Rinneadh digitiú agus coimeádaíocht ar na hirisí go léir a d’fhoilsigh Cumann Forbartha Chois Fharraige ó 1968 ar aghaidh. Tá an t-ábhar go léir curtha i láthair i mbealaí éagsúla sa taispeántas seo. Tá gach leagan leictreonach de gach iris curtha ar amlíne ó 1968 go 2019. Tá na hirisí leagtha amach ionas gur féidir na hailt éagsúla iontu a chuardach agus a ionramháil. Tugtar léargas freisin ar scaipeadh tíreolaíoch an ábhair. Rinneadh na hailt siúd ina bhfuil tagairtí tíreolaíochta a bhaineann le ceantar Chois Fharraige iontu – logainmneacha, bailte agus paróistí, agus an stair áitiúil – a leabú ar léarscáil de cheantar Chois Fharraige.

  • Ailt ó Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige

    Tá gach alt a foilsíodh san iris Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, le fáil sa mbailiúchán seo. Clúdaítear téamaí éagsúla sna hailt ar nós stair agus béaloideas an cheantair, an fhorbairt pobail, cúrsaí sóisialta, cúrsaí reatha, nuacht áitiúil, spóirt agus teanga. Tugann an bailiúchán seo léargas ar dhoimhneacht agus ar shaibhreas chultúr agus oidhreacht cheantar Chois Fharraige.
  • Biseach, irisí Chumann Forbartha Chois Fharraige

    Tá leagan digiteach de gach iris de Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, a foilsíodh ó 1968 le fáil anseo. Clúdaítear téamaí éagsúla sna hailt ar nós stair agus béaloideas an cheantair, an fhorbairt pobail, cúrsaí sóisialta agus cúrsaí teanga. Feictear an éabhlóid a tháinig ar an gceantar le himeacht na mblianta, agus faightear léargas ar an toradh a bhí ag an athrú sóisialta, teanga agus cultúir ar phobal Chois Fharraige.