Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth
Breitheamh cúirt dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Le linn an ama a chaith sé in Iorras Aithneach, Co. na Gaillimhe, thug a chuid oibre an deis dó bualadh le cuid de na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara agus a gcuid scéalta a bhailiú uathu.
Thaifead sé léar suntasach d’ábhar béaloidis, i sraith lámhscríbhinní, mar aon le nótaí agus míniúcháin. Tugtar sonraí sna lámhscríbhinní seo, a bhfuil dátaí idir 1929-1940 orthu, ní hamháin ar na scéalta, na paidreacha, na foclóirí agus na seanfhocail a bhailigh Mac Giollarnáth sa gceantar, ach thairis sin tugtar léargas iontu ar an gcaidreamh a bhí aige leo siúd a chuidigh leis an t-ábhar seo a chruinniú. Fuair roinnt de na scéalta seo ardán nua mar shleachta léite a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní agus rinneadh digitiú orthu, agus tá an t-ábhar sin go léir ar fáil ar an suíomh seo, chomh maith leis na míreanna fuaime a craoladh ar an Raidió.


