Na Coimínigh agus Dúiche Shailearna sa 19ú hAois
Item
-
Teideal
-
Na Coimínigh agus Dúiche Shailearna sa 19ú hAois
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa mbliain 1796 phós Laurence Comyn Jane Lynch, iníon le Nicholas Lynch as Bearna agus Catherine Blake as Baile na Cille. Bhí léas 999 bliain ag Nicholas ar “Sellernamore” ón mbliain 1774, tráth ar thóg a athair, Marcas, léas 31 bliain ar thailte “at Spiddal and Sellernamore” ó Oliver Martin, Tul Aighre, Contae na Gaillimhe. Tá “Sellernamore” marcáilte ar léarscáil an Down Survey (1656– 8) idir Abhainn Chromghlinne agus Abhainn an Chnoic. (Síneann “Sellernabeg” ar an léarscáil chéanna siar ó Abhainn Chromghlinne, ag cuimsiú cheantar na Mine, na Tulaí agus Bhaile na hAbhann siar chomh fada le Ros an Mhíl.)
-
Údar
-
Lochlainn Ó Tuairisg
-
Ábhar na hIrise
-
Stair
-
Bliain
-
2015
-
Aitheantóir
-
BI2015A02
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige