Oireachtas: Laoch Shaile Thúna
Item
-
Teideal
-
Oireachtas: Laoch Shaile Thúna
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bhí Ciarán Ó Coincheanainn fós sa scoil Náisiúnta d'airigh sé Máire Ní Dhonnchadha ag casadh Caisleán Uí Néill agus cheap sé gurbh álainn an t-amhrán agus an modh amhránaíochta é. B'shin an uair ar chuir sé suim sa Sean-nós. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna Sean-nóis ansin faoi stiúir Mháire Uí Dhroighneáin. Sa mbliain 1996 bhuadh Ciarán Fleadh Ceoil na hÉireann agus bhuadh sé Comórtas Phléaráca Chonamara i 1996 agus i 1997. I mbliana bhuadh sé Comórtas na nAmhrán Nuachumtha ag an bhFéile PanCeilteach, bhuadh sé ag Fleadh Ceoil na hÉireann i mBéarla agus i nGaeilge. bhuadh sé Comórtas Cuimhneacháin Tom Pháidín Tom Faoi-21, agus ansin ag Oireachtas na Gaeilge i dTrá Lí i mbliana bhuadh sé Comórtas amhránaíochta Sheosaimh Uí Éanaigh. Chomh maith leis an amhránaíocht sean-nóis tá suim ag Ciarán sa gceol - casann sé ar an Orgán - bhí sé le Cór na Tulaigh agus ba é an t-amhránaí aonair é ag an gcéad Aifreann a craoladh ar Theilifís na Gaeilge, Lá Nollag 1997. Nár laga Dia thú, a Chiaráin. Comhgháirdeachas leat agus ná lig leis na maidí ar a bhfaca tú riamh.
-
Údar
-
Coiste Eagarthóireachta Biseach
-
Ábhar na hIrise
-
Amhránaíocht, Oireachtas na Gaeilge
-
Bliain
-
1998
-
Aitheantóir
-
BI1998A04
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige