Filí Bhaile na mBroghach

Item

Teideal
Filí Bhaile na mBroghach
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. ‘Fágtar ag an bhFilí é,’ nó ‘sin é an chaoi ar chuir an Filí é,’ a chloisfeá go minic ó mhuintir na háite seo againne agus iad i ngeoin chomhrá le chéile ag geata an tséipéil, ag crosbhóthar, ar foscadh ar an bportach ón mbáisteach, ag líonadh leoraí móna, nó ag déanamh uaighe i reilig an Chnoic. Taispeánann an méid sin an meas atá ar Sheosamh Ó Donnchadha (Joe Shéamais Sheáin) mar fhile, agus an mhuinín atá ag a phobal féin as lena gcuid smaointe a chur i bhfocail. Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá.
Údar
Peadar Mac an Iomaire
Ábhar na hIrise
Filíocht
Bliain
2008
Aitheantóir
BI2008A13
Réimse Tíreolaíochta
Baile na mBroghach
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige