-
Teideal
-
Coinnigh Ann Í
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is minic a dhéantar dearmad ar an tríú cluiche Gaelach, ach anseo i bParóiste an Chnoic ní amhlaidh atá, mar go bhfuil pinniúr 40 x 20 ag Páirc na mBreathnaigh, agus tá pinniúr aon bhalla i Scoil Sailearna. Is cluiche é seo nach dteastaíonn ach balla agus liathróid lena imirt. Tá go leor scileanna agus aclaíochta i gceist leis mar aon le comhordú, súile ghéar agus luas. Is cinnte go gcuireann na scileanna a bhaineann leis an liathróid láimhe le mo chumas camógaíochta agus peile freisin. Is féidir le cailíní agus buachaillí an cluiche a imirt. Is féidir le hóg agus aosta an cluiche a imirt freisin. Go deimhin, tá fear i Meiriceá atá 96 bliana d’aois agus é fós ag imirt.
-
Údar
-
Ciana Ní Churraín
-
Ábhar na hIrise
-
Spórt
-
Bliain
-
2009
-
Aitheantóir
-
BI2009A26
-
Réimse Tíreolaíochta
-
An Cnoc
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige