Tigh Dick ar an Tulaigh

Item

Teideal
Tigh Dick ar an Tulaigh
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Má thugann tusa aire de do ghnó, tabharfaidh do ghnó aire duitse. Mura dtabharfaidh tú aire dó, ní bheidh gnó agat (R.B O’Toole). Rugadh R. B. Ó Tuathail in Eanach Mheáin i 1881, do Sheán Ó Tuathail, agus Sabina Ní Mháille (Uí Thuathail). Richard a thugadh a mhuintir féin air, Dick Toole a thabharfadh muintir na háite air, agus R. B. O’Toole an t-ainm gnó a bhí aige. Bhí dlúth theagmháil ag muintir Uí Thuathail in Eanach Mheáin le muintir Uí Chonaire as Gairfean, mar bhí deirfiúr Sabina Ní Mháille (uí Thuathail), Máire Gráinne Ní Mháille, arb as Béal Átha na mBreac a muintir, pósta le Pádraig Ó Conaire. Bhí siopaí ag deartháir Sabina freisin, Peadar Ó Máille, sa Mhám agus i mBéal Átha na mBreac.
Údar
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Ábhar na hIrise
Gnó
Bliain
2009
Aitheantóir
BI2009A11
Réimse Tíreolaíochta
An Tulach
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige