Tearmann Éanna – Tearmann don Aosach
Item
-
Teideal
-
Tearmann Éanna – Tearmann don Aosach
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is i dtús na nóchaidí a cuireadh tús le Coiste na nAosach/Tearmann Ainnín agus le himeacht ama bunaíodh an comhlacht Tearmann Éanna Teo. le seirbhísí den scoth agus d’ardchaighdeán a chur ar fáil d’aosaigh agus d’easláin an cheantair. Is eagraíocht dheonach Tearmann Éanna Teo. ar a bhfuil Bord Stiúrtha de dheichniúr stiúrthóirí agus beirt bhall coiste ag feidhmiú go deonach. Tá muid ag brath go hiomlán ar mhaoiniú agus ar dhea-thoil na n-eagraíochtaí stáit cuí leis na seirbhísí a chothú agus a chur chun cinn don Aosach. Tá tríocha a dó Teach Sóisialta, Ionad Lae, Ionad Sláinte agus Aireagal Phóil, lena mbaineann naoi n-árasán, tógtha go dtí seo ag Tearmann Éanna Teo.
-
Údar
-
Peigí Uí Chéidigh
-
Ábhar na hIrise
-
Forbairt Phobail
-
Bliain
-
2011
-
Aitheantóir
-
BI2011A11
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige