsgaire. 10. An Giolla Deacrach. 11. Mac Rí na hUrtú (hIoruaidhe) -
Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 1 Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 01. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 145 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn ar an gclúdach le fios gur bailíodh na scéalta i Mám. Luann nótaí breise taobh istigh den lámhscríbhinn Teach na Cúirte ach go háirithe. Ainmnítear triúr scéalaí: Pádraig Breathnach, Mícheál Breathnach agus Séamus de Brún. Tugtar eolas beathaisnéise ar an triúr. Mac Giollarnáth féin a scríobh formhór na lámhscríbhinne: ó l.31 ar aghaidh. Duine eile a scríobh l.1-30, agus bhreac Mac Giollarnáth nótaí eagarthóireachta isteach san imeall. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Lachain Dhearg 2. An t-Adhbhar Sagairt 3. Gabha Bhaile Átha an Rí 4. Barr na bhFormnaí (Buailidheacha) 5. Briosbrún (nó an cropán) 6. An Galra Truaighe 7. Buailidheacha Chnoc Úirid 8. Giolla Dubh Seoighe 9. Máighistir an Chait Bháin 10. Máirín an Fhionnaidh 11. Lámh Dhearg 12. Mám Tuirc 13. Madraí Allta 14. Lucht Múinte an Sgéalaidhe (Mícheál Breathnach) 15. Na Máighistrí Sgoile a bhí sa Mám 16. An Sgéalaidhe i Sasana 17. Uamhain Thalmhana 18. Tobar Beannuighthe 19. Mac Rí na hÉireann agus an Capall Draoidheachta 20. Trí Léine de na Ceannabháin Bhána 21. Tobar na Súl