Tearmann Ainnín Teo. agus Tearmann Éanna Teo.

Item

Teideal
Tearmann Ainnín Teo. agus Tearmann Éanna Teo.
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba é Pól Ó Foighil a tháinig aníos leis an tuairim ar dtús, go mba chóir rud éicint praiticiúil a dhéanamh chun tithíocht a chur ar fáil do Phobal Aostach na Gaeltachta a raibh cónaí orthu i dtithe nach raibh feiliúnach. Phléigh sé an cheist seo le hAodán Mac Donncha agus shocraigh an bheirt go gcuirfeadh Forbairt Pobal Teo., An Spidéal, an togra chun cinn. Scrúdaigh siad cúpla suíomh thart ar an Spidéal, ach níor éirigh Ieo socrú a dhéanamh faoi aon cheann acu. Rinne Pól idirbheartaíocht le Coiste Riartha Chomharchumann Chois Fharraige faoi shuíomh a bhí acu taobh Ie Siopa an Phobail agus trasna an bhóthair ó Choláiste Lurgan. Theip ar an iarratas pleanála a rinne Pól ach d'éirigh lena athchomarc chuig an mBord Pleanála. Bunaíodh Coiste Riartha ar a bhfuil ionadaithe ó Chomharchumann Shailearna, Cumann Forbartha Chois Fharraige, Forbairt Pobal Teo. agus Údarás na Gaeltachta agus chuaigh siad i mbun oibre. Chuir an Roinn Comhshaoil an t-airgead caipitil (:E450,000) ar fáil don choiste agus tógadh Tithe na nAostach i 1994, Tá an Coiste Riartha freagrach as iad a reáchtáil agus iad a choinneáil go slachtmhar agus deasaithe.
Údar
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Ábhar na hIrise
Forbairt Phobail
Bliain
2001
Aitheantóir
BI2001A26
Réimse Tíreolaíochta
An Cnoc
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige