-
Teideal
-
Seaimpíní Sean-nóis
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bpictiúr seo tá cairde agus muintir Órla Ní Fhinneadha as an gCloich Mhór. Bhuaigh Órla craobh na hÉireann Faoi-18 sa gCabhán ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Seo é an tríú bliain aici craobh na hÉireann a bhuachaint. Tá go leor comórtais eile buaite aice le blianta anuas – Corn Cuimhneacháin Phatsy Ó Ceannabháin na bliana seo ina measc. Chas Órla amhrán d’Uachtarán na hÉireann ar an gCeathrú Rua cúpla bliain ó shin agus chas sí ar an gClochán don Taoiseach le gairid. Tá Órla ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Phetair Uí Dhroighneáin ó bhí sí ar an mbunscoil agus tá sí fós ag freastal orthu. Ní féidir an iomarca moladh a thabhairt do Mháire Phetair. Ní hé amháin gurb í Máire an t-amhránaí sean-nós is fearr sa tír ach ’sí an múinteoir is fearr freisin í agus níl deireadh ar bith lena foighid.
-
Údar
-
Coiste Eagarthóireachta Biseach
-
Ábhar na hIrise
-
Amhránaíocht
-
Bliain
-
2010
-
Aitheantóir
-
BI2010A09
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige