Ailt ó Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige
Bailiúchán
- Teideal
- Ailt ó Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige
- Cur Síos
- Tá gach alt a foilsíodh san iris Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, le fáil sa mbailiúchán seo. Clúdaítear téamaí éagsúla sna hailt ar nós stair agus béaloideas an cheantair, an fhorbairt pobail, cúrsaí sóisialta, cúrsaí reatha, nuacht áitiúil, spóirt agus teanga. Tugann an bailiúchán seo léargas ar dhoimhneacht agus ar shaibhreas chultúr agus oidhreacht cheantar Chois Fharraige.
Míreanna
-
Capaillíní Chonamara Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé go bhfuil daoine ag plé le capaillíní Chonamara i gceantar Chois Fharraige le blianta fada, tá borradh thar cuimse tagtha leis an gceird sna blianta beaga seo anuas agus bhí an bhliain seo caite thar barr ar fad, ó thaobh comórtais agus duaiseanna de. Bhí an-bhliain ag Seáinín Willy Ó Fátharta as na hAille agus ag Máirín agus Gerry Ó Gríofa as Cor na Rón a bhuaigh roinnt mhaith duaiseanna ag na Seóanna éagsúla a bhí ar siúl i rith an tsamhraidh. -
Meallta ag Coláiste Lurgan Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a tháinig mé go Coláiste Lurgan i dtosach mar dhéagóir, 10 mbliana ó shin, bhí mé fíor-neirbhíseach. Bhí mé as baile den chéad uair, ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith a bhí ar an gcúrsa agus bhí chuile dhuine ag caint liom i dteanga nár thuig mé mórán de. Ní raibh mé ag iarraidh fiú teacht chun na Gaeltachta, bhí mo thuismitheoirí tar éis áit a fháil dom ón liosta feithimh a bhí ag an gColáiste de bharr gur tharraing duine éigin eile as. Is dóigh liom nár labhair mé mórán sa gcéad tseachtain – bhí eagla orm go labhróinn as Béarla i ngan fhios dom féin agus go gcuirfí abhaile mé! -
Ócáid Oidhreachta 2005 Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Reáchtáil Cumann Forbartha ócáid oidhreachta a bhí anspéisiúil i Seanscoil Shailearna ar an Sathairn an 19 Márta 2005. Cuspóir na hócáide ab ea léiriú a thabhairt don phobal ar na traidisiúin déantóireachta, ar an mbéaloideas, ar thithe mar a bhíodh, agus ar sheanuirlisí, seanghléasanna ceoil, srl. Bhí an taispeántas ar siúl ón 11.00 go dtí 17.50 agus níos déanaí an oíche sin, tugadh cuireadh don phobal freastal ar léacht a thug An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an ábhar ‘Cearta Teanga! An Ród Seo Romhainn.’ -
‘Is fiú agus is féidir’, Mana Choláiste Chamuis Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 32 bhliain slánaithe ar an bhfód i mbliana ag Coláiste Chamuis. Bunaíodh an Coláiste thiar i 1973 leis an mana is “Is fiú agus is féidir”. Tá oifig an Choláiste bunaithe anois sna hAille in Indreabhán agus reachtálann an Coláiste cúrsaí sa Tulaigh, i Ros an Mhíl agus ar ndóigh i gCamas féin. Tá ionad dár gcuid féin, Teálta na hÓige, tógtha ar an mBaile Láir i Ros an Mhíl ag an gColáiste. I samhradh na bliana 2005 d’fhreastail os cionn 1,300 scoláire ar an gColáiste. D’fhan siad sna tithe lóistín áitiúla a bhfuil 52 acu cláraithe leis an gColáiste agus iad scaipthe ó na Creagáin i gceantar Indreabháin go dtí Leitir Móir na Coille i gceantar Chamais. Chomh maith leis an méid sin scoláirí, bíonn ar a laghad 60 ball foirne ag obair don Choláiste, ó gach ceard don tír. -
Cumann Drámaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí dhá mhórléiriú ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige i mbliana. An dráma “Go nDéantar do Thoil” le Michael Carey (aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin) agus “Gabha na bhFocal” Drámaíochta/fílíocht/Agallamh Beirte agus píosaí grinn scríofa ag Johnny Chóil Mhaidhc. -
Pastime Chonamara Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Arís i mbliana tá réimse leathan ranganna caitheamh aimsire tosaithe ag Pastime Chonamara. Bíonn siad ar siúl ceithre oíche sa tseachtain ar fud Chonamara. Is le cabhair ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta a reáchtáiltear na himeachtaí seo. I mí Meitheamh seo caite bhronn an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. agus Fionnuala Ní Fhlatharta (‘Berni’ i Ros na Rún) teastais ar seachtó duine a d’fhreastail ar chúrsaí Pastime Chonamara. Tá sé i gceist ag an eagraíocht i mbliana leathnú amach go dtí contaetha na Mí agus Mhaigh Eo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag Pastime Chonamara ach glaoch ar 091-593311. -
Biseach ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Biseach ainm na hirise seo: tráthúil go maith. Is léir gur biseach atá beartaithe freisin ar an tseirbhís a chuireann an státchóras ar fáil trí Ghaeilge do phobal na tíre seo – muintir an cheantair seo san áireamh. Ní gá do dhuine a bheith ina shaineolaí leighis lena thuiscint gur annamh a thagann biseach thar oíche agus go minic, gur próiseas mall go leor a bhíonn i gceist, céim ar chéim, de réir a chéile. Sin an straitéis – dul chun cinn leanúnach – atá mar chroílár ag plean an stáit; deiseanna breise a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre le níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus na seirbhísí sin a bheith ar chaighdeán níos airde. -
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá deontas de €1milliún ceadaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí chun Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a thógáil sa gceantar. Níl aon amhras ar Ghrúpa Oibre an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ach go bhfuil an tIonad atá le tógáil ar cheann de na beartais is tábhachtaí riamh ó thaobh na pleanála teanga de i gceantar Chois Fharraige. -
Ag Dul ar Scoil san India Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An samhradh seo caite chaith mé seal deich seachtainí ag múineadh gasúir bhunscoile i gceantar bocht i Delhi, bpríomhchathair na hIndia. Ar dhul isteach sa seomra ranga don chéad uair dom thuig mé na difríochtaí a bhí idir cúinsí scoile sa tír sin agus cúinsí scoile sa mbaile. -
Tionscnamh Pleanála Teanga Comharchumann Shailearna Teo. Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 22 Deireadh Fómhair, 2005 i Seanscoil Shailearna d'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh €110,000 ceadaithe thar thréimhse 3 bliana don Chomharchumann chun Tionscnamh Pleanála Teanga a chur i bhfeidhm. -
Scríbhneoirí Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Faoi mar a tuairiscíodh i mBiseach 2004, bíonn obair mhór ar siúl ag na scríbhneoirí óga sa cheantar seo. Faoi chúram Gheartrúid Mhic Con Iomaire, a múinteoir, spreagtar iad le peann a chur le pár agus an toradh a chur isteach i gcomórtais éagsúla. Mar shampla, bhuaigh siad 11 duais i gcomórtais an Oireachtais 2004, 4 dhuais i gcomórtais Chonradh na Gaeilge, 6 dhuais i gcomórtais An Choiste Ghairmoideachais, 16 dhuais i gcomórtais Údarás na Gaeltachta agus an Chéad Áit sa Tír i gcomórtas a d’eagraigh Leabharlann Dhún Laoghaire. Éacht amach is amach! -
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá cheithre champas ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi láthair. Tá sé lonnaithe in Áras na Gaeilge i nGaillimh agus tá gníomhaíochtaí de chuid an Acadaimh lonnaithe freisin in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, in Ionad na hOllscoile i gCarna agus in Ionad na hOllscoile i nGaoth Dobhair. -
I mBróga Frodo sa Nua-Shéalainn Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhágamar Aerfoirt na Gaillimhe ar an triú lá de mhí Iúil ag leath uair tar éis a cúig san iarnóin agus dhá lá ina dhiadh sin shroich muid ceann scríbe – Aukland - an dara cathair is mó ar an Oileán Thuaidh den Nua-Shéalainn. Cé go rabhamar tuirseach traochta thugamar ár n-aghaidhe ar pháirc Eden an trathnóna sin, áit a raibh an bua ag na Leoin ar an bhfoireann baile agus gan tada le spáráil acu. Bhí na comharthaí le feiceáil ón gcluiche sin nach mbeadh seans acu i gcoinne na All Blacks an Sathairn beag sin. -
Fís Phóil d’Aosach Chonamara - An Bhrionglóid á Fíoradh Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Si Monumentum Queris Respice” – “Má theastaíonn leac cuimhneacháin uait, breathnaigh i do thimpeall”. Tá an ráiteas sin scríofa ar Ardeaglais Naomh Pól i Londain i gcuimhne ar Sir Criostopher Wren, an tAiltire a thóg í. Bhí an abairt chéanna ráite ag Aifreann Shochraide Phóil ar an gCnoc mar aitheantas ar a mhórshaothar don Aosach i gCois Fharraige. -
Máirtín Mór Ó Cadhain Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Uair sa gcéad a thagas mórscríbhneoir chun cinn i dteanga ar bith, mór ná mion. Ba den mhianach sin príomhéigeas Chois Fharraige, Máirtín Ó Cadhain, gan aon cheist. Pearsa mhór mhillteach le rá a bhí ann lena linn féin, agus d’oibrigh sé tionchar thar na bearta ar réimsí éagsúla d’Éirinn a aimsire féin. Bhí sé gan amhras ar bith ar dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comórtha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas. -
Biseach: Eagarfhocal 2005 Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seanfhocal Síneach ann a deir, “go mairfidh tú i laethanta suimiúla”. Is cinnte go bhfuilimid ag maireachtáil i laethanta den chineál sin faoi láthair agus go mbeidh tionchar tairbheach acu ar an saol i gceantar Chois Fharraige amach anseo, ach na deiseanna a chuireann siad ar fáil a thapú anois. Níor thárla an oiread bogadh riamh i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta is atá tarlaithe le breis agus bliain. -
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá moladh an-suntasach agus an-radacach anseo faoi Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú sa cheantar seo agus ceapaim go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtiocfaidh muid uilig ar bord idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le deimhin a dhéanamh de go dtarlóidh sé seo. Téann sé seo go dtí croílár na ceiste maidir le buanú agus sealbhú na Gaeilge agus an Ghaeilge a thabhairt slán ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile ach go dtabharfaidh muid aghaidh ar phleanáil na teanga ag an leibhéal seo”, a dúirt Leas- Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraic Ó hAoláin, ag ócáid seolta an staidpháipéir ar Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 164 cailín as ceantar Chois Fharraige cláraithe leis an gCumann don bhliain 2004. Cailíní ó aois 7 mbliana suas. Bíonn foirne ón gCumann páirteach i gComórtais Iarthar na Gaillimhe agus na Cathrach, sna ranna seo a leanas: Faoi 10, Faoi 12, Faoi 13, Faoi 14, Faoi 16, agus Sóisear. Bíonn traenáil ar siúl ar Pháirc na mBreathnaigh chuile Shatharn óna 4.30pm go 7.00pm. -
An Brat Glas Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fadhb domhanda í an dramhaíl – fadhb atá ag cur an-chuid brú ar an timpeallacht mar nach bhfuil muid ag déanamh aon bhainistíocht cheart air. I mbliana, i gColáiste Cholmcille, thug Rang 3A1 O.S.S.P. faoi thogra a dhéanamh leis an mBrat Glas a fháil don scoil agus a gcion féin a dhéanamh don timpeallacht le scoláirí, múinteoirí agus an pobal i gcoitinn a chur ar an airdeall. Siombal idirnáisiúnta is ea An Brat Glas agus tá 9,000 scoil san Eoraip agus san Aifric Theas páirteach ann. Glacann An Taisce agus na Comhairlí Contae áitiúla freagracht as anseo in Éirinn. -
Reilig an Chnoic Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an obair chothabhála ag dul ar aghaidh i gcónaí. Baineadh an féar sa dá Reilig go rialta i rith an tSamhraidh agus tá cúram ar leith déanta do chothabháil na Seanreilge i mbliana. Faoi dheireadh thiar thall tá slacht anois air agus tá an féar coinnithe go slachtmhar. Buaileadh péint ar an ngeata. Bailíodh dhá ualach bruscar de chuile chineál sa Seanreilig i mbliana. -
Scríbhneoirí i bParóiste an Chnoic Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fada siar a théann draíocht na scéalaíochta agus na scríbhneoir-eachta san bparóiste seo. I dtosach, tagann an scéal, agus bhí scéalaithe riamh ann. Rugadh Peadar Mac Thuathaláin, an seanchaí, i mBaile an Tí Mhóir timpeall na bliana 1865. Mar a dúirt Seán Mac Giollarnáth ina leabhar faoi Pheadar, ‘ba i dteach Mháirtín Bhreathnaigh, fíodóir, ar an Lochán Beag, a d’fhoghlaim Peadar an seanchas, an scéalaíocht agus an ghontacht Ghaeilge.’ -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé lena aghaidh é? An fiú a leithéid a bheith ann? Breathnaigh siar ar a bhfuil déanta aige sul a dtabharfaidh tú do bhreith agus coinnigh do shúilín draíochta ar oscailt leis na féidearthachtaí atá le baint amach fós ag a leithéid a chur san áireamh. Ansin, le cúnamh Dé nuair a bhéas an cás pléite is tomhaiste go maith agat beidh tú in ann freagra ciallmhar a thabhairt ar an gceist a cuireadh. -
An Cnoc-Spidéal, Tuaim Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is pobal fíorGhaeltachta an pobal seo, le 700 muirín, a shíneann idir droichead an Spidéil siar go droichead Chasla ach ceantar na Minna agus Ros a’ Mhíl a fhágáil as. Bhí an ceantar i bparóiste Chill Ainnín, deoise Eannachdúin, fadó agus tugadh Cill Ainnín ó dheas agus Cois Fharraige air. Siad Naomh Ainnín as Co. na Mí, a bhfuil a lá féile ar 18ú Eanáir, agus Naomh Colmcille, a bhfuil a lá féile ar 9ú Meitheamh, Naomh-Phatrúin an Pharóiste. Tá dhá shéipéal sa bparóiste faoi láthair – Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc a tógadh i 1844 agus séipéal Naomh Colmcille ar an Tulaigh a tógadh i 1964 – an chéad séipéal in Éirinn agus sa mBreatain a bhí cóirithe don sagart leis an Aifrinn a léamh iompaithe i dtreo an phobail. -
Club Óige Lurgan Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tagann déagóirí an cheantair le chéile chuile oíche Aoine ó Meán Fómhair go Bealtaine i gColáiste Lurgan. Tá os cionn seachtú baill cláraithe leis an gClub i mbliana. Is ar an gceantar ó Abhainn an Chnoic siar go dtí abhainn Chromhghlinne a fhreastalaíonn an Club Óige air ach de bharr easpa clubanna óige ó Ros a’ Mhíl aniar tagann roinnt óna ceantair sin. Tá an Club ina bhall den eagraíocht Óige an Iarthair a bhíonn ag thabhairt tacaíochta agus comhairle ó thaobh árachais agus seirbhísí eile atá ar fáil do na clubanna óige. -
Ar Shlí na Fírinne Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tar éis seisiúin iontach tairbheacha den dráma Ar Shlí na Fírinne a léiriú i Seanscoil an Chnoic, i mBéal an Daingin, i dTír an Fhia, agus ar an gCeathrú Rua, thug Cumann Drámaíochta Chois Fharraige aghaidh ar Chicago Mheiriceá i mí na Samhna seo caite, áit ar chaith siad seacht lá san iomlán agus inar chuir siad trí léiriúchán den dráma ar stáitse. -
Imeachtaí na scoilbhliana seo caite Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Imeachtaí i Scoil Sailearna na scoilbhliana seo caite -
Scéim Shóisialta na Tuaithe Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na feirmeoirí cnámh droma na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thús ama. Sheas siad an fód i gcoinne gach cineál brú – ó ionsaithe ag eachtrannaigh, an Gorta Mór suas go dtí díchúpláil an lae inniu. Tá caomhnú teanga, cultúir agus timpeallachta ar siúl acu sa tír seo ó chuir na chéad lonnaitheoirí fúthu i dtuaisceart na hÉireann 10,000 bliain ó shin. Is í an cheird is sine ar domhan í. Tá saibhreas teanga agus scileanna ag feirmeoirí nach bhfuil ag aon aicme eile sa bpobal. Táim lánchinnte gur ag eascairt as na tréithe sin a thug an tAire Ó Cuív aitheantas dóibh le bunú Scéim Shóisialta na Tuaithe an 17 Bealtaine. Cuirfidh an Scéim obair phobalbhunaithe ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha, do 2,500 feirmeoir/iascaire (nó dá gcéilí) nach bhfuil in ann slí bheatha inmharthana a bhaint amach dóibh féin ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht go lánaimseartha. Tá 250 áit ar fáil i gContae na Gaillimhe agus tá ochtú acu sin sa nGaeltacht. Tá 24 ar an scéim atá á reachtáil ag Comharchumann Sailearna. -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Díríonn an Cumann Forbartha ar mholtaí a chur chun cinn agus ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairtí fisiciúla agus imeachtaí cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantair agus a chuirfeadh le saol an phobail. -
Ionad Leighis Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céim 4 (an céim deireadh) den fhorbairt atá ar na bacáin againn ná Ionad Leighis (Dochtúra) a thógáil do Phobal Chois Fharraige a bhíonn ag freastal ar an Ionad Leighis ag an Tulaigh - ionad atá suite i bPortacabin le breis is scór bliain - ionad atá mífheiliúnach go hiomlán le freastal ar an bPobal agus ionad atá cáinte ag Dochtúirí, Banaltraí agus gnáthphobal na háite. -
Lóchrann Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ná bíodh duine ar bith a rá liomsa nach bhfuil pobal fada fairsing ar bís le dhul ag breathnú ar dhráma maith Gaeilge. Cruthaíodh an méid sin don ghrúpa drámaíochta “Lóchrann” a bunaíodh i gceantar Chois Fharraige an bhliain seo caite. Grúpa gairmiúil a bheartaigh muid a bhunú agus é de aidhm againn drámaí traidisiúnta den ardchaighdeán a chur i láthair an phobail go rialta. Beidh béim againn ar dhrámaí nuascríofa agus ar an nGaeilge shaibhir nádúrtha atá i gcontúirt a tachtadh ag an nua-aois. Bhí sé i gceist againn freisin ár sciatháin a scaradh agus an ealaíon thraidisiúnta a thabhairt chomh fada leis na Gaeil atá sloigthe ag an imirce. -
Seo Uait Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I dtús na bliana seo bunaíodh an eagraíocht dheonach, Seo Uait, i gceantar Chonamara le hairgead a bhailiú do Thaighde Ailse Brollaigh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Ailse Brollaigh (National Breast Cancer Research Institute) i nGaillimh atá faoi stiúir an Ollaimh Given. Grúpa deonach as Gaillimh, The Merlin Park Walkers, a chuir tús leis an bhfeachtas nuair a chuir siad fógra sna nuachtáin ag iarraidh cúnaimh. Chonaic Margó Ní Chonghaile an fógra agus chuaigh sí i dteagmháil leo. Eagraíodh cruinniú agus as sin a tháinig an eagraíocht Seo Uait agus ceapadh coiste ar a raibh Margó féin, Caitríona Uí Bhéarra, Coroline Uí Ráinne, Maria Griffin agus Máire Langan. -
Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag feidhmiú anois le os cionn seacht mbliana déag. Déanann sé freastal ar na pobail ó na Forbacha siar chomh fada leis an gCeathrú Rua, Ceantar na nOileán agus ó thuaidh chomh fada le Gleann Trasna. Thar na mblianta, tá fás agus forbairt tagtha ar an líon ball atá páirteach sa gComhar Creidmheasa. Le léargas a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ag an gComhar Creidmheasa is fiú súil a chaith ar roinnt staitisticí. -
Scoil Náisiúnta Sailearna Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Faoi láthair tá 212 scoláire agus dhá mhúinteoir déag sa scoil. Tá méadú i mbliana ar an líon scoláire agus is comhartha maith é seo. Chuaigh Bord Bainistíochta nua i mbun gnó sa scoil i mí na Samhna 2003. -
Coláiste Lurgan Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhreastail suas le 1,800 scoláire ar Choláiste Lurgan le linn samhradh 2003 agus bhí os cionn 110 duine, idir mhná tí, mhúinteoirí agus fostaithe eile ag obair go lánaimseartha leis an gColáiste le linn an ama seo. Le blianta anois tá an t-éileamh ar chúrsaí sa gColáiste chun cinn ar líon na náiteanna a bhíonn ar fáil. Ní féidir glacadh leis, áfach, go bhfanfaidh cúrsaí mar seo. De bharr cúinsí eacnamúla níl daoine chomh caifeach agus a bhí. Bíodh sin mar atá, tá muid fós dóchasach go mbeidh dóthain éilimh ar chúrsaí sa gColáiste chun go mbeidh muid in ann iad a fhorbairt agus a fheabhsú sna blianta atá romhainn. -
Ó Shelerno go Sailearna Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinneadh cur síos cuimsitheach in eagrán 2003 de Bhiseach ar an tacaíocht a tháinig ó phobal an Chnoic do chur chun cinn na hOllscolaíochta trí Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh óna fichidí i leith agus go háirithe na hiarrachtaí a rinneadh le roinnt de bhlianta le forbairt a dhéanamh ar ollscolaíocht sa Ghaeltacht. Ba feachtas éilitheach a bhí anseo i dtosach, ach leis an aimsir, d’iompaigh sé isteach ina chomhoibriú idir Ollscoil, pobal agus stát. -
Na Stáisiúin Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Casadh Meiriceánach orm agus é ar bís le n-inseacht dom an nós nuaaimseartha atá tosaithe acu san Eaglais sna Státaí ar a dtugann siad ‘The Neighbourhood Mass’. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh nuair a bhain mé an ghaoth as a chuid seolta a rá leis go bhfuil an nós céanna againn in Éirinn leis na céadta bliain ach go dtugann muid ‘Na Stáisiúin’ nó ‘Faoistineacha’ air. Nuair a tháinig sé aige féin chuir sé suim mhór sa scéal agus d’inis mé dhó an stair uilig a bhain leis na stáisiúin. -
Glór na nGael Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le Glór na nGael ó thaobh na teanga de agus maidir le saol sóisialta an phobail. Ceann dá bhuntáistí móra is ea nach gcuireann sé isteach ar aon eagras eile, ach a mhalairt. Láidríonn sé eagrais eile, cuireann sé clár oibre ar fáil agus spreagann sé eagrais chun oibre. Ní amháin sin, ach spreagann sé ceantair le craobhacha d’eagrais mar Chonradh na Gaeilge a bhunú d’fhonn an clár oibre a riaradh. Cothaíonn sé an tuiscint nach rud éigin amuigh ansin í an Ghaeilge, ach rud atá istigh ionainn, in áit éigin, rud luachmhar gur linn féin í, rud atá lárnach inár saol, rud a thugann an ceart dúinn a rá gur Gaeil muid, fiú murar cainteoirí ó dhúchais muid, fiú mura bhfuil muid líofa go fóill. -
Cumann Liathróid Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. "Mura bhfuil siad beag ann ní bheadh siad mór ann”. Is cinnte gur fíor sin agus ní haon eisceacht é spóirt na liathróide láimhe ach an oiread. Tá béim mór leagtha ag an gCumann agus ag an gContae i mbliana ar an óige. Is ar an Scoil Náisiúnta is mó a bhí áird i mbliana. Rinne Fearghas Mac Lochlainn sárobair agus tá an bhunchloch leagtha síos aige. Dar ndóigh is sár-imreoir é Fearghas agus tá bonn Náisiúnta “Chomórtas Peile na Gaeltachta” aige ar son Gaeltacht Rath Cairn. Tá Club Óige Lurgan ag reáchtáil múineadh na scileanna i mbliana chomh maith. Is iad óige an lae inniu fir agus mná an lae amáraigh. -
Naíonra agus Naíolann Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chuir ar fáil do phobal an cheantair. Bíonn an Naíonra ar oscailt ó Mheán Fómhair go dtí deireadh mhí Meitheamh i rith na bliana, le gnáthshaoire curtha san áireamh. Eagraíocht dheonach is ea Naíonra Chois Fharraige atá á reáchtáil ag na tuismitheoirí. Bunaíodh Naíolann Chois Fharraige i 2001 mar gheall ar chomh maith agus a bhí ag éirí leis an Naíonra. -
Scríbhneoirí Óga Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé soiléir, le fada an lá, go bhfuil bua na scríbhneoireachta ag muintir Chonamara agus is cinnte go bhfuil na tréithe sin go láidir sna scoláirí i gColáiste Cholmcille. Chabhraigh Údarás na Gaeltachta go mór chun an bua seo a spreagadh agus a fhorbairt. Gach bliain eagraíonn an tUdarás comórtais do scoileanna na nGaeltachtaí ar fad - comórtais aistí, alt iriseoireachta, filíocht agus amhráin, agus cuirtear saothar na mbuaiteoirí sin chuig Comórtais Liteartha an Oireachtais. Gach bliain bíonn buaiteoirí go fairsing againn sa scoil. -
Beo go Deo Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó 1995 tá cúrsa nua Teagasc Críostaí á thabhairt isteach sna bunscoileanna ar a dtugtar “Beo go Deo”. Is cúrsa an-bhreá ar fad é ina ndéantar ceiliúradh ar shaol an linbh agus ina ndéantar iarracht an creideamh a dhéanamh “beo” do na páistí trí cheol, drámaíocht, ealaín, scéalaíocht agus ar ndóigh paidreacha. -
Tigh Mholly Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. "Tá mé ag dul síos abhaile”, a d’fhreagraíodh mo mháthair, Winnie Mholly, gach uile uair a cheistíodh muintir an Chlocháin í faoi cén áit a raibh sí ag dul ar saoire. Ó tharla gur ar Tigh Mholly a bhíodh a n-aghaidh ní ‘pub’ ná siopa, mar sin, a bhí in Tigh Mholly ar an Lochán Beag dhúinne ach ‘baile’ a raibh stair, seandacht agus préamhacha ag roinnt leis, gnéithe nach raibh le n-aireachtáil againn thiar sa gClochán. -
Muintir na Cathrach Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá baile fearainn na Cathrach suite dhá mhíle dhéag taobh thiar de chathair mhór na Gaillimhe ar an bpríomhbhóthar as Gaillimh go Conamara Thiar. Dhá mhíle siar ó shráidbhaile an Spidéil, ag síneadh leis ar an taobh thoir, tá an Púithrín agus ar an taobh thiar tá An Chéibh Nua, nó Coill Rua Thiar mar a tugtar air le blianta beaga anuas. -
Iubhaile Órga An Athar Colm Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is ócáid áthais is comhghairdis dúinn sa bpobal seo go bhfuil an tAthair Colm Ó Ceannabháin ag ceiliúradh a Iubhaile Órga. Tá leathchéad bliain caite aige ina shagart, bail ó Dhia is ó Mhuire air. Corr-uair a thárlaíonn a leithéid i bpobal. An rud is annamh, is iontach. -
Biseach: Eagarfhocal 2004 Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I gcaitheamh na bliana atá caite ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige seasamh láidir sa díospóireacht faoin aird ba cheart a thabhairt ar an nGaeilge sa chóras pleanála maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Thug an Cumann tacaíocht leanúnach freisin d’fheachtais náisiúnta dírithe ar ionad na Gaeilge sa saol poiblí a bhuanú agus a fhairsingiú agus ar aitheantas cuí a bhaint amach don teanga i gcaidreamh na tíre leis an Aontas Eorpach. Is údar áthais dúinn an dul chun cinn atá tarlaithe le déanaí sna réimsí seo —feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, ceapadh Choimisinéir Teanga, éileamh an Rialtais ar stádas mar theanga lánoifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus an t-aitheantas atá tugtha don Ghaeilge sa chóras pleanála i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe. -
Naíonra Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chur ar fáil do phobal an cheantair. Eagraíocht dheonach is e a Naíonra Chois Fharraige atá á reáchtáil ag n a tuismitheoirí. Faigheann muid cúnamh ón Roinn D l í agus Cirt, , Comhionannas agus Athchóirithe Dlí, agus Údarás na Gaeltachta chun cuid de na costais reachtála a ghlanadh. -
Cúrsaí Aimsire ar TG4 Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is saol lán le sprid agus le spórt a chothaíonn dúil nimhe sa scleondar a bhíonn agat is tú ag obair i TG4. Is duine d'fhoireann láithreoirí leanúnachais agus aimsire atá ionam le breis agus dhá bhliain anois, agus seo sampla daoibh den obair a bhíonn ar siúl againn ann. Ón bpointe a dtagann na grafaicí agus an t-eolas aimsire chugainn ar ríomhphost ag 2 a chlog, ní thagann stop ar bith leis an obair go dtí go dtéann muid amach beo ar an aer roimh an Nuacht ag 7 - idir an réamheolais a aistriú go Gaeilge agus í a ghearradh siar ionas nach ngabhfaidh tú thar an méid áirithe ama atá leagtha amach sa sceideal don réamhaisnéis aimsire áirithe ar a bhfuil tú ag obair. -
Buaiteoirí Oireachtais an Cheantair ó 2000 Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buaiteoirí Oireachtais an Cheantair ó 2000 -
Pasttime Chonamara Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó bunaíodh Pastime Ch onamara i 2001 tá méadú mór tagtha ar an méid spéise atá léirithe ag an bpobal in imeachtaí na heagraíochta. Cuireadh tús le ranganna éagsúla i gceardaíocht ó na Forbacha siar go dtí na Minna. Bhí ceardlanna deireadh seachtaine ar siúl in áiteacha éagsúla, ina measc Oileán Chléire, Gaoth Sáile, agus Acaill. I measc na ranganna a cuireadh béim orthu i mbliana, bhí deileadóireacht adhmaid, feistiú ceangail agus ornáidíocht ar fhearais iascaireachta, chomh maith le rang speisialta do dhaoine óga agus fásta ag déanamh macasamhail báid de réir scála. -
Campa Saoire Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Reachtáladh Campa Saoire Chois Fharraige 2003 i Scoil Sailearna, Indreabhán idir an 7ú Iúil agus an lú Lúnasa i mbliana. D'fhreastail breis is cúig chéad páistí ar na cúrsaí agus bhain siad uilig fíorthaitneamh as na himeachtaí éagsúla a cuireadh ar fáil dóibh -
Oscailt Thearmann Éanna An Tulach Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 9ú lá de Shamhain, 2003, rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon ó Cuív, T.D., an oscailt oifigiúil ar Thearmann Éanna ar an Tulach i gCois Fharraige. Seo iad cuid de na daoine a bhí i láthair don ócáid mhór sin. -
Socos Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba i mí Mheán an Fhómhair na bliana 1994 a tháinig SOCOS Teo. ar an bhfód an chéad lá riamh. Bunaíodh an comhlacht, le seirbhís stáiseanóireachta agus throscán oifige a chur ar fáil i gceantar Chonamara agus sa réigiún máguaird. Ba é Pádraic Ó Concheanainn, a raibh taithí na mblianta aige sa ghnó, a bhí i mbun an chomhlachta. Ba i gColáiste Dara, i mBaile an Tigh Mhóir, a thosaigh an comhlacht, an chéad lá. D'aistrigh siad soir go hEastát Tionscalaíochta na Coille Rua in Aibreán na bliana 1995, tráth a raibh ionad cuí réitithe ag Údarás na Gaeltachta dóibh. De réir a chéile, tháinig méadú ar an ngnó, agus ar an gcomhlacht dá bharr sin, agus chuir Údarás na Gaeltachta breis spáis ar fáil i 1999. -
Reilig an Chnoic Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Coiste i 2002 leis an dá Reilig a choinneáil glan, néata agus slachtmhar. Tagann Baill an Choiste (agus daoine eile nach bhfuil ar an gCoiste) le chéile go deonach go seachtainiúil (Dé Máirt) leis an obair seo a chur i gcrích, ó lár Bealtaine go tús Dheireadh Fómhair. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an Cumann seo i 1981 le freastal ar chailíní an cheantair a bhí ag iarraidh iománaíocht a imirt. Tá 90 ball sa chumann ó cheantar Chois Fharraige, i.e. ó na Forbacha siar go dtí an Cheathrú Rua. Bíonn an Cumann páirteach sna comórtais a ritheann Coiste Chontae na Gaillimhe agus Coiste Iarthar na Gaillimhe sna grádanna seo a leanas: Faoi-10, Faoi-12, Faoi-14, Faoi-16, Faoi-18 agus Sóisear. Bíonn tréanáil ag - na cailíní ar Pháirc na mBreathnaigh ar a 4.00 i.n. chuile Dé Sathairn agus tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua. -
Ní Bhíonn Tú Óg Ach Scaitheamh Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is i gColáiste Lurgan a thagann déagóirí an cheantair le chéile gach oíche Aoine, ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Tá suas le trí scór ball cláraithe leis an gClub i mbliana. Is ar an gceantar ó Abhainn an Chnoic siar go dtí abhainn Chromghlinne a fhreastalaíonn an Club Óige air. Tá an Club ina bhall den eagraíocht Óige an Iarthair, a bhíonn ag thabhairt tacaíochta agus comhairle i dtaobh árachais agus seirbhísí eile atá ar fail do na clubanna óige. Is iad tuismitheoirí na ngasúr a dhéanann cinnireacht ar an gClub Óige le blianta beaga anuas. Tugann iarbhaill an chlub an-chúnamh freisin le ceol agus drámaíocht agus damhsa a réiteach i gcomhair stáitse an Oireachtais agus seónna eile. -
Páirc an Chnoic Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach go deireadh, i 1966 -1967, bhí caint ar pháirc a thógáil agus ag cruinniú cinn bhliana 1967 moladh coiste na páirce a chuir le chéile. Tugadh "Coiste na Páirce Teo." ar an gcoiste seo. Sí an aidhm a bhí acu sin ná suíomh a fháil agus páirc a chur ar fáil. San am sin, bhíodh peil dhá imirt ar an gCreach Oileáin sa Samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo, agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Hydro Marine anois. Dhíol an Coiste an suíomh seo le Gaeltarra Éireann, sé sin Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Ag an am sin socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc a iarraidh ar an Easpag Breathnach, a bhí ina Ardeaspag ar Thuaim ag an am, agus fuair siad 8 n-acra den 11.5 acra talún a bhí ansin. -
Cumann Liathróid Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí lá agus oíche mhaith le céad bliain anuas atá caite sa bParóiste seo ag imirt an chluiche ársa, liathróid láimhe. Níl aon dabht mar sin fhéin nach í seo an bhliain is fearr fos, leis an ngaisce a rinne Timín Joe Tim ó Curraidhín agus Colm Mharcais Ó Cualáin i dtús na bliana, nuair a rug siad leo Craobh na hÉireann sna Máistrí Diamainte Grád B sa bPinniúr 40 x 20. Ní ba leor sin dóibh, áfach, nó go ndearnadar an beart céanna sa Samhradh sa bPinniúr 60 x 30. Ní hé chuile bhliain a dtagann boinn uile-Éireann go dtí an Paróiste. -
Cumann Micheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain chiúin go maith a bhí ag Cumann Micheál Breathnach ar pháirc na himeartha i mbliana i gcomparáid Ie blianta beaga anuas. D'éirigh leis na peileadóirí a n-áit a choinneáil sa nGrád Idirmheánach cé go mb' éigean dóibh fanacht go dtí cluiche deireadh na sraithe in aghaidh na Ceathrún Ruaidh Ie haghaidh é sin chinntiú. Chuir iománaithe an Chumainn sárthaispeántas ar fáil agus an mí-ádh orthusan nach bhfuil craobh an Chontae acu i ngrád Sóisear C i mbliana. Is léir go bhfuil an obair atá ar bun faoi aois sa bpeil agus san iomáint ag dul chun sochair don chumann. Chaill an fhoireann Sóisear A a stádas agus is i sraith B a bhéas siad ag imirt an chéad bhliain eile. Go deimhin bhí na foirne Sóisear A agus C lagtha go mór i mbliana, mar go raibh roinnt mhaith gortaithe ag cur isteach ar na foirne. Chuaigh foireann Faoi-21 an chumainn go dtí cluiche ceathrú-ceannais an chontae sa nGrád A, ach cloíodh d'aon phointe amháin iad tar éis cluiche crua. -
Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta ar a chosa sa phobal anois le sé bliana déag, ó bunaíodh é i 1987. Is fada atá an Comhar Creidmheasa tagtha ar aghaidh ón bhfís a bhí ag an ngrúpa a tháinig le chéile i 1986 chun an geimhreadh a chaitheamh ag foghlaim faoi rialacha feidhme do chomhar creidmheasa. Bhí an grúpa den tuairim ag an am go mbeadh suas le 400 duine sa phobal ag iarraidh ballraíochta agus gur mhór an t-éacht é dá mbeadh £400,000 (timpeall €500,000 in airgead an lae inniu) sábháilte ag na baill sin. Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol sa tír seo ó shin agus is dóiche go bhfuil sé áiféiseach a bheith ag déanamh comparáide idir mhianta sna blianta 1986/87 agus saol na bliana 2003 ach, fiú nuair a thógtar sin san áireamh, is beag a cheapfá i 1987 go mbeadh 5,000 ball i gComhar Creidmheasa Cholm Cille agus timpeall €15 milliún sábháilte acu ag aon am. -
Scoil Náisiúnta Sailearna Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cuireann muid romhainn i gcónaí i Scoil Sailearna, an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun cínn. Cuirtear an bhéim i gcónaí ar na gasúir a mholadh agus a spreagadh le Gaeilge a labhairt. Tugtar aitheantas don iarracht i gcónaí agus gríosaíonn muid na gasúir le a bheith dílis don Ghaeilge agus a bheith mórálach aisti. Anuraidh, mar shampla, ghlac gasúir páirt i bhFéile Scoildrámaíochta na Gaillimhe. Cé nár bhaineadar amach aon duais chuireadar an-taispeántas ar siúl agus bhaineadar fhéin an-sult as freisin. B'iontach an spreagadh dhóibh a bheith ag léiriú dráma Gaeilge ar ardán na Taibhdheirce. -
Forbairt Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. 1971: bhí Tógadh an scoil nua agus cúigear múinteoirí ann. 1998:Osclaíodh na seomraí nua agus an Halla mór spóirt san scoil. Chosain an fhorbairt seo €500,000 agus tháinig €302,876 ón Roinn Oideachais; €82,250 ó Roinn na Gaeltachta; €115.074 ón b Pobal - sin €500,100 san iomlán. 2000 :Cuireadh cloigeann nua ar an scoil ar chostas €56,812.50. -
Athrú Ré i gColáiste Cholmcille Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí saol crua ag gach duine sna caogaidí. Le theacht an leictreachais, tháinig feabhas i gcaighdeán maireachtála beagnach chuile dhuine. Ag dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1972, cuireadh deiseanna fostaíochta agus eacnamaíochta ar fáil don tír nach raibh ann cheana. Tháinig an réabhlóid ríomhaireachta sna hochtóidí agus an Tíogar Ceilteach sna nóchaidí. -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Féachann an Cumann le cruinnithe míosúla a reachtáil (lasmuigh de thréimhsí saoire) ag a ndírítear ar fhorbairtí fisiciúla agus cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantair agus a chuirfeadh le saol an phobail. -
Cumann Drámaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tháinig Cumann Drámaíochta Chois Fharraige le chéile den chéad uair i Márta 2001 chun drámaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn agus a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. D'fhreastal slua mór ar an gcruinniú. Roghnóidh Coiste ar an oíche agus pléadh cén dráma a bheadh oiriúnach dúinn a léiriú do lucht féachana na Gaeltachta. Ar ndóigh, tháinig muid uilig ar aon fhocal amháin sa deireadh, gur cheart dúinn dráma grinn a léiriú ar dtús. Bhí cineál deacracht againn teacht ar cheann a bheadh oiriúnach mar na cinn a roghnaigh muid, bhí siad léirithe cúpla uair cheana féin. -
lonad Tacaíochta Teaghlaigh Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aithníonn Comharchumann Shailearna, cosúil le gach pobal Gaeltachta eile, go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú sa gceantar de bharr na n-athruithe sóisialta atá tarlaithe le roinnt blianta anuas, agus gur gá anais tabhairt faoi seir bhísí tacaíochta teanga a chur ar fáil sa réimse is tábhachtaí ar fad don teanga - réimse an teaghlaigh. Ar na seirbhísí atá ag feidhmiú le tacaíocht an Chomharchumainn faoi láthair tá Naíonra Chois Fharraige agus Naíolann Sailearna. Tá na seirbhísí seo ag cur seirbhís cúram leanaí agus seirbhís réamhscolaíochta ar fail atá pobal-lárnaithe agus teanga-bhunaithe. Tá na seirbhísí seo an-tábhachtach mar chuid d'infrastruchtúr oideachais, sóisialta agus pleanála teanga an phobail. -
Cois Fharraige agus an 'Quiet Man' Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí Aibreán 1951 tháinig John Feeney, nó John Ford mar ab fhearr aithne air, ar cuairt go dtí an Chré Dhubh ar thóir a chol ceathar, Mikeen Bhríd Mháire nó Mícheál O Conghaile. Ba aintín le John Ford í a mháthair, i.e. Bríd Mháire agus Seán Mháire (athair John Ford). Bhí cion a chroí aige ar a shinsir agus theastaigh uaidh eolas a fháil faoina áit dhúchais. -
Aosach Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I 1991 rinne Forbairt Pobal Teo., an Spidéal, suirbhé cuimsitheach ar riachtanas tithíochta d'Aosach Ghaeltacht Theas Chonamara (ó Bhearna go Carna). Léirigh toradh na hoibre sin go raibh éileamh mór ar thithe don Aosach agus go raibh thart ar scór demountable in úsáid ag seandaoine ag an am. Shocraigh Stiúrthóirí Forbairt Pobal Teo. (Pól Ó Foighil agus Aodán Mac Donncha) an scéal seo a chur ina cheart. -
Oideachas Tríú Leibhéal agus Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is le fada an lá atá leithcheal á dhéanamh ar an nGaeltacht maidir le cúrsaí oideachais. Breathnaigh ar a bhfuil le rá ag Brighid Bean Uí Mhurchadha, a rinne staidéar ar an gcás ina leab har Oideachas in Iar-Chonnacht sa Naoú Céad Déag, "Marach sólás an chreidimh, a choinnigh an misneach agus an croí ins na daoine i rith an ochtú céad déag, is cinnte nach mbeadh in ann dóibh ach aineolas agus an-uaisliú. Anuas go dtí 1782 bhí Caitliocaigh na hÉireann faoi sháil an bhráca." Agus, "ldir na blianta 1695 agus 1829, is féidir ará gur cuireadh i dtreis go hiomlán, le cabhair dlí agus deontas, gach seift dá raibh ar eolas ag lucht ceannais na tíre le Caitliocaigh na hÉireann a shacsanú agus a iompó. " -
Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta: Craobh an Iarthair agus na Mí Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Eagraíocht dheonach is ea Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta a bunaíodh i 1986 chun: Aontas a chothú idir na scoileanna Gaeltachta; Fóram a chruthú do na scoileanna Gaeltachta lena ndeacrachtaí a phlé agus a réiteach; Oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i scoileanna Gaeltachta. Le roinnt blianta anois bhí Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta, i gcomhar le Gaelscoileanna agus Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge, fíorghníomhach i bhfeachtas a bhí ag éileamh struchtúr reachtúil oideachais le freastal a dhéanamh ar riachtanais na scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge. -
Cois Fharraige agus Ollscolaíocht sa Ghaeltacht Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá cuimhne ag seanfhondúirí Chois Fharraige ar Liam Ó Buachalla, ar shean-Tomás Ó Máille, ar Mháirín De Valéra agus ar an Mon. Eric Mac Fhinn, mar dhaoine a bhí ag léachtóireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus a chaitheadh roinnt dá gcuid ama i gCois Fharraige. Sna trío chaidí, bunaíodh Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i rith mhíonna an tsamhraidh i Seanscoil S ailearna. Bhí idir léachtóirí Ollscoile agus mie léinn ag freastal ar an Ardscoil sin. Rinne roinnt mhaith léachtóirí in Ollscoil na hÉireann, G aillimh a seacht ndíche all ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn ar champas na hOllscoile. Go deimhin, ní raibh baol ná buarach ar an méid mac léinn a bheith san Ollscoil ag an am sin agus atá inti anois. Is ar éigin go raibh fiú amháin an deichiú cuid inti agus atá anois. -
Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé feicthe agam anseo i bPobal an Chnoic i gcaitheamh na mblianta go mbíonn oíche amháin ann chuile bhliain a thugann léargas soiléir dá mbíonn i láthair ar phobal beo gníomhach nach mbíonn ina chónaí. Sin í an oíche a dtagann moltóirí Ghlór na nGael le castáil le hionadaithe na gcoistí deonach agus breithiúnas a thabhairt ar na himeachtaí poballárnaithe agus teanga-lárnaithe a bhíonn ar suil sa bParóiste. Bhuaigh Pobal an Chnoic an chéad áit in Éirinn faoi dhó cheana i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael. Mhothaigh mé féin go minic gur mhór an trua nach bhfeiceann agus nach gcloiseann an pobal uilig faoi chuile shórt a bhíonn ar siúl ag na coistí deonacha agus iad ar fad ag obair go crua ag iarraidh Pobal an Chnoic a fhorbairt le ceangal na Gaeilge agus gan oiread is ceann amháin acu ag ligean a chuid maidí le sruth. -
Máire Áine Ní Dhonnchadha Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Siad na trí coda den draíocht, ceo, ceol agus seoltóireacht, a deirtear linn. Draíocht is ea an ceol, draíocht is ea an amhránaíocht, ach tá draíocht faoi leith le cloisteáil i nduanaireacht Mháire Áine. Ag éisteacht léi, ba dhóigh le duine gur tugadh trí cheo draíochta é go dtí an náisiún anonn ina bhfuil an ghrian agus na réalta ina stad le chéile, mil ina slaodaibh, torthaí ar ghéagaibh, óige an tsaoil de shíor ann, gan trácht ar aois go brách. -
Lá Oibre Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhuaigh an scéal seo an chéad duais i gComórtas an Údaráis agus i gcomórtas an Oireachtais sa mbliain 1999. -
Tom Pheaidí Mac Diarmada (1909-2001) Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an dara lá d'Aibreán a d' imigh an anáil deiridh as duine eile fós de chairde móra an tsaoil Ghaelaigh. Bhí a chairde móra fhéin ar fad mórán curtha roimhe ag Tom Pheaidí mar fuair sé fhéin aois bhreá. Go deimhin bhí a mhuintir saolach, cé nach raibh Tom ach ocht mbliana nuair a sciob an bás go tragóideach a athair, Eadbhard Pheaidí. Ba é an tríú duine ab óige den naonúr muirín a bhí ar Eadbhard Mac Diarmada agus a bhean, Máire Tom Ní Chualáin, thíos ar an Leic i mBaile na Féasóige, an Lochán Beag. Bhí Eadbhard ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach ar an Trá Shalach in íochtar an Locháin tráthnóna gruama ceo, Dé Luain, an 17 Meitheamh 1917. Saol crua a bhí in chuile áit ag an am. Mar a dúirt deirfiúr Tom, Nóra Pheaidí, liom thall i mBoston os cionn chúig bhliana fichead ó shin: "Ní raibh scilling ó Bhearna go Carna, a mhaicín nuair a bhí mise ag éirí aníos!" Ach mura raibh fhéin, is minic a chuala mé ag Tom agus ag an gcuid eile acu nach bhfuair siad aon ocras ariamh. Leanadh de thraidisiún iascaigh a n-athar agus bhíodh greadadh éisc, fataí agus leamhnachta acu má ba é bricfeasta, dinnéar agus suipéar fhéin go minic é. -
Campa Saoire Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Campa Saoire Chois Fharraige os cionn deich m bliana ar an saol anois mar is i 1991 a reáchtáladh an chéad champa. Níor tugadh ainm don champa go dtí 1992, an bhliain chéanna a ndeachaigh Scléip Teo. ina bhun. O shin i leith bhí dhá chúrsa nó trí ar siúl gach samhradh. Cúrsaí gníomhaíochta trí mheán na Gaeilge a bhíonn ar bun sa gcam pa agus 'siad na príomhimeachtaí ná drámaíocht, ríomhaireacht, ceardaíocht, aclaíocht, damhsa, amhránaíocht agus cluichí. Bíonn na scoláirí páirteach sna himeachtí uilig, rud a chinntíonn nach mbíonn siad ró-fhada ag plé le haon ábhar amháin. -
Maidhc Ó Cadhain (1920-2001) Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ag tús mí Meithimh i mbliana, bhásaigh Maidhc Cadhain. Ón mbliain 1981 , nuair a chuaigh sé amach ar pinsean, chónaigh Maidhc agus a bhean Máire (Mamie Johnny Mhaidhc) ar an Lochán Beag. Rugadh Maidhc sa mbliain 1 920. Chaith sé tamall ag obair i mBaile Átha Cliath agus i Sasana, ach is i mBoston Mheiriceá a chaith sé formhór a shaoil. -
Ga Gréine i gCnoc na hAille: Coláiste Cholmcille Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buachaillí agus cailíní sa scoil chéanna ag suí le taobh a chéile, 'sé an rud is nádúrtha ar domhan é, ach ní mar a bhí i gcónaí. Ar Lá 'le Bríde na bliana 1955 osclaíodh scoil nua i gCois Fharraige - Gairmscoil Choilm Cille. Ba i gColáiste Chonnacht sa Spidéal a bhí ionad na scoile i dtosach. Mar gheall nach gceadódh Easpag na Gaillimhe scoil mheasctha (buachaillí agus cailíní) a bheith sa Deoise, bhí ar an gCoiste Gairmoideachais suíomh nua a aimsiú i nDeoise Thuama. D'aistrigh na daltaí agus an fhoireann múinteoirí go dtí an Cnoc nuair a bhí an scoil nua tógtha. Bhí suas le caoga cúig scoláire ar an rolla nuair a osclaíodh na doirse an chéad lá. -
I nGan Fhios don Saol Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí cúpla óigeanta sínte ar fhad a leapan, gan gíog na míog astu, ach oiread is dá mba sínte os cionn cláir a bheidís. Uaireanta fada an dorchadais meilte ag iarraidh tarraingt anála a cheilt ar a chéile. Duine ag iarraidh dallamullóg a chur ar an duine eile le codladh gé, ach fios acu araon gur ag malartú dallach dubh a bhíodar. Bhí a cuid súl oscailte aicise ag tnúthán go scáfar le hala sóláis ón duibheagán, ach ab fheasach dósan trí shúile dúnta gur chun duifin a ghabhfadh a n-éagmais i mbreacadh an lae. Puth fánach casachta a lig an cat as an mála. Gan uaithi ach ugach chun breith i ngreim láimhe air, farasbarr díocais uirthi ag muirniú a bhoise, ag fíochán a gcuid méarachaí ina chéile, á misniú is á mbíogadh isteach lena croí. Ach léann na bhfiann ní chreasódh croí briste. Ionga ná orlach níor ghéill sé dá tuineadh ach a leathláimh chomh marbhánta le láimh duine a bheadh in achar an anama. Mhothaigh sé fáinne a bpósta ag dul go beo de réir mar a bhí sí ag muirniú a láimhe go grámhar. Pian a bhog deora ar ala na huaire, deora a théacht chomh haibéil céanna nuair a chruaigh a chuimhne in aghaidh na hanachaine. -
Ó Bhaile an Phuitigh go Las Vegas! Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí mé ar mo bhealach chuig Oifig an Phoist seachtain ón Aoine seo caite, rud a mba ghnách liom a dhéanamh gach Aoine chun mo phinsean a bhailiú, nuair a casadh díoltóir ticéad an Lotto áitiúil orm. Bím i gcónaí ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don cheantar agus mar sin cheannaigh mé ticéad do Lotto Bhaile an Phuitigh. Bhí togha na nduaiseanna le buachan - turas go Las Vegas agus $10,000 airgead póca. Nár bhreá é! Roghnaigh mé ceithre uimhir agus shínigh mé an ticéad. Ag seacht mbliana agus ceithre scór cheap mé go raibh sé thar am agam dul ar laethanta saoire. -
Carraig an Mhatail Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Carraig an Mhatail, dán le Cóil Learaí Ó Finneadha. -
An Sruthán Buí Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Sruthán Buí, dán le Meáirt Churraoin. -
Tearmann Ainnín Teo. agus Tearmann Éanna Teo. Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba é Pól Ó Foighil a tháinig aníos leis an tuairim ar dtús, go mba chóir rud éicint praiticiúil a dhéanamh chun tithíocht a chur ar fáil do Phobal Aostach na Gaeltachta a raibh cónaí orthu i dtithe nach raibh feiliúnach. Phléigh sé an cheist seo le hAodán Mac Donncha agus shocraigh an bheirt go gcuirfeadh Forbairt Pobal Teo., An Spidéal, an togra chun cinn. Scrúdaigh siad cúpla suíomh thart ar an Spidéal, ach níor éirigh Ieo socrú a dhéanamh faoi aon cheann acu. Rinne Pól idirbheartaíocht le Coiste Riartha Chomharchumann Chois Fharraige faoi shuíomh a bhí acu taobh Ie Siopa an Phobail agus trasna an bhóthair ó Choláiste Lurgan. Theip ar an iarratas pleanála a rinne Pól ach d'éirigh lena athchomarc chuig an mBord Pleanála. Bunaíodh Coiste Riartha ar a bhfuil ionadaithe ó Chomharchumann Shailearna, Cumann Forbartha Chois Fharraige, Forbairt Pobal Teo. agus Údarás na Gaeltachta agus chuaigh siad i mbun oibre. Chuir an Roinn Comhshaoil an t-airgead caipitil (:E450,000) ar fáil don choiste agus tógadh Tithe na nAostach i 1994, Tá an Coiste Riartha freagrach as iad a reáchtáil agus iad a choinneáil go slachtmhar agus deasaithe. -
Siopa an Phobail Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thosaigh Siopa an Phobail amach sna seascaidí mar an chéad Ollmhargadh a osclaíodh i gConamara. Ba faoi úinéireacht Phádraig Mhic an Rí a bhí an siopa ag trádáil agus chuir sé seirbhís nua-aimseartha agus uileghabhálach ar fáil ag an am, agus tá an traidisiún céanna go sonrach sa siopa ó shin. D’athraigh an siopa lámh faoi dhó: ar dtús chuig Gerry Houlihan, fear gnó as Gaillimh, agus ansin chuig Comharchumann Chois Fharraige, i dtús na n-ochtóidí. Bhí traidisiún buacach trádála ag gabháil leis nuair a cheannaigh Seán agus Mairéad Ó Foighil an siopa ón gComharchumann i 1983. Tá forbairt agus méadú suntasach déanta againn ar an ngnó ó shin. Tá an bheirt againn an-tógtha leis an traidisiún a bhain leis an siopa ón tús agus tá muid an-bhródúil as an tús áite a thugtar don teanga agus don chultúr mar chuid lárnach dár bhfís gnó. Tá cáil dá réir ar an siopa i bhfad is i gcóngar agus ní bhíonn aon dabht ar thurasóirí gurb í an Ghaeilge bheo croílár an cheantair ina bhfuil an siopa lonnaithe. Tá polasaithe dearfa teanga agus cultúir á leanacht againn chuige sin agus tá muid bródúil as an gcáil atá orainn i measc ollmhargaí eile gurb í an Ghaeilge teanga gnó an tsiopa. -
Socos Teo Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is de bharr brú a chuir custaiméirí agus cairde orm dul i mbun gnó dom féin a shocraigh mé comhlacht stáiseanóireachta a bhunú i gCois Fharraige. Bhí go leor oibre le déanamh maidir le féidearthachtaí, ionad a aimsiú, maoiniú a shocrú agus roinnt mhaith rudaí eile sul má bhí ar ár gcu as an comhlacht a bhunú. Ní raibh aon ionad ar fáil ó Údarás na Gaeltachta go fóill agus idir an dá linn fuair mé Stór na dTrátaí ar cíos ó Phól Ó Foighil agus Coláiste Dara. Faoi dheireadh bhí mé réidh le tosú agus i lár Mheán Fómhair na bliana 1 994 chuaigh Socos Teo. i mbun gnó i mBaile an Tigh Mhóir. Beirt a bhí fostaithe ag an gcomhlacht an chéad lá agus, buíochas le Dia, mhéadaigh sé seo de réir a chéile. I rith an ama seo bhí Údarás na Gaeltachta ag réiteach ionaid dúinn i gCaol Rua agus ar an lá deiridh d' Aibreán 1 995 d'aistrigh muid isteach san ionad seo. De réir mar a bhí muid ag forbairt bhí breis spáis uainn agus dhá bhliain ó shin d'aistrigh muid isteach san ionad nua atá againn anois. -
Naíonra Chois Fharraige Seanscoil Shailearna Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chur ar fáil do phobal an cheantair. Tá sé mar chuspóir againn seirbhís a chur ar fáil: a fhreastalóidh ar riachtanais na bpáistí agus na dtuismitheoirí; a bheidh slán agus sábháilte; a thacóidh leis an nGaeilge a choinneáil láidir sa bpobal . -
Corn "Sam Maguire" Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a shéidfidh an réiteoir an fheadóg i bhPáirc an Chrócaigh thart ar a cúig a chlog ar an tríú Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo chugainn, tógfar gártha molta mustracha agus iomprófar an captaen buacach go caithréimeach go hArdán Uí Ógáin, mar a mbronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir air. Ach cérbh é an fear seo a ainmníodh an corn álainn seo ina dhiaidh? -
Trí Cinn as a Chéile! Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá foireann peile na Gaillimhe i mbéal an phobail ó bhuaigh siad Corn Mhig Uidhir i 1998. Chuir an sárthaispeántas a thug siad an lá stairiúil sin gliondar croí, ní hamháin ar lucht leanúna na mbuaiteoirí, ach ar mhuintir na hÉireann fré chéile. Ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh, ach oiread, ar na foirne cumasacha a rinne gaisce blianta roimhe sin, agus go háirithe na peileadóirí stuama a rinne éacht nuair a d' ardaigh siad leo an Corn trí huaire as a chéile sna blianta 1 964, '65 agus ’66. -
Cumann Micheál Breathnach - Iománaíocht Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Go dtí na hochtóidí ní raibh traidisiún iománaíochta i gCumann Micheál Breathnach, cé gur imir roinnt mhaith ón bparóiste le Cumann an Spidéil thar na blianta. Thart ar an am céanna a ghnóthaigh Paróiste an Chnoic Trófaí Ghlór na nGael sna hochtóidí a bunaíodh foirne iomána faoi aois agus fásta i gCumann Micheál Breathnach. Lean an obair leis na foirne ar aghaidh go ciúin réidh agus faoi dheireadh tháinig toradh ar an obair: bhí pictiúr in Biseach, Nollaig 1998, den chéad fhoireann ariamh a ghnóthaigh comórtas iománaíochta do Chumann Micheál Breathnach - foireann faoi 12, i gComórtas C, Sraith Chathair na Gaillimhe, a fuair an ceann is fearr ar Rathún/An Caisleán Nua an bhliain sin. -
Cumann Mhicheál Breathnach - Peil Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí sé ráite i gcónaí go bhfillfeadh daoine ar na seanbhealaí traidisiúnta, a eh níor cheap daoine ariamh go dtarlódh sé chomh sciobtha sin i gceantar Chois Fharraige. B'amhlaidh a tharla anuraidh de bharr an méid corn a bhuaigh Cumann Mhicheál Breathnach agus an méid uaireanta a las daoine tine chnámh agus móna ag cur fáilte abhaile roimh na foirne buacacha agus iad ag tabhairt a n-aghaidh anoir nó soir bhóthar Chois Fharraige. -
Páirc an Chnoic Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach ag deireadh 1966-1967 bhí caint ar pháirc a thógáil. Ag cruinniú cinn bhliana 1 967 moladh Coiste Páirce a chur le chéile. Tugadh Coiste na Páirce Teo. ar an gcoiste seo. Ba í an aidhm a bhí acu sin suíomh a aimsiú agus páirc a chur ar fáil. San am sin bhíodh peil á imirt ar an gCreach Oileáin sa samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an Coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Páirc Ghnó Shailearna anois. Dhíol an Coiste an suíomh le Gaeltarra Éireann agus socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc, a iarraidh ar an Easpag Ó Cuinneáin, Ardeaspag Dheoise Thuama ag an am. Fuair siad ocht n-acra den 1 1 . 5 acra den talamh sin. Is ag an am seo a bunaíodh Coiste Airgid na Páirce, chun airgead a bhailiú don pháirc. Bhailigh siad an t-airgead trí chrannchuir agus dul thart ó theach go teach, díolacháin earraí, siúlóidí, imirt chártaí agus deontais ó Roinn na Gaeltachta, cúnamh ón gComharchumann agus ón gCumann Forbartha, chomh maith le heagrais agus daoine eile. Sa mbliain 1975 a thosaigh siad ar fhorbairt na páirce agus 'siad Coiste an Airgid a thóg cúram iomlán na páirce orthu féin an pháirc a thógáil agus an t-airgead a bhailiú. Sa mbliain 1976 shocraigh an Coiste cúirt liathróide láimhe a thógáil chomh maith le seomraí feistis. Sa mbliain 1980 d'oscail siad an chúirt liathróide láimhe go hoifigiúil. I 1982 rinneadh an pháirc a oscailt go hoifigiúil. Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl ar an bpáirc i 1981 agus aríst i 1992. Sa mbliain 1986 bunaíodh coiste nua, Coiste Forbartha na Páirce. Bhí sé mar aidhm acu siúd na lochtanna a bhí ag an bpáirc agus an suíomh ar fad a réiteach amach, mar aon le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bpáirc. Sa mbliain 1986 cuireadh Scéim SES (FÁS) ar siúl den chéad uair. -
Liathróid Láimhe ar an gCnoc Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dhá véarsa a chuir Joe Steve Ó Neachtain ó Choiste na Páirce le chéile i gClár Oscailt Oifigiúil Phinniúr Liathróide Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh i 1980. Tá traidisiún an spóirt seo ag dul siar go dtí 1890 ar a laghad, nuair a bhí an cluiche á imirt i mBothchúna i bparóiste an Chnoic. Cuireadh tús le pinniúr ins na hAille sna tríochaidí, ach leag gála é i ndeireadh na gcaogaidí. Nuair a bhí an Pháirc ar an gCnoc réitithe, bheartaigh an Coiste ar phinniúr faoi dhíon a thógáil in éineacht leis na seomraí feistis, agus nach ar an áit sin a bhí tarraingt na ndaoine suas go dtí a dó a chlog ar maidin le cluichí a imirt. -
Fiche Bliain ag Fás: Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an Cumann seo i 1981. Déanann sé freastal ar chailíní i gceantar Chois Fharraige i.e. ó Bhearna siar. Ó bunaíodh an Cumann thagadh formhór na n-imreoirí ón Spidéal agus lndreabhán ach le blianta beaga anuas tá borradh mór tagtha ar an méid cailíní ó cheantar na Tulaí atá ag imirt linn. -
Glór na nGael - lnis Oírr Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coiste Ghlór na nGael Inis Oírr an-bhródúil as an aitheantas a tugadh don oileán i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael don bhliain 2000, agus ba mhaith leo buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a chuidigh leis an dea-obair, go háitiúil agus ón taobh amuigh. -
Glór na nGael in Uladh Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Doire: Buaiteoir Scéim na mBuaiteoirí i mbliana, agus an phriomhdhuais anuraidh, níl mórán nach bhfuil déanta ag an choiste seo. Ó ranganna agus ciorcail comhrá, go cúrsaí ollscoile, tá coiste Ghlór Dhoire ag déanamh cibé rud is fé idir leo lena bpríomhsprioc a bhaint amach - baile iomlán dátheangach a bhunú. Leis seo i gcónaí acu mar inspioráid, tá coiste Ghlór Dhoire ag déanamh teagmháil leis na comhairlí áitiúla sa chathair agus ag tairiscint seirbhísí Gaeilge dóibh. Chomh maith leis seo, tá foirgneamh nua ceannaithe acu, áit ina mbeidh bialann, oifigí, seomraí ranga, amharclann agus neart eile. Ag an bhomaite, tá sé in úsáid acu mar charrchlós i gcathair i na bhfuil sé beagnach dodhéanta áit páircéala a tháil! Bíonn an coiste páirteach i ngach uile imeacht sa chathair, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, agus éiríonn na pleananna bliantúla níos mó agus níos suimiúla gach bliain. -
Glór na nGael - Ball Áluinn Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Coiste Ghlór na nGael i mBall Áluinn, i gceartlár Mhaigh Eo, in earrach na bliana 1990. Tús lag a bhí ann ach tá sé ag dul i neart ó shin. An aidhm a bhí romhainn ag an am ná aithne i leith na Gaeilge i measc an phobail a neartú agus a láidriú, agus suim i leith na teanga a chothú agus a spreagadh. Tá áthas orainn gur éirigh linn sin a dhéanamh. -
Tomás O Ráighne Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo í an óráid a thug Seán Bán Breathnach ag an uaigh an lá a cuireadh Tomás Ó Ráighne. -
Plean Gaeilge Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Plean Gaeilge á chur i bhfeidhm sa scoil le cúpla bliain anuas agus tá ag éirí thar cionn leis. 'Sí Máire Ní Mháille, leas-phríomhoide na scoile, a chur an plean seo sa tsiúl an chéad lá riamh i gcomhar le Coiste Tuismitheoirí na scoile. Is feachtas spreagúil, leanúnach atá i gceist leis an bPlean Gaeilge, feachtas atá dearfach. Cuirtear an bhéim ar fad sa bhfeachtas ar na gasúir a mholadh, a ghríosadh agus a spreagadh le Gaeilge a labhairt. -
Mol an Óige: Scoil Sailearna Inniu Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí athrú atá tagtha ar an gcóras oideachais ó thús an chéid seo caite. Tuigeann tuismitheoirí tábhacht an Oideachais níos fearr anois. Ar ndóigh, níl an obair chéanna le déanamh sa mbaile anois is a bhí an uair sin. Caithfear a rá freisin go bhfuil tuismitheoirí níos rannpháirtí in oideachas a ngasúr sa lá atá inniu ann ná mar a bhí cheana. Tá an lá imithe gur féidir na gasúir a fhágáil ag geataí na scoile agus dearmad a dhéanamh ar chúrsaí scoile ina dhiaidh sin. Tá tuismitheoirí páirteach i mbainistíocht na scoile freisin. Airíonn siad go bhfuil ról acu in imeachtaí scoile. Is beag scoil anois nach bhfuil Coiste Tuismitheoirí ann. Is amhlaidh atá an scéal i Scoil Sailearna freisin. -
Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí plé ar siúl ag tús na 1980idí maidir le comhar creidmheasa a bhunú i gceantar Fharraige ach is ag cruinniú i Scoil Sailearna ag tús an gheimhridh 1986 beartaíodh tabhairt faoin gceist i ndáiríre. -
Dhá Scór Bliain agus ag dul i dTreise: Scoil Cholmcille Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá roinnt mhaith athruithe feicthe ag Scoil Cholmcille, An Tulach ó tógadh í i 1961 ar an suíomh ina bhfuil sí faoi láthair. Sa mbliain sin ba é Micheál O Fátharta (R.I.P.) as Cnoc na hAille a bhí mar Phríomhoide, agus bhí beirt mhúinteoirí eile ina theannta. I 1970 rinneadh cónascadh idir Scoil Cholmcille na Tulaí agus Scoil Bhríde na Mine. Ba í Bríd Bn Uí Dhonncha a bhí ag múineadh i Scoil na Mine ag an am. D'aistrigh sí féin agus an dáréag dalta, a bhí sa scoil léi, go dtí Scoil na Tulaí an bhliain sin. Bhí Bríd ag múineadh sa scoil go dtí gur éirigh sí as a post i Mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ba í Bríd Bleasdale as Baile an tSléibhe, Ros a' Mhíl a ceapadh ina háit.